An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1968, a Leasú)

22 1968

AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1968

CUID III

Na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1964, a Leasú

Léiriú agus comhlua.

1938, Uimh. 38 .

1964, Uimh. 14 .

4. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 :

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1964 .

(2) Féadfar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1968, a ghairm de na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1964, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile.

Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.

5. —(1) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2) d'alt 3 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 7 d'Acht 1964:

“(1) Íocfar de thuarastal leis an Taoiseach suim bhliantúil nach mó ná suim £5,500 agus íocfar de thuarastal le gach comhalta eile den Rialtas suim bhliantúil nach mó na suim £3,500.

(2) Íocfar de thuarastal le gach Rúnaí Parlaiminte arna cheapadh faoi alt 7 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 , agus nach ndearbhaítear, le téarmaí a cheaptha, é a bheith á cheapadh gan tuarastal, suim bhliantúil nach mó na £2,250.”

(2) Tiocfaidh an t-alt seo agus na ceithre ailt ina dhiaidh seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.

Alt 4 den Phríomh-Acht a leasú.

6. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 4 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 8 d'Acht 1964:

“4. Íocfar de thuarastal leis an Ard-Aighne suim bhliantúil nach mó ná suim £5,500.”

Alt 5 den Phríomh-Acht a leasú.

7. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 9 d'Acht 1964:

“(1) Íocfar de thuarastal le Cathaoirleach Dháil Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £3,500, agus íocfar de thuarastal le Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £1,500.”

Alt 6 den Phríomh-Acht a leasú.

8. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 10 d'Acht 1964:

“(1) Íocfar de thuarastal le Cathaoirleach Sheanad Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £2,000, agus íocfar de thuarastal le Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £1,000.”

Alt 10 den Phríomh-Acht a leasú.

9. —Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (3) d'alt 10 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 11 d'Acht 1964:

“(1) I gcás a mbeidh Páirtí cáilithe amháin, agus nach mbeidh níos mó ná sin, ann, íocfar de liúntas le haghaidh costas le Treoraí an Pháirtí sin suim bhliantúil £15,000.

(2) I gcás a mbeidh dhá Pháirtí cháilithe, agus nach mbeidh níos mó ná sin, ann—

(a) íocfar de liúntas le haghaidh costas le Treoraí an chinn sin is mó líon i nDáil Éireann de na Páirtithe cáilithe suim bhliantúil £10,000, agus

(b) íocfar de liúntas le haghaidh costas le Treoraí an Pháirtí cháilithe eile suim bhliantúil £5,000.

(3) I gcás a mbeidh trí Pháirtí cháilithe nó níos mó ann—

(a) íocfar de liúntas le haghaidh costas le Treoraí an chinn sin is mó líon i nDáil Éireann de na Páirtithe cáilithe suim bhliantúil £7,500,

(b) íocfar de liúntas le haghaidh costas le gach duine de Threoraithe na bPáirtithe cáilithe eile suim bhliantúil £7,500 arna roinnt ar uimhir na bPáirtithe cáilithe eile.”

Alt 14 den Phríomh-Acht a leasú.

1960, Uimh. 12 .

1950, Uimh. 3 .

1956, Uimh. 44 .

1959, Uimh. 43 .

1960, Uimh. 36 .

1964, Uimh. 10 .

10. —(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) d'alt 14 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 15 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 :

“(3) Is de réir na rátaí seo a leanas a bheidh pinsean Aireachta, is é sin le rá:

an fad is giorra ná ceithre bliana seirbhís inphinsin an duine a bheidh ina theideal, fiche a cúig faoin gcéad den tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire de thuarastal le comhalta den Rialtas seachas an Taoiseach nó (má shealbhaigh an duine sin oifig an Taoisigh an lá deiridh a shealbhaigh sé oifig cháilitheach) leis an Taoiseach,

más giorra agus an fad is giorra ná cúig bliana ach nach giorra ná ceithre bliana seirbhís inphinsin an duine sin, fiche a naoi faoin gcéad den tsuim réamhráite,

más giorra agus an fad is giorra ná sé bliana ach nach giorra ná cúig bliana seirbhís inphinsin an duine sin, tríocha a trí faoin gcéad den tsuim réamhráite,

más giorra agus an fad is giorra ná seacht mbliana ach nach giorra ná sé bliana seirbhís inphinsin an duine sin, tríocha a seacht faoin gcéad den tsuim réamhráite,

más giorra agus an fad is giorra ná ocht mbliana ach nach giorra ná seacht mbliana seirbhís inphinsin an duine sin, daichead a haon faoin gcéad den tsuim réamhráite,

i gcás nach giorra ná ocht mbliana seirbhis inphinsin an duine sin, daichead a cúig faoin gcéad den tsuim réamhráite.”.

(2) Maidir le hAcht na bPinsean (Méadú), 1950 , Acht na bPinsean (Méadú), 1956 , Acht na bPinsean (Méadú), 1959 , Acht na bPinsean (Méadú), 1960 , Acht na bPinsean (Méadú), 1964 , agus rialacháin faoi Acht na bPinsean (Méadú), 1964 , ní bheidh, mura bhforálfaidh rialacháin faoi Acht na bPinsean (Méadú), 1964 , a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith a mhalairt, feidhm acu—

(a) maidir le pinsean aireachta nó pinsean rúnaíochta, ná

(b) maidir le pinsean baintrí (de réir bhrí an Phríomh-Achta) arna ríomh faoi threoir pinsin aireachta (cibé acu a íoctar é nó nach n-íoctar) nó pinsin rúnaíochta (cibé acu a íoctar é nó nach n-íoctar).

(3) San alt seo tá an bhrí chéanna le “oifig cháilitheach” atá leis i gCUID IV den Phríomh-Acht.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo agus alt 11 den Acht seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.

Alt 16 den Phríomh-Acht a leasú.

11. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) d'alt 16 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 16 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 :

“(3) Is de réir na rátaí seo a leanas a bheidh pinsean rúnaíochta, is é sin le rá:

an fad is giorra ná ceithre bliana seirbhís inphinsin an duine a bheidh ina theideal, fiche a hocht faoin gcéad den tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire de thuarastal le Rúnaí Parlaiminte,

más giorra agus an fad is giorra ná cúig bliana ach nach giorra ná ceithre bliana seirbhís inphinsin an duine sin, tríocha a dó faoin gcéad den tsuim réamhráite,

más giorra agus an fad is giorra ná sé bliana ach nach giorra ná cúig bliana seirbhís inphinsin an duine sin, tríocha a seacht faoin gcéad den tsuim réamhráite,

más giorra agus an fad is giorra ná seacht mbliana ach nach giorra ná sé bliana seirbhís inphinsin an duine sin, daichead a dó faoin gcéad den tsuim réamhráite,

más giorra agus an fad is giorra ná ocht mbliana ach nach giorra ná seacht mbliana seirbhís inphinsin an duine sin, daichead a sé faoin gcéad den tsuim réamhráite,

i gcás nach giorra ná ocht mbliana seirbhís inphinsin an duine sin, caoga a haon faoin gcéad den tsuim réamhráite.”