An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA, 1972) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Scrudaitheoir Cleachtas Srianta)

11 1972

AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA, 1972

AN CHEAD SCEIDEAL

An Coimisiún Cleachtas Srianta

Alt 2

Comhdhéanamh

1. (1) Is iad buan-chomhaltaí a bheidh ar an gCoimisiún cathaoirleach agus beirt chomhalta eile ar a laghad agus ceathrar comhalta eile ar a mhéid, arb é an tAire a cheapfaidh iad go léir.

(2) Aon uair a fheicfear don Aire go bhfuil buan-chomhalta éagumasach go sealadach ar a dhualgais a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire comhalta sealadach a cheapadh chun gníomhú ina ionad ar feadh an éagumais sin nó ar feadh cibé tréimhse is giorra ná sin is cuí leis an Aire.

(3) Féadfaidh an tAire comhaltaí sealadacha breise a cheapadh freisin.

Comhaltaí.

2. (1) Socróidh an tAire téarma oifige buan-chomhalta nuair a bheidh sé á cheapadh agus ní bheidh an téarma sin níos faide ná cúig bliana.

(2) Féadfar buan-chomhalta a bheidh ag dul as oifig a athcheapadh.

(3) Beidh gach comhalta i seilbh oifige ar cibé coinníollacha a shocróidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(4) Féadfar cibé luach saothair a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhalta.

1956, Uimh. 45 .

(5) Ní bheidh feidhm maidir le hoifig comhalta ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , ná ag Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958.

Srian le duine leasmhar do ghníomhú mar chomhalta.

3. Má bhíonn leas pearsanta ag comhalta in ábhar áirithe atá á phlé ag an gCoimisiún, cuirfidh sé é sin in iúl don Aire agus ní ghníomhóidh sé mar chomhalta le linn an t-ábhar sin a bheith á bhreithniú mura ndéanfaidh an tAire, ar bheith dhó ar an tuairim nach bhfuil leas an chomhalta ina leas de chineál a chuirfeadh isteach ar chomhlíonadh neamhchlaon a dhualgais, údarás a thabhairt dó gníomhú amhlaidh.

Cur as oifig, éirí as oifig agus dicháiliú.

4. (1) Féadfaidh an tAire comhalta a chur as oifig má éiríonn sé éagumasach le dheasca easláinte ar a dhualgais mar chomhalta den sórt sin a chomhlíonadh go héifeachtach nó má fheictear don Aire gur gá é a chur as oifig ar mhaithe le comhlíonadh éifeachtach eacnamúil feidhmeanna an Choimisiúin.

(2) Má chuireann an tAire comhalta as oifig leagfaidh sé faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas i scríbhinn ag lua na gcúiseanna a bhí aige lena chur as oifig.

(3) Féadfaidh comhalta éirí as a oifig.

(4) Má thagann comhalta den Choimisiún chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, i dteideal suí sa Teach sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Choimisiún.

(5) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Choimisiún.

(6) Beidh comhalta dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh sé de bheith, i seilbh oifige má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó má chuireann cúirt dlínse inniúla pianbhreith príosúnachta nó pianseirbhíse air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáthchónaí sa Stát.

Aoisliúntas comhaltaí.

5. (1) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim neamhranníocach a cheapadh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí a luaithe is féidir chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú do chomhaltaí nó i leith comhaltaí an Choimisiúin a scoirfidh de bheith i seilbh oifige seachas comhaltaí a bhféadfar dámhachtain a dhéanamh ina leith faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963.

(2) I gcás comhalta den Choimisiún a ceapadh ina chomhalta den Choimisiún Cóir-Thrádála an 26ú lá de Shamhain, 1969, agus a bhí roimh an gceapadh sin ina chomhalta den Údarás Forbartha Tionscail, beidh foráil i scéim faoin mír seo chun go ndéanfar seirbhís ag an duine sin i gcáil inphinsin mar chomhalta den Údarás Forbartha Tionscail a áireamh mar sheirbhís mar chomhalta den Choimisiún.

(3) Féadfaidh foráil a bheith i scéim faoin mír seo nach ndéanfaidh foirceannadh ceapacháin chomhalta den Choimisiún le linn téarma oifige an chomhalta sin cosc a chur le pinsean, aisce nó liúntas eile a dhámhachtain dó.

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a bheidh déanta aige faoin mír seo a leasú.

Nós imeachta.

6. (1) Beirt bhuan-chomhalta is córam ag cruinniú den Choimisiún mura n-ordóidh an tAire a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin folúntas ina gcomhaltas.

(3) Féadfaidh an Coimisiún a nós imeachta féin a rialú.

Cumhacht an Choimisiúin chun finnéithe a thoghairm, etc.

7. (1) Féadfaidh an Coimisiún chun críocha a bhfeidhmeanna nuair a bheidh fiosrúchán á dhéanamh acu faoi alt 5 nó alt 9 gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:—

(a) finnéithe a thoghairm chun láithriú os a gcomhair,

(b) na finnéithe a láithreoidh os a gcomhair a cheistiú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo do chomhalta ar bith finnéithe a chur faoi mhionn),

(c) a cheangal ar aon fhinné den sórt sin aon doiciméad ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Choimisiún.

(2) Beidh teideal ag finné os comhair an Choimisiúin chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(3) Ní foláir toghairm a bheith sínithe ag comhalta amháin ar a laghad.

(4) Duine ar bith—

(a) a thoghairfear go cuí mar fhinné os comhair an Choimisiúin agus a mhainneoidh teacht i láthair, nó

(b) a bheidh i láthair mar fhinné agus a dhiúltóidh mionn a thabhairt a cheanglóidh an Coimisiún air go dlíthiúil a thabhairt nó aon doiciméad ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglóidh an Coimisiún air go dlíthiúil a thabhairt ar aird nó aon cheist a fhreagairt a cheanglóidh an Coimisiún air go dlíthiúil a fhreagairt, nó

(c) a dhéanfaidh aon ní eile a bheadh, dá mba chúirt ag a raibh cumhacht chimithe mar gheall ar dhíspeagadh cúirte an Coimisiún, ina dhíspeagadh ar an gcúirt sin,

beidh sé ciontach i gcion.

Aighneachtaí ó dhaoine leasmhara.

8. Féadfaidh duine ar bith aighneacht a chur faoi bhráid an Choimisiúin sa tslí a ordófar lena rialacha, maidir le hábhar fiosrúcháin.

Toirmeasc le heolas rúnda a nochtadh.

9. (1) Ní nochtfaidh duine ar bith eolas a bhí ar fáil aige de bhua na gcumhachtaí chun eolas a fháil a thugtar leis an Acht seo nó trína bheith i láthair ag cruinniú den Choimisiún a comóradh go príobháideach.

(2) Níl feidhm ag fomhír (1)—

(i) maidir le cumarsáid ag comhalta den Choimisiún ag feidhmiú a dhualgas dó faoin Acht seo, ná

(ii) maidir le nochtadh eolais i dtuarascáil ón gCoimisiún nó chun críche imeachtaí dlí faoin Acht seo.

(3) Má sháraíonn duine ar bith an mhír seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Oifigigh agus seirbhisigh.

10. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cuidiú leis an gCoimisiún ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna.

(2) Beidh na hoifigigh agus na seirbhísigh a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus gheobhaidh siad cibé luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais.