An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1970) Ar Aghaidh (CUID II Deontas Báis, Pinsean Easláine. Pinsean Scoir, Liúntas (Cúram) Seanaoise agus Liúntas Banchéile Thréigthe)

12 1970

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1970

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo—

(a) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1969, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1970, a ghairm díobh le chéile,

(b) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1969, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1970, a ghairm díobh le chéile,

(c) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1969, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1970, a ghairm díobh le chéile,

(d) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1969, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1970, a ghairm díobh le chéile,

(e) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1969, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1970, a ghairm díobh le chéile.

Léiriú.

1933, Uimh. 46 .

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1960, Uimh. 25 .

1963, Uimh. 26 .

1964, Uimh. 28 .

1965, Uimh. 20 .

1966, Uimh. 24 .

1967, Uimh. 18 .

1968, Uimh. 31 .

1969, Uimh. 19 .

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú) 1960;

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1963 ;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Leasa Shoisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 ;

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965 ;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966 ;

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967 ;

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ;

ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969 .