35 1968


Uimhir 35 de 1968


AN tACHT CRAOLACHÁIN (CIONTA), 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO CHUR COSC LE CRAOLADH Ó LONGA, Ó AERÁRTHAÍ AGUS Ó MHUIR-DHÉANMHAIS ÁIRITHE.

[6 Lúnasa, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1959, Uimh. 22 .

1926, Uimh. 45 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “craoladh” craoladh trí raidió-theileagrafaíocht ar fhuaimeanna nó amharc-íomhánna atá ceaptha le haghaidh glacadh coiteann (cibé acu a ghlacann nó nach nglacann aon duine na fuaimeanna nó na híomhánna iarbhír), ach ní fholaíonn sé craoladh is teachtaireacht nó comhartha a chuirtear amach i ndáil le loingseoireacht nó chun sábháilteacht a áirithiú;

tá ar áireamh “uiscí farraige atá tadhlach leis an Stát” na limistéir farraige go léir laistigh den líne a shonraítear le halt 3 den Acht um Dhlínse Mhuirí, 1959, gurb í, chun críocha an Achta sin, teorainn foirimeallach na bhfarraigí teorann í agus ciallaíonn “an mhórmhuir” na farraigí lasmuigh den líne a shonraítear amhlaidh nó aon líne arb í, faoi dhlí aon tíre nó críche lasmuigh den Stát, teorainn foirimeallach farraigí teorann na tíre nó na críche sin í;

folaíonn “long” gach uile shórt árthaí a úsáidtear chun loingseoireachta;

tá le “raidió-theileagrafaíocht” agus “gléas raidió-theileagrafaíochta” na bríonna céanna faoi seach atá leo san Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , agus ciallaíonn “ceadúnas raidió-theileagrafaíochta” ceadúnas a deonaíodh faoin Acht sin.

(2) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi.

Toirmeasc le craoladh ó longa agus ó aerárthaí.

2. —(1) Ní dleathach craoladh ó long nó aerárthach le linn di a bheith sa Stát nó in uiscí farraige atá tadhlach leis an Stát nó os cionn an Stáit nó na n-uiscí farraige sin, ná ní dleathach craoladh ó long atá cláraithe sa Stát ná ó aerárthach atá cláraithe amhlaidh le linn don long nó don aerárthach a bheith in áit nó os cionn áite seachas an Stát nó uiscí farraige atá tadhlach leis an Stát.

(2) Má chraoltar ó long contrártha don fho-alt sin roimhe seo, beidh úinéir na loinge, máistir na loinge agus gach duine a oibreoidh an gléas nó a bheidh páirteach in oibriú an ghléis, lena ndéanfar an craoladh ciontach i gcion; agus má chraoltar ó aerárthach contrártha don fho-alt sin, beidh oibritheoir an aeráthaigh, ceannasaí an aerárthaigh agus gach duine a oibreoidh an gléas, nó a bheidh páirteach in oibriú an ghléis, lena ndéanfar an craoladh ciontach i gcion.

(3) Aon duine a bhéarfaidh go ndéanfar craoladh contrártha d'fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) I bhfo-alt (2) den alt seo—

(a) folaíonn “máistír”, maidir le long, aon duine eile (seachas píolóta) atá i gceannas nó i bhfeighil na loinge;

(b) ciallaíonn “oibritheoir”, maidir le haerárthach, an duine a bhfuil bainistí an aerárthaigh aige de thuras na huaire.

Toirmeasc le craoladh ó mhuir-dhéanmhais.

3. —(1) Ní dleathach craoladh—

(a) ó dhéanmhas in uiscí farraige atá tadhlach leis an Stát nó in uiscí taoide sa Stát, is déanmhas atá daingnithe de leaba na n-uiscí sin, nó a gcoimeádann leaba na n-uiscí sin suas é, agus nach long, nó

(b) ó aon rud eile in uiscí den sórt sin nach déanmhas atá daingnithe nó á choimeád suas mar a dúradh ná long ná aerárthach,

agus má chraoltar contrártha do na forálacha sin roimhe seo, beidh gach duine a oibreoidh an gléas, nó a bheidh páirteach in oibriú an ghléis, lena ndéanfar an craoladh ciontach i gcion.

(2) Aon duine a bhéarfaidh go ndéanfar craoladh contrártha don fho-alt sin roimhe seo beidh sé ciontach i gcion.

Toirmeasc le gníomhartha i ndáil le craoladh ó longa agus aerárthaí áirithe agus ó mhuirdhéanmhais lasmuigh den Stát.

4. —(1) Má chraoltar—

(a) ó long, seachas long atá cláraithe sa Stát, le linn don long a bheith ar an mórmhuir,

(b) ó aerárthach, seachas ceann atá cláraithe amhlaidh, le linn don aerárthach a bheith ar an mórmhuir nó os cionn na mórmhara,

(c) ó dhéanmhas ar an mórmhuir, is déanmhas atá daingnithe de leaba na mórmhara nó a gcoimeádann leaba na mórmhara suas é agus nach long.

(d) ó aon rud eile ar an mórmhuir, nach déanmhas atá daingnithe nó á choimeád suas mar a dúradh ná long ná aerárthach,

aon duine is saoránach d'Éirinn a oibreoidh an gléas, nó a bheidh páirteach in oibriú an ghléis, lena ndéanfar an craoladh, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon duine a bhéarfaidh go ndéanfar craoladh mar a luaitear san fho-alt sin roimhe seo beidh sé ciontach i gcion.

Toirmeasc le gníomhartha a urasaíonn craoladh ó longa, aerárthaí, etc.

5. —(1) Aon duine a dhéanfaidh aon ghníomh dá luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, agus an coinníoll maidir le fios nó creidiúint á chomhlíonadh aige a luaitear i gcás an ghnímh sin, beidh sé ciontach i gcion más rud é—

(a) go ndéanfaidh sé an gníomh sa Stát nó in uiscí farraige atá tadhlach leis an Stát nó in aerárthach atá cláraithe amhlaidh le linn don long nó don aerárthach a bheith in áit nó os cionn áite seachas an Stát nó uiscí farraige atá tadhlach leis an Stát, nó

(b) go ndéanfaidh sé, saoránach d'Éirinn, an gníomh ar an mórmhuir nó os cionn na mórmhara.

(2) Aon duine, agus é sa Stát, a bhéarfaidh go ndéanfaidh duine eile, lasmuigh den Stát aon ní ar chion é faoin bhfo-alt sin roimhe seo dá mba sa Stát a dhéanfadh an duine é is déanaí a luaitear, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Is iad seo a leanas na gníomhartha, agus na coinníollacha maidir le fios agus creidiúint, dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) tabhairt nó comhaontú le tabhairt do long nó aerárthach eile agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, go ndéanfar craoladh aisti contrártha d'alt 2 (1) den Acht seo nó le linn di a bheith ar an mórmhuir nó os cionn na mórmhara;

(b) gléas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a iompar, nó a chomhaontú gléas den sórt sin a iompar, i long nó in aerárthach agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, go bhfuiltear chun craoladh a dhéanamh leis ón long nó ón aerárthach mar a dúradh;

(c) gléas raidió-theileagrafaíochta a sholáthar do long nó d'aerárthach nó a fheisteadh i long nó in aerárthach agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, go bhfuiltear chun craoladh a dhéanamh leis ón long nó ón aerárthach mar a dúradh;

(d) aon ghléas raidió-theileagrafaíochta a sholáthar le feisteadh ar nó in, nó aon ghléas den sórt sin a fheisteadh ar nó in, aon déanmhas nó rud eile (nach long ná aerárthach i gceachtar cás) agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, go bhfuiltear chun craoladh a dhéanamh leis an ngléas sin ón rud sin contrártha d'alt 3 (1) den Acht seo nó le linn don rud sin a bheith ar an mórmhuir;

(e) aon ghléas raidió-theileagrafaíochta a dheisiú nó a chothabháil agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, go ndéantar craoladh leis, nó go bhfuiltear chun craoladh a dhéanamh leis, contrártha d'alt 2 (1) nó 3 (1) den Acht seo nó mar a luaitear in alt 4 (1) den Acht seo;

(f) a fhios a bheith aige, nó cúis réasúnach a bheith aige chun a chreidiúint, maidir le long nó aerárthach, go ndéantar craoladh aisti, nó go bhfuiltear chun craoladh a dhéanamh aisti, contrártha d'alt 2 (1) den Acht seo nó le linn di a bheith ar an mórmhuir nó os cionn na mórmhara—

(i) aon earraí nó ábhair a sholáthar lena oibriú nó lena chothabháil, chun gléas raidió-theileagrafaíochta atá feiste inti a oibriú nó a chothabháil nó le haghaidh cothú nó compoird na ndaoine ar bord uirthi;

(ii) earraí nó daoine a iompar d'uisce nó d'aer chuici nó uaithi;

(iii) duine a fhruiliú mar oifigeach di nó mar dhuine dá foireann;

(g) a fhios a bheith aige nó cúis réasúnach a bheith aige chun a chreidiúint, i gcás déanmhais nó ruda eile (nach long ná aerárthach i gceachtar cás), go ndéantar craoladh as, nó go bhfuiltear chun craoladh a dhéanamh as, contrártha d'alt 3 (1) den Acht seo nó le linn dó a bheith ar an mórmhuir—

(i) aon earraí nó ábhair a sholáthar lena chothabháil, le gléas raidió-theileagrafaíochta atá feiste ann nó air a oibriú nó a chothabháil, nó le haghaidh cothú nó compoird na ndaoine atá ann nó air;

(ii) earraí nó daoine a iompar d'uisce nó d'aer chuige nó uaidh;

(iii) duine a fhruiliú chun seirbhísí a thabhairt ann nó air.

Toirmeasc le gníomhartha maidir le hábhar a chraolfar ó longa, aerárthaí, etc.

1963, Uimh. 10 .

6. —(1) Duine or bith a dhéanfaidh aon cheann de na gníomhartha dá luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, agus, má shonraítear aon intinn nó imthosca maidir leis an ngníomh, a dhéanfaidh é leis an intinn sin nó sna himthosca sin, beidh sé ciontach i gcion más rud é—

(a) go ndéanfaidh sé an gníomh sa Stát nó in uiscí farraige atá tadhlach leis an Stát nó i long atá cláraithe sa Stát nó in aerárthach atá cláraithe amhlaidh le linn don long nó don aerárthach a bheith in áit nó os cionn áite seachas an Stát nó uiscí farraige atá tadhlach leis an Stát, nó

(b) go ndéanfaidh sé, saoránach d'Éirinn, an gníomh ar an mórmhuir nó os cionn na mórmhara.

(2) Aon duine, agus é sa Stát, a bhéarfaidh go ndéanfaidh duine eile lasmuigh den Stát aon ní ar chion é faoin bhfo-alt sin roimhe seo dá mba sa Stát a dhéanfadh an duine é is déanaí a luaitear, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Is iad seo a leanas na gníomhartha, agus, i gcás inarb iomchuí sin, an intinn agus na himthosca, dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) scannán cineamatagrafach nó taifead a sholáthar le hintinn go ndéanfaí an scannán nó, cibé acu é, an taifeadadh sa taifead a chraoladh contrártha d'alt 2 (1) nó 3 (1) den Acht seo nó mar a luaitear in alt 4 (1) de;

(b) saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil a dhéanamh le hintinn go ndéanfaí craoladh mar a dúradh ar an saothar;

(c) saothar ealaíne a dhéanamh le hintinn an saothar a bheith ar áireamh i gcraoladh teilifíse a dhéanfar mar a dúradh;

(d) bheith páirteach i gcraoladh a dhéanfar mar a dúradh, bheith i láthair mar bholscaire, mar thaibheoir nó mar dhuine de na taibheoirí agus baint aige le siamsa a reachtáilfear, nó mar aitheascóir óráide;

(e) fógraíocht a dhéanamh trí chraoladh mar a durádh a dhéanamh nó cuireadh a thabhairt do dhuine eile fógraíocht a dhéanamh trí chraoladh a dhéanfar amhlaidh;

(f) tráthanna aon chraolta a dhéanfar amhlaidh, nó sonraí eile ar na craolta sin, a fhoilsiú, nó (ar shlí seachas trí na sonraí sin a fhoilsiú) fógra a fhoilsiú ar ábhar a bheidh ceaptha chun leas gnó a chur chun cinn, go díreach nó go neamhdhíreach, is gnó arb é a ghníomhaíochtaí nó ar cuid díobh stáisiún a oibriú óna ndéantar nó óna ndéanfar craoladh amhlaidh.

(4) Chun críocha an ailt seo, más rud é, trí chraoladh contrártha d'alt 2 (1) nó 3 (1) den Acht seo nó mar a luaitear in alt 4 (1) de, go ndéarfar nó go n-inmheabhrófar nó go dtabharfar le tuiscint go ndearna duine áirithe aon siamsa a craoladh amhlaidh a sholáthar nó go ndearnadh an craoladh ar chostas an duine sin, measfar dá chionn sin go ndearna an duine sin fógraíocht, mura gcruthóidh sé nár soláthraíodh nó nach ndearnadh an craoladh amhlaidh.

(5) Chun críocha an ailt seo measfar fógraíocht trí chraoladh a bheith á déanamh san áit a nglactar an craoladh, cibé áit é, chomh maith leis an áit ina ndéantar é.

(6) San alt seo folaíonn “óráid” léacht, aitheasc agus seanmóir, agus déanfar aon tagairtí san alt seo do scannán cineamatagrafach, do thaifead agus do shaothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne a fhorléiriú mar a dhéantar tagairtí don chéanna a fhorléiriú san Acht Cóipchirt, 1963 .

Pionóis agus imeachtaí dlíthiúla.

1851, c. 93

7. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo, dlífear—

(a) ar a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí a chur air nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £100 nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin i dteannta a chéile, nó

(b) ar a chiontú ar dhíotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain a chur air nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó na £500 nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin i dteannta a chéile.

(2) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, stiúrthóir, bainisteóir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó ar thaobh aon duine eile a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon fheidhmeanas den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne dá réir sin.

(3) Féadfar imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh, agus féadfar an cion a áireamh chun gach críche teagmhasaí mar chion a rinneadh, in aon áit sa Stát.

(4) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh, tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón tráth a rinneadh an cion.

(5) Ní dhéanfar imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh ach amháin ag an Ard-Aighne nó thar a cheann; ach ní choiscfidh sin barántas a eisiúint nó a fhorghníomhú le duine ar bith a ghabháil i leith ciona den sórt sin nó le duine ar bith a bheidh cúisithe i gcion den sórt sin a athchur faoi choinneáil nó faoi bhannaí.

(6) Chun an tAcht seo a chur i bhfeidhm, beidh ag comhalta den Gharda Síochána, sna huiscí farraige atá tadhlach leis an Stát, na cumhachtaí, an chosaint agus na pribhléidí uile atá aige sa Stát.

Cosaint speisialta a bheith ar fáil in imeachtaí i leith earraí nó daoine a iompar contrártha d'alt 5.

8. —(1) In aon imeachtaí i gcoinne duine i leith ciona faoi alt 5 den Acht seo arb éard é earraí nó daoine a iompar go dtí long nó aerárthach nó ó long nó aerárthach, is cosaint dó a chruthú—

(a) go raibh, nó gur creideadh go raibh, an long nó an t-aerárthach, raiceáilte, ina suí tirim nó i nguais, agus gur iompraíodh na hearraí nó na daoine d'fhonn an long nó an t-aerárthach, nó a lasta nó a feisteas, a chaomhaint, nó na daoine ar bord uirthi a thabhairt slán, nó

(b) go raibh, nó gur creideadh go raibh, duine ar bord na loinge nó an aerárthaigh, gortaithe, díobhálaithe nó breoite, agus gur iompraíodh na hearraí nó na daoine d'fhonn a áirithiú go bhfaigheadh sé an chomhairle mháinliachta nó liachta agus an freastal ba ghá.

(2) In aon imeachtaí i gcoinne duine i leith ciona faoi alt 5 den Acht seo arb éard é earraí nó daoine a iompar go dtí rud nó ó rud seachas long nó aerárthach, is cosaint dó a chruthú—

(a) go raibh, nó gur creideadh go raibh, an rud neamhshábháilte, agus gur iompraíodh na hearraí nó na daoine d'fhonn na daoine ann nó air a thabhairt slán, nó

(b) go raibh, nó gur creideadh go raibh, duine ann nó air gortaithe, díobhálaithe nó breoite, agus gur iompraíodh na hearraí nó na daoine d'fhonn a áirithiú go bhfaigheadh sé an chomhairle mháinliachta nó liachta agus an freastal ba ghá.

(3) In aon imeachtaí i gcoinne duine i leith ciona faoi alt 5 den Acht seo arb éard é duine a iompar go dtí long nó aerárthach nó ó long nó aerárthach nó go dtí rud nó ó rud seachas long nó aerárthach, is cosaint dó a chruthú go raibh an duine a iompraíodh ar cuairt chun na loinge nó an aerárthaigh nó an ruda, cibé acu é, d'fhonn aon chumhacht nó dualgas a bhí tugtha dó nó forchurtha air le dlí a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(4) Ní dhéanfar na tagairtí i bhfo-ailt (1) (a) agus (2) (a) den alt seo do dhaoine a iompar d'fhonn daoine a thabhairt slán a fhorléiriú ionas go n-eisiafar na daoine arbh é an cuspóir a bhí ann iad a thabhairt slán agus ní dhéanfar na tagairtí i bhfo-ailt (1) (b) agus (2) (b) den alt seo do dhaoine a iompar mar a luaitear ansin a fhorléiriú ionas go n-eisiafar an duine a bhí, nó a creideadh a bheith, ag fulaingt mar a dúradh.

Cosaint do nithe a rinneadh faoi cheadúnas raidiótheileagrafaíochta.

9. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo neamhdhleathach aon ní a dhéanamh faoi réim agus de réir cheadúnais radio-theileagrafaíochta, nó a thabhairt aon ní a dhéanamh amhlaidh.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

10. —(1) Féadfar an tAcht Craolacháin (Cionta), 1968 , a ghairm don Acht seo.

(2) Ní thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh roimh dheireadh míosa dar tosach an lá a rithfear é, ach faoi réir na méide sin tiocfaidh sé i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Poist agus Telegrafa le hordú.