An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Peitriliam)

10 1972

AN tACHT UM SHUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA, 1972

CUID II

Pléascaigh

Pléascaigh.

9. —(1) San Acht seo, ciallaíonn “pléascach” substaint de chineál a úsáidtear chun éifeacht phraiticiúil trí phléascadh nó éifeacht phiriteicniúil a thabhairt i gcrích nó aon rud ar cuid dílis de an tsubstaint sin.

(2) Chun críocha an Achta seo féadfaidh an tAire, le hordú, sainiú a thabhairt ar chomhdhéanamh, cáilíocht agus sainghné aon phléascaigh, agus féadfaidh sé pléascaigh a aicmiú.

Pléascaigh a allmhairiÚ

(1875, c. 17, a. 40)

10. —Ní allmhaireoidh duine ar bith aon phléascach ach amháin de réir cheadúnas arna dheonú ag an Aire.

Pléascaigh a choimeád agus a shealbhú.

11. —(1) Ní choimeádfaidh duine ar bith aon phléascach in aon áit ach mar a leanas:

(a) sa mhonarcha cheadúnaithe ina monaraítear é,

(b) in armlann arna cheadúnú ag an Aire chun pléascaigh a stóráil,

(c) i stóras arna cheadúnú ag an údarás áitiúil cuí nó ag an údarás cuain cuí (nó, más leis an údarás féin an stóras, arna cheadúnú ag an Aire) chun pléascaigh a stóráil, nó

(d) de réir deimhniú faoi alt 13.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) le hiompróir ná le duine eile ag a mbeidh pléascaigh lena n-iompar de réir an Achta seo nó i bhfeidhmiú feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo nó faoi.

(3) Ní bheidh aon phléascach ina sheilbh ag duine ar bith mura pléascach é a fuair an duine sin, nó a fuair an duine ar faoina údarás atá sé ina sheilbh aige, go dleathach de réir an Achta seo.

(4) I gcás go bhfaighfear amach go bhfuil pléascaigh ina sheilbh nó faoina urláimh ag duine, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó cigire a cheangal ar an duine sin an t-eolas go léir atá aige a thabhairt dó i dtaobh conas a tharla an pléascach a bheith ina sheilbh nó faoina urláimh.

(5) Mura ndéanfaidh duine de réir ceanglas faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Pléascaigh a dhíol agus a cheannach.

(1875, c. 17, ailt 30, 40, etc.)

12. —Ní dhéanfaidh aon duine pléascach a dhíol ná a cheannach—

(a) mura mbeidh an díoltóir ina shealbhóir ar cheadúnas allmhairithe faoi alt 10 nó ina cheadúnaí monarchan, armlainne nó stórais, agus

(b) mura mbeidh an ceannaitheoir ina cheadúnaí ar mhonarcha, armlann nó stóras nó ina shealbhóir ar dheimhniú faoi alt 13 chun an pléascach a cheannach.

Deimhnithe. (Nua)

(cf. 1925, Uimh. 17 , a. 3)

13. —Féadfaidh oifigeach den Gharda Síochána (lena n-áirítear cigire den Gharda Síochána atá ag gníomhú mar cheannfort) deimhniú a eisiúint chun duine ar bith á údarú pléascaigh a cheannach faoi réim agus de réir rialachán.

Eisceadh le haghaidh lón lámhaigh.

1925, Uimh. 17 :

14. —Ní bhaineann ailt 10 go 13 le lón lámhaigh lena mbaineann Acht na nArm Teine, 1925 .

Pléascaigh a mhonarú.

15. —Ní mhonaróidh duine ar bith aon phléascach ach amháin i monarcha arna cheadúnú ag an Aire chun na críche sin agus de réir an cheadúnais.

Pléascaigh a mharcáil.

(1875, c. 17, a. 40)

16. —(1) Gach pacáiste ina mbeidh pléascach aicmithe beidh ainm an phléascaigh agus an focal “Explosive” marcáilte go soiléir sofheicthe air.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le marcáil pléascach.

(3) Gach duine a mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aon phléascach nach mbeidh marcáilte de réir an ailt seo nó de réir rialachán faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Pléascaigh a phacáil lena n-iompar.

17. —(1) Duine a bheidh ag pacáil pléascach lena n-iompar déanfaidh sé gach beart is féidir chun priacal díobhála do dhuine nó do mhaoin a chosc.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh chun pléascaigh a phacáil lena n-iompar.

(3) Duine ar bith a choinsíneoidh nó a iompróidh aon phléascach agus é pacáilte ar shlí seachas de réir an ailt seo nó de réir rialachán den sórt sin, beidh sé ciontach i gcion.

Taifid.

18. —Déanfaidh ceadúnaí monarchan nó armlainne taifead a choimeád in aghaidh an lae i cibé foirm a ordóidh an tAire i dtaobh na gcainníochtaí pléascach a thabharfar isteach san áitreabh agus amach as agus ceadóidh sé do chigire gach taifead den sórt sin a iniúchadh.

Tine ealaíne agus deiseanna sábháilteachta, comharthaíochta agus tarrthála.

19. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, ceanglais na Coda seo maidir le tine ealaíne agus deiseanna sábháilteachta, comharthaíochta agus tarrthála agus earraí agus substaintí forordaite eile a mhonarú, a stóráil, a mharcáil, a phacáil, a iompar, a cheannach, a dhíol agus a choimeád.