11 1970


Uimhir 11 de 1970


ACHT NA bPRÍOSÚN, 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE DLÍ AGUS CIRT, D'FHONN ATHINMHEACHAN CIONTÓIRÍ A CHUR AR AGHAIDH, ÁITEANNA SEACHAS PRÍOSÚIN A SHOLÁTHAR CHUN DAOINE A CHOINNEÁIL A bhFUIL PIANBHREITH PHIANSEIRBHÍSE NÓ PRÍOSÚNACHTA NÓ COINNEÁIL I bhFORAS NAOMH PÁDRAIG CURTHA ORTHU AGUS DO DHÉANAMH LEASÚ AR SHLITE EILE AR AN DLÍ A BHAINEANN LE PRÍOSÚIN AGUS LEIS AN bhFORAS SIN. [28 Iúil, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1960, Uimh. 27 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

tá an bhrí chéanna le “Foras Naomh Pádraig” atá leis san Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 .

Aiteanna coinneála seachas príosúin a sholáthar.

2. —Féadfaidh an tAire, d'fhonn athinmheachan ciontóirí a chur ar aghaidh, áiteanna seachas príosúin a sholáthar chun daoine a choinneáil a bhfuil pianbhreith phianseirbhíse nó príosúnachta nó coinneáil i bhForas Naomh Pádraig curtha orthu.

Rialacháin i dtaobh áiteanna a sholáthrófar faoin Acht seo agus daoine a bheidh ar coinneáil iontu.

3. —(1)  (a) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na haicmí daoine a fhéadfar a choinneáil in áit a sholáthrófar faoi alt 2 den Acht seo a shonrú faoi threoir aoise agus gnéis.

(b) Ní dhéanfar duine nach d'aicme a bheidh sonraithe amhlaidh maidir le háit áirithe a choinneáil san áit sin.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh le háiteanna a sholáthrófar faoi alt 2 den Acht seo a rialú agus a bhainistí agus le daoine a bheidh ar coinneáil sna háiteanna sin a aicmiú, a chóireáil, a fhostú agus a rialáil.

(3) Aon rialacháin a dhéanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin sin.

Achtacháin a chur chun feidhme maidir le príosúin.

1914, c. 58.

4. —Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh ag Achtanna na bPríosún, 1826 go 1956, ag Acht na bPríosún (Coistí Cuairte), 1925, agus ag aon achtacháin eile a bhaineann le príosúin, le Foras Naomh Pádraig nó le daoine atá ag fulaingt pianbhreithe i bpríosúin nó san Fhoras sin feidhm, maidir le háit a soláthraíodh faoi alt 2 den Acht seo ionann is dá mba phríosún nó an Foras sin é, de réir mar a bheidh, agus measfar daoine a bheidh ar coinneáil in áit den sórt sin a bheith ag fulaingt pianbhreithe pianseirbhíse nó príosúnachta nó coinneála san Fhoras sin, de réir mar a bheidh, ach ní bheidh feidhm maidir le háit den sórt sin ag alt 17 (3) den Criminal Justice Administration Act, 1914, a mhéid go bhfuil socrú ann chun príosúnaigh a chimiú.

Cumhacht an Aire chun a ordú daoine a aistriú ó áiteanna agus go dtí áiteanna a soláthraíodh faoin Acht seo.

1908, c. 59.

5. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo ach gan dochar do ghinearáltacht alt 4 den Acht seo, féadfaidh an tAire a ordú—

(a) príosúnach a aistriú—

(i) ó phríosún go dtí áit a soláthraíodh faoi alt 2 den Acht seo, agus

(ii) ó áit den sórt sin go dtí príosún, go dtí Foras Naomh Pádraig, nó go dtí áit eile den sórt sin,

chun a phianbhreith go léir nó aon chuid den mhéid di a bheidh gan chaitheamh a fhulaingt,

(b) duine ar cuireadh pianbhreith choinneála i bhForas Naomh Pádraig air a aistriú—

(i) ón bhForas sin go dtí áit den sórt sin, agus

(ii) ón áit sin go dtí an Foras sin nó go dtí áit eile den sórt sin,

chun a phianbhreith go léir nó aon chuid den mhéid di a bheidh gan chaitheamh a fhulaingt.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 3 den Prevention of Crime Act, 1908, maidir le duine a bheidh ar coinneáil in áit a soláthraíodh faoi alt 2 den Acht seo.

Leasú ar an Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 , agus ar an Prevention of Crime Act, 1908.

1960, Uimh. 27 .

6. —(1) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

(2) Leasaítear leis seo an tAcht um Dhlínse Choiriúil, 1960 , maidir le daoine a athchuirfear nó a chimeofar i gcoimeád nó a dtabharfar pianbhreith orthu tar éis tosach feidhme an Achta seo—

(a) trí “naoi mbliana déag” a chur in ionad “bliain is fiche” in alt 9 (1) a mhéid a bhaineann sé le daoine a athchur nó a chimiú i gcoimeád chun Foras Naomh Pádraig, agus

(b) trí “naoi mbliana déag” a chur in ionad “bliain is fiche” in alt 13 (1).

(3) Leasaítear leis seo alt 1 den Prevention of Crime Act, 1908, maidir le daoine a gcuirfear pianbhreith orthu tar éis tosach feidhme an Achta seo—

(a) trí “nineteen” a chur in ionad “twenty-one” i bhfo-alt (1) (a), agus

(b) trí fho-alt (2) a scriosadh.

(4) Leasaítear leis seo alt 3 den Prevention of Crime Act, 1908, a dúradh trí “not more than twenty-one years of age” a chur in ionad “within the limits of age within which persons may be detained in a Borstal Institution”.

Cumhachte an Aire a ordú daoine ar coinneáil a aistriú as Foras Naomh Pádraig go dtí príosún d'fhonn plódú a mhaolú.

7. —(1) (a) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh agus beidh sé i ngníomh ar feadh cibé tréimhse a shonróidh an tAire ó am go ham le hordú, tar éis dul i gcomhairle le Coiste Cuairte Fhoras Naomh Pádraig, agus scoirfidh sé de bheith i ngníomh ar éag d'aon tréimhse den sórt sin.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dul i gcomhairle le Coiste Cuairte Fhoras Naomh Pádraig, ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(2) Aon uair a mheasfaidh an tAire gur gá sin a dhéanamh d'fhonn plódú i bhForas Naomh Pádraig a mhaolú, féadfaidh sé a ordú cibé líon daoine a bheidh ag fulaingt pianbhreithe san Fhoras sin (nach daoine faoi bhun seacht mbliana déag d'aois) a aistriú go dtí príosún ar gá, dar leis, iad a aistriú lena aghaidh sin, agus iomalartóidh sé iarmhar neamhchaite théarma coinneála gach duine den sórt sin go dtí cibé téarma príosúnachta (nach faide ná an t-iarmhar sin) a chinnfidh sé.

(3) Beidh feidhm ag alt 3 den Prevention of Crime Act, 1908, maidir le duine a aistreofar go dtí príosún faoi fho-alt (2) den alt seo ionann is dá mba phianbhreith phríosúnachta agus nár phianbhreith choinneála i bhForas Naomh Pádraig a tugadh i gcéaduair ar an duine.

Caiteachais.

8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrteideal, comhlua agus forléiriú.

9. —(1) Féadfar Acht na bPríosún, 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na bPríosún, 1826 go 1970, a ghairm d'Achtanna na bPríosún, 1826 go 1956, d'Acht na bPríosún (Coistí Cuairte), 1925, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad mar aon ní amháin.