Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

31 1972


Uimhir 31 de 1972


AN tACHT LEITHREASA, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [26 Nollaig, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £630,881,960, a leithreasú.

1965, Uimh. 26 .

1891, c. 24.

1. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánú an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim sé chéad is tríocha milliún, ocht gcéad ochtó is aon mhíle, naoi gcéad is seasca punt agus atá comhdhéanta den tsuim daichead is trí mhilliún, trí chéad seasca is naoi míle, naoi gcéad is caoga punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1972, agus den tsuim cúig chéad ochtó is seacht milliún, cúig chéad is dhá mhíle dhéag is deich bpunt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1973, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim daichead is cúig mhilliún, cúig chéad is tríocha míle, seacht gcéad seachtó is naoi bpunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1972 , a ghairm den Acht seo.