9 1973


Uimhir 9 de 1973


AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA (LEASÚ), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM FHÓIR TEORANTA, 1972 . [27 Meitheamh, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1972, Uimh. 1 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Chuideachta” Fóir Teoranta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhóir Teoranta, 1972 .

Méadú ar chumhacht na Cuideachta chun iasacht a fháil.

2. —Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí (lena n-áirítear iasachtaí ón Aire agus iasacht a fuarthas chun aon cheann de chríocha na Cuideachta a thig de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan iasachtaí a fuair Taiscí Stáit Teoranta a áireamh) thar £17,500,000 aon tráth áirithe agus, dá réir sin, forléireofar alt 12 (b) den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin.

Méadú ar airleacain ón Aire.

3. —Ní rachaidh comhiomlán na n-airleacan a thabharfaidh an tAire don Chuideachta (lena n-áirítear airleacain chun críocha aon cheannd'fheidhmeanna na Cuideachta a thig de dhroim alt 19 den Phríomh Acht ach gan airleacain a tugadh do Thaiscí Stáit Teoranta a áireamh a bheidh gan aisíoc thar £17,500,000 aon tráth áirithe agus, dá réir sin forléireofar alt 13 (3) den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin.

Dliteanas na Cuideachta chun airleacain áirithe a aisíoc a urscaoileadh.

4. —D'ainneoin forálacha alt 19 den Phríomh-Acht, ní dhífear den Chuideachta airleacain, £1,142,000 san iomlán, a thug an tAire do Thaiscí Stáit Teoranta a aisíoc leis an Aire.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 agus 1973, a ghairm den Acht um Fhóir Teoranta, 1972 , agus den Acht seo le chéile.