28 1971


Uimhir 28 de 1971


AN tACHT UM AN gCOLÁISTE NÁISIÚNTA EALAÍNE IS DEARTHA, 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO BHUNÚ BOIRD AR A dTABHARFAR BORD AN CHOLÁISTE NÁISIÚNTA EALAÍNE IS DEARTHA, DO SHAINIÚ A CHUMHACHTAÍ AGUS A DHUALGAS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[1 Nollaig, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “an Bord” an bhrí a shonraítear in alt 4 (1) den Acht seo;

tá le “an Coláiste” an bhrí a shonraítear in alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

tá le “an Stiúrthóir” an bhrí a shonraítear in alt 17 den Acht seo;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire faoi alt 3 den Acht seo;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais;

ciallaíonn “scoláire de chuid an Choláiste” duine atá ar taifead ar rolla scoláirí an Choláiste agus atá ag gabháil do chúrsa ceadaithe staidéir ann.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo do fheidhmeanna a chomhlíonadh folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú.

(3) Aon tagairt atá san Acht seo d'oifigeach don Bhord folaíonn sí tagairt do chomhalta d'fhoireann acadúil an Choláiste.

An Coláiste.

2. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Coláiste” an coláiste ealaíne, ceirdeanna agus deartha ar a dtugtar an Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus atá ag Sráid Chill Dara, Baile Atha Cliath.

(2) Amhail ar an lá bunaithe agus uaidh sin amach, is é a thabharfar ar an gColáiste an Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha.

An lá bunaithe a cheapadh.

3. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An Bord a bhunú.

4. —(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, bord ar a dtabharfar Bord an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (dá ngairtear An Bord san Acht seo) a bhunú an lá bunaithe chun na feidhmeanna a fheidhmiú a thugtar dó leis an Acht seo.

(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus cumhacht aige agairt agus a bheith inagartha ina ainm corpraithe agus talamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

Feidhmeanna an Bhoird i gcoitinne.

5. —(1) An lá bunaithe agus uaidh sin amach seolfaidh an Bord bainistí an Choláiste agus eagrú agus riaradh a ghnóthaí, agus beidh aige na cumhachtaí uile is gá chun na gcríocha sin nó a bhainfidh leo.

(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, beidh de fheidhmeanna ginearálta ag an mBord—

(a) scéimeanna oideachais de cibé réim agus fairsinge a chinnfidh sé in ealaín, ceirdeanna agus dearadh a bhunú agus a sheoladh,

(b) cúrsaí a sholáthar le daoine a oiliúint chun bheith ina múinteoirí ealaíne,

(c) cúrsaí agus léachtaí a sholáthar le tuilleadh oiliúna a thabhairt do mhúinteoirí ealaíne chun bheith ina múinteoirí den sórt sin,

(d) léachtaí ar ealaín, ar cheirdeanna agus ar dhearadh don phobal ó chomhaltaí dá fhoireann acadúil agus ó dhaoine eile a measfaidh an Bord cáilíochtaí oiriúnacha a bheith acu chuige sin a sholáthar más oiriúnach leis,

(e) scéimeanna (a mbeidh méid caiteachais an Bhoird orthu ceadaithe ag an Aire) a bhunú agus a sheoladh chun scoláireachtaí, sparánachtaí, duaiseanna agus dámhachtaintí eile i ndáil le healaín, ceirdeanna agus dearadh a thabhairt,

(f) taispeántais ar ealaín agus ar cheirdeanna le scoláirí de chuid an Choláiste a sheoladh, taispeántais ealaíne agus ceirdeanna a sheoladh agus taispeántais a sheoladh a bhainfidh le haon ábhar eile is iomchuí i ndáil le gníomhaíochtaí an Choláiste,

(g) íoc as na caiteachais reásúnacha a thabhóidh comhaltaí dá fhoireann acadúil de riachtanas ag freastal, le toiliú an Bhoird, ar chúrsaí teagaisc, seimineáir, léachtaí, comhdhálacha agus taispeántais is iomchuí i ndáil lena ndualgais mar chomhaltaí den sórt sin,

(h) íoc as na caiteachais réasúnacha a thabhóidh comhaltaí den Bhord de riachtanas ag freastal ar chomhdhálacha agus taispeántais is iomchuí i ndáil lena ndualgais mar chomhaltaí den sórt sin agus ag tabhairt cuairte ar choláistí agus forais eile ealaíne, ceirdeanna nó deartha nó ar choláistí nó forais eile a bhfuil baint acu le healaín, ceirdeanna nó dearadh,

(i) cúrsaí staidéir ar ealaín, ceirdeanna agus dearadh a sholáthar—

(i) a bheidh ceadaithe ag aon chomhlacht arna bhunú ag an Aire nó le hAcht ón Oireachtas tar éis an tAcht seo a rith chun céimeanna, dioplómaí agus dámhachtaintí eile oideachais dá samhail a dheonú, agus

(ii) a théann chun céimeanna, dioplómaí nó dámhachtaintí oideachais dá samhail sin a dhámhachtain ag an gcomhlacht sin,

(j) síntiúis a thabhairt do chomhlachais agus d'fhorais ealaíne, ceirdeanna nó deartha nó do chomhlachais agus forais a bhfuil baint acu le healaín, ceirdeanna nó dearadh.

(3) (a) Beidh cibé feidhmeanna eile ag an mBord a shannfaidh an tAire dó ó am go ham le hordú.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a leasú nó a chúlghairm.

(c) Déanfar gach ordú faoin bhfo-alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Comhaltaí an Bhoird.

6. —(1) Is iad comhaltaí an Bhoird cathaoirleach agus cibé líon (nach lú ná ochtar agus nach mó ná deichniúr) comhaltaí eile, ar duine acu an Stiúrthóir, a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(2) (a) Ceapfaidh an tAire cathaoirleach an Bhoird ó am go ham de réir mar is gá agus féadfaidh an tAire é a chur as oifig mar chathaoirleach má iarrann an Bord sin agus más cuí leis an Aire sin a dhéanamh.

(b) Déanfaidh an Bord cathaoirleach an Bhoird a ainmniú chun a cheaptha mar chathaoirleach an Bhoird as measc comhaltaí an Bhoird seachas an Stiúrthóir agus na comhaltaí a ainmníodh lena gceapadh chun an Bhoird faoi fho-alt (6) nó (7).

(c) Beidh cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige go n-éagfaidh a théarma oifige mar chomhalta den Bhord, mura dtarlaí roimhe sin go n-éagfaidh sé, go n-éireoidh sé as oifig an chathaoirligh nó go scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach faoi mhír (d) den fho-alt seo.

(d) I gcás ina scoirfidh cathaoirleach an Bhoird, i rith a théarma oifige mar chathaoirleach, de bheith ina chomhalta den Bhord, scoirfidh sé ansin freisin de bheith ina chathaoirleach ar an mBord.

(3) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig mar chathaoirleach trí litir a dhíreofar chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht nuair a gheofar an litir.

(4) Faoi réir forálacha an Achta seo, sealbhóidh cathaoirleach an Bhoird oifig mar chathaoirleach ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire agus é á cheapadh.

(5) Is é an tAire a cheapfaidh comhalta den Bhord agus féadfaidh an tAire é a chur as oifig.

(6) Comhaltaí d'fhoireann acadúil an Choláiste a bheidh i mbeirt de chomhaltaí an Bhoird agus déanfaidh comhaltaí fhoireann acadúil an Choláiste iad a ainmniú i cibé slí a cheadóidh an tAire ó am go ham lena gceapadh chun an Bhoird.

(7) (a) Scoláirí de chuid an Choláiste a bheidh i mbeirt de chomhaltaí an Bhoird agus déanfaidh scoláirí an Choláiste iad a ainmniú i cibé slí a cheadóidh an tAire ó am go ham lena gceapadh chun an Bhoird.

(b) Déanfar na chéad cheapacháin faoin bhfo-alt seo a luaithe is réasúnach tar éis an lae bunaithe, ach féadfaidh an Bord gníomhú sula ndéanfar na ceapacháin sin.

(8) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a dhíreofar chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht nuair a gheofar an litir.

(9) Faoi réir forálacha an Achta seo, sealbhóidh comhaltaí an Bhoird oifig ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire agus é á gceapadh.

(10) (a) Líonfaidh an tAire corrfholúntas i measc comhaltaí an Bhoird trí dhuine a cheapadh lena líonadh agus, más i measc na gcomhaltaí a ainmníodh faoi fho-alt (6) nó (7) den alt seo a bheidh an folúntas is duine a ainmneofar faoin bhfo-alt sin (6) nó (7), de réir mar a bheidh, a cheapfar.

(b) Beidh comhalta den Bhord a cheapfar faoin bhfo-alt seo i seilbh oifige ar feadh na coda gan chaitheamh de théarma oifige a réamhtheachtaí.

Téarma oifige chomhaltaí an Bhoird.

7. —(1) Trí bliana téarma oifige chomhalta den Bhord seachas an Stiúrthóir.

(2) Mairfidh téarma oifige an chomhalta den Bhord arb é an Stiúrthóir é go dtí go scoirfidh sé, agus ní mhairfidh sé ach go dtí go scoirfidh sé, de bheith i seilbh oifige mar Stiúrthóir.

(3) Aon chomhalta den Bhord a ainmneofar lena cheapadh chun an Bhoird faoi fho-alt (6) nó (7) d'alt 6 den Acht seo scoirfidh sé d'oifig a shealbhú mar chomhalta den sórt sin nuair a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta d'fhoireann acadúil an Choláiste nó ina scoláire, de réir mar a bheidh.

(4) Aon chomhalta den Bhord, seachas an Stiúrthóir, a bheidh i seilbh oifige mar chomhalta den sórt sin ar feadh aon tréimhse sé bliana comhleanúnacha scoirfidh sé d'oifig a shealbhú mar chomhalta den sórt sin i ndeireadh na tréimhse sin agus ní bheidh sé inathcheaptha mar chomhalta den Bhord go mbeidh dhá bhliain caite tar éis deireadh na tréimhse sin.

Ní bheidh comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ina chomhalta den Bhord.

8. —(1) I gcás ina n-ainmneofar comhalta den Bhord chun bheith ina iarrthóir le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh nó i gceapadh a bheartaítear a dhéanamh.

9. —(1) Aon chomhalta den Bhord—

(a) a bhfuil aon leas aige in aon chuideachta nó gnólacht a mbeartaíonn an Bord aon chonradh a dhéanamh léi nó leis, nó

(b) a bhfuil aon leas aige in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh,

nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon bhreithniú ná cinneadh ag an mBord maidir leis an gconradh, agus taifeadfar an nochtadh i miontuairiscí an Bhoird.

(2) Aon chomhalta den Bhord a bhfuil gaol aige le duine is iarrthóir lena cheapadh ag an mBord mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an gaol sin aige agus cad é an gaol é agus ní ghlacfaidh sé, má chinneann an Bord amhlaidh, aon pháirt in aon bhreithniú nó cinneadh ag an mBord maidir leis an gceapadh, agus taifeadfar an nochtadh agus an cinneadh i miontuairiscí an Bhoird.

Liúntas i leith caiteachas.

10. —Íocfar le comhalta den Bhord, as na cistí a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.

Comhalta den Bhord a bheith dícháilithe.

11. —Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú, agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú, mar chomhalta den sórt sin má bhreithnítear ina fhéimheach é, nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla breith air príosúnacht nó pianseirbhís a fhulaingt.

Séala an Bhoird.

12. —(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó chomhalta éigin eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) an Bhoird agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

13. —(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhalladh go cuí.

(2) Socróidh an tAire dáta, tráth agus ionad chéad-chruinniú an Bhoird.

(3) Cúigear is córam do chruinniú den Bhord.

(4) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é cathaoirleach an Bhoird a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé i láthair;

(b) mura mbeidh agus an fad nach mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(5) Is le tromlach na vótaí a chaithfidh cibé comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist a chinnfear gach ceist ag cruinniú den Bhord agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais amháin nó nios mó i measc a chomhaltaí.

(7) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialóidh an Bord, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird.

Deontais don Bhord.

1971, Uimh. 22 .

14. —(1) Féadfar, faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an Aire, deontas nó deontais a íoc leis an mBord gach bliain airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas ina mbeidh cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis comhairle a ghlacadh leis an mBord maidir le clár caiteachais an Bhoird don bhliain sin.

(2) Cuirfidh an Bord faoi bhráid an Aire meastachán ar riachtanais airgeadais an Bhoird do gach bliain airgeadais.

(3) Aon uair agus an fad a bheidh an Coláiste arna ainmniú mar fhoras Ard-Oideachais faoi Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971 , scoirfidh an t-alt seo agus alt 16 (2) den Acht seo d'éifeacht a bheith acu.

Cuntais agus iniúchadh.

15. —(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a fuair nó a chaith an Bord agus, go háirithe, coimeádfaidh sé i bhfoirm den sórt sin a dúradh na cuntais agus na taifid speisialta sin go léir a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(2) Déanfar cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur in aghaidh na bliana faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta sin, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus de cibé cuid eile, más ann, de na cuntais a ordóidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus cóip de Thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil agus eolas don Aire.

16. —(1) Tabharfaidh an Bord tuarascáil don Aire in aghaidh na bliana ar imeachtaí an Bhoird faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana acadúla roimhe sin de chuid an Choláiste agus cuirfidh an tAire faoi deara cóip den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas a iarrfaidh an tAire ó am go ham i dtaobh feidhmiú feidhmeanna an Bhoird.

An Stiúrthóir agus an Cláraitheoir agus oifigigh agus seirbhísigh.

17. —(1) Beidh stiúrthóir ann don Choláiste (ar a dtabharfar Stiúrthóir an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus dá ngairtear an Stiúrthóir san Acht seo) agus beidh cláraitheoir ann don Choláiste (ar a dtabharfar Cláraitheoir an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus dá ngairtear an Cláraitheoir san Acht seo).

(2) Is é an Stiúrthóir príomh-oifigeach an Bhoird agus rialóidh agus stiúrfaidh sé foireann agus scoláirí an Choláiste agus gníomhaíochtaí an Choláiste faoi réir údarás an Bhoird.

(3) Gníomhóidh an Cláraitheoir mar chláraitheoir agus rúnaí an Choláiste agus coimeádfaidh sé cuntais an Bhoird.

(4) Is é an Bord a cheapfaidh an Stiúrthóir agus an Cláraitheoir agus sealbhóidh siad oifig faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (ar a n-áirítear coinníollacha luach saothair) a chinnfidh an Bord, le ceadú an Aire agus le toiliú an Aire Airgeadais, le linn iad a cheapadh.

(5) Faoi réir fho-alt (6) den alt seo féadfaidh an Bord cibé oifigigh agus seirbhísigh eile a cheapadh a mheasfaidh an Bord ó am go ham is gá chun feidhmeanna an Bhoird a fheidhmiú go cuí.

(6) Beidh líon, gráid, cáilíochtaí, seilbh oifige agus luach saothair oifigigh an Bhoird faoi réir a gceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham le ceadú an Aire agus le toiliú an Aire Airgeadais.

(8) Cinnfidh an Bord le ceadú an Aire an nós imeachta chun daoine a roghnú lena gceapadh mar oifigigh lánaimsire don Bhord.

(9) Féadfaidh an Bord aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a chur nó a fhionraí as oifig nó as fostaíocht.

Oifigigh agus seirbhísigh d'fheidhmiú feidhmeanna an Bhoird.

18. —Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a fheidhmiú trí nó ag aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe go cuí ag an mBord chuige sin.

Oifigeach nó seirbhíseach don Bhord teacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas.

19. —(1) I gcás duine, is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin mBord, teacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse (dá ngairtear an tréimhse iasachta san alt seo) dar tosach an tráth a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin, nó más túisce a tharlóidh, a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé di nó a fhoirceannfaidh an Bord an fhostaíocht sin;

(b) ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon luach saothair i leith na tréimhse iasachta.

(2) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun teacht chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh an Bhoird.

20. —(1) A luaithe is caothúil tar éis an lae bunaithe, ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire, scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú d'oifigigh agus do sheirbhísigh lánaimsire an Bhoird nó i leith na n-oifigeach nó na seirbhíseach sin ar scor dóibh.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a bhfuil pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim ar scor dóibh, agus féadar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéim a cuireadh faoi bhráid an Aire, agus a ceadaíodh roimhe sin, faoin alt seo.

(4) Déanfaidh an Bord aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo a chur chun feidhme de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(5) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ag éileamh, nó i dtaobh méid, aon phinsin, aisce nó liúntais is iníoctha de bhun scéim faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadh sin.

(6) Déanfar gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Coistí de chuid an Bhoird.

21. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham cibé coistí agus cibé méid coistí is cuí leis a bhunú chun cibé cuid (más aon chuid í) d'fheidhmeanna an Bhoird a fheidhmiú is fearr agus is caothúla a d'fhéadfaí, i dtuairim an Bhoird, a fheidhmiú ag coiste, agus a shannfaidh an Bord do choiste.

(2) Féadfaidh an Bord nós imeachta coistí a bhunófar faoin alt seo a rialáil, ach, faoi réir aon rialacháin, féadfaidh coistí a bhunófar faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil.

(3) Is é a bheidh i gcoiste de chuid an Bhoird cibé líon comhaltaí arna gceapadh ag an mBord is cuí leis an mBord agus is comhaltaí den Bhord a bheidh sna comhaltaí nó beidh comhaltaí den Bhord ar áireamh orthu.

(4) Beidh ceapadh duine chun gníomhú mar chomhalta de choiste a bhunófar faoin alt seo faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le téarma agus seilbh oifige an chomhalta) is oiriúnach leis an mBord a fhorchur agus é á cheapadh.

(5) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste a bhunófar faoin alt seo a chur as oifig aon tráth.

(6) Féadfaidh an Bord aon tráth coiste a bunaíodh faoin alt seo a dhíscaoileadh.

(7) Beidh gníomhartha coiste a bhunófar faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an mBord.

Foirgnimh agus áitribh.

22. —Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, cibé foirgnimh agus áitribh eile is dóigh leis is gá nó is inmhianaithe chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, a sholáthar dó féin trína bhfoirgniú nó trína bhfáil (lena n-áirítear fáil faoi léas nó ligean eile nó faoi cheadúnas) agus na foirgnimh agus na háitribh eile sin a threalmhú agus a chothabháil.

An Bord do ghlacadh bronntanas.

23. —(1) Féadfaidh an Bord bronntanais saothar ealaíne, airgid, ábhair, trealaimh, talún nó maoine eile a ghlacadh.

(2) Ní ghlacfaidh an Bord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.

(3) Féadfaidh an Bord aon chistí de chuid an Bhoird, ar bronntanas é nó arb é atá ann na fáltais ó bhronntanas, a infheistiú, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha a bheidh ag gabháil leis an mbronntanas, in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

An Bord a cheapadh ina iontaobhaí.

24. —Féadfaidh an Bord glacadh le ceapachán chun bheith ina iontaobhaí d'aon dearlaic nó carthanas a bheidh bunaithe chun críocha a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird mura mbeidh dualgais na hoifige sin ar neamhréir leis na feidhmeanna sin.

Táillí do chúrsaí agus léachtaí.

25. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, táillí a ghearradh a mbeidh iontu cibé méideanna a chinnfidh an Bord ó am go ham chun daoine a ligean isteach go dtí cúrsaí agus léachtaí, agus go dtí taispeántais agus dálais eile a bheidh á seoladh nó arna socrú, nó ar siúl ag an gColáiste nó sa Choláiste.

Foireann a aistriú.

26. —(1) Gach duine a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina bhuanchomhalta lánaimsire d'fhoireann acadúil nó d'fhoireann eile an Choláiste, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá bunaithe, ina bhuanchomhalta lánaimsire d'fhoireann acadúil nó d'fhoireann eile an Choláiste, de réir mar a bheidh, i bhfostaíocht faoin mBord ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham, is téarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar, i dtuairim an Aire, don duine ná na téarmaí agus na coinníollacha ag a raibh feidhm maidir lena fhostaíocht faoin gColáiste díreach roimh an lá sin.

(2) Gach duine, seachas duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina chomhalta d'fhoireann acadúil nó d'fhoireann eile an Choláiste agus

(a) a ceapadh ina chomhalta den sórt sin ar mholadh Choimisinéirí na Státseirbhíse, nó

(b) a raibh de cheangal air 18 n-uaire a chloig ar a laghad sa tseachtain a oibriú agus a bhí ina chomhalta den fhoireann acadúil sin nó den fhoireann eile sin ar feadh na gcúig bliana díreach roimh an lá sin,

tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé ina chomhalta d'fhoireann acadúil nó d'fhoireann eile an Choláiste, de réir mar a bheidh, i bhfostaíocht faoin mBord ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham, is téarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar, i dtuairim an Aire, don duine ná na téarmaí agus na coinníollacha ag a raibh feidhm maidir lena fhostaíocht faoin gColáiste díreach roimh an lá sin.

Maoin agus dliteanais a aistriú.

27. —(1) An mhaoin go léir (réadach nó pearsanta) seachas na foirgnimh agus an t-áitreabh ag Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, a bhí an Coláiste a úsáid, agus na cearta go léir a shealbhaigh nó a theachtaigh an tAire díreach roimh an lá bunaithe, i ndáil leis an gColáiste, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá bunaithe, arna n-aistriú chun an Bhoird agus dá réir sin, gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh eile—

(a) dílseoidh an mhaoin sin don Bhord an lá bunaithe,

(b) teachtfaidh an Bord na cearta sin amhail ar an lá bunaithe agus ón lá bunaithe,

(c) is dliteanais de chuid an Bhoird na dliteanais sin amhail ar an lá bunaithe agus ón lá bunaithe.

(2) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chun an Bhoird leis an alt seo agus a bheidh, an lá bunaithe, i leabhair aon chorparáide nó cuideachta in ainm an Aire aistreofar chun ainm an Bhoird iad ar an mBord á iarraidh sin.

(3) Gach fiach agus dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe ó thoirt nó sáruithe conartha) a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, dlite agus gan íoc nó tabhaithe agus gan ghlanadh ag an Aire nó ag na Coimisinéirí agus a bheidh dlite nó tabhaithe amhlaidh maidir leis an gColáiste tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá bunaithe, ina fhiach nó ina dhliteanas de chuid an Bhoird agus íocfaidh nó glanfaidh an Bord é agus féadfar é a ghnóthú ón mBord agus a chur i bhfeidhm i gcoinne an Bhoird dá réir sin.

Conarthaí a bhuanchoimeád agus imeachtaí dlíthiúla a choimeád ar bun.

28. —(1) Gach conradh a rinneadh maidir leis an gColáiste agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir an tAire nó na Coimisinéirí agus aon duine leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí an Bord ann in ionad an Aire nó na gCoimisinéirí (de réir mar a bheidh), agus beidh gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm ag an mBord nó ina choinne dá réir sin.

(2) Má bhíonn, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh inar páirtí an tAire agus go mbaineann na himeachtaí leis an gColáiste, cuirfear ainm an Bhoird sna himeachtaí in ionad ainm an Aire agus ní laghdóidh na himeachtaí mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.

Díolúine ó dhleacht stampa.

29. —Ní mhuirearófar dleacht stampa ar aon tíolacas ná ionstraim eile a fhorghníomhófar chun maoin nó aon leas i maoin a dhílsiú don Bhord.

Leasú ar an Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 .

1924, Uimh. 16 .

30. —Leasaítear leis seo an tAcht Airí agus Rúnaithe, 1924 , trí “Scoil Ealadhan na hArd-Chatharach” a scriosadh as an gCeathrú Cuid den Sceideal.

Caiteachais.

31. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

32. —Féadfar an tAcht um an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, 1971 , a ghairm den Acht seo.