An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Cáin Láimhdeachais) Ar Aghaidh (CUID IX Ilghnéitheach)

21 1969

AN tACHT AIRGEADAIS, 1969

CUID VIII

Cáin Mhórdhíola

Rátaí cánach mórdhíola.

1966, Uimh. 22 .

57. —(1) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 :

“(1) Is é a bheidh sa cháin mhórdhíola cúig déag faoin gcéad den chuid sin de láimhdeachas inchánaithe, arna mhíniú leis an alt seo, an duine fhreagraigh a bhaineann le díol aon earraí de shórt a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus deich faoin gcéad den mhéid a bheidh fágtha den láimhdeachas inchánaithe arna mhíniú amhlaidh, agus déanfar an méid cánach is inmhuirir in imeacht gach míosa a íoc tar éis deireadh na míosa de réir rialachán.

AN TÁBLA

(Cáin Mhórdhíola)

(1) Mótarfheithiclí atá deartha agus déanta chun daoine a iompar de bhóthar lena n-áirítear mótarfheithiclí spóirt, cairr eastáit, vaigíní stáisiúin, gluaisrothair, mótar-scútair, moipéid agus uathrothair, ach gan feithiclí a áireamh atá deartha agus déanta chun níos mó ná sé dhuine dhéag (agus an tiománaí a áireamh) a iompar, cóistí easlán agus feithiclí eile de chineál atá deartha le haghaidh úsáide ag daoine easlána nó daoine éiglí.

(2) Carbháin, lena n-áirítear teaghais shoghluaiste.

(3) Longa, báid nó árthaí eile atá deartha agus déanta chun paisinéirí a iompar agus nach mó ná céad tonna mórmheáchain; agus báid spóirt agus pléisiúir de gach cineál lena n-áirítear luamhanna, cúrsóirí cábáin, báidíní calaidh, curacha, coití agus báid rásaíochta.

(4) Gléasanna raidió-ghlacadóireachta agus gléasanna téilifísghlacadóireachta den chineál tís nó den chineál iniompair lena n-áirítear gléasanna atá oiriúnach le húsáid i bhfeithiclí bóthair.

(5) Gramafóin, raidió-ghramafóin, seinnteoirí ceirníní agus atáirgeoirí leictreachais ceirníní gramafóin.

(6) Ceirníní gramafóin.”

(2) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 11 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 :

“(1) Ní bhainfidh ailt 3 agus 5 go 10 den Acht seo le cáin mhórdhíola dá bhforáiltear le halt 2 (b) den alt seo agus déanfar, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, an cháin sin a mhuirearú ar gach airceadal de shórt a shonraítear sa Tábla a ghabhann le halt 7 (1) den Acht seo agus a allmhaireofar an lú lá de Mheitheamh, 1969, nó dá éis, de réir cúig déag faoin gcéad de luach an airceadail agus ar gach airceadal eile a allmhaireofar amhlaidh de réir deich faoin gcéad de luach an airceadail.”

(3) Beidh éifeacht ag an alt seo, agus measfar éifeacht a bheith aige, amhail ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1969, agus uaidh sin amach.

Suimeanna a chur le híocaíochtaí áirithe.

58. —I gcás inarb éard é an t-iomlán nó cuid de láimhdeachas inchánaithe duine fhreagraigh airgead a íocadh faoi chonradh a rinneadh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1966, nó dá éis, agus roimh an lú lá de Mheitheamh, 1969, féadfaidh an duine freagrach, d'éagmais comhaontú dá mhalairt, suim ar cóimhéid le haon mhéid breise is iníochta aige i leith an airgid mar gheall ar an méadú a dhéantar le halt 57 den Acht seo ar an ráta cánach mórdhíola a aisghabháil i dteannta na híocaíochta a shonraítear sa chonradh.

Leasú ar alt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 .

59. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(2) I gcás ina ndéanfar earraí inchánaithe a chur chun feidhme nó a leithreasú ar mhodh fruilithe chun duine a mbeidh uimhir chláraithe tugtha dó faoi alt 4 den Acht seo agus a bheidh, de réir alt 5 den Acht seo, tar éis ráiteas i scríbhinn agus an uimhir chláraithe sin luaite ann a thabhairt don duine óna nglacfar na hearraí ar fruiliú:—

(a) ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) den alt seo maidir leis an gcur chun feidhme nó leis an leithreasú, agus

(b) measfar gurb é a bheidh sa chur chun feidhme nó sa leithreasú díol na n-earraí ar mórdhíol i gcúrsa gnó agus measfar gurb é a bheidh san airgead a gheofar i leith an fhruilithe airgead ó dhuine a bhí cláraithe faoin alt sin 4 i leith na n-earraí a díoladh leis:

Ar choinníoll, más rud é go ndéanfaidh an duine chun a mbeidh na hearraí fruilithe, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don duine óna mbeidh na hearraí fruilithe, an ráiteas a dúradh a aistarraingt, ansin, ar dháta na haistarraingte agus uaidh sin amach, scoirfidh míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo d'fheidhm a bheith acu agus beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt sin (1) ionann agus dá mba rud é go ndearna an duine óna mbeidh na hearraí fruilithe na hearraí a chur chun feidhme nó a leithreasú, ar an dáta sin, ar shlí seachas—

(i) i gcás monaróra—mar ábhair nó mar stoc trádála, nó

(ii) in aon chás eile—mar stoc trádála,

(3) I gcás ina ndéanfaidh duine dar tugadh uimhir chláraithe faoi alt 4 den Acht seo—

(a) ráiteas i scríbhinn ina mbeidh an uimhir chláraithe sin luaite a thabhairt, de réir alt 5 den Acht seo, do dhuine a bheidh cláraithe faoin alt sin 4 agus óna bhfruilíonn sé earraí inchánaithe, agus

(b) na hearraí sin a úsáid ar dhóigh seachas go díreach i bpróiseas táirgthe i gcúrsa earraí a dhéanamh,

ansin, an fad nach ndéanfaidh an duine ar chuige a fruilíodh na hearraí an ráiteas a dúradh a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don duine ónar fruilíodh na hearraí, beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt sin (1) maidir leis ionann agus dá mba rud é—

(i) de réir an ailt sin 5, gur cheannaigh sé na hearraí i dtosca nach raibh cáin mhórdhíola inmhuirir,

(ii) go ndearna sé, ar ócáid gach íocaíochta as fruiliú na n-earraí a bhainfidh le tréimhse inar úsáid sé na hearraí ar dhóigh seachas i bpróiseas táirgthe i gcúrsa earraí a dhéanamh, na hearraí a chur chun feidhme nó a leithreasú ar dhóigh seachas—

(I) i gcás monaróra—mar ábhair nó mar stoc trádála, nó

(II) in aon chás eile—mar stoc trádála, agus

(iii) gurbh é a bhí i ngach íocaíocht acu sin as fruiliú íocaíocht i leith díol earraí a cuireadh chun feidhme nó a leithreasaíodh amhlaidh ar an bpraghas mórdhíola a bhí i réim tráth na híocaíochta”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar an gcéad lá den mhí díreach i ndiaidh na míosa ina rithfear an tAcht seo.

Leasú ar alt 11 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 .

60. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní mhuirearófar cáin mar a dúradh ar—

(a) airceadal a mbeadh a dhíol lena sheachadadh sa Stát, amach ó aon díolúine maidir le díol na n-airceadal sin le daoine, nó ag daoine, d'aicme áirithe nó ag daoine seachas daoine d'aicme áirithe, ina ghníomhaíocht dhíolmhaithe chun críocha alt 3 (5) den Acht seo,

(b) airceadal arna allmhairiú—

(i) ag monaróir a bheidh cláraithe faoi alt 4 den Acht seo agus a bheartaítear a úsáid mar ábhair nó mar stoc dá ghnó, nó

(ii) ag aon duine eile a bheidh cláraithe faoin alt sin agus a bheartaítear a úsáid mar stoc dá ghnó,

(c) airceadal (seachas mótarfheithicil atá ceaptha chun daoine a iompar de bhóthar nó ola hiodracarbón le haghaidh feithiclí ród-iompair) arna allmhairiú ag comhlacht corpraithe a shuífidh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gurb é is phríomhghníomhaíocht dó paisinéirí nó earraí a iompar lasmuigh den Stát agus gur lena úsáid ina ghnó a allmhairítear an t-airceadal,

(d) airceadal arna allmhairiú ag Coimisinéirí Soilse na hÉireann lena úsáid chun longa solais nó tithe solais a chothabháil”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh maidir le hairceadail a allmhaireofar an chéad lá nó tar éis an chéad lae den mhí díreach i ndiaidh na míosa a rithfear an tAcht seo agus, maidir le hairceadail den sórt sin, déanfar an cháin dá bhforáiltear le halt 2 (b) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ionann agus dá mba nach ndearnadh aon ordú faoi alt 11 den Acht sin.