Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Fo-ailt a chuirtear le hAilt 15, 16 agus 18 d'Acht 1966)

18 1970


Uimhir 18 de 1970


ACHT NA dTITHE, 1970

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE, 1966 AGUS 1969. [5 Lúnasa, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Acht 1966.

1966, Uimh. 21 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1966” Acht na dTithe, 1966 .

Deontais ón Aire chun tithe a sholáthar.

2. —Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht 1966 trí na fo-ailt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur leis.

Deontais ón Aire chun tithe a sholáthar d'feirmeoirí agus da dhaoine eile.

3. —Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1966 trí na fo-ailt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur leis.

Deontais ón Aire chun árasáin nó teaghasáin a thógáil.

4. —Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1966 trí na fo-ailt atá leagtha amach i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur leis.

Ranníocaí ón Aire i leith muirir iasachta bhliantúla de chuid údarás tithíochta.

5. —Leasaítear leis seo alt 44 (2) (a) d'Acht 1966 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur leis:

“(vi) an 13ú lá de Mheitheamh, 1969, nó dá éis, mar chóiríocht d'eochair-oibrithe d'aicme a shonróidh an tAire agus a thabharfar isteach le riachtanas sa limistéar le haghaidh tionscail, nua nó forásach.”

Teorainneacha áirithe a mhéadú.

6. —Leasaítear leis seo airteagal 2 den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1966 trí “dhá mhíle punt” a chur in ionad “cúig chéad punt” i mír (a), i mír (b), agus i mír (c), “cúig mhíle punt” a chur in ionad “dhá chéad déag punt” i mír (g) agus “two thousand pounds” a chur in ionad “five hundred pounds” i mír (h).

Comhairle contae do thabhairt deontas forlíontach (ceantar buirge nó ceantar uirbeach).

7. —(1) San alt seo ciallaíonn “alt iomchuí” aon alt acu seo a leanas: alt 26 (gan fo-ailt (7) agus (8) a áireamh), alt 27, alt 28 agus alt 29 d'Acht 1966.

(2) Aon tagairtí atá in alt iomchuí don údarás tithíochta measfar, agus an t-alt á chur chun feidhme maidir le buirg (nach buirg atá ainmnithe ag an Aire le rialacháin mar bhuirg atá eisiata maidir leis an alt ó fheidhm na míre seo), nach tagairtí iad do bhardas na buirge agus gur tagairtí iad, ina ionad sin, do chomhairle an chontae ina bhfuil an bhuirg.

(3) (a) Aon tagairtí atá in alt iomchuí don údarás tithíochta measfar, agus an t-alt á chur chun feidhme maidir le ceantar uirbeach (nach ceantar uirbeach atá ainmnithe ag an Aire le rialacháin mar bhuirg atá eisiata maidir leis an alt ó fheidhm na míre seo), nach tagairtí iad do chomhairle an cheantair bhuirge agus gur tagairtí iad, ina ionad sin, do chomhairle an chontae ina bhfuil an ceantar uirbeach.

(b) I gcás—

(i) inar thug comhairle contae deontas faoi chomhaontú a rinneadh idir an gcomhairle agus comhairle ceantair uirbigh an 13ú lá de Mheitheamh, 1969, nó dá éis, agus roimh dháta an Achta seo a rith, agus

(ii) inarb í comhairle an cheantair uirbigh a thabharfadh, ar leith ón gcomhaontú, an deontas faoi alt iomchuí, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(I) beidh an deontas chomh bailí agus dá mbeadh, nuair a tugadh an deontas, mír (a) den fho-alt seo i ngníomh, agus an ceantar uirbeach gan bheith ainmnithe ag an Aire le rialacháin mar cheantar uirbeach a bhí eisiata, maidir leis an alt iomchuí, ó fheidhm na míre sin,

(II) beidh feidhm, agus measfar feidhm a bheith i gcónaí, ag mír (b) den fho-alt seo chun cumhacht a thabhairt caiteachas na comhairle contae maidir leis an deontas a mhuirearú.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an gcaiteachas faoi alt iomchuí a bhainfidh d'údarás tithíochta is comhairle contae:

(a) i gcás contae lena mbaineann mír (a) d'alt 8 d'Acht 1966, measfar nach sroicheann an t-eisiamh buirgí agus ceantair uirbeacha atá sa mhír sin aon bhuirg nach bhfuil ainmnithe le rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo mar bhuirg atá eisiata maidir leis an alt iomchuí ná aon cheantar uirbeach nach bhfuil ainmnithe le rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo mar cheantar uirbeach atá eisiata amhlaidh,

(b) i gcás contae a bhfuil feidhm maidir leis ag mír (b) den alt sin 8 agus ina bhfuil limistéar nó limistéir a bhfuil feidhm ina leith ag an mír seo—

(i) déileálfar ar dtús le gach limistéar sa chontae atá comhdhéanta de limistéar nó limistéir a bhfuil feidhm ag an mír seo ina leith agus leis an tuathlimistéar sláintíochta lena ais nó lena n-ais agus muirearófar air an caiteachas faoin alt iomchuí i leith an limistéir chónasctha sin,

(ii) déanfar caiteachas eile faoin alt iomchuí a mhuirearú mar a dhéantar socrú chuige le mír (b) (i) d'alt 8 d'Acht 1966.

Sa mhír seo ciallaíonn “limistéar a bhfuil feidhm ag an mír seo ina leith” limistéar atá comhdhéanta—

(i) de bhuirg atá gan bheith ainmnithe le rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo mar bhuirg atá eisiata maidir leis an alt iomchuí nó,

(ii) ceantar buirge atá gan bheith ainmnithe le rialachán faoi fho-alt (3) den alt seo mar cheantar buirge atá eisiata amhlaidh.

Bailíocht deontas áirithe.

8. —(1) Má rinneadh, roimh dháta an Achta seo a rith, aon deontas faoi alt 16 d'Acht 1966 a thabhairt, i gcás ina raibh ceanglais mhír (a) d'fho-alt (2) den alt sin comhlíonta, contrártha don alt sin mar nach i dtuathlimistéar a soláthraíodh an teach, ní dhéanfaidh tabhairt an deontais amhlaidh difear, agus measfar nach ndearna sé difear ariamh, do thabhairt an deontais a bheith bailí.

(2) Má rinneadh, roimh dháta an Achta seo a rith, aon deontas faoi alt 29 d'Acht 1966 a thabhairt contrártha d'fho alt (4) den alt sin, ní dhéanfaidh tabhairt an deontais amhlaidh difear, agus measfar nach ndearna sé difear ariamh, do thabhairt an deontais a bheith bailí.

Leasú ar alt 17 (1) d'Acht 1966.

9. —Leasaítear leis seo alt 17 (1) d'Acht 1966 tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:

“Ar choinníoll nach ndéanfar, i gcás inar tosaíodh nó ina dtosófar an 31ú lá de Lúnasa, 1970, nó dá éis ar an teach a thógáil, deontas a thabhairt faoin alt seo murar eisigh an tAire fógra ceadaithe chun críocha an ailt seo in leith an tí roimh an lá sin.”

Leasú ar alt 26 d'Acht 1966.

10. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 26 d'Acht 1966 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) nach mó ná an teorainn iomchuí méid iomlán (arna chinneadh ag an údarás tithíochta) ioncaim an duine agus ioncaim a chéile (más ann), is é sin le rá:

(i) i gcás an deontas forlíontach a thabhairt i leith tí ar tosaíodh ar é a thógáil roimh an 1ú lá de Lúnasa, 1970—míle agus cúig phunt is daichead sa bhliain,

(ii) i gcás é a thabhairt i leith tí ar tosaíodh ar é a thógáil an 1ú lá de Lúnasa, 1970, nó dá éis agus roimh theacht i ngníomh do na chéad rialacháin a dhéanfar de bhun na chéad mhíre ina dhiaidh seo—míle dhá chéad agus caoga punt sa bhliain, agus

(iii) in aon chás eile—an teorainn a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire, le rialacháin a rinneadh le toiliú an Aire Airgeadais, mar an teorainn iomchuí chun críocha na míre seo.”

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 26 d'Acht 1966:

“(2) Le linn d'údarás tithíochta ioncam duine a iarrfaidh deontas faoin alt seo nó ioncam a chéile a chinneadh féadfaidh an t-údarás tithíochta, má dheimhníonn an duine don údarás go gcothabhálann sé féin nó a chéile ar a chostas nó a costas féin duine cleithiúnach, cibé liúntas a thabhairt is oiriúnach leo, faoi réir na teorainn iomchuí, is é sin le rá:

(a) i gcás ina dtabharfar an deontas forlíontach i leith teach ar tosaíodh ar é a thógáil roimh theacht i ngníomh do na chéad rialacháin a dhéanfar de bhun na céad mhíre ina dhiaidh seo—céad punt i leith gach duine a chothabháiltear amhlaidh, nó ceithre chéad punt san iomlán, cibé acu is lú, agus

(b) in aon chás eile—an teorainn ama a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire, le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, mar an teorainn iomchuí chun críocha an fho-ailt seo.”

Leasú ar ailt 29 (1), 30 agus 31 (1) d'Acht 1966.

11. —Leasaítear leis seo ailt 29 (1), 30 agus 31 (1) d'Acht 1966 trí “cibé acu a bheidh an deontas go léir nó cuid de íoctha” a chur isteach i ndiaidh “tithíochta”.

Leasú ar alt 33 d'Acht 1966.

1963, Uimh. 27 .

1903, c. 37.

1927, Uimh. 19 .

12. —Leasaítear leis seo alt 33 (1) d'Acht 1966 trí “nó faoi alt 5 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963 (is cás a bhaineann le teach a dtabharfar an deontas ina leith faoin alt sin 5 (2) agus a chríochnófar tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1969), nó i gcás teach a thógfaidh Coimisiún na Talún, nó a thógfar le cabhair deontais ó Choimisiún na Talún, de bhun alt 12 den Irish Land Act, 1903, arna leathnú le halt 22 den Acht Talmhan, 1927 (ar cás é inar tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1969, a chríochnófar an teach agus go gcomhlíonfaidh achar iomlán a chuid urlár, i gcás teach ar tosaíodh á thógáil roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, na ceanglais atá in alt 15 (1) (a), i gcás teach ar tosaíodh á thógáil an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, nó dá éis, agus an 31ú lá de Nollaig, 1970, nó roimhe, atá in alt 15 (4) (b) nó, i gcás teach ar tosaíodh á thógáil tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1970, atá in alt 15 (6) (b) den Acht seo),” a chur isteach roimh “nó i gcás deontas a thabhairt” agus trí “a thóg Coimisiún na Talún nó” a chur isteach roimh “lena mbaineann an deontas”.

(2) Leasaítear leis seo alt 33 (4) d'Acht 1966 trí “nó i gcás teach a athfhoirgniú ag Coimisiún na Talún, nó le cabhair deontais ó Choimisiún na Talún, de bhun alt 12 den Irish Land Act, 1903, arna leathnú le halt 22 den Acht Talmhan, 1927 (ar cás é ar tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1969, a chríochnófar an t-athfhoirgniú), nó i gcás Bord Fáilte Éireann do thabhairt deontais, de bhun scéime chun cóiríocht saoire fhorlíontach a fhorbairt, chun athfhoirgniú (a chríochnófar tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1969) a dhéanamh ar theach” a chur isteach i ndiaidh “a chomhshó” agus trí “a d'athfhoirgnigh Coimisiún na Talún nó” a chur isteach roimh “lena mbaineann”.

(3) Leasaítear leis seo alt 33 (5) d'Acht 1966 tríd an mír seo a leanas a chur leis:

“(f) i ndáil le teach a athfhoirgniú ag Coimisiún na Talún nó le cabhair deontais ó Choimisiún na Talún nó deontas, chun teach a athfhoirgniú, ó Bhord Fáilte Éireann—an t-athfhoirgniú.”

(4) Tabharfaidh údarás tithíochta aon aisíocaíochtaí a thiocfaidh chun bheith iomchuí de dhroim leasuithe a dhéanann an t-alt seo.

Leasú ar alt 62 d'Acht 1962.

13. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 62 d'Acht 1966 trí “(faoi réir, i gcás an ailt sin 86, ‘of one month’ a chur in ionad ‘to be therein named, and not less than seven or more than fourteen clear days from the date of such warrant’ agus ‘eight in the morning and eight in the aftrrnoon’ a chur in ionad ‘nine in the morning and four in the afternoon')” a chur isteach i ndiaidh “1860”.

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur le halt 62 d'Acht 1966:

“(7) Má tharlaíonn, i gcás nach mbeidh tionóntacht i dteaghais a sholáthraigh údarás áitiúil faoin Acht seo, go ndéanfaidh duine iontráil isteach sa teaghais, nó go n-úsáidfidh sé í mar áit chónaithe duine gan toiliú an údaráis tithíochta, beidh an duine sin a dhéanfadh é sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt, nó, de rogha na cúirte, téarma príosúnachta nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le duine a raibh, an tráth a cuireadh deireadh nó a tháinig deireadh ar shlí eile, leis an tionóntacht is déanaí a bunaíodh sa teaghais, gnáthchónaí air sa teaghais ná maidir le duine a dhéanfaidh iontráil isteach sa teaghais le haghaidh gnáthchaidrimh le daoine den sórt sin ná maidir le duine a dhéanfaidh iontráil isteach sa teaghais (ach nach n-úsáidfidh í mar áit chónaithe duine) i gcúrsa a ghnáth-ghnó, a ghairme nó a cheirde.”

Aisghairm.

14. —Aisghairtear leis seo fo-alt (4) d'alt 29 d'Acht 1966.

Gearr theideal, forléiriú agus comhlua.

15. —(1) Féadfar Acht na dTithe, 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin an tAcht seo agus Achtanna na dTithe, 1966 agus 1969, agus féadfar Achtanna na dTithe, 1966 go 1970, a ghairm díobh le chéile.