31 1969


Uimhir 31 de 1969


AN tACHT IOMPAIR, 1969

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I dTAOBH IOMPAIR.

[24 Nollaig, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 4 den Acht Iompair, 1964 .

1964, Uimh. 30 .

1. —Leasaítear leis seo alt 4 (1) den Acht Iompair, 1964 , trí “seacht milliún déag punt” a chur in ionad “sé mhilliún punt”.

Deontais neamhinaisíoctha a íoc le Córas Iompair Éireann.

2. —Íocfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta, cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Airgeadais, le Córas Iompair Éireann, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais neamhinaisíoctha a mbeidh cibé méid iontu a chinnfidh an tAire Airgeadais agus nach mó ná £642,460 sa chomhiomlán.

Caiteachais.

3. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Iompair agus Cumhachta ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Iompair, 1969 , a ghairm den Acht seo.