|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) | Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1970
[EN] | ||
[EN] |
CUID V Cáin Láimhdeachais | |
[EN] |
Ráta cánach láimhdeachais. |
49. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1963 — |
[EN] | (a) trí “cúig faoin gcéad” a chur in ionad “dó go leith faoin gcéad” in alt 53 (1), | |
[EN] | (b) trí “mar aon le dó go leith faoin gcéad den láimhdeachas inchánach” a chur i ndiaidh “5s.” in alt 53 (2) (a), | |
[EN] | (c) trí “£2 15s. 0d.” a chur in ionad “5s.” in alt 53 (2) (b), agus | |
[EN] | (d) trí “cúig faoin gcéad” a chur in ionad “dó go leith faoin gcéad” in alt 64 (1). | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht, agus measfar éifeacht a bheith, ag an alt seo amhail ar an agus ón 1ú lá de Bhealtaine, 1970. | |
[EN] |
Leasú ar alt 48 den Acht Airgeadais, 1963 . |
50. —(1) Leasaítear leis seo alt 48 den Acht Airgeadais, 1963 — |
[EN] | (a) trí “£1,000” a chur in ionad “£750” i bhfo-alt (3) (b) (i), agus | |
[EN] | (b) trí “£1,000” a chur in ionad “£750” i bhfo-alt (3) (e). | |
[EN] | (2) Gach duine ar dhuine freagrach é an lá díreach roimh lá an ailt seo a theacht i ngníomh ach, dá mbeadh an t-alt sin i bhfeidhm an lá is luaithe acu sin, nár dhuine freagrach é ó tharla nár ghlac sé rogha de réir alt 48 (3) (b) (i) den Acht Airgeadais, 1963 , measfar rogha den sórt sin a bheith glactha aige agus leanfaidh sé de bheith freagrach i gcáin ar an airgead a bheidh faighte aige i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá mbeidh sé ag gabháil go dtí deireadh na míosa a ndéanfar lena linn a chlárú a chealú de réir na rialachán. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an chéad lá den mhí díreach tar éis na míosa a rithfear an tAcht seo. | |
[EN] |
Suimeanna a chur le híocaíochtaí áirithe. |
51. —Más airgead a íocadh faoi chonradh a rinneadh roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1970, iomlán láimhdeachais inchánaigh, nó cuid de láimhdeachas inchánach, duine fhreagraigh, féadfaidh an duine freagrach, mura mbeidh comhaontú a mhalairte ann, suim ar cóimhéid le haon mhéid breise is iníoctha aige i leith an airgid mar gheall ar an méadú ar an ráta cánach láimhdeachais a dhéantar le halt 49 den Acht seo a aisghabháil mar bhreis leis na híocaíochtaí a shonraítear sa chonradh. |