An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Seirbhísí do Mháithreacha agus do Leanaí) Ar Aghaidh (Caibidil VI Forálacha Ilghnéitheacha i dtaobh Seirbhísí)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

Caibidil V

Seirbhísí Eile

Seirbhísí déadliachta, súl-liachta agus cluasliachta.

67. —(1) Cuirfidh bord sláinte cóireáil déadliachta, súil-liachta agus cluasliachta agus fearais déadliachta, súil-liachta agus cluasliachta ar fáil do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht agus do dhaoine ag a bhfuil cáilíochta theoranta.

(2) Cuirfidh bord sláinte cóireáil déadliachta, súil-liachta agus cluasliachta agus fearais déadliachta, súil-liachta agus cluasliachta ar fáil i leith éalaingí a thabharfar faoi deara de bharr scrúdaithe faoin tseirbhís a luaitear in alt 66.

(3) Ach amháin i gcás dá bhforáiltear faoi fho-alt (4) ní bhainfear aon táillí amach i leith cóireáil agus fearais a chuirfear ar fáil faoin alt seo.

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh—

(a) ina mbeidh foráil chun táillí a ghearradh, in imthosca conraithe, i leith seirbhísí faoin alt seo do dhaoine nach daoine ag a bhfuil lán-cháilíocht nó d'aicmí sonraithe daoine den sórt sin, agus

(b) a shonróidh méideanna na dtáillí sin nó na teorainneacha le méideanna na dtáillí a ghearrfar amhlaidh.

Seirbhísí athinmheachain.

68. —(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhís ar fáil chun daoine míchumasaithe a oiliúint i gcóir fostaíochta atá oiriúnach do staid a sláinte, agus chun comhshocraíochtaí a dhéanamh le fostóirí chun daoine míchumasaithe a chur i bhfostaíocht oiriúnach.

(2) Féadfaidh bord sláinte, chun críocha fho-alt (1), áitribh, ceardlanna, feirmeacha, gairdíní, ábhair, trealamh agus saoráidí dá samhail a sholáthar agus a chothabháil.

(3) Féadfaidh bord sláinte trealamh, ábhair nó earraí dá samhail a sholáthar do dhuine aosaithe míchumasaithe i gcás nach féidir leis an duine ná le céile (más ann) an duine cothabháil a sholáthar dó.

Liúntais chothabhála do dhaoine míchumasaithe.

69. —(1) Déanfaidh bord sláinte socrú chun liúntais chothabhála a íoc le daoine míchumasaithe os cionn sé bliana déag d'aois i gcás nach féidir leis an duine ná le céile (más ann) an duine cothabháil a sholáthar dó.

(2) Ní dhéanfar rialacháin i dtaobh na seirbhíse faoin alt seo ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.

Braitheoireacht galar.

70. —Déanfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí chun tástála a dhéanamh in aisce ar dhaoine chun a fhionnadh an bhfuil galar, éalaing nó bail áirithe orthu a bheidh forordaithe.

Eolas agus comhairle faoi shláinte.

71. —(1) Féadfaidh an tAire comhshocraíochtaí a dhéanamh chun eolas agus comhairle a leathadh i dtaobh ábhair a bhaineann le sláinte agus le seirbhísí sláinte.

(2) Déanfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí chun eolas agus comhairle a leathadh i dtaobh ábhair a bhaineann le sláinte agus le seirbhísí sláinte.