25 1971


Uimhir 25 de 1971


AN tACHT CHUN IONTRÁIL AGUS ÁITIÚ LE FORNEART A THOIRMEASC, 1971

(An tiontú oifigiúil.)


ACHT CHUN IONTRÁIL AGUS ÁITIÚ MAOINE LE FORNEART A THOIRMEASC AGUS CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [1 Meán Fómhair, 1971.]

ACHAITEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

Léiriú.

1906, c. 47.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “le forneart” forneart a úsáid, nó bagairt forneart a úsáid, maidir le duine nó maoin, agus chun na críche sin is ionann agus bagairt forneart a úsáid a bheith páirteach i ngníomh nó in iompar le daoine eile an líon sin díobh nó i gcúinsí a rachadh chun cosc a chur, trí imeaglú, le haon duine d'fheidhmiú a cheart maidir le haon mhaoin, agus forléireofar “forneart” dá réir sin;

folaíonn “talamh”—

(a) measáistí agus tionóntáin d'aon tionacht,

(b) talamh faoi uisce,

(c) tithe nó foirgnimh nó déanmhais eile d'aon sórt (lena n-áirítear carabháin agus teaghaisí inaistrithe) agus codanna d'aon tithe, foirgnimh nó déanmhais den sórt sin cibé acu roinnte go hingearach, go cothrománach nó ar shlí eile dóibh,

(d) oidhreachtáin neamhchorpracha d'aon tionacht;

folaíonn “úinéir”, maidir le talamh, an t-áititheoir dleathach, gach duine ag a bhfuil teideal dleathach chun na húsáide agus an tsealúchais is neasa i dtalamh neamháitithe, aon duine ag a bhfuil eastát nó leas i dtalamh (lena n-áirítear duine a fhanann ag áitiú talún tar éis deireadh a theacht lena thionóntacht sa talamh sin), úinéir an fhothionóntáin (maidir le héasúint nó profit a prendre), úinéir éasúinte nó profit a prendre (maidir leis an bhfothionóntán) agus, maidir le talamh nó feithicil, aon duine agus é ag gníomhú thar ceann an úinéara, agus forléireofar dá réir sin “úinéireacht”;

ciallaíonn “feithicil” aerárthach nach bhfuil ar eiteall, traein, bus nó bád, long nó árthach eile in aon phort nó cuan, nó ar abhainn nó loch, sa Stát nó in aon áit in uiscí teorann.

(2) Measfar chun críocha an Achta seo, maidir le hoidhreachtán neamhchorprach, gurb iontráil agus áitiú talún gníomh a dhéanamh arb é a bheadh ann, dá mba é úinéir an oidhreachtáin a dhéanfadh é, feidhmiú cirt arb é ábhar an oidhreachtáin é nó ar ceart é a ghabhann leis an oidhreachtán.

(3) Ní bhainfidh aon ní san Acht seo le hiontráil nó áitiú talún nó feithicle i bhfeidhmiú údaráis dhleathaigh nó le cead an úinéara.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear don dlí a bhaineann le gníomhartha d'intinn nó de chabhair le díospóid trádála a chur ar aghaidh de réir brí an Trade Disputes Act, 1906.

(5) Ní mheasfar go dtugann aon ní san Acht seo d'aon duine aon cheart chun talamh a iontráil nó a áitiú nach raibh ann díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

Is cion iontráil agus áitiú talún nó feithicle le forneart.

2. —Aon duine a iontrálfaidh nó a áiteoidh talamh nó feithicil le forneart beidh sé ciontach i gcion—

(a) murab é úinéir na talún nó na feithicle é, nó

(b) murab é an t-úinéir é, mura rud é nach gcuirfidh sé isteach ar úsáid agus sealúchas na talún nó na feithicle ag an úinéir agus, má iarrann an t-úinéir nó comhalta den Gharda Síochána faoi éide air an talamh nó an fheithicil a fhágáil, mura ndéanfaidh sé sin a luaithe ariamh is réasúnach agus go síochánta, nó

(c) mura de bhun éileamh bona fide ar cheart a iontrálfaidh sé.

Is cion fanúint ag áitiú talún nó feithicle le forneart.

3. —(1) Aon duine a fhanfaidh ag áitiú talún nó feithicle le forneart beidh sé ciontach i gcion murab é úinéir na talún nó na feithicle é nó mura de bhun éileamh bona fide ar cheart a fhanfaidh sé amhlaidh.

(2) San alt seo folaíonn “áitiú talún nó feithicle le forneart”—

(a) aon fhuinneog, doras nó bealach eile isteach chun talún nó isteach i bhfeithicil nó amach ó thalamh nó as feithicil a ghlasáil, nó bacainn a chur ann nó barra a chur leis, d'fhonn iarracht dleathach ar dhul isteach chun na talún nó isteach sa bhfeithicil a chosc nó a chomhrac,

(b) constaic nithiúil a thógáil i mbealach isteach chun talún nó isteach i bhfeithicil nó i mbealach amach ó thalamh nó as feithicil d'fhonn iarracht dleathach ar dhul isteach chun na talún nó isteach sa bhfeithicil a chosc nó a chomhrac,

(c) gníomh is comhrac coirp in aghaidh iarrachta dleathaí ar ionnarbadh as talamh nó as feithicil.

Is cion misniú le nó moladh le cion faoi alt 2 nó 3.

4. —(1) Beidh aon duine a mhisneoidh le nó a mholfaidh le cion faoi alt 2 nó 3 den Acht seo a dhéanamh ciontach i gcion.

(2) I gcás ina ndéanfaidh grúpa daoine nó ina ndéanfar thar ceann grúpa daoine ráiteas contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, beidh gach duine is comhalta den ghrúpa agus a thoiligh leis an ráiteas a dhéanamh ciontach i gcion faoin bhfo-alt sin.

(3) I gcás ina n-ionchúiseofar duine (dá ngairtear an cosantóir san fho-alt seo) mar chomhalta de ghrúpa i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le ráiteas a rinne an grúpa nó a rinneadh thar ceann an ghrúpa, más dóigh leis an gcúirt, ag féachaint di do na himthosca go léir (lena n-áirítear bunreacht agus rialacha (más ann) an ghrúpa, agus don méid páirte a ghlac an cosantóir i ngníomhaíochtaí an ghrúpa), gur réasúnach sin a dhéanamh, féadfaidh sí a mheas gur cruthúnas ar thoiliú an chosantóra, cheal aon leormhíniú uaidh, cruthúnas ar an gcosantóir a bheith ina chomhalta den ghrúpa agus ar an ráiteas a bheith déanta ag an ngrúpa nó thar ceann an ghrúpa.

Cruthúnas ar úinéireacht talún nó feithicle.

5. —In aon imeachtaí maidir le cion faoi alt 2, 3 nó 4 den Acht seo nó maidir le comhcheilg chun cion den sórt sin a dhéanamh, mura suífidh an cosantóir chun sástacht na cúirte go bhfuil éileamh bona fide ar an talamh nó ar an bhfeithicil aige féin nó, i gcás imeachtaí i dtaobh ciona faoi alt 4, ag gach duine a mhisnigh sé nó a d'fhéach sé a mhisniú, ní gá don ionchúisitheoir a chruthú cé leis an talamh nó an fheithicil.

An chúirt do chur damáiste áirithe do mhaoin i gcuntas.

6. —I gcás—

(a) cion faoi alt 2 nó 3 den Acht seo a dhéanamh ag duine (dá ngairtear an cosantóir sa bhfo-alt seo) ar duine é, ar é a bheith iarrtha air (ag úinéir na talún nó na feithicle lena mbainfidh an cion nó ag comhalta den Gharda Síochána faoi éide) imeacht as an talamh nó as an bhfeithicil, nó cead isteach chun na talún nó isteach sa bhfeithicil a thabhairt do dhuine ag a bhfuil teideal dleathach dul isteach amhlaidh, a mhainneoidh nó a dhiúltóidh sin a dhéanamh a luaithe ariamh is réasúnach, agus

(b) damáiste do mhaoin a dhéanamh ag an úinéir nó ag comhalta den Gharda Síochána, le réasún agus gan seachaint aige air agus é go dleathach i gcúrsa dul isteach nó féachaint le dul isteach chun na talún nó sa bhfeithicil, nó go dleathach ag glacadh seilbhe ar an talamh nó ar an bhfeithicil, nó ag féachaint le seilbh a ghlacadh ar an talamh nó ar an bhfeithicil nó go dleathach ag cur an chosantóra amach, nó go dleathach ag féachaint leis an gcosantóir a chur amach, as an talamh nó as an bhfeithicil,

féadfaidh an chúirt, ag teacht di ar bhreith maidir leis an bpionós, an damáiste do mhaoin a chur san áireamh ionann dá mba é an cosantóir a rinne an damáiste sin agus féadfaidh sí aird a thabhairt ar mhéid an damáiste sin a bheith cúitithe nó gan bheith cúitithe ag an gcosantóir leis an úinéir.

Pionóis.

7. —Gach duine a dhéanfaidh cion faoin Acht seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, i gcás an chéad chiona faoin Acht seo, fíneáil nach mó ná £50 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air;

(b) ar é a chiontú go hachomair i gcás an dara cion nó ciona dá éis sin faoin Acht seo, fíneáil nach mó ná £100 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air,

(c) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

Dlínse na Cúirte Dúiche.

8. —(1) D'ainneoin aon fhoráil reachtúil nó riail dlí dá mhalairt, ní thitfidh dlínse na Cúirte Dúiche, in imeachtaí achoimre maidir le cion faoin Acht seo, ar lár de bhíthin amháin teideal chun talún a bheith ina shaincheist.

(2) Má bhíonn teideal chun talún ina shaincheist in imeachtaí achoimre maidir le cion faoin Acht seo, ní oibreoidh breith bhreitheamh na Cúirte Dúiche sna himeachtaí nó ar an saincheist mar urbhac in aon imeachtaí, ná ina urchosc ar aon imeachtaí, in aon chúirt maidir leis an talamh.

Cumhachtaí an Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas.

9. —Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas más rud é—

(a) gurb eol don chomhalta, nó má bhíonn cúis réasúnach aige bheith in amhras, cion faoi alt 3 den Acht seo a bheith á dhéanamh ag an duine, agus

(b) go gcuirfidh uinéir na talún nó na feithicle lena mbainfidh an cion in iúl d'aon chomhalta den Gharda Síochána, agus an comhalta a bheartaíonn an ghabháil a dhéanamh go gcreideann sé le réasún go mbeidh de thoradh ar an gcion a bheith á dhéanamh go leanúnach, damáiste mór a bheith á dhéanamh nó a dhéanamh don talamh nó don fheithicil nó cur isteach mór ar a bheith á dhéanamh nó a dhéanamh ar chearta dleathacha an úinéara maidir leis an gcéanna, nó ceataí mhór a bheith á dhéanamh nó a dhéanamh don phobal nó do chuid don phobal, agus

(c) an comhalta a bheartaíonn an ghabháil a dhéanamh go gcreideann sé gur gá an ghabháil leis an damáiste, an cur isteach nó an cheataí a sheachaint, agus

(d) nach indéanta le réasún barántas a iarraidh.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

10. —(1) Féadfar an tAcht chun Iontráil agus Áitiú le Forneart a Thoirmeasc, 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú chuige sin.