An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Riarachán) Ar Aghaidh (CUID VIII Ilghnéitheach)

10 1972

AN tACHT UM SHUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA, 1972

CUID VII

Cionta, Pionóis agus Imeachtaí Dlí

Cionta.

47. —Aon duine a sháróidh aon fhoráil den Acht seo nó d'aon ionstraim faoi nó aon choinníoll a ghabhann le ceadúnas, beidh sé ciontach i gcion.

Dliteanas ceadúnaithe agus áititheoirí.

( 1955, Uimh. 10 , a. 100)

48. —(1) Má dhéantar sárú in áitreabh nó i ndáil leis nó maidir leis ar aon fhoráil den Acht seo nó d'aon ionstraim faoi, beidh an t-áititheoir nó, i gcás áitribh cheadúnaithe, an ceadúnaí, faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, ciontach i gcion, ach sin gan dochar do dhliteanas aon duine eile.

(2) Má sháraíonn duine ar bith aon fhoráil a chuireann aon dualgas air go sainráiteach, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ní bheidh an t-áititheoir nó an ceadúnaí, cibé acu é, ciontach i gcion de dheasca an tsáraithe sin amháin mura gcruthaítear gur mhainnigh sé gach beart réasúnach a dhéanamh chun an sárú a chosc, ach ní mheasfar go ndéanann an fo-alt seo difear d'aon dliteanas de chuid an áititheora nó an cheadúnaí i leith na nithe céanna de bhua forála éigin eile.

Dliteanas stiúrthóirí agus oifigigh comhlachtaí corpraithe.

(cf. 1958, Uimh. 3 , a. 31 (4))

49. —Má chruthaítear i gcás cion faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur éascaíodh a dhéanamh trí mhainneachtain, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta sin, measfar eisean, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, a bheith ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir.

Ceadúnais, deimhnithe, etc., a bhrionnú.

( 1958, Uimh. 3 , a. 34)

1913, c. 27.

50. —(1) Duine ar bith—

(a) a bhrionnóidh nó a ghóchumfaidh aon cheadúnas nó deimhniú is gá chun críocha an Achta seo,

(b) a bhéarfaidh nó a shíneoidh deimhniú agus a fhios aige é a bheith bréagach in aon sonra ábhartha,

(c) a rithfidh nó a úsáidfidh go feasach aon cheadúnas nó deimhniú a brionnaíodh, a góchumadh nó atá bréagach mar a dúradh,

(d) a rithfidh nó a úsáidfidh go feasach, mar cheadúnas nó deimhniú a bhaineann le duine ar bith, ceadúnas nó deimhniú nach mbaineann leis an duine sin,

(e) a phearsanóidh aon duine a bheidh ainmnithe i gceadúnas nó i ndeimhniú,

(f) a chuirfidh i gcéill go bréagach gur cigire é,

(g) a chúlcheadóidh go toiliúil aon bhrionnú, góchumadh, tabhairt, síniú, rith, úsáid, pearsanú nó cur i gcéill den sórt sin,

(h) a chuirfidh go toiliúil taifead bréagach in aon doiciméad is gá chun críocha an Achta seo a choimeád nó a sheirbhéail nó a chur ar aghaidh,

(i) a dhéanfaidh nó a shíneoidh go toiliúil dearbhú bréagach agus é ag déanamh nó ag síniú dearbhaithe is gá chun críocha an Achta seo, nó

(j) a úsáidfidh go feasach aon taifead nó dearbhú bréagach den sórt sin,

beidh sé, ar neamhspleidh le haon chion eile, ciontach i gcion faoin Acht seo.

(2) San alt seo tá leis an mbriathar “brionnú” an bhrí chéanna atá leis an mbriathar “forge” sa Forgery Act, 1913.

Díolúine d'iompróir agus d'úinéir agus do mháistir soithigh i gcás locht a bheith ar an gcoinsíní, etc.

(1875, c. 17, a. 88)

51. —Má choisctear iompróir nó úinéir aon fheithicle nó máistir aon fheithicle nó máistir aon soithigh ar an Acht seo a chomhlionadh trí ghníomh, faillí nó mainneachtain toiliúil ag coinsíneoir nó ag coinsíní aon substaint lena mbaineann an tAcht seo, nó ag aon duine eile, nó tríd an gcoinsíní nó duine eile do dhiúltú go míchóir an tsubstaint a ghlacadh arna seachadadh, dlífear an pionós céanna a chur ar an gcoinsíneoir nó ar an gcoinsíní nó ar an duine eile a bheidh ciontach sa ghníomh, san fhaillí, sa mhainneachtain nó sa diúltú toiliúil a dhlitear a chur ar an iompróir, ar an úinéir nó ar an máistir mar gheall ar shárú an Achta seo, agus beidh an t-iompróir, an t-úinéir nó an máistir díolmhaithe ó aon phionós nó forghéilleadh faoin Acht seo.

Pionóis.

52. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo nach bhforáiltear aon phionós dó go sainráiteach, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil a chur air nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(2) Má chiontaítear duine i gcion faoin Acht seo agus go leanfar tar éis an chiontaithe den sárú ar ina leith a ciontaíodh é, beidh sé ciontach i gcion breise agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú.

Cumhacht na cuirte chun a ordú go leigheasfar ábhar an tsáraithe.

( 1955, Uimh. 10 , a. 102)

53. —Má chiontaítear duine i gcion faoin Acht seo, féadfaidh an chúirt, i dteannta nó in ionad fíneáil a chur air, a ordú dó cibé bearta a shonrófar san ordú a dhéanamh laistigh den tréimhse a shonrófar amhlaidh chun na nithe a leigheas ar tharla an sárú ina leith, agus féadfaidh sí, ar iarratas a fháil, an tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh a fhadú agus ní bheidh sé faoi dhliteanas faoin Acht seo maidir leis an sárú a bheith ar leanúint le linn na tréimhse a bheidh ceadaithe amhlaidh, ach más rud é, ar bheith caite don tréimhse sin, nach mbeidh an t-ordú comhlíonta, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den neamhchomhlíonadh.

Cionta leanúnacha.

(cf. 1965, Uimh. 7 , a. 135)

54. —Is cion leanúnach cion faoi alt 52 (2) nó 53 agus féadfar dá réir sin imeachtaí ina leith a thionscnamh as an nua ó am go ham.

Ionchúiseamh i leith cionta.

55. —(1) Aon chion faoi aon fhoráil den Acht seo (seachas alt 61) is inphionóis ar chiontú achomair féadfaidh an tAire ionchúiseamh a dhéanamh ina leith.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil nó údarás cuain, dá gcumhachtaítear leis an Acht seo ceadúnas a eisiúint, ionchúiseamh a dhéanamh go hachomair i leith aon sáraithe ar choinníollacha an cheadúnais.

Forghéilleadh.

(1875, c. 17, a. 89)

56. —(1) I gcás go gciontófar duine i gcion faoin Acht seo féadfaidh an chúirt a ordú go bhforghéillfear aon substaint nó ní eile ar ina leith a rinneadh an cion agus arb é an duine sin an t-úinéir nó an duine ar ina sheilbh nó faoina urláimh a fuarthas an tsubstaint nó an ní.

(2) In ionad forghéilleadh féadfaidh an chúirt, i dteannta aon fhíneála, pionós a fhorchur nach mó ná cibé suim is dóigh leis an gcúirt is luach don earra a dhlitear a fhorghéilleadh.

Earraí forghéillte a dhiúscairt.

(1875, c. 17, ailt 89, 96)

57. —(1) I gcás go bhforghéillfear aon ní faoin Acht seo féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar é a dhíol, a dhíothú nó a dhiúscairt ar cibé slí eile is rogha leis.

(2) Féadfar freisin an gabhdán ina raibh aon rud a forghéilleadh amhlaidh a dhíol, a dhíothú nó a dhiúscairt mar a rinneadh lena raibh ann.

(3) Féadfaidh an tAire, chun críocha an díola nó na diúscartha sin, é a chur de cheangal ar úinéir aon ní a forghéilleadh cead a thabhairt aon fheithicil ina mbeidh sé a úsáid, ar chúiteamh cóir a íoc a ndéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche a mhéid a chinneadh i gcás díospóide.

(4) Déanfaidh úinéir aon ní a ordófar a dhíothú agus an duine a bheidh i seilbh an ní sin, agus úinéir na feithicle ina mbeidh sé nó an duine eile a bheidh i bhfeighil na feithicle sin, nó cuid nó duine díobh, má ordaíonn an tAire amhlaidh, an ní sin a dhíothú dá réir sin, agus, má ordaíonn an tAire é, féadfar an fheithicil a choinneáil go dtí go ndéanfar an díothú.

(5) Más deimhin leis an Aire nár comhlíonadh an t-ordachán maidir le díothú agus nach n-áiritheofar slándáil an phobail tríd an bhfeithicil a choinneáil agus nach indéanta, ag féachaint do shlándáil an phobail nó na ndaoine a bheidh fostaithe sa díothú sin, an díothú sin a dhéanamh gan an fheithicil a úsáid nó gan déileáil léi ar shlí eile amhail is dá mba ghabhdán é don ní a fhorghéilltear, féadfaidh an tAire a ordú go n-úsáidfear an fheithicil nó go ndéileálfar léi amhlaidh agus féadfar déanamh léi dá réir sin.

Eigeandáil mar chosaint.

(1875, c. 17, a. 110)

58. —Is cosaint mhaith é do dhuine a gcuirfear cion ina leith faoin Acht seo a chruthú gur ghníomh nó mainneachtain a bhí riachtanach cóir, mar gheall ar thionóisc dosheachanta nó éigeandáil eile, an gníomh nó an mhainneachtain a ghearántar.

Fianaise ar ionstraimí.

(cf. 1946, Uimh. 9 , a. 60 (9))

59. —Doiciméad a airbheartóidh a bheith ina chóip d'aon ionstraim faoin Acht seo agus a mbeidh formhuinithe air deimhniú, a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach don Aire nó don údarás a d'eisigh é, á rá gur cóip dhílis den ionstraim an doiciméad agus go raibh an ionstraim i bhfeidhm lá sonraithe, beidh sé, gan cruthúnas ar stádas ná ar shíniú an oifigigh sin, ina fhianaise prima facie ar an ionstraim agus ar í a bheith i bhfeidhm an lá sin.

Doiciméid a sheirbheáil agus a chur ar aghaidh.

( 1955, Uimh. 10 , a. 113)

1963, Uimh. 9 .

60. —(1) Aon doiciméad (lena n-áirítear aon toghairm nó ceanglas) a gceanglaítear nó a n-údaraítear faoin Acht seo é a sheirbheáil ar dhuine ar bith, nó a chur chuige nó a thabhairt dó, féadfar é a sheirbheáil nó a chur ar aghaidh nó a thabhairt—

(a) trína sheachadadh don duine sin nó, i gcás comhpháirtíochta, d'aon duine de na comhpháirtithe, nó trína fhágáil ag áit chónaithe an duine sin nó trína chur leis an bpost go dtí a áit chónaithe,

(b) i gcás úinéir nó áititheoir áitribh, ar aon mhodh acu sin a dúradh nó tríd an doiciméad nó cóip dhílis de a sheachadadh d'aon duine san áitreabh a dhealróidh gan a bheith faoi bhun sé bliana déag d'aois.

(2) Féadfar aon doiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a sheoladh, chun é a sheirbheáil ar áititheoir áitribh nó a chur chuige nó a thabhairt dó faoin Acht seo, go dtí “an t-áititheoir” ag seoladh ceart poist an áitribh, gan aon ainm ná tuairisc thairis sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar cuideachta a cláraíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , a bheith ina cónaí ina hoifig chláraithe, agus measfar gach comhlacht corpraithe eile agus gach comhlacht neamhchorpraithe a bheith ina chónaí ag a phríomh-oifig nó a phríomháit ghnó sa Stát.