2 1971


Uimhir 2 de 1971


AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN (LEASÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960 GO 1966. [3 Márta, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 2 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 .

1966, Uimh. 7 .

1. —Beidh éifeacht ag alt 2 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 , maidir le gach bliain de na blianta airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1971, agus an 31ú lá de Mhárta, 1972, faoi seach, agus dá réir sin forléireofar an tagairt san alt sin do chúig bliana airgeadais comhleanúnacha mar thagairt do sheacht mbliana airgeadais comhleanúnacha.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1971, a ghairm de na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1966, agus den Acht seo le chéile.