An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL II Oifigigh agus Seirbhísigh, etc.) Ar Aghaidh (Caibidil IV Comhlachtaí Airithe a Dhíscaoileadh, etc.)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

Caibidil III

Airgeadas

Cuntais bord sláinte.

27. —Coimeádfaidh bord sláinte cuntais i cibé foirm, agus déanfar suas cuntais cibé tráthanna agus in aghaidh cibé tréimhsí, a fhorordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Cuntais boird sláinte a niúchadh.

1871, c. 109.

1898, c. 37.

1902, c. 38.

1941, Uimh. 23 .

28. —(1) Déanfaidh iniúchóir rialtais áitiúil a cheapfaidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil cuntais boird sláinte a iniúchadh.

(2) Beidh feidhm ag na hachtacháin seo a leanas, arna leasú nó arna n-oiriúnú le haon achtachán ina ndiaidh (lena n-áirítear aon achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith) nó fúthu, maidir le hiniúchadh agus iniúchóir cuntas boird sláinte mar atá feidhm acu maidir le hiniúchadh agus iniúchóir cuntas údaráis áitiúil—

(a) alt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871,

(b) alt 63 (2) den Local Government (Ireland) Act, 1898,

(c) ailt 19 go 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902,

(d) ailt 69 go 71 agus 86 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ,

faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(i) forléireofar mar thagairtí don Aire na tagairtí sna hachtacháin sin (arna leasú nó arna n-oiriúnú amhlaidh) don Aire Rialtais Áitiúil,

(ii) déanfar tagairt in alt 70 nó 71 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , don tréimhse fhorordaithe a fhorléiriú, i gcás iniúchadh cuntas boird sláinte, mar thagairt don tréimhse arb í an tréimhse fhorordaithe í don údarás áitiúil sin mar a ordóidh an tAire chun na críche sin.

Achomaireacht cuntas boird sláinte.

29. —(1) Deimhneoidh an t-iniúchóir a cheapfar faoi alt 28 achomaireacht cuntas boird sláinte agus foilseoidh an bord í agus cuirfidh an t-iniúchóir cóipeanna chuig an Aire agus chuig na húdaráis áitiúla a cheapann comhaltaí chun an bhoird.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den achomaireacht a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus cuirfidh faoi deara cóipeanna a chur chuig an Aire Airgeadais.

Meastacháin boird sláinte.

30. —Déanfaidh bord sláinte meastacháin ar fháltais agus ar chaiteachais a chur faoi bhráid an Aire i cibé foirm, in aghaidh cibé tréimhsí, agus cibé tráthanna a ordóidh an tAire, agus tabharfaidh don Aire aon eolas a bheidh ag teastáil uaidh maidir leis na meastacháin sin.

Teorainneacha le caiteachais boird sláinte.

31. —(1) Ní thabhóidh bord sláinte, ach amháin le toiliú an Aire, caiteachais le haghaidh aon seirbhíse ná críche laistigh d'aon tréimhse de bhreis ar cibé suim a bheidh sonraithe ag an Aire in aghaidh na tréimhse sin.

(2) (a) Ní dhéanfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte, ag feidhmiú a fheidhmeanna dó, aon ní dá dtiocfadh go dtabhódh an bord caiteachas contrártha don alt seo.

(b) Más é tuairim phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin boird sláinte go dtiocfadh de chinneadh nó de chinneadh tograithe de chuid an bhoird go dtabhódh an bord caiteachas contrártha don alt seo, cuirfidh sé sin in iúl don bhord agus don Aire.

Deontais agus rannaíocaí áitiúla do bhord sláinte.

32. —(1) Tabharfaidh an tAire deontais do bhoird sláinte as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Is é a bheidh i ndeontais a thabharfar do bhoird sláinte faoi fho-alt (1)—

(a) deontais chun íoc as leath na coda sin de chaiteachas an bhoird (seachas caiteachas caipitiúil agus caiteachas ar mhuirir iasachta), arna údarú faoin Acht seo, nach nglanfaidh fáltais seachas deontais agus ranníocaí faoin alt seo,

(b) deontais fhorlíontacha, arna gcinneadh ag an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus le toiliú a Aire Airgeadais, chun laghdú ar mhéid an chaiteachais a glanfar le ranníocaí faoi fho-alt (3).

(3) An caiteachas de chuid boird sláinte a bhunaítear leis an Acht seo nach nglanfar le deontais faoi fho-alt (2) agus le fáltais eile, déanfaidh na húdaráis áitiúla ar a mbeidh ceangal faoin Acht seo comhaltaí a cheapadh chun an bhoird ranníoc chuige i cibé cionúireachtaí ar a gcomhaontóidh na húdaráis sin le toiliú an Aire nó, mura ndéanfar comhaontú den sórt sin laistigh de thréimhse sé mhí (nó cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an tAire) tar éis lá an bhoird sláinte a bhunú, i cibé cionúireachtaí a chinnfidh duine a cheapfaidh an tAire chuige sin.

(4) Beidh éifeacht ag comhaontú nó cinneadh faoi fho-alt (3) amhail ó thráth an bhoird sláinte lena mbainfidh sé a bhunú.

(5) (a) Féadfar comhaontú faoi fho-alt (3) a athrú—

(i) trí chomhaontú idir na húdaráis áitiúla lena mbainfidh arna dhéanamh le toiliú an Aire, nó

(ii) ag duine a cheapfaidh an tAire, ag gníomhú dó ar iarratas ó cheann de na húdaráis áitiúla lena mbainfidh, chun an comhaontú a athbhreithniú.

(b) Féadfar cinneadh faoi fho-alt (3) a athrú—

(i) trí chomhaontú idir na húdaráis áitiúla lena mbainfidh arna dhéanamh le toiliú an Aire, nó

(ii) ag duine a cheapfaidh an tAire, ag gníomhú dó ar iarratas ó cheann de na húdaráis áitiúla lena mbainfidh nó as a chonlán féin, chun an cinneadh a athbhreithniú.

(6) Aon duine a cheapfaidh an tAire chun cinneadh a dhéanamh nó a athrú faoin alt seo beidh aird aige ar cibé ábhair a shonróidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.

(7) Is feidhm fhorcoimeádta chun críche na nAchtanna Bainistí Contae, 1940 go 1955, nó na nAchtanna a bhaineann le bainistí contae-bhuirgí de réir mar is iomchuí, comhaontú a dhéanamh faoi fho-alt (3) nó iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (5) ag údarás áitiúil.

(8) (a) Go dtí go ndéanfar comhaontú nó cinneadh faoi fho-alt (3), déanfaidh na húdaráis áitiúla ar a mbeidh de cheangal faoin Acht seo comhaltaí a cheapadh chun boird sláinte an caiteachas sin de chuid an bhoird nach n-íocfar le deontais faoi fho-alt (2) agus fáltais eile a íoc i cibé cionúireachtaí a shonróidh an tAire.

(b) Beidh sonrú cionúireachtaí faoi mhír (a) faoi réir an chomhaontaithe nó an chinnte iomchuí de bhun fho-alt (3) ar an gcomhaontú nó an cinneadh sin a bheith déanta, agus déanfar coigeartuithe iomchuí dá réir sin.

(9) Déanfar ranníoc faoin alt seo ó chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath le bord sláinte a mhuirearú ar Cheantar Sláinte Contae Bhaile Atha Cliath.

(10) (a) I gcás suim a bheith, faoin alt seo, dlite de údarás áitiúil do bhord sláinte, agus iníoctha ag an údarás áitiúil sin leis an mbord sláinte sin, féadfaidh aon Aire méid na suime sin a bhaint, chun aon chríche ar bith, as aon airgead is iníoctha leis an údarás áitiúil sin.

(b) Déanfar gach suim a asbhainfear faoin bhfo-alt seo a íoc leis an mbord sláinte iomchuí agus a chreidiúnú do chuntais an bhoird sin mar íoc ag an údarás áitiúil ar an airgead ar asbhaineadh amhlaidh an tsuim ina leith.

Boird sláinte d'fháil airgid ar iasacht agus do ghlacadh bronntanas.

33. —(1) Féadfaidh bord sláinte airgead a fháil ar iasacht faoi réir aon choinníollacha a shonróidh an tAire agus faoi réir aon orduithe uaidh.

(2) Féadfar airgead a fháil ar iasacht faoin alt seo in aon slí a mheasfaidh an bord a bheith oiriúnach lena n-áirítear, go háirithe, ar mhodh morgáiste, billí malairte a tharraingt, stoic nó bannaí a eisiúnt, iasacht sealadach no rótharraingt.

(3) Féadfar iasacht faoin alt seo agus an t-ús nó na díbhínní ar an iasacht sin a urrú ar ioncam, cistí nó maoin an bhoird sláinte.

(4) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht de bhun an ailt seo a thabhairt ar iasacht trí eisiúint as ciste na n-iasachtaí áitiúla ionann is dá mba iasacht áitiúil de réir Achtanna Chiste na nIasachtai Áitiúla, 1935 go 1968, an iasacht agus go raibh sí údaraithe le hAcht ón Oireachtas.

(5) Féadfaidh bord sláinte bronntanas airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha a shonróidh an duine a thabharfaidh an bronntanas ach ní ghlacfaidh sé aon bhronntanas má bhíonn aon choinníoll a bheidh ag gabháil lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna an bhoird.