An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Bancanna a Aistriú)

24 1971

ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1971

CUID II

Ceadúnú agus Maoirseacht Banc

Srian le gnó baincéireachta a sheoladh.

7. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, ní dhéanfaidh duine, seachas an Banc, thar a cheann féin ná thar ceann aon duine eile sa Stát nó lasmuigh den Stát, gnó baincéireachta a sheoladh ná a thabhairt le tuiscint ná le fios gur baincéir é nó go seolann sé gnó baincéireachta mura rud é—

(a) gur sealbhóir ceadúnais é, agus

(b) go bhfuil suim arna cinneadh de réir alt 13 den Acht seo i dtaisce sa Bhanc aige.

(2) Chun críocha an Achta seo measfar (ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo) duine dá thabhairt le tuiscint gur baincéir é—

(a) más rud é, i gcás inar comhlacht corpraithe é a sheolann aon ghnó, go bhfuil in ainm an chomhlachta sin aon cheann de na focail “bank”, “banker” nó “banking” nó aon fhocal is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh nó is analach dó, nó

(b) más rud é, i gcás inarb aonaí é, go seolann sé aon ghnó faoi ainm nó teideal (seachas a ainm féin gan aon ní curtha leis) ina bhfuil aon cheann de na focail “bank”, “banker”, nó “banking” nó aon fhocal is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh nó is analach dó, nó

(c) más rud é, i gcás comhlacht neamhchorpraithe daoine a sheolann aon ghnó, go bhfuil san ainm faoina seolann an comhlacht an gnó sin (nach éard é, i gcás comhpháirtíochta, ainm nó ainmneacha duine amháin nó níos mó de na comhpháirtithe gan aon ní curtha leis nó leo) aon cheann de na focail “bank”, “banker” nó “banking” nó aon fhocal is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh nó is analach dó, nó

(d) in aon chás, má dhéanann sé, trí úsáid a dhéanamh, i bhfógrán, i gciorclán, i gcárta gnó nó in aon doiciméad eile, d'aon cheann de na focail “bank”, “banker” nó “banking” nó d'aon fhocal is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh nó d'aon fhocal nó abairt is analach dó, a thabhairt le tuiscint nó le fios go seolann sé gnó baincéireachta nó go bhfuil sé toilteanach gnó baincéireachta a sheoladh.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo, ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an Banc, maidir le duine a thugann le tuiscint gur baincéir é ach nach bhfuil gnó baincéireachta á sheoladh aige agus a shealbhaigh ceadúnas baincéireachta a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo nó ceadúnas atá cúlghairthe.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le Corparáid an Chairde Thalmhaíochta Teoranta, maidir leis an gCuideachta Chairde Thionscail, Teoranta, maidir le Banc Taisce an Phoist, maidir le banc taisce iontaobhais atá deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, maidir le cumann foirgníochta, maidir le cumann tionscail agus coigiltis, maidir le cara-chumann, maidir le haontas creidmheasa, maidir le cuideachta infheistíochta iontaobhais ná maidir le bainisteoir faoi scéim iontaobhais aonaid i leith gnó na scéime a sheoladh.

Daoine a dhíolmhadh ó Alt 7.

8. —I gcás a measfaí, ar an aon-chúis de bharr úsáid a dhéanamh, in ainm nó i dteideal ag duine, d'aon cheann de na focail “bank”, “banker” nó “banking” nó d'aon fhocal is malairt leagain nó tiontú air nó díorthaíoch uaidh nó is analach d'aon cheann de na focail sin, an duine a bheith á thabhairt le tuiscint gur baincéir é, féadfaidh an Banc an duine a dhíolmhadh ó fhorálacha alt 7 den Acht seo más rud é, i dtuairim an Bhainc, nach bhfuil sé, iarbhír, ag seoladh gnó baincéireachta ná chun gnó baincéireachta a sheoladh agus nach dtugann sé le tuiscint ná le fios ar aon slí eile gur bancéir é nó go seolann sé gnó baincéireachta.

Ceadúnais a dheonú.

9. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an Banc, mar is rogha leis, ceadúnas, ag údarú dá shealbhóir gnó baincéireachta a sheoladh, a dheonú, nó diúltú ceadúnas den sórt sin a dheonú, d'aon duine a iarrfaidh ar an mBanc ceadúnas den sórt sin a dheonú dó.

(2) Ní dhiúltóidh an Banc gan toiliú an Aire ceadúnas a dheonú agus mura deimhin leis an mBanc nár leas do bhaincéireacht a rialáil go hordúil cuí an ceadúnas a dheonú, agus ní thabharfaidh an tAire a thoiliú leis an diúltú mura deimhin leis nár leas do bhaincéireacht a rialáil go hordúil cuí an ceadúnas a dheonú.

(3) Aon uair a bheartóidh an Banc diúltú ceadúnas a dheonú do dhuine—

(a) cuirfidh an Banc in iúl i scríbhinn don duine go bhfuil sé chun toiliú an Aire leis an diúltú a iarraidh agus na cúiseanna a bheidh ag an mBanc leis an diúltú agus go bhféadfaidh an duine, laistigh de lá agus fiche tar éis dáta an fhógra a thabhairt, uiríolla scríofa a chur faoi bhráid an Aire maidir leis an diúltú a bheidh beartaithe,

(b) féadfaidh an duine uiríolla den sórt sin a chur, i scríbhinn, faoi bhráid an Aire laistigh den am réamhráite, agus

(c) sula gcinnfidh an tAire a thoiliú a thabhairt nó gan a thabhairt breithneoidh sé aon uiríolla a chuirfear faoina bhráid go cuí faoin bhfo-alt seo maidir leis an diúltú a bheidh beartaithe.

(4) Aon iarratas ar cheadúnas is i cibé foirm a bheidh sé agus beidh cibé sonraí ann a chinnfidh an Banc ó am go ham.

(5) Ní bheidh ceadúnas a dheonú ina bharántas ar shócmhainneacht an duine dá mbeidh sé deonaithe agus ní bheidh an Banc faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais a thabhófar mar gheall ar dhócmhainneacht nó mainneachtain duine dá mbeidh ceadúnas deonaithe.

Coinníollacha ceadúnais.

10. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh ceadúnas faoi réir cibé coinníollacha (abairt nach bhfolaíonn san fho-alt seo ná sa chéad fho-alt eile coinníoll den chineál a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo) a fhorchuirfidh agus a shonróidh an Banc tráth an cheadúnais a dheonú, is coinníollacha is dóigh leis an mBanc a rachadh chun rialáil ordúil chuí bhaincéireachta a chur ar aghaidh.

(2) Féadfar coinníollacha ceadúnais a leasú nó a chúlghairm nó féadfar cur leo agus féadfaidh an Banc coinníollacha a fhorchur ó am go ham maidir le ceadúnas más dóigh leis an mBanc go rachadh an leasú, an chúlghairm, an cur le coinníollacha nó an forchur chun rialáil ordúil chuí bhaincéireachta a chur chun cinn.

(3) Aon uair a bheartóidh an Banc coinníoll a fhorchur maidir le ceadúnas nó coinníollacha ceadúnais a leasú nó cur leo—

(a) tabharfaidh sé fógra ag cur in iúl don duine ag a bhfuil an ceadúnas nó a mbeartaítear an ceadúnas a dheonú dó go mbeartaíonn sé coinníoll a fhorchur maidir leis an gceadúnas nó coinníollacha an cheadúnais a leasú nó cur leo, de réir mar a bheidh, agus ag insint na gcúiseanna atá aige faoi sin a dhéanamh agus go bhféadfaidh an duine, laistigh de lá is fiche tar éis an fógra a thabhairt, uiríolla i scríbhinn a chur faoi bhráid an Bhainc maidir leis an bhforchur, an leasú nó an cur le coinníollacha, de réir mar a bheidh, agus sonróidh sé san fhógra an coinníoll, an leasú nó an cur le coinníollacha, de réir mar a bheidh,

(b) féadfaidh an duine uiríolla den sórt sin a chur faoi bhráid an Bhainc laistigh den am réamhráite, agus

(c) sula gcinne an Banc an coinníoll a fhorchur nó coinníollacha an cheadúnais a leasú nó cur leo, de réir mar a bheidh, breithneoidh sé aon uiríolla a cuireadh go cuí faoina bhráid faoin bhfo-alt seo maidir leis an bhforchur, maidir leis an leasú nó maidir leis an gcur le coinníollacha, de réir mar a bheidh.

(4) (a) Féadfaidh an tAire le hordú, má iarrann an Banc é, a fhoráil gur coinníoll é de chuid gach ceadúnais (cibé acu roimh dháta an ordaithe a dhéanamh nó dá éis sin a deonaíodh é) gur cuideachta sealbhóir an cheadúnais.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú, má iarrann an Banc é, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfomhír seo, a leasú nó a chúlghairm.

(c) Beidh éifeacht ag ceadúnais faoi réim agus de réir téarmaí aon orduithe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo.

(d) Ní dhéanfaidh an Banc aon iarratas faoin bhfo-alt seo murab é a thuairim go gcomhairtear go dtiocfadh de ghéilleadh don iarratas rialáil ordúil chuí baincéireachta a chur ar aghaidh.

Ceadúnais a chúlghairm.

11. —(1) Féadfaidh an Banc, le toiliú an Aire, ceadúnas a chúlghairm—

(a) má iarrann sealbhóir an cheadúnais sin,

(b) má mhainníonn an sealbhóir a bheith, nó má éiríonn sé as bheith, ag seoladh gnó baincéireachta,

(c) má bhreithnítear an sealbhóir ina fhéimheach,

(d) más comhpháirtíocht an sealbhóir agus go mbeidh an chomhpháirtíocht arna díscaoileadh trí bhás nó féimheacht aon chomhpháirtí nó ar shlí eile faoi dhlí comhpháirtíochta,

(e) má bhíonn an sealbhóir, ar cuideachta é, á fhoirceannadh,

(f) má éiríonn an sealbhóir neamhábalta ar na fiacha a íoc a bheidh ag creidiúnaithe air nó má fhionraíonn sé íoc íocaíochtaí a bheidh dlite go dleathach de,

(g) má mhainníonn an sealbhóir an oiread de thaisce is a bheidh cinnte de réir alt 13 den Acht seo a choimeád i dtaisce sa Bhanc,

(h) má chiontaítear an sealbhóir ar díotáil i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo nó i gcion lena ngabhann calaois, míchneastacht nó sárú iontaobhais,

(i) má bhíonn, ó deonaíodh an ceadúnas, na dála a bhaineann leis an deonú athraithe agus gurb amhlaidh dóibh, dá ndéanfaí iarratas ar cheadúnas sna dála athraithe, go ndiúltófaí é a dheonú.

(2) Aon uair a bheartóidh an Banc ceadúnas a chúlghairm (seachas de bhun iarratais ón sealbhóir á iarraidh air sin a dhéanamh)—

(a) tabharfaidh sé fógra don sealbhóir go bhfuil sé chun toiliú an Aire leis an gcúlghairm a iarraidh agus ag insint na gcúiseanna a bheidh ag an mBanc leis an gcúlghairm agus go bhféadfaidh an sealbhóir, laistigh de lá agus fiche tar éis dáta an fhógra a thabhairt, uiríolla i scríbhinn a chur faoi bhráid an Aire maidir leis an gcúlghairm a bheidh beartaithe,

(b) féadfaidh an sealbhóir uiríolla den sórt sin a chur, i scríbhinn, faoi bhráid an Aire laistigh den am réamhráite,

(c) sula gcinne an tAire a thoiliú a thabhairt nó gan a thabhairt breithneoidh sé aon uiríolla a chuirfear faoina bhráid go cuí faoin bhfo-alt seo maidir leis an diúltú a bheidh beartaithe.

(3) I gcás ina gcúlghairfear ceadúnas, leanfaidh an duine ba shealbhóir de bheith faoi réir na ndualgas agus na n-oibleagáidí a bhí forchurtha air le hAchtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, nó fúthu, nó go mbeidh aon dliteanais de chuid an duine i leith taiscí (lena n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) a ghlac sé glanta chun sástacht an Bhainc, agus, go dtí go socrófar na héilithe go léir maidir leis na taiscí, féadfaidh an Banc, faoi réir ailt 29 agus 30 den Acht seo, iomlán na taisce a thaisc an duine leis an mBanc de bhun alt 7 den Acht seo a choimeád siar.

Ainmneacha sealbhóirí ceadúnas agus fógraí i dtaobh cúlghairm cheadúnas a fhoilsiú.

12. —(1) Foilseoidh an Banc ó am go ham, nach lú mhinice ná uair sa bhliain, i cibé slí is cuí leis ainmneacha sealbhóirí ceadúnas.

(2) Déanfaidh an Banc, a luaithe is féidir tar éis ceadúnas a chúlghairm, fógra i dtaobh na cúlghairme a fhoilsiú i cibé slí is cuí leis.

(3) Coimeádfaidh an Banc scéala ar ainmneacha sealbhóirí ceadúnas le Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí, leis an oifigeach a bheidh de thuras na huaire ag bainistí Príomh-Oifig na hArd-Chúirte, le gach Cláraitheoir Contae agus le Cléireach gach Cúirte Dúiche.

Taiscí sa Bhanc chun críocha ceadúnas.

13. —(1) Is é méid na taisce a chothabhálfaidh sealbhóir ceadúnais sa Bhanc de bhun alt 7 den Acht seo (dá ngairtear an taisce san alt seo) cúig faoin gcéad de thaiscí iomlána (lena n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) in oifigí sa Stát de chuid an tsealbhóra ach ní lú ná £20,000 agus ní mó ná £500,000 a bheidh an méid sin.

(2) Ríomhfaidh an Banc méid na taisce a luaithe is féidir é tar éis tosach feidhme an ailt seo nó tráth a iarrfar an ceadúnas de réir mar is iomchuí agus athríomhfar é faoi dhó sa bhliain (i gceann eatramh ar eatraimh chomhfhada iad a mhéid is féidir sin) faoi threoir tuairisceán ó shealbhóir an cheadúnais chun an Bhainc faoi alt 18 den Acht seo.

(3) I gcás inar gá sin, méadóidh sealbhóir an cheadúnais lena mbainfidh, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an dáta a gheobhfaidh sé fógra ón mBanc faoin méid is gá chun an méadú a dhéanamh, méid na taisce go dtí an méid iomchuí a athríomhfar faoi fho-alt (2) den alt seo.

(4) Féadfaidh an Banc méid na taisce a shocrú ar an slán-uimhir céadta punt is gaire.

(5) Béarfaidh an taisce cibé ús de réir cibé ráta (nach lú ná ráta athlascaine an Bhainc de thuras na huaire do bhillí státchiste a bheidh socraithe agus foilsithe aige faoi alt 7 (1) (g) d'Acht 1942) agus a bheidh iníoctha i cibé slí agus cibé tráthanna a chinnfidh an Banc ó am go ham.

(6) Beidh aon mhuirear ar neamhní a airbheartóidh a bheith bunaithe ar an taisce.

(7) D'ainneoin aon ní san Acht seo, i gcás nach mó luach ainmniúil caipitil eisithe i stoic nó scaireanna de chuid gnó—

(a) lena mbaineann ceadúnas nó a mbeartaítear ceadúnas a dheonú maidir leis, agus

(b) a raibh ceadúnas baincéara i bhfeidhm maidir leis roimh thosach feidhme an ailt seo,

ná cúig mhíle dhéag punt, féadfar, faoi réir toiliú an Bhainc agus cibé coinníollacha a fhorchuirfidh an Banc, an taisce faoi alt 7 den Acht seo a thaisceadh go hiomlán nó go páirteach trí urrúis a thaisceadh leis an mBanc ar comhluach le méid na taisce faoin alt sin 7 nó (de réir mar a bheidh) le méid na coda di nach airgead.

(8) Ní bheidh an taisce faoi réir aon sórt forghníomhaithe do shásamh aon éilimh de chuid, nó aon bhreithiúnais, ordaithe nó foraithne ó aon chúirt sa Stát i bhfabhar, aon chreidiúnaí, seachas faoi réim agus de réir forálacha an Achta seo.

Srian le focail áirithe a úsáid.

14. —(1) (a) Baineann an fo-alt seo le cumann foirgníochta, le cumann tionscail agus coigiltis, le carachumann, le haontas creidmheasa agus le cuideachta iontaobhais infheistíochta.

(b) Ní úsáidfidh duine lena mbaineann an fo-alt seo ina ainm ná ina thuairisc aon cheann de na focail “bank” “banker” nó “banking” ná aon fhocal is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh nó is analach dó.

(2) Ní úsáidfear in ainm ná i dtuairisc scéime iontaobhais aonad aon cheann de na focail “bank”, “banker” ná “banking” ná aon fhocail is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh nó is analach dó.

Forálacha maidir le cuideachtaí baincéireachta a chorprú.

1963, Uimh. 33 .

15. —(1) Sula gcorprófar cuideachta faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus dá n-ionchorprófaí í, a bheadh, i dtuairim chláraitheoir na gcuideachtaí, de réir brí an Achta sin, á thabhairt le tuiscint gur baincéir í nó gur cuspóir dá cuid ina meabhrán comhlachais gnó baincéireachta a sheoladh, cuirfidh an cláraitheoir in iúl don Bhanc gur seachadadh dó meabhrán agus airteagail arb iad, de réir brí an Achta sin, meabhrán agus airteagail na cuideachta iad agus ní thabharfaidh sé deimhniú corpraithe faoin Acht sin i leith na cuideachta mura gcuirfidh agus go gcuirfidh an Banc in iúl don chláraitheoir go bhfuil an Banc toilteanach ceadúnas a dheonú don chuideachta nó í a dhíolmhadh faoi alt 8 den Acht seo.

(2) Nuair a sheachadfar don chláraitheoir cuideachtaí sin de bhun alt 352 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , na doiciméid a shonraítear san alt sin maidir le cuideachta, déanfaidh an cláraitheoir, más cuideachta de shórt an chuideachta go mbeadh sí, dá mbeadh gnó á sheoladh sa Stát aici, á thabhairt le tuiscint gur baincéir í nó gur cuspóir aici ina meabhrán comhlachais gnó baincéireachta a sheoladh an seachadadh a chur in iúl don Bhanc a luaithe is féidir.

(3) Aon uair a thabharfar fógra don chláraitheoir cuideachtaí i dtaobh athrú ar aon ionstraim a chomhdhéanann nó a shainíonn bunreacht aon chuideachta, cuirfidh sé in iúl, a luaithe is féidir é, don Bhanc faoin athrú, más dóigh leis an gcláraitheoir go mbeadh an chuideachta á thabhairt le tuiscint, de bhua an athraithe, gur baincéir í nó gur cuspóir aici gnó baincéireachta a sheoladh.

Forálacha maidir le hainm gnó nó athrú ar ainm gnó a chlárú.

1963, Uimh. 30 .

16. —(1) Tabharfaidh an cláraitheoir chun críocha an Achta um Chlárú Ainmneacha Gnó, 1963 , fógra don Bhanc faoi aon togra ainm nó athrú ar ainm a chlárú faoin Acht sin más é tuairim an chláraitheora go mbeadh, de bhua an togra, duine á thabhairt le tuiscint gur baincéir é nó gnó baincéireachta a bheith á sheoladh aige agus ní chláróidh an cláraitheoir sin an t-ainm ná an t-athrú ar ainm mura gcuirfidh agus go gcuirfidh an Banc in iúl dó go bhfuil an Banc toilteanach ceadúnas a dheonú i leith an ghnó iomchuí nó é a dhíolmhadh faoi alt 8 den Acht seo.

(2) Rachaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála i gcomhairle leis an mBanc maidir le haon togra ainm cuideachta (de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) a athrú más é tuairim an Aire go mbeadh an chuideachta, de bhua an athraithe, á thabhairt le tuiscint gur baincéir í nó gur dhealraitheach gnó baincéireachta a bheith á sheoladh aici.

Forálacha maidir le leabhair agus taifid shealbhóirí ceadúnas.

17. —(1) Coimeádfaidh sealbhóir ceadúnais in oifig sa Stát cibé leabhair agus taifid a shonróidh an Banc ó am go ham i gcomhlíonadh cuí a fheidhmeanna faoi Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, agus cuirfidh seoladh na hoifige ina gcoimeádtar iad in iúl don Bhanc.

(2) Féadfaidh an Banc leabhair agus taifid éagsúla a shonrú chun críocha an ailt seo maidir le sealbhóirí éagsúla ceadúnas.

(3) (a) Aon oifigeach don Bhanc a bheidh údaraithe go cuí chuige sin i scríbhinn ag Rialtóir an Bhainc nó aon duine ag a mbeidh cáilíocht aitheanta i gcuntasaíocht agus a bheidh údaraithe go cuí chuige sin i scríbhinn ag Rialtóir an Bhainc, féadfaidh sé, chun an Banc do chomhlíonadh feidhmeanna reachtúla an Bhainc, ar a údarás a thabhairt ar aird, gach tráth réasúnach, na leabhair agus na taifid a bheidh á gcoimeád de bhun an ailt seo agus aon leabhair chuntais a bheidh á gcoimeád faoi alt 147 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , a scrúdú agus sleachta a thógáil astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh, agus dul isteach chun na gcríocha sin san oifig ina mbeidh siad á gcoimeád.

(b) Aon duine a bhfuil aon leabhar nó taifead acu sin a dúradh, ina chumhacht, ina sheilbh nó ar fáil aige tabharfaidh sé ar aird iad ar aon duine a bheidh údaraithe go cuí mar a dúradh á iarraidh sin air agus ceadóidh sé don duine na leabhair nó na taifid a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu agus tabharfaidh sé dó aon eolas a iarrfaidh sé le réasún maidir le haon ní a bheidh iontu.

(4) Na leabhair agus na taifid a choimeádfar de bhun an ailt seo is leabhair agus taifid iad i dteannta aon leabhair nó taifid eile a cheanglaíonn aon achtachán eile nó a cheanglaítear faoi a choimeád.

Eolas a thabhairt don Bhanc.

18. —(1) Tabharfaidh sealbhóir ceadúnais agus aon duine a sheolann gnó cumainn fhoirgníochtas gnó cumainn thionscail agus choigiltis, gnó cumainn chreidmheasa, gnó cuideachta iontaobhais infheistíochta nó gnó scéime iontaobhais aonad don Bhanc—

(i) cibé tráthanna a shonróidh an Banc ó am go ham, cibé eolas agus tuairisceáin maidir leis an ngnó lena mbaineann an ceadúnas nó leis an ngnó réamhráite, de réir mar a bheidh, a iarrfaidh an Banc i scríbhinn, is eolas agus tuairisceáin a mheasfaidh an Banc is gá dó a bheith aige chun a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh go cuí;

(ii) laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an Banc, aon eolas agus tuairisceáin (nach eolas ná tuairisceáin a shonrófar faoi mhír (i) den fho-alt seo) faoin ngnó lena mbaineann an ceadúnas nó faoin ngnó réamhráite, de réir mar a bheidh, a iarrfaidh an Banc i scríbhinn, is eolas agus tuairisceáin a mheasfaidh an Banc is gá dó a bheith aige chun a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh go cuí.

(2) Ní dhéanfaidh aon duine eolas ná tuairisceáin is eol dó a bheith bréagach a thabhairt faoin alt seo.

(3) Measfar chun críche an ailt seo gurb é an bainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad an duine a sheolann gnó na scéime.

Sealbhóirí ceadúnas d'fhoilsiú ráiteas gnó.

19. —(1) Déanfaidh sealbhóir ceadúnais ráitis i leith an ghnó lena mbaineann an ceadúnas a fhoilsiú i cibé foirm agus slí agus cibé tráthanna a shonróidh an Banc ó am go ham chun a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an Banc foirmeacha éagsúla a shonrú chun críocha an ailt seo maidir le sealbhóirí éagsúla ceadúnas.

Sealbhóirí ceadúnas do chur ráiteas airgeadais ar taispeáint.

20. —(1) Déanfaidh sealbhóir ceadúnais mar a leanas—

(a) taispeáinfidh sé, agus coimeádfaidh sé ar taispeáint, i gcónaí, in áit fheiceálach i ngach oifig, brainse nó áit eile ina seolann sé gnó baincéireachta agus freisin, más cuideachta theoranta atá corpraithe sa Stát an sealbhóir, in oifig chláraithe na cuideachta, ráiteas (san fhoirm a cheanglaítear leis an alt seo) maidir leis an ngnó baincéireachta a sheolann sé, agus

(b) tabharfaidh sé, ar éileamh, cóip den ráiteas is déanaí den sórt sin do gach creidiúnaí dá chuid agus, más cuideachta theoranta atá corpraithe sa Stát nó lasmuigh de an sealbhóir, do gach comhalta den chuideachta.

(2) An ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar shealbhóir ceadúnais a thaispeáint, is í foirm a mbeidh sé, i gcás Bainc Chomhpháirtigh, foirm cóipe den chlár comhardaithe is déanaí aige agus, i ngach cás eile, cibé foirm a fhorordóidh an Banc.

Treoracha ón mBanc do shealbhóirí ceadúnas.

21. —(1) I gcás inarb é tuairim an Bhainc go bhfuil sealbhóir ceadúnais éirithe neamhábalta, nó gur dóigh dó éirí neamhábalta, íoc as a oibleagáidí dá chreidiúnaithe, féadfaidh an Banc treoir i scríbhinn a thabhairt don sealbhóir ceachtar gníomh nó an dá ghníomh acu seo a leanas a fhionraí go ceann cibé tréimhse, nach faide ná dhá mhí, a shonrófar san ordú, is é sin le rá, taiscí a ghlacadh nó íocaíochtaí a dhéanamh nach mbeidh údaraithe ag an mBanc.

(2) Féadfaidh an Banc treoir a tugadh faoin alt seo a chúlghairm mura mbeidh ordú faoi fho-alt (4) den alt seo déanta i leith na treorach.

(3) Féadfaidh sealbhóir ceadúnais dá dtabharfar treoir faoi fho-alt (4) den alt seo a iarraidh ar an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt, ordú a dhéanamh do chur na treorach ar ceal.

(4) Féadfaidh an Banc a iarraidh ar an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt, ordú a dhéanamh, do dhaingniú treorach faoi fho-alt (1) den alt seo nó do dhaingniú na treorach agus d'fhadú tréimhse a ghnímh ar feadh cibé faid is cuí leis an gCúirt ag féachaint di do na himthosca go léir.

(5) Féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo, cibé ordú eile maidir leis an ábhar a dhéanamh is dóigh léi is gá.

(6) Féadfar an t-iomlán nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo nó d'achomharc maidir leo a éisteacht i ndlísheomraí.

(7) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (4) den alt seo do dhaingniú nó d'fhadú treorach faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) más cuideachta an duine dá dtabharfar an treoir, measfar, chun críocha an dlí a bhaineann le cuideachtaí, an chuideachta a bheith neamhábalta ar a fiacha a íoc,

(b) más aonaí nó comhpháirtíocht an duine dá dtabharfar an treoir, measfar, chun críocha an dlí a bhaineann le féimheacht, gníomh féimheachta a bheith déanta ag an aonaí nó ag gach comhpháirtí, de réir mar a bheidh, agus

(c) beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha fho-ailt (8) go (10) d'alt 29 den Acht seo ionas dá mbeadh ar na tagairtí sa chéanna d'orduithe faoi fho-alt (3) den alt sin tagairtí d'orduithe faoi fho-alt (4) den alt seo, dá mbeadh ar na tagairtí sa chéanna d'imeachtaí faoin alt sin tagairtí d'imeachtaí faoin alt seo agus dá scriosfaí “nó in ionad” as fo-alt (8) (a) den alt sin.

(8) Féadfaidh an Chúirt le hordú ordú a rinne sí faoi fho-alt (3), (4) nó (5) den alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Treoracha ón mBanc maidir le fógráin de chuid sealbhóirí ceadúnas.

22. —(1) Féadfaidh an Banc treoir i scríbhinn a thabhairt do shealbhóir ceadúnais maidir leis an eolas a chuirfidh an sealbhóir in aon fhógrán a fhoilseoidh sé nó a fhoilseofar thar a cheann nó in aon ráiteas chun an phobail a dhéanfaidh sé nó a dhéanfar thar a cheann.

(2) Féadfaidh an Banc treoir a thabhairt do shealbhóir ceadúnais staonadh ó fhógrán ar lorg taiscí ar an bpobal a fhoilsiú nó ó bheith ag foilsiú fógráin den sórt sin in imeacht cibé tréimhse a shonrófar sa treoir.

(3) Ní thabharfaidh an Banc treoir faoin alt seo mura deimhin leis gur inmhianaithe í a thabhairt ar mhaithe le baincéireacht a rialáil go cuí ordúil.

Rialáil ar na coibhneasa idir sócmhainní agus dliteanais sealbhóirí ceadúnas.

23. —(1) Féadfaidh an Banc ó am go ham a cheangal ar shealbhóir ceadúnais—

(a) coibhneas sonraithe,

(b) coibhneas nach mó ná coibhneas sonraithe, nó

(c) coibhneas nach lú ná coibhneas sonraithe,

a chothabháil idir a shócmhainní agus a dhliteanais agus féadfar an coibhneas sonraithe a lua mar chéatadán de na sócmhainní nó de na dliteanais iomchuí.

(2) Féadfaidh ceanglas faoin alt seo a rá—

(a) go bhfuil feidhm aige maidir le gach sealbhóir ceadúnais nó gur maidir le sealbhóirí d'earnáil shonraithe nó d'earnála sonraithe atá feidhm aige,

(b) go bhfuil feidhm aige maidir le sócmhainní iomlána nó maidir le dliteanais iomlána na sealbhóirí ceadúnas iomchuí nó gur maidir le sócmhainní sonraithe nó sócmhainní de chineál sonraithe nó maidir le dliteanais shonraithe nó dliteanais de chineál sonraithe de chuid na sealbhóirí sin atá feidhm aige,

(c) go bhfuil feidhm aige maidir le tráth sonraithe nó tráthanna sonraithe nó maidir le tréimhse shonraithe nó tréimhsí sonraithe,

agus beidh éifeacht aige de réir a théarmaí.

(3) Féadfaidh an Banc ceanglas faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm a chúlghairm nó féadfar ceanglas den sórt sin a leasú le ceanglas ina dhiaidh sin faoin alt seo.

(4) San alt seo ciallaíonn rud a bheith sonraithe é a bheith sonraithe ag an mBanc i gceanglas faoin alt seo.

Cumhacht an Bhainc taiscí a éileamh ar shealbhóirí ceadúnas in imthosca áirithe.

24. —(1) Má fheictear don Bhanc aon tráth gur foirsteanach sin a dhéanamh, féadfaidh an Banc rialacháin a dhéanamh, le toiliú an Aire, á cheangal ar gach sealbhóir ceadúnais taisce (neamhúsmhar) a mbeidh an méid inti a shonrófar sna rialacháin nó a ríomhfar sa tslí a shonrófar sna rialacháin a thaisceadh, i dteannta na taisce faoi alt 7 den Acht seo, leis an mBanc má thiteann, agus aon uair, tar éis dáta a shonrófar sna rialacháin, a thitfidh, sócmhainní an tsealbhóra sa Stát faoi bhun an choibhneasa sin maidir lena dhliteanais sa Stát a shonrófar sna rialacháin, agus an taisce sin a chothabháil an fad a bheidh na sócmhainní sin faoi bhun an choibhneasa shonraithe sin.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo ceanglais éagsúla a fhorordú maidir le sealbhóirí éagsúla ceadúnas.

Cumhacht an Bhainc maidir le himréiteachaí sealbhóirí ceadúnas.

25. —(1) Más dealraitheach aon tráth don Bhanc gur foirsteanach déanamh amhlaidh, féadfaidh an Banc, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh á cheangal ar gach sealbhóir ceadúnais a chuid imréiteach go léir nó cibé aicme áirithe nó aicmí áirithe dá chuid imréiteach a shonrófar sna rialacháin a shocrú trí sheiceanna a bheidh tarraingthe (mar a shonrófar sna rialacháin) ar an mBanc nó ar an ngníomhaire a cheapfaidh an Banc chuige sin agus á cheangal ar gach sealbhóir den sórt sin, chun na himréiteacha sin a shocrú amhlaidh, cibé comharduithe is gá chuige sin a bhunú agus a chothabháil sa Bhanc.

(2) Más dóigh leis an mBanc aon tráth gurb oiriúnach sin a dhéanamh, féadfaidh an Banc, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh á cheangal ar gach sealbhóir ceadúnais na hionstraimí sin go léir is iníoctha lasmuigh den Stát agus a bheidh taiscthe le himréiteach in oifig sa Stát de chuid an tsealbhóra agus a shonrófar sna rialacháin a thaisceadh leis an mBanc le himréiteach.

(3) Na rialacháin faoi alt 51 d'Acht 1942 a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh siad i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu ionann is dá mba faoin alt seo a rinneadh iad agus féadfariad a leasú nó a chúlghairm le rialacháin faoin alt seo.

Seiceanna, etc. atá tarraingthe ar shealbhóirí ceadúnas a bhailiú.

1882, c. 61.

26. —I gcás ina ndéanfaidh aon duine nó ina ndéanfar thar a cheann ionstraim lena mbaineann an t-alt seo a thairiscint le bailiú do shealbhóir ceadúnais lena gcothabhálann an duine cuntas (agus nach é an sealbhóir é ar a bhfuil an ionstraim tarraingthe), glacfaidh an sealbhóir an ionstraim le bailiú agus creidiúnóidh sé aon fháltais ón mbailiú don chuntas réamhráite.

(2) Beidh aon táille a ghearrfaidh sealbhóir ceadúnais ar shealbhóir eile nó ar bhanc taisce iontaobhais a bheidh deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, maidir le hionstraim a bhailiú lena mbaineann an t-alt seo agus maidir le creidiúnaí aon fháltais ó bhailiú de bhun fho-alt (1) den alt seo faoi réir a ceadaithe ag an mBanc.

(3) Beidh aon téarmaí nó coinníollacha arb orthu nó faoina réir a ghníomhóidh sealbhóir ceadúnais mar bhaincéir do shealbhóir eile ceadúnais nó banc taisce iontaobhais a bheidh deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, faoi réir a gceadaithe ag an mBanc.

(4) Nuair a bheidh an Banc a bhreithniú cibé acu a thabharfaidh sé nó a choimeádfaidh sé siar a cheadú faoi fho-alt (2) nó (3) den alt seo tabharfaidh sé aird ar a inmhianaithe é coimhlint chothrom idir sealbhóirí ceadúnas a áirithiú.

(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann aon teideal chun ionstraime lena mbaineann an t-alt seo do dhuine a thairgfidh, nó a dtairgfear thar a cheann, an ionstraim de bhun fho-alt (1) den alt seo.

(6) Baineann an t-alt seo leis na na hionstraimí seo a leanas, is é sin—

(a) billí malairte (abairt a bhfuil an bhrí chéanna léi san fho-alt seo atá leis an abairt bills of exchange sa Bills of Exchange Act, 1882) atá tarraingthe ar shealbhóir ceadúnais agus iníoctha ar éileamh;

(b) aon doiciméad arna eisiúint ag duine a chothabhálann cuntas le sealbhóir ceadúnais nó leis an mBanc agus, cé nach bille malairte é, atá beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doiciméad a fháil ón sealbhóir sin nó ón mBanc;

(c) aon dréacht is iníoctha ar éileamh agus atá tarraingthe ag sealbhóir ceadúnais air féin, cibé acu i gceann-oifig a bhainc nó in aon oifig eile de chuid a bhainc is iníoctha é;

(d) aon doiciméad arna eisiúint ag oifigeach poiblí agus atá beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doiciméad a fháil ó Aire Stáit;

(e) aon doiciméid arna eisiúint ag duine a choimeádann cuntas i mbanc taisce iontaobhais atá dheimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, is doicméad atá beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doicméad a fháil ón mbanc.

Srian le fógraíocht ag iarraidh taiscí.

27. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh aon duine fógraíocht ag iarraidh taiscí, ná ní shirfidh sé ar aon slí eile taiscí, thar a cheann féin ná thar ceann aon duine eile.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le fógraíocht ag iarraidh taiscí ná le taiscí a shireadh ar aon slí eile—

(a) ag sealbhóir ceadúnais nó an Banc nó duine nach mbaineann alt 7 (1) den Acht seo leis de bhua alt 7 (4) den Acht seo, nó

(b) ag aon duine thar ceann duine a shonraítear i mhír (a) den fho-alt seo.

(3) San alt seo—

ní fholaíonn “taiscí” taiscí arna dtaisceadh le trádálaí ag daoine ar fostú faoi ina ghnó trádála nó ag a chuistiméirí i gcúrsa a ghnó trádála nó taiscí i leith earraí a ligean nó a dhíol faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó faoi chomhaontú díola chreidhmheasa;

folaíonn “taiscí a shireadh” aon ní fhoilsiú nó a thaispeáint ag sireadh taiscí, cibé acu trí fhógra, cearclán, grianghraf, scannan cineamatograf, fuaimchraoladh, teilifís canbhasáil phearsanta nó ar shlí eile.

Forálacha maidir le breithiúnais in aghaidh sealbhóirí ceadúnas.

28. —(1) Aon uair a gheobhaidh duine (dá ngairtear creidiúnaí breithiúnais san alt seo) breithiúnas, ordú nó foraithne in aon chúirt sa Stát in aghaidh sealbhóir ceadúnais (dá ngairtear féichiunaí breithiúnais san alt seo) chun go n-íocfar suim airgid a bheidh dlite don chreidiúnaí breithiúnais den fhéichiúnaí breithiúnais ina fheidhmeannas mar bhaincéir—

(a) cuirfidh claráitheoir nó cléireach na cúirte lena mbainfidh in iúl a luaithe is féidir é don Bhanc faoin mbreithiúnas faoin ordú nó faoin bhforaithne agus faoi théarmaí an chéanna agus faoi aon achomharc i gcoinne an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne agus faoi thoradh an achomhairc sin,

(b) faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, mura ndéanfaidh an féichiúnaí breithiúnais, laistigh den tréimhse lá agus fiche dar tosach dáta an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne, an t-airgead go léir a íoc a bheidh dlite (nó, i gcás costas, mar is rogha leis an bhféichiúnaí breithiúnais, urrús a thabhairt ina leith in ionad é a íoc), nó sásamh a thabhairt i ngach uile éileamh, faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne, beidh feidhm ag forálacha mhír (e) den fho-alt seo ar éag don tréimhse sin,

(c) má thionscnaítear achomharc in aon chúirt i gcoinne an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne, féadfaidh an chúirt sin, nó an chúirt a rinne an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne, le hordú, feidhm mhír (e) den fho-alt seo a chur siar go ceann cibé tréimhse agus, faoi réir mhír (d) den fho-alt seo, ar cibé téarmaí a dhéanfaidh an chúirt lena mbainfidh a shocrú agus a shonrú san ordú,

(d) ma dhéanann cúirt ordú faoi mhír (c) den fho-alt seo, féadfaidh an chúirt, de réir mar is cuí léi, a cheangal ar an bhféichiúnaí breithiúnais lena mbainfidh an t-ordú suim ar cóimhéid leis an méid airgid go léir a bheidh dlite faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne (nó cibé suim is lú ná sin a ordóidh an chúirt) a lóisteáil sa chúirt nó cibé urrúis a thabhairt a chinnfidh an chúirt go n-íocfar an t-airgead sin go léir leis an gcreidiúnaí breithiúnais agus ina theannta sin, i gceachtar cás, cibé suim bhreise nó urrús breise le haghaidh costais an achomhairc a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir,

(e) measfar an féichiúnaí breithiúnais a bheith neamhábalta íoc as a oibleagaidí dá chreidiúnaithe, agus—

(i) más cuideachta an féichiúnaí breithiúnais, measfar, chun críche an dlí a bhaineann le cuideachtaí, an féichiúnaí breithiúnais a bheith neamhábalta ar a fhiacha a íoc,

(ii) más aonaí an féichiúnaí breithiúnais, measfar, chun críche an dlí a bhaineann le féimheacht, gníomh féimheachta a bheith déanta ag an aonaí,

(iii) más comhpháirtíocht an féichiúnaí breithiúnais, measfar, chun críche an dlí a bhaineann le féimheacht, gníomh féimheachta a bheith déanta ag gach comhpháirtí,

(f) féadfaidh an chúirt a rinne ordú faoi mhír (c) den fho-alt seo nó a dtabharfar achomharc maidir leis os a comhair an t-ordú sin a chúlghairm nó a athrú.

(2) I gcás aon ghníomh féimheachta a mheasfar de bhua fho-alt (1) den alt seo a bheith déanta ag féichiúnaí breithiúnais, féadfaidh aon chreidiúnaí a mbeidh a dhóthain féich aige lena chur faoi deara an féichiúnaí breithiúnais a bhreithniú ina fhéimheach é a ghlacadh de dheis, laistigh den tréimhse sé mhí ó dháta an ghnímh sin, lena chur faoi deara an féichiúnaí breithiúnais a bhreithniú ina fhéimheach.

Imeachtaí maidir le taiscí faoi alt 7.

29. —(1) Aon uair a gheobhaidh duine breithiúnas, ordú nó foraithne in aon chúirt sa Stát in aghaidh sealbhóir ceadúnais chun go n-íocfar taisce (lena n-áirítear taisce ar chuntas reatha) a bheidh á chothabháil aige nó dó leis an sealbhóir, nó a thionscnóidh sé imeachtaí in aghaidh an tsealbhóra ag éileamh an íoca sin, ansin an duine nó aon duine eile a chothabhálann taisce leis an sealbhóir—

(a) féadfaidh sé trí fhoriarratas ex parte iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, agus

(b) ar chláraitheoir nó cléireach na cúirte ina bhfuarthas an breithiúnas, ar t-ordú nó an fhoraithne nó inar tionscnaíodh na himeachtaí a shásamh go mbeartaíonn sé iarratas a dhéanamh faoin alt seo beidh sé i dteideal deimhniú a fháil faoi láimh an chláraitheora nó an chléirigh á rá go bhfuil an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne faighte nó gur tionscnaíodh na himeachtaí, de réir mar a bheidh, agus beidh an deimhniú ina fhianaise ar na fíorais a bheidh ráite amhlaidh ann.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho alt (1) den alt seo—

(a) féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú nach ndéanfar an taisce, nó aon chuid den taisce a bheidh á cothabháil sa Bhanc ag sealbhóir ceadúnais lena mbaineann an t-iarratas faoi alt 7 den Acht seo a scaoileadh in imeacht cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt agus a shonróidh sí san ordú, agus

(b) má bhíonn an duine a dhéanfaidh an t-iarratas tar éis breithiúnas, ordú nó foraithne a fháil in aghaidh an tsealbhóra agus gur dealraitheach don Chúirt, tar éis cibé fiosrú a dhéanamh is cuí léi—

(i) nach dóigh go ndéanfar aon éilithe eile i gcoinne na taisce maidir leis na suimeanna a bheidh dlite den sealbhóir an tráth sin, nó

(ii) go bhfuil dóthain sa taisce sin le freastal go hiomlán d'éilithe den sórt sin má dhéantar iad,

féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú go ndéanfar an tsuim a shonrófar sa bhreithiúnas, san ordú nó san fhoraithne (de réir mar a bheidh), i dteannta nó d'éagmais costais an iarratais, a íoc leis an duine amach as an taisce.

(3) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (2) (a) den alt seo, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh freisin—

(a) á ordú nach ndéanfaidh daoine a sheolann gnó baincéireachta, ach amháin faoi réir cibé coinníollacha nó i cibé imthosca a shonrófar san ordú, aon íocaíocht as aon chuntas baincéireachta a choimeádtar in ainm an duine a mbeidh an t-ordú déanta ina aghaidh, nó

(b) á ordú nach ndéanfaidh duine nó daoine sonraithe a sheolann gnó baincéireachta, ach amháin faoi réir cibé coinníollacha nó i cibé imthosca a shonrófar san ordú, aon íocaíocht as aon chuntas baincéireachta ná as cuntas baincéireachta sonraithe ná as cineál sonraithe cuntais bhaincéireachta a choimeádtar in ainm an duine a mbeidh an t-ordú déanta ina aghaidh ag an duine nó na daoine sonraithe.

(4) Más rud é—

(a) i gcás breithiúnas, ordú nó foraithne den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a bheith faighte in aghaidh sealbhóir ceadúnais, go ndéanfar ordú faoi fho-alt (2) (a) den alt seo ar iarratas ón duine a fuair an breithiúnas, an t-ordú nó a fhoraithne, nó

(b) go ndéanfar ordú faoi fho-alt (3) den alt seo,

beidh éifeacht ag ba forálacha seo a leanas—

(i) más cuideachta an sealbhóir, measfar chun críche an dlí a bhaineann le cuideachtaí, an chuideachta a bheith neamhábalta ar a fiacha a íoc,

(ii) más comhpháirtíocht an sealbhóir, measfar, chun críche an dlí a bhaineann le féimheacht, gníomh féimheachta a bheith déanta ag gach comhpháirtí,

(iii) in aon chás eile, measfar, chun críche an dlí a bhaineann le féimheacht, gníomh féimheachta a bheith déanta ag an sealbhóir.

(5) Má thionscnaítear achomharc sa Chúirt Uachtarach—

(a) in aghaidh ordaithe ón gCúirt a rinneadh faoi fho-alt (2) (a) nó faoi fho-alt (3) den alt seo ar iarratas ó dhuine a fuair breithiúnas, ordú nó foraithne den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, nó

(b) in aghaidh ordaithe ón gCuirt a rinneadh faoi fho-alt (3) den alt seo ar iarratas ó dhuine a thionscain imeachtaí den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo,

beidh feidhm ag fo-alt (6) agus, i gcás inarb iomchuí sin, ag fo-alt (7) den alt seo.

(6) Féadfaidh an Chúirt Uachtarach nó an Chúirt, le hordú, feidhm fho-alt (4) den alt seo a chur siar go ceann cibé tréimhse agus, faoi réir fho-alt (7) den alt seo i gcás achomharc dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (a) den alt seo, ar cibé téarmaí a dhéanfaidh an chúirt lena mbainfidh a shocrú agus a shonrú san ordú.

(7) Má dhéanann an Chúirt Uachtarach nó an Chúirt ordú faoi fho-alt (6) den alt seo i gcás achomhairc dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (a) den alt seo, féadfaidh an chúirt lena mbainfidh a cheangal ar shealbhóir ceadúnais lena mbainfidh an t-ordú go ndéanfaidh sé, de réir mar is oiriúnadh leis an gcúirt, suim ar cóimhéid leis an méid airgid go léir a bheidh dlite faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne (nó cibé suim is lú ná sin a ordóidh an chúirt) a lóisteáil sa chúirt nó cibé urrús a thabhairt a chinnfidh an chúirt chun an t-airgead sin go léir a íoc, agus, ina theannta sin, i gceachtar cás, cibé suim bhreise nó urrús breise le haghaidh costais an achomhairc a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir.

(8) (a) I dteannta nó in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an Chúirt, d'ainneoin aon ní sa dlí a bhaineann le féimheacht nó sa dlí a bhaineann le cuideachtaí, uaithi féin agus tar éis cibé fógra a mheasfaidh sí a bheith réasúnach a thabhairt don sealbhóir ceadúnais a bhfuil an t-ordú déanta ina aghaidh nó a bhfuiltear ag iarraidh an ordaithe ina aghaidh agus d'aon duine eile a measfaidh sí gur ceart fógra a thabhairt dó—

(i) más cuideachta an sealbhóir, ordú a dhéanamh chun an chuideachta a fhoirceannadh agus chun an Sannaí Oifigiúil a cheapadh mar leachtaitheoir na cuideachta,

(ii) más comhpháirtíocht an sealbhóir, gach comhpháirtí a bhreithniú le hordú ina fhéimheach,

(iii) in aon chás eile, an sealbhóir a bhreithniú ina fhéimheach.

(b) I gcás ina gceapfar an Sannaí Oifigiúil ina leachtaitheoir faoi mhír (a) den fho-alt seo—

(i) ní bhainfidh forálacha mhíreanna (a) agus (d) d'alt 228 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , leis,

(ii) measfar chun gach críche gur gnó a sannadh d'Oifig an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht agus a dhéantar san oifig sin feidhmiú cumhacht agus comhlíonadh dualgas an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht mar leachtaitheoir (lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéanamh as aon taisce agus dáileadh aon taisce a chothabháiltear faoi alt 7 den Acht seo agus a thiocfaidh chun bheith dílsithe dó).

(9) I gcás ina ndéanfar, in imeachtaí faoin alt seo, sealbhóir ceadúnais a bhreithniú ina fhéimheach, beidh ag an dlí a bhaineann le féimheacht (lena n-áirítear an tAcht seo) feidhm mar bheadh dá mba ar achainí féimheachta faoin dlí sin a breithníodh an sealbhóir ina fhéimheach agus ionann is dá ndéanfaí tagairt don ordú breithnithe a dhéanamh faoin alt seo a chur in ionad aon tagartha sa dlí sin d'achainí féimheachta a thíolacadh nó a chomhadú.

(10) I gcás ina ndéanfar ordú foirceannta in imeachtaí faoin alt seo inar cuideachta an sealbhóir ceadúnais arb ina aghaidh a bheidh na himeachtaí, beidh ag an dlí a bhaineann le féimheacht (lena n-áirítear an tAcht seo) feidhm mar bheadh dá mba ar achainí foirceannta faoin dlí sin a rinneadh an t-ordú sin agus ionann is dá ndéanfaí tagairt don ordú foirceannta a dhéanamh faoin alt seo a chur in ionad aon tagartha sa dlí sin don achainí foirceannta a thíolacadh.

(11) Féadfaidh an Chúirt nó an Chúirt Uachtarach, de réir mar a bheidh, ordú faoi fho-alt 2 (a), (3) nó (6) den alt seo a chúlghairm nó a athrú.

(12) Féadfar an t-iomlán nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo nó d'achomharc maidir leo a éisteacht i ndlísheomraí.

(13) San alt seo agus san alt díreach ina dhiaidh seo ciallaíonn “an Sannaí Oifigiúil” an duine arb é an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht é de thuras na huaire.

Forálacha maidir féimheacht agus foirceannadh.

30. —I gcás—

(a) aonaí a bheith ina shealbhóir ceadúnais agus é a bhreithniú ina fhéimheach,

(b) comhpháirtíocht a bheith ina sealbhóir ceadúnais agus gach comhpháirtí di a bhreithniú ina fhéimheach,

(c) comhpháirtíocht a bheith ina sealbhóir ceadúnais agus an chomhpháirtíocht a scaoileadh trí fhéimheacht aon chomhpháirtí agus an ceadúnas a chúlghairm, nó

(d) cuideachta a bheith ina sealbhóir ceadúnais, a bheith dócmhainneach agus í a bheith á foirceannadh,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) i gcás an aonaí nó na comhpháirtíochta, ansin, an tsium a bheidh taiscthe aige nó aici leis an mBanc faoi alt 7 den Acht seo mar aon le haon ús a bheidh faibhrithe ar an tsuim sin dílseoidh sí don Sannaí Oifigiúil,

(ii) i gcás na cuideachta—

(I) más é an Sannaí Oifigiúil leachtaitheoir na cuideachta ansin an tsuim a bheidh taiscthe aici faoin alt sin 7 mar aon le haon ús a bheidh faibhrithe ar an tsuim sin dílseoidh siad don Sannaí Oifigiúil, agus

(II) in aon chás eile, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó leachtaitheoir na cuideachta, a ordú go ndílseoidh an tsuim a bheidh taiscthe ag an gcuideachta leis an mBanc faoin alt sin 7, mar aon le haon ús a bheidh faibhrithe ar an tsuim sin, don leachtaitheoir faoina ainm oifigiúil agus air sin dílseoidh an tsuim sin agus an t-ús sin dá réir sin.

(iii) íocfaidh an Sannaí Oifigiúil nó an leachtaitheoir, as an tsuim a bheidh sannta dó mar a dúradh, leis na daoine a chothabhálann taiscí leis an sealbhóir (ar a n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) suim gach taisce (ar a n-áirítear ús a bheidh creidiúnaithe do na daoine sin) a bheidh dlite den sealbhóir do na daoine sin agus cuntas a bheith glactha ar aon suimeanna a bheidh dlite de na daoine sin don sealbhóir i leith an ghnó lena mbaineann an ceadúnas, nó, mura leor chun na críche sin an tsuim a bheidh dílsithe dó mar a dúradh, dáilfidh an Sannaí Oifigiúil nó an leachtaitheoir í i gcomhréir le suim gach taisce den sórt sin a bheidh dlite mar a dúradh, agus, sula ndéanfaidh an Sannaí Oifigiúil nó an leachtaitheoir aon íocaíocht nó dáileadh mar a dúradh íocfaidh sé nó coimeádfaidh sé as an tsuim a bheidh dílsithe dó mar a dúradh—

(I) aon chostais, taillí agus caiteachais a thabhaigh nó a thabhóidh an Sannaí Oifigiúil nó an leachtaitheoir nó is iníoctha leis an Sannaí Oifigiúil nó leis an leachtaitheoir (más é an Sannaí Oifigiúil an leachtaitheoir) maidir leis an tsuim réamhráite agus maidir leis an íoc le cibé daoine nó an dáileadh ar cibé daoine a cheadóidh an Chúirt,

(II) cibé costais agus caiteachais, más ann, de chuid an leachtaitheora (murab é an Sannaí Oifigiúil an leachtaitheoir) maidir leis an tsuim réamhráite agus maidir leis an íoc le cibé daoine, nó an dáileadh ar cibé daoine, a cheadóidh an Chúirt,

(iv) déanfar aon iarmhéid den tsuim réamhráite a bheidh dílsithe don Sannaí Oifigiúil nó don leachtaitheoir a úsáid—

(I) sa chéad ásc, do shásamh aon éilimh maidir le hús is iníoctha ag an sealbhóir trí chomhaontú ar shuimeanna atá taiscthe leis an sealbhóir, agus

(II) sa dara ásc, d'íoc úis de réir cibé ráta a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach (ach gan é a bheith níos mó ná an meán-ráta úis is iníoctha ag an sealbhóir) ar shuimeanna atá taiscthe leis an sealbhóir sin agus nach bhfuil aon chomhaontú ann ina leith do dhéanamh socrú le haghaidh an sealbhóir d'íoc úis,

agus íocfar le heastát ginearálta an tsealbhóra aon suim a bheidh fágtha tar éis an t-iarmhéid sin a úsáid amhlaidh,

(v) mura mbeidh an tsuim iomlán a bheidh dílsithe don Sannaí Oifigiúil nó don leachtaitheoir mar a dúradh sách mór chun íoc as éilithe na ndaoine a cheanglaíonn mír (iii) den alt seo air í a dháileadh orthu, féadfaidh na daoine sin éileamh mar ghnáth-chreidiúnaithe de chuid an tsealbhóra i leith na coda gan sásamh dá n-éilithe.

Dualgais sealbhóra ceadúnais ar ghnó baincéireachta a fhoirceannadh.

31. —(1) I gcás ina scoirfidh sealbhóir ceadúnais, in imthosca seachas iad sin a shonraítear i míreanna (a) go (d) d'alt 30 den Acht seo de ghnó baincéireachta a sheoladh, tabharfaidh sé, a luaithe is féidir é, fógra faoin scor sin do na daoine go léir ag a mbeidh taiscí (ar a n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) i dtaisce acu leis le linn an scoir agus déanfaidh sé, má éilíonn aon duine den sórt sin air sin a dhéanamh, méid taisce an duine sin a íoc leis mar aon le méid aon úis a bheidh faibhrithe ar an taisce sin.

(2) I gcás ina mbeartóidh sealbhóir ceadúnais scor de ghnó baincéireachta a sheoladh, tabharfaidh sé, laistigh de thrí mhí roimh dháta an scoir, fógra i scríbhinn don Bhord i dtaobh sin a bheith beartaithe aige.

(3) Níl feidhm ag an alt seo maidir le scor de dhroim an gnó lena mbaineann an ceadúnas a aistriú chuig sealbhóir ceadúnais eile.