10 1971


Uimhir 10 de 1971


AN tACHT ÁRACHAIS, 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS, 1909 go 1969.

[22 Meitheamh, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 2 (3) den Acht Arachais, 1953 .

1953, Uimh. 7 .

1969, Uimh. 5 .

1. —Leasaítear leis seo alt 2 (3) den Acht Arachais, 1953 , trí “tríocha milliún punt” a chur in ionad “deich milliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Arachais, 1969 ).

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Arachais, 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Arachais, 1909 go 1971, a ghairm de na hAchtanna Arachais, 1909 go 1969, agus den Acht seo le chéile.