An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Forálacha frithsheachanta agus pionóis) Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Báis)

19 1973

An tACHT AIRGEADAIS, 1973

CUID II

Custaim agus Mál

Beoir.

1933, Uimh. 15 .

47. —(1) In ionad na dleachta máil a fhorchuirtear le halt 27 (1) den Acht Airgeadais, 1971 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir arna grúdú sa Stát an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, dleacht máil de réir £31.913 ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle, caoga is cúig ghrád.

(2) In ionad na dleachta custam a fhorchuirtear le halt 27 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , déanfar, an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon chineál arna hallmhairiú isteach sa Stát de réir ráta £31.913 ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.

(3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stórais, beoir a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt arna ríomh de réir saindlús bunaidh na beorach, de réir £31.926 ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle, caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.

(4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach, athrófar an dleacht nó an aistarraingt sin go coibhneasach.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933, maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo.

Biotáille.

I.R. Uimh. 220 de 1972.

1919, c. 32.

1926, Uimh. 35 .

48. —(1) Leasófar an Finance Act, 1920, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, tríd an ábhar atá i gCuid I den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, in ionad an ábhair a cuireadh isteach sa Chuid sin den Chéad Sceideal sin le halt 28 den Acht Airgeadais, 1971 , agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 3 (1) den Finance Act, 1920, a dúradh.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a monaraíodh í agus gurb as sin a coinsíníonadh í agus gur monaraíodh ansin í as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gceannteideal taraife darb uimhir 22.08 nó faoin gceannteideal taraife darb uimhir 22.09 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972.

(b) Déanfar na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí atá leagtha amach i gCuid II den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo.

(d) Aisghairtear leis seo alt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1971 , amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach.

(e) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(3) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 3 (2) den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, de réir £17.990 an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir de bhua alt 28 (4) den Acht Airgeadais, 1971 .

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926 , ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Tobac.

1932, Uimh. 20 .

1940, Uimh. 14 .

1934, Uimh. 31 .

49. —(1) Faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo, déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCodanna I, II agus III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadas, 1969.

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an dleacht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland”, agus

(b) ionann is dá mbeadh na tuairiscí tobac mhonaraithe a luaitear i gCuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ar áireamh sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin i ndiaidh na habairte “manufactured tobacco” agus go mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a luaitear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de in ionad an ráta a luaitear sa dara colún sin os coinne lua tobac mhonaraithe sa chéad cholún sin.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le tobac neamh-mhonaraithe a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a allmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a d'fhás sé agus gurbh as sin a coinsíníodh é.

(b) Déanfar an dleacht custam ar thobac a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, ar thobac neamh-mhonaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Sceideal sin.

(c) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(4) (a) Baineann an fo-alt seo le tobac monaraithe a monaraíodh sa Ríocht Aontaithe agus a coinsíníodh as agus a monaraíodh ann as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gceannteideal taraife darb uimhir 24.02 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972.

(b) Déanfar an dleacht custam ar thobac a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, ar thobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Sceideal sin.

(c) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo—

(i) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland” agus ionann agus nár fholaigh an abairt “manufactured tobacco” sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo,

(ii) ionann is dá mbeadh tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo, mar aon le tuairiscí an tobac mhonaraithe sin i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, luaite ar leithligh sa chéad cholún sin agus go mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a shonraítear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de, agus

(iii) faoi réir neamhshuim a dhéanamh den mhír dheiridh (dar tosach “Goods shall not be deemed”) d'fho-alt (1) den alt sin 8.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(e) Tá leis an abairt “tobac cruafháiscthe” a luaitear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus sa chéad mhír eile den fho-alt seo an bhrí chéanna atá léi in alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 .

(f) Ciallaíonn an abairt “tobac píopa eile” a luaitear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tobac monaraithe de na cineálacha is gnáth a bheith beartaithe a úsáid i bpíopaí agus nach tobac cruafháiscthe.

(5) Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1969 .

Tobac (dleacht máil ar stoic áirithe).

50. —(1) Faoi réir forálacha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na stoic tobac go léir de gach tuairisc a bheidh, ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, ar úinéireacht nó ina sheilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas banna-stóras, agus beidh an dleacht máil sin iníoctha ag an monaróir, de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:

(a) sa mhéid gur tobac neamh-mhonaraithe na stoic, £0.627 ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) sa mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois) seachas tobac neamh-mhonaraithe na stoic, £0.627 ar gach punt meáchain de thobac neamh-mhonaraithe ónar tháinig na stoic i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar stoic tobac a bheidh ar úinéireacht nó i seilbh monaróra cheadúnaithe tobac má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nach mó ná 5,500 punt meáchan iomlán na stoc sin a bheidh ar úinéireacht nó i seilbh an mhonaróra agus ar a mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, an dleacht inmhuirir.

(3) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois seachas dríodsnaois) a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh sé, ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, lán-ullmhaithe lena mhiondíol agus—

(i) nár tháirge aon oibríochta é de chuid aon mhonaróra a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige an tráth sin; nó

(ii) go raibh sé an tráth sin ar coimeád mar stoc mionreaca in áitreabh a úsáidtear chun tobac a mhiondíol; nó

(iii) go raibh sé an tráth sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe lena mhiondíol má bhí sé de réir gnáthchúrsa gnó an duine a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige nó an duine a raibh sé ar bealach chuige, le cur fós faoi phróis éigin eile (seachas pacáil) sula ndíolfadh sé é.

(4) Cuirfidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, lá nach déanaí ná an 23ú lá de Bhealtaine, 1973, tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a bheidh ceadaithe acu agus ina dtabharfaidh sé cibé faisnéis a iarrfaidh siad leis an bhfoirm agus, go háirithe, ina n-inseoidh sé na cainníochtaí de réir meáchain de gach tuairisc tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, in aon áit sa Stát seachas banna-stóras.

(5) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac mar a leanas—

(a) tabharfaidh sé ar aird, má cheanglaítear sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil, na leabhair thrádála agus gach uile chuntas agus doiciméad de chuid nó i seilbh an mhonaróra sin is gá chun an tuairisceán a tugadh de bhun fho-alt (4) den alt seo a fhíorú, agus

(b) tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach don oifigeach sin ag tógáil cuntais dó ar an tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973.

(6) Díreach tar éis an tuairisceán a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (4) den alt seo nó an 23ú lá de Bhealtaine, 1973, cibé acu is luaithe, íocfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac leis na Coimisinéiri Ioncaim méid iomlán na dleachta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ar aon tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ar arbh inmhuirir an dleacht sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an lú lá de Shamhain, 1973, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin.

(7) Gach monaróir a gceanglaíonn fo-alt (4) den alt seo air tuairisceán den sórt a luaitear san fho-alt sin a thabhairt agus a mhainneoidh an tuairisceán sin a thabhairt nó a thabharfaidh tuairisceán a bheidh neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglaíonn fo-alt (5) den alt seo air a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoi na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus tabhóidh sé pionós máil caoga punt in aghaidh gach cion den sórt sin, agus forghéillfear an tobac go léir ar maidir leis a rinneadh an cion sin.

(8) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha maidir le tobac ar ar íocadh an dleacht máil dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt máil a bheidh inti go feadh na dleachta a íocadh de bhun an fho-alt sin (1) arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Toitíní le honnmhairiú.

1842, c. 93.

1863, c. 7.

51. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 1, 3, 4, 5 ná 8 den Tobacco Act, 1842, maidir le—

(a) toitíní a monaraíodh, lena n-onnmhairiú, go hiomlán nó páirteach as airteagail nó earraí a cheadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 38 den Acht Airgid, 1932 , a allmhairiú gan aon dleacht custam a íoc, nó

(b) monarú toitíní den sórt sin, nó aon ní a úsáidtear i monarú toitíní den sórt sin.

(2) Bainfidh alt 10 den Manufactured Tobacco Act, 1863, le toitíní lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo ar iad a onnmhairiú as an Stát, agus ní aon tráth roimhe sin, ach thairis sin bainfidh sé le tobac monaraithe amhail is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1) den alt seo.

Orduithe a dhaingniú.

52. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

I.R. Uimh. 162 de 1972.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 199) (Dleachtanna Máil) (Deimhnithe Airm Tine), 1972

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972

I.R. Uimh. 4 de 1973 .

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 201) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973

I.R. Uimh. 68 de 1973.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 202) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife) (Leasú), 1973

I.R. Uimh. 71 de 1973.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 203) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973

I.R. Uimh. 72 de 1973.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 204) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973

I.R. Uimh. 83 de 1973.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 205) (Beoir, Biotáille, Tobac, Olaí Hidreacarbóin agus Fíon), 1973.