An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim agus Cáin Bhrabús Corparáide) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

14 1970

AN tACHT AIRGEADAIS, 1970

Caibidil II

Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide maidir le Fáltais Airithe tar éis Scor de Thrádáil nó de Ghairm agus Nithe Gaolmhara

Fáltais a fhaibhreoidh taréis scor de thrádáil nó de ghairm.

20. —(1) I gcás aon trádáil nó gairm arb inmhuirir cáin faoi Chás I nó faoi Chás II de Sceideal D ar a bhrabúis nó a gnóchain a bheith buanscortha, muirearófar cáin faoi Chás IV den Sceideal sin i leith aon suimeanna lena mbaineann an t-alt seo a gheofar tar éis an scoir faoi réir aon asbhaint den sórt a údaraítear le fo-alt (4).

(2) Faoi réir fho-alt (3), baineann an t-alt seo leis na suimeanna a d'éirigh ón trádáil nó ón ngairm a sheoladh i rith aon tréimhse roimh an scor (nach suimeanna ar arb inmhuirir cáin ar son slí eile) a mhéid nár cuireadh méid nó luach na suimeanna i gcuntas le linn ríomh a dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain d'aon tréimhse roimh an scor agus cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh na brabúis nó na gnóchain don tréimhse a ríomh ar fhoras tuillimh nó ar gnáthfhoras.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le haon suim acu seo a leanas—

(a) suimeanna a fuair aon duine a raibh teideal tairbheach aige chucu agus nach sa Stát a chónaoínn sé, nó a fuair duine ag gníomhú thar a cheann, is suimeanna in ionannas ioncaim go díreach nó go neamhdhíreach ó thír nó críoch lasmuigh den Stát, nó

(b) cnapshuim a íocadh le hionadaithe pearsanta údair shaothair litríochta, dramaíochta, ceoil nó ealaíne i gcomaoin iad do shannadh an chóipchirt sa saothar go hiomlán nó go páirteach, nó

(c) suimeanna a tháinig ó stoc trádála de chuid trádála le linn an trádáil sin scor a aistriú, nó, i gcás ina ndearnadh brabúis nó gnóchain gairme a ríomh ar fhoras tuillimh an tráth a scoireadh di, suimeanna a fuarthas tríd an saothar de chuid na gairme a bhí ar siúl le linn an scoir a aistriú, nó

(d) suimeanna a tháinig chun aonaí ó shaothar ar saothar é a ndéanfaí, de réir alt 2 (3) den Acht Airgeadais, 1969 , aon bhrabúis nó gnóchain a bheadh tagtha chuig an aonaí sin óna fhoilsiú, óna tháirgeadh nó óna dhíol, de réir mar a d'fhéadfadh a bheith, a fhágáil gan ríomh chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim dá mba roimh an dáta a scoireadh dá ghairm a tháinig siad, nó

(e) suimeanna a fuarthas roimh dháta an Achta seo a rith.

(4) Le linn ríomh a dhéanamh ar an muirear i leith cánach maidir le suimeanna a fuair aon duine arb inmhuirir cáin orthu de bhua an ailt seo (ar a n-áirítear méideanna lena ndéileáiltear mar shuimeanna a fuair sé de bhua alt 24), bainfear as an méid ar arbh inmhuirir cáin ar leith ón bhfo-alt seo—

(a) aon chaillteanas, caiteachas nó féichiúnas (nach caillteanas, caiteachas ná féichiúnas díreach nó neamhdhíreach de bharr an scoir féin) a dhéanfaí, dá mba nár scoireadh den trádáil nó den ghairm, a asbhaint le linn ríomh a dhéanamh chun críocha cánach ar bhrabúis nó ar ghnóchain an duine a bhí á seoladh roimh an scor nó a bhainfí as na brabúis nó na gnóchain sin, nó a fhrithaireofaí i gcoinne na mbrabús nó na ngnóchan sin, arna ríomh amhlaidh; agus

(b) aon liúntas caipitiúil a raibh an duine ag a raibh an trádáil nó an ghairm á seoladh ina theideal díreach roimh an scor agus nach raibh éifeacht tugtha dó ar mhodh faoisimh roimh an scor,

(5) Chun críocha na Caibidle seo—

(a) ciallaíonn “liúntas caipitiúil” aon liúntas, seachas liúntas a bheidh le tabhairt le linn brabúis nó gnóchain a ríomh, faoi alt 241 nó faoi Chuid XIV, XV, XVI nó XVII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

(b) áireofar brabúis nó gnóchain thrádála nó ghairme in aon tréimhse a bheith arna ríomh faoi threoir tuillimh i gcás ina ndéanfar na creidiúnais agus na dliteanais go léir a d'fhaibhrigh in imeacht na tréimhse sin de dhroim an trádáil nó an ghairm a sheoladh a chur i gcuntas le linn na brabúis nó na gnóchain sin a ríomh chun críocha cánach, agus ní ar aon slí eile, agus forléireofar “foras tuillimh” dá réir sin;

(c) áireofar brabúis nó gnóchain thrádála nó ghairme in aon tréimhse a bheith arna ríomh ar ghnáthfhoras más ar shlí seachas faoi threoir tuillimh a bheidh siad ríofa, agus

(d) déanfar luach aon suime a fuarthas d'íocaíocht ar fhiach a áireamh mar luach nár cuireadh i gcuntas sa ríomh a mhéid a bheidh asbhaint ceadaithe i leith na suime sin faoi alt 61 (i) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

Forálacha forlíontacha maidir le cáin faoi alt 20 no 26.

1920, c. 18.

21. —(1) I gcás an ceart aon suimeanna den sórt a thuairiscítear in alt 20 (2) nó 26 a aistriú ar luach, déanfar aon cháin is inmhuirir de bhua na n-alt sin a mhuirearú i leith méid nó luach na comaoine (nó, i gcás aistriú ar shlí seachas ar neamhthuilleamaí, i leith luach na comaoine a aistrítear amhail idir na páirtithe ar neamhthuilleamaí le chéile), agus déanfar tagairtí sna hailt sin do shuimeanna a fuarthas a fhorléiriú dá réir sin.

(2) I gcás cáin a bheith inmhuirir ar dhuine de bhua alt 20 i leith aon suimeanna a fuarthas tar éis scor de thrádáil nó de ghairm, agus go raibh na brabúis nó na gnóchain ón trádáil nó ón ngairm a raibh teideal aige chucu roimh an scor le háireamh mar ioncam tuillte chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, áireofar na suimeanna sin freisin mar ioncam tuillte chun na gcríocha sin ach sin tar éis aon laghdú air faoi alt 25.

(3) Má bhíonn aon duine a bhí ag gabháil don trádáil nó don ghairm, nó má bhíonn a ionadaithe pearsanta, tar éis aon suim ar arb inmhuirir cáin de bhua alt 20 nó 26 a fháil aon bhliain mheasúnachta dar thosach tráth nár dhéanaí ná deich mbliana tar éis an scoir nó, de réir mar a bheidh, an foras a athrú, féadfaidh an duine sin nó (i gceachtar cás) a ionadaithe pearsanta, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an gcigire laistigh de dhá bhliain tar éis deireadh na bliana measúnachta sin, a roghnú go ndéanfar an cháin is inmhuirir mar a dúradh a mhuirearú ionann is gurbh é tráth a fuarthas an tsuim sin an dáta ar ar tharla an scor, nó de réir mar a bheidh, lá deireadh na tréimhse arb ina deireadh a tharla an t-athrú; agus, in aon chás den sórt sin, déanfar measúnú breise (d'ainneoin aon ní in alt 186 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) dá réir sin; agus i ndáil leis an measúnú sin ní dhéanfar ná ní thabharfar aon asbhaint ná faoiseamh breise i leith aon chaillteanas ná aon liúntas a asbhaint de bhun alt 20 (4).

(4) I gcás ina ndéanfar saothar a bheidh ar siúl le linn scor de ghairm, nó an fhreagracht ina chríochnú, a aistriú, folóidh na suimeanna lena mbaineann alt 20 aon suimeanna a gheofar ar mhodh comaoine i leith an aistrithe agus aon suimeanna a gheobhaidh an t-aistrí ar mhodh réadú a dhéanamh thar ceann an aistreora ar an obair a bheidh ar siúl a aistreofar.

(5) Ní asbhainfear aon mhéid faoi alt 20 (4) má bhíonn an méid sin lamháilte faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de Chuid V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

(6) Ní asbhainfear aon mhéid thar uair amháin faoi alt 20 (4) agus maidir le suimeanna is inmhuirir in aghaidh bliana measúnachta nó tréimhse cuntasaíochta agus suimeanna is inmhuirir in aghaidh bliana measúnachta ina dhiaidh sin nó tréimhse cuntasaíochta ina dhiaidh sin, is in aghaidh suimeanna is inmhuirir in aghaidh na bliana measúnachta nó na tréimhse cuntasaíochta is luaithe a dhéanfar aon asbhaint i leith caillteanais nó liúntais chaipitiúil ach, i gcás caillteanas a lamhálfar de bhua an fho-ailt seo nó an ailt sin 20 (4) tar éis an scoir, ní dhéanfar asbhaint as aon suim is inmhuirir in aghaidh bliana measúnachta nó tréimhse cuntasaíochta roimh an gceann inar tharla an caillteanas.

Fáltais agus caillteanais a fhaibhreoidh taréis athrú aáireofar mar scor.

22. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas in aon chás ina ndéileáiltear, de thoradh malairt daoine dul i mbun trádáil nó gairm a sheoladh, leis an trádáil nó leis an ngairm chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim ionann is dá mbeifí tar éis buanscor de agus go raibh gnó nua bunaithe agus tosaithe.

(2) Beidh feidhm ag ailt 20 agus 21 i gcás aon athrú den sórt a dúradh ionann is dá mbeifí tar éis buanscor den trádáil nó den ghairm:

Ar choinníoll nach ndéanfar, i gcás ina ndéanfar nó ina ndearnadh aon suimeanna lena mbaineann alt 20 a aistriú, tráth an athraithe, chuig na daoine a bhí nó a bheidh ag seoladh na trádála nó na gairme tar éis an athraithe, cáin a mhuirearú de bhua an ailt sin, ach (ach amháin más roimh dháta an Achta seo a rith a tharla an t-athrú) go ndéanfar aon suimeanna a bheidh faighte ag na daoine sin de bhua an aistrithe a áireamh chun gach críche mar fháltais a bheidh le cur sa ríomh ar bhrabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme sa tréimhse a fuarthas iad.

(3) Le linn ríomh a dhéanamh chun críocha cánach ar bhrabúis nó gnóchain thrádála in aon tréimhse tar éis an athraithe, féadfar suim a asbhaint ar cóimhéid le haon mhéid a cruthaíodh i rith na tréimhse sin a bheith neamhinghnóthaithe maidir le haon fhiacha a creidiúnaíodh le linn ríomh a dhéanamh chun críocha cánach ar bhrabúis nó gnóchain d'aon tréimhse roimh an athrú (is é sin, fiacha a ndearnadh a sochar a shannadh do na daoine a bhí ag seoladh na trádála nó na gairme tar éis an athraithe), a mhéid gur mó an méid iomlán a cruthaíodh a bheith neamhinghnóthaithe i leith na bhfiacha sin ná aon asbhaint a lamháladh ina leith faoi alt 61 (i) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ríomh in aghaidh aon tréimhse roimh an athrú.

Obair ar siúl le linn scoir.

23. —(1) I gcás ina ndéanfar, le linn ríomh a dhéanamh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim ar bhrabúis nó gnóchain gairme atá buanscortha, luacháil ar obair na gairme a bhí ar siúl le linn an scoir, luachálfar an obair sin mar a leanas—

(a) má bhítear tar éis an obair a aistriú ar airgead nó ar luach airgid nó ar chomaoin luachmhar eile chuig duine a sheolann gairm, nó a bheartaíonn gairm a bheith á seoladh aige, sa Stát, agus go bhféadfaidh an duine sin costas na hoibre a asbhaint mar chaiteachas le linn ríomh a dhéanamh chun aon chríche den sórt sin ar bhrabúis nó gnóchain na gairme sin, measfar gurb é luach na hoibre an méid a íocadh nó an chomaoin eile a tugadh i leith an aistrithe;

(b) mura mbeidh an obair le luacháil faoi mhír (a), measfar gurb é a luach an méid a íocfaí i leith í a aistriú ar dháta an scoir amhail idir páirtithe ar neamhthuilleanaí le chéile.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis scor de ghairm agus go roghnóidh an duine a bhí á seoladh díreach roimh an scor, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an gcigire aon tráth laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an scoir, ní dhéanfar an méid, más ann, a bheidh de bhreis ag luach na hoibre a bhí ar siúl le linn an scoir (arna dhéanamh amach faoi fho-alt (1)) ar chostas iarbhír na hoibre a chur i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain na tréimhse díreach roimh an scor, ach déanfar an méid a bheidh de bhreis ar chostas iarbhír na hoibre ag aon suimeanna a bheidh faighte i leith an obair a aistriú a áireamh ar na suimeanna ar arb inmhuirir cáin faoi alt 20 ionann is dá mba shuim é lena mbaineann an t-alt sin agus a fuarthas tar éis an scoir.

(3) Tá feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo i gcás ina meastar chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim go bhfuil buanscortha di mar atá feidhm acu i gcás scoir iarbhír, ach ní bheidh feidhm acu i gcás gairm a bhí á seoladh ag aonaí aonair scor mar gheall ar é d'fháil bháis.

(4) Chun críocha alt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , folaíonn “stoc trádála”, maidir le trádáil, aon seirbhísí, earra nó ábhar a áireofaí, dá mba ghairm an trádáil, mar obair le linn í a bheith ar siúl chun críocha an ailt seo, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do stoc trádála a dhíol nó a aistriú.

(5) Déanfar tagairtí san alt seo d'obair ar siúl le linn scor de ghairm a fhorléiriú mar thagairtí—

(a) d'aon seirbhísí a dhéantar i ngnáthchúrsa na gairme, a raibh a ndéanamh críochnaithe go hiomlán nó go páirteach tráth an scoir agus a mba réasúnach an rud a cheapadh go n-éileofaí táille ar iad a bheith críochnaithe dá mba nár scoireadh den ghairm, agus

(b) d'aon earra a tháirgtear, agus d'aon earra a úsáidtear, ag déanamh aon seirbhísí den sórt sin,

agus aon tagairtí san alt seo d'obair atá ar siúl a aistriú folóidh siad tagairtí d'aon sochair agus ceartanna a fhaibhreoidh, nó ar réasúnach an rud a cheapadh go bhfaibhreodh siad, ón obair a dhéanamh.

(6) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le scor a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith.

Fiacha a fhritháireofar i gcoinne brabús agus a scaoilfear ina dhiaidh sin.

24. —(1) I gcás ina mbeifear, le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach ar bhrabúis nó gnóchain trádála nó gairme, tar éis asbhaint a lamháil i leith aon fhéich a tabhaíodh chun críocha na trádála nó na gairme, ansin, má scaoiltear ina dhiaidh sin iomlán an fhéich sin nó aon chuid de, déanfar an méid a scaoilfear a áireamh mar fháltas de chuid na trádála nó na gairme sin a d'éirigh sa tréimhse a dhéanfar an scaoileadh.

(2) (a) Má tharlaíonn in aon chás den sórt sin a dúradh gur buanscoireadh den trádáil nó den ghairm i ndeireadh nó tar éis deireadh na tréimhse dar lamháladh an asbhaint agus sula ndearnadh an scaoileadh, nó go ndéileáfar léi chun críocha cánach ionann is dá mbeifí tar éis buanscor di amhlaidh, beidh feidhm ag alt 20 ionann is gurbh shuim a fuarthas tar éis an bhuanscoir an méid a scaoileadh.

(b) Chun críocha cánach brabús corporáide, déanfar, i gcás ina ndéanfar measúnú faoi Chás IV de Sceideal D de bhua mhír (a), nó ina ndéanfaí sin amhlaidh dá mbeadh cáin inmhuirir ar na brabúis nó na gnóchain, an méid a mheasúnófar amhlaidh nó a mheasúnófaí amhlaidh a áireamh mar ioncam de chuid na cuideachta a fuarthas ar an dáta ar a ndearnadh an scaoileadh.

(3) Baineann an t-alt seo le scaoileadh a dhéanfar tar éis dáta an Achta seo a rith.

Foras airgid, etc.: faoiseamh d'aonaithe.

25. —(1) Má bhíonn aonaí a rugadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1919, nó ionadaí pearsanta aonaí den sórt sin inmhuirir i leith cánach faoi alt 20 nó 26 agus—

(a) go raibh an t-aonaí ag gabháil don trádáil nó don ghairm a sheoladh ar dháta an Achta seo a rith, agus

(b) nár ríomhadh brabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme faoi threoir tuillimh sa tréimhse inar tharla an dáta a shonraítear i mír (a), nó in aon tréimhse ina dhiaidh sin dar críoch an dáta iomchuí nó dáta roimhe sin,

déanfar an glanmhéid arb inmhuirir cáin air ina leith a laghdú tríd an nglanmhéid sin a iolrú ar an gcodán a thugtar thíos.

(2) I gcás feidhm a bheith ag alt 26 maidir le hathrú forais a tharla ar dháta roimh dháta an Achta seo a rith, ansin, maidir le cáin is inmhuirir faoi threoir an athraithe forais sin, beidh éifeacht ag fo-alt (1)—

(a) ionann is dá gcuirfí an dáta is luaithe in ionad an dáta a shonraítear i mír (a), agus

(b) ionann is dá scriosfaí mír (b).

(3) Is é an codán sin—

(a) i gcás nach raibh dhá bhliain is caoga d'aois slán ag an aonaí an 6ú lá d'Aibreán, 1970, a naoi déag d'fhichithe,

(b) i gcás ina raibh dhá bhliain is caoga d'aois slán aige ach nach raibh ceithre bliana is caoga d'aois slán aige ar an dáta sin, a hocht déag d'fhichithe, agus mar sin de, ag laghdú an chodáin fichiú cuid in aghaidh gach bliana a bhí slán aige, suas go dtí ceithre bliana is seasca d'aois.

(c) i gcás ina raibh cúig bliana is seasca d'aois nó aon aois is mó ná sin slán aige ar an dáta sin, cúig fichiú.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “an glanmhéid” arb inmhuirir cáin ar dhuine ina leith faoi alt 20 an méid arb inmhuirir é ina leith amhlaidh tar éis aon asbhaint a dhéanamh a údaraítear le halt 20 (4) ach sula dtabharfar faoiseamh faoin alt seo;

ciallaíonn “dáta iomchuí”—

(a) maidir le cáin faoi alt 20, dáta an bhuanscoir,

(b) maidir le cáin faoi alt 26, dáta an foras a athrú.

Gnáthfhoras: muirear ginearálta ar fháltais tar éis foras a athrú.

26. —(1) Más rud é, i gcás aon trádáil nó gairm arb inmhuirir cáin faoi Chás I nó faoi Chás II de Sceideal D ar a brabúis nó a gnóchain—

(a) gur athraíodh ó ghnáthfhoras go dtí an foras tuillimh, nó

(b) gur athraíodh gnáthfhoras ionas gur dóigh d'fháltais imeacht ó ríomh,

muirearófar cáin faoi Chás IV de Sceideal D i leith suimeanna lena mbaineann an fo-alt seo agus a gheofar tar éis an t-athrú, agus sula mbuanscoirfear den trádáil nó den ghairm.

Baineann an t-alt seo leis na suimeanna uile a bheidh tagtha ón trádáil nó ón ngairm a sheoladh i rith aon tréimhse roimh an athrú (nach suimeanna is inmhuirir i leith cánach ar aon slí eile) a mhéid nár cuireadh a méid nó a luach i gcuntas le linn ríomh a dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain d'aon tréimhse.

(2) Más rud é, i gcás aon ghairm arb inmhuirir cáin faoi Chás II de Sceideal D ar a brabúis nó a gnóchain—

(a) gur athraíodh ó ghnáthfhoras go dtí an foras tuillimh, nó gur athraíodh gnáthfhoras, agus

(b) go ndearnadh luach na hoibre a bhí ar siúl tráth an athraithe a fhéichiúnú sna cuntais agus a lamháil mar asbhaint le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach do thréimhse tar éis an athraithe,

ansin, a mhéid nár cuireadh creidmheas cothromaíochta i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar bhrabúis chun críocha cánach d'aon tréimhse dar chríoch dáta an athraithe nó dáta roimhe sin, muirearófar cáin faoi fho-alt (1) i leith an mhéid sin don bhliain mheasúnachta a tharla an t-athrú ionann is dá mba shuim lena mbaineann an fo-alt sin (1) an méid sin, agus gurbh athrú den chineál a thuairiscítear san fho-alt sin an t-athrú forais sin.

(3) San alt seo déanfar tagairtí d'obair a bhí ar siúl le linn foras a athrú a fhorléiriú de réir alt 23 (5) agus tagairtí don athrú forais a chur ann chuige sin in ionad tagairtí don scor.

(4) Bíonn athrú ó ghnáthfhoras ann go dtí an foras tuillimh ag deireadh tréimhse arb ar ghnáthfhoras a ríomhadh a brabúis nó a gnóchain más faoi threoir tuillimh a ríomhfar brabúis nó gnóchain na céad tréimhse eile ina diaidh; agus, más ar ghnáthfhorais éagsúla a ríomhfar brabúis nó gnóchain dhá thréimhse chomhleanúnacha, bíonn athrú gnáthfhorais ann ag deireadh na tréimhse is luaithe.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo más roimh dháta an Achta seo a rith a tharla an t-athrú agus roimh an dáta sin—

(a) go raibh an cinneadh déanta cuntais a ullmhú ag taispeáint an athraithe, nó

(b) go rabhthas tar éis buanscor den trádáil nó den ghairm,

ach faoi réir mar a dúradh, tá feidhm aige maidir le suimeanna a fuarthas aon tráth roimh an dáta sin nó dá éis.