11 1973


Uimhir 11 de 1973


AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1967 AGUS 1971. [28 Meitheamh, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 28 den Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 .

1967, Uimh. 21 .

1952, Uimh. 11 .

1973, Uimh. 10 .

1. —Leasaítear leis seo alt 28 den Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , a shonraíonn méid na ranníocaí seachtainiúla isteach sa Chiste Iomarcaíochta, tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) D'ainneoin aon ní in alt 27 nó san alt seo den Acht seo, ní bheidh ranníoc iomarcaíochta iníoctha ag ranníocóir fostaithe (de réir brí an Achta Leasa Shóisialaigh, 1952) a bhfuil pinsean, baintrí (ranníocach), pinsean baintrí (neamhranníocach), sochar banchéile thréigthe, liúntas banchéile thréigthe nó liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1973 , á fháil aici.”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1973, a ghairm de na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 agus 1971, agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.