25 1969


Uimhir 25 de 1969


AN tACHT GRAÍ NÁISIÚNTA, 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT GRAÍ NÁISIÚNTA, 1945 AGUS 1953. [30 Iúil, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1945, Uimh. 31 .

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Groighe Náisiúnta, 1945 .

(2) Forléireofar na hAchta Graí Náisiúnta, 1945 agus 1953, agus an tAcht seo mar aon Acht amháin.

Scairchaipiteal na Cuideachta a mhéadú.

1953, Uimh. 8 .

2. —Méadaítear leis seo scairchaipiteal na Cuideachta go dtí dhá mhilliún punt, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (2) d'alt 11 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 2 den Acht Graí Náisiúnta, 1953 , ach tagairt don tsuim sin a chur in ionad na tagartha do chúig céad míle punt.

Méadú ar an teorainn leis an méid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht.

3. —(1) Ní mó ná dhá chéad míle punt an méid iomlán a gheofar ar iasacht faoi alt 24 den Phríomh-Acht agus a bheidh gan aisíoc.

(2) Beidh éifeacht dá réir sin ag an alt sin ach tagairt do dhá chéad míle punt a chur in ionad na tagartha do chéad míle punt nó don mhéid de scairchaipiteal údaraithe na Cuideachta nach bhfuil eisithe (cibé acu is lú).

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Graí Náisiúnta, 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Graí Náisiúnta, 1945 go 1969, a ghairm de na hAchta Graí Náisiúnta, 1945 agus 1953, agus den Acht seo le chéile.