Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL RÁTAÍ CÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA)

16 1971


Uimhir 16 de 1971


AN tACT LEASA SHÓISIALAIGH, 1971

[an tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1970, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1970, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1970, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1970. [14 Iúil, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1966, Uimh. 24 .

1970, Uimh. 12 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966 ;

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970 .

Méadú ar rátaí pinsean seanaoise.

1964, Uimh. 28 .

1924, Uimh. 19 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952—

(a) trí “dhá chéad agus seasca punt agus cúig phingin nua is seachtó” a chur in ionad “dhá chéad daichead is seacht bpunt agus cúig scilling déag” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 ),

(b) trí “dhá chéad daichead is seacht bpunt agus cúig phingin nua is seachtó” a chur in ionad “dhá chéad tríocha is ceithre phunt agus cúig scilling déag” i bhfo-alt (2),

(c) trí “daichead piugin nua” a chur in ionad “cúig scilling” san áit dheiridh ina bhfuil sé i bhfo-alt (2) (b), agus

(d) tríd an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur in ionad an Tábla a ghabhann le fo-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1970).

AN TáBLA

An Ráta Pinsin

Rátaí Seachtainiúla

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí—

£

£

£

ina Neamhní     ..     ..     ..

4·65

5·40

6·15

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, caoga pingin nua i leith gach de bhreis linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná Neamhní gan bheith níos mó ná £26·25     ..     ..

4·40

5·15

5·90

níos mó na £26·25 gan bheith níos mó ná £52·50     ..     ..     ..

4·15

4·90

5·65

níos mó ná £52·50 gan bheith níos mó ná £65·50     ..     ..     ..

3·90

4·65

5·40

níos mó ná £65·50 gan bheith níos mó ná £78·50     ..     ..     ..

3·65

4·40

5·15

níos mó ná £78·50 gan bheith níos mó ná £104·75     ..     ..

3·40

4·15

4·90

níos mó ná £104·75 gan bheith níos mó ná £117·75     ..     ..

3·15

3·90

4·65

níos mó ná £117·75 gan bheith níos mó ná £130·75     ..     ..

2·90

3·65

4·40

níos mó ná £130·75 gan bheith níos mó ná £143·75     ..     ..

2·65

3·40

4·15

níos mó ná £143·75 gan bheith níos mó ná £156·75     ..     ..

2·40

3·15

3·90

níos mó ná £156·75 gan bheith níos mó ná £169·75     ..     ..

2·15

2·90

3·65

níos mó ná £169·75 gan bheith níos mó ná £182·75     ..     ..

1·90

2·65

3·40

níos mó ná £182·75 gan bheith níos mó ná £195·75     ..     ..

1·65

2·40

3·15

níos mó ná £195·75 gan bheith níos mó ná £208·75     ..     ..

1·40

2·15

2·90

níos mó ná £208·75 gan bheith níos mó ná £221·75     ..     ..

1·15

1·90

2·65

níos mó ná £221·75 gan bheith níos mó ná £234·75     ..     ..

0·90

1·65

2·40

níos mó ná £234·75 gan bheith níos mó ná £247·75     ..     ..

0·65

1·40

2·15

níos mó ná £247·75 gan bheith níos mó ná £260·75     ..     ..

0·40

1·15

1·90

(2) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 (arna leasú le hAcht 1970) trí “dhá chéad agus seasca punt agus chúig phingin nua is seachtó” a chur in ionad “dhá chéad daichead is seacht bpunt agus cúig scilling déag” i bhfo-alt (1) (i).

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 6ú lá de Lúnasa, 1971.

Méadú ar rátaí cúnamh dífhostaíochta.

1933, Uimh. 46 .

3. —(1) Déantar leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur san Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 , in ionad an Sceidil (a cuireadh isteach le hAcht 1970) a ghabhann leis.