24 1972


Uimhir 24 de 1972


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1971.

[21 Samhain, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

Míniú.

1942, Uimh. 17 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1942” Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aois-liúntas), 1942 .

Leasú ar alt 7 d'Acht 1942.

1970, Uimh. 5 .

2. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1942 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1970 ):

“(9) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘seirbhís roimh ré’, maidir le duine, seirbhís leanúnach ag an duine i bhfostaíocht faoin mBord suas go dtí deireadh mí iomlán deiridh na seirbhíse sin roimh dháta a ligthe isteach i scéim aoisliúntais na bhfostaithe coiteanna.

 (b) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, aon scéim (dá ngairtear scéim leasaitheach san fho-alt seo) do leasú scéim aoisliúntais na bhfostaithe coiteanna féadfaidh sí, maidir le haon sochar aoisliúntais, a shocrú go ndéanfaidh an Bord, má thagann duine nach raibh i seirbhís an Bhoird an 1ú lá d'Aibreán, 1943, chun bheith ina chomhalta ranníocach, chun críocha an tsochair sin. laistigh de thrí mhí tar éis an lae a dhaingneoidh an tAire an scéim leasaitheach, íocaíochtaí i leith seirbhís roimh ré an duine leis an gciste a bunaíodh chun críocha scéim aoisliúntais na bhfostaithe coiteanna, agus beidh an duine i dteideal leath, agus sin an méid, dá sheirbhís roimh ré a áireamh le haghaidh an tsochair aoisliúntais sin.”

Liúntais fhorlíontacha d'fhostaithe coiteanna áirithe.

3. —Féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, liúntas forlíontach ar feadh a shaoil a dheonú do dhuine agus a íoc le duine—

(a) lena mbaineann fo-alt (9) (a cuirtear isteach leis an Acht seo) d'alt 7 d'Acht 1942,

(b) a íocfaidh leis an mBord ranníoc ar cóimhéid le 1 faoin gcéad den luach saothair a d'íoc an Bord leis in imeacht na dtrí bliana díreach sular scoir sé d'fhostaíocht faoin mBord, agus

(c) atá ag fáil pinsin faoi scéim aoisliúntais na bhfostaithe coiteanna (de réir bhrí Acht 1942),

is liúntas forlíontach ar comhionann a mhéid iomlán i dteannta méid bliantúil an phinsin réamhráite agus—

(i) leath ráta bhliantúil an luach saothair a d'íoc an Bord leis an duine díreach sular scoir sé d'fhostaíocht faoin mBord, nó

(ii) méid bliantúil an phinsin ab iníoctha leis an duine réamhráite dá ndéanfaí iomlán a sheirbhíse leanúnaí i bhfostaíocht faoin mBord a áireamh chuige sin,

cibé acu is 1ú.

Muirir ar mhaoin an Bhoird a dhíchur agus aisghairm iarmhartach.

1927, Uimh. 27 .

1934, Uimh. 38 .

1945, Uimh. 12 .

1954, Uimh. 17 .

4. —Díchuirtear leis seo aon mhuirear ar mhaoin de chuid an Bhoird a bunaíodh faoi na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1954, agus aisghairtear leis seo alt 16 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 , agus alt 15 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) (Uimh. 2), 1934 , agus cibé méid d'alt 40 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 agus d'ailt 4 agus 6 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 a bhunaíonn muirear ar mhaoin de chuid an Bhoird nó a údaraíonn a bhunú.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

5. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1972, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1971, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad i dteannta a chéile mar aon Acht amháin.