|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) | Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Stampa) |
An tACHT AIRGEADAIS, 1973
[EN] |
CUID III Dleachtanna Báis | |
[EN] |
Athrú ar rátaí dleachta eastáit. |
53. —I gcás daoine a éagfaidh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, is é an scála rátaí dleachta eastáit an scala atá leagtha amach san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus beidh éifeacht an scála sin aige, in ionad an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1972 , agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin. |
[EN] |
Forálacha is iarmhaírt ar athruithe ar na rátaí dleachta eastáit. |
54. —(1) Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht Airgeadais, 1961 , trí “deich míle punt” a chur in ionad “seacht míle cúig chéad punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ). |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 29 den Acht Airgid, 1931 , trí “deich míle punt” a chur in ionad “seacht míle cúig chéad punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ). | |
[EN] | (3) I gcás inar mó ná deich míle punt luach glan na maoine, réadach agus pearsanta, a aistreoidh ar bhás an éagaigh, gan maoin a áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní bheidh méid na dleachta leagáide agus comharbais is iníoctha i leith na maoine níos mó ná an bhreis a bheidh ag luach glan na maoine sin, tar éis méid na dleachta eastáit is inchurtha ina leith a asbhaint, ar dheich míle punt. | |
[EN] | (4) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le daoine a éagfaidh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin. | |
[EN] |
Leasú ar rátaí dleachta leagáide agus dleachta comharbais. |
55. —(1) Aon dleacht leagáide nó dleacht comharbais is iníoctha de réir ráta cúig faoin gcéad faoin dlí atá i bhfeidhm faoi láthair, beidh sí iníoctha de réir ráta deich faoin gcéad agus aon dleacht leagáide nó dleacht comharbais is iníoctha de réir ráta deich faoin gcéad faoin dlí atá i bhfeidhm faoi láthair, beidh sí iníoctha de réir ráta fiche faoin gcéad ar mhéid nó ar luach na leagáide nó an chomharbais. |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo, i gcás dleachta leagáide, más roimh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, a d'éag an tiomnóir ar faoina uacht a tugadh an leagáid, nó an díthiomnóir arb iníoctha an dleacht leagáide ar a bhás, agus, i gcás dleachta comharbais, más roimh an dáta sin a tíolacadh an comharbas. | |
[EN] |
Laghdú ar dhleacht eastáit. |
56. —(1) Leasaítear leis seo alt 45 den Acht Airgeadais, 1969 , trí “£4,000” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh insteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ) agus trí “£2,000” a chur in ionad “£1,000” (a cuireadh insteach leis an Acht Airgeadais, 1972 , a dúradh) gach áit a bhfuil siad faoi seach i bhfo-ailt (2), (3), (4) agus (5). |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le sochair (de réir brí an ailt sin 45) a fhaibhreoidh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin. | |
[EN] |
Leasú ar alt 61 den Finance (1909-10) Act, 1910. 1910, c.8. |
57. —(1) Leasaítear leis seo alt 61 (1) den Finance (1909-10) Act, 1910, trí “£3,000” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 ). |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le daoine a éagfaidh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin. | |
[EN] |
Leasú ar alt 24 den Acht Airgeadais 1965. |
58. —(1) Leasaítear leis seo alt 24 den Acht Airgeadais, 1965 — |
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d) i bhfo-alt (1) : | |
[EN] | “(d) Chun críocha dleachta eastáit déanfar luach comhiomlán na sochar báis uile is iníoctha ar bhás a laghdú £7,500 nó an luach comhiomlán sin, cibé acu is lú.”, | |
[EN] | (b) tríd an míniú ar “leanbh cleithiúnach” i bhfo-alt (1) (f) a scriosadh, | |
[EN] | (c) trí “le baintreach nó leanaí cleithiúnacha, nó chun sochair do bhaintreach nó do leanaí cleithiúnacha, an éagaigh” i bhfo-alt 2 (a) a scriosadh, agus | |
[EN] | (d) trí “, ‘leanaí cleithiúnacha’” bhfo-alt 2 (b) a scriosadh. | |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le bás duine a éagfaidh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin. | |
[EN] |
Faoiseamh i leith airgead áirithe is iníoctha faoi pholasaithe árachais. |
59. —(1) Má áirítear airgead polasaí sa mhaoin a aistreoidh nó a mheastar a aistreoidh ar bhás an éagaigh déanfar luach príomhshuime an airgid pholasaí sin chun críocha dleachta eastáit a lagdhú £7,500 nó luach na príomhshuime sin, cibé acu is lú. |
[EN] | (2) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “airgead polasaí” méid iomlán an airgid (seachas aisíoc préimheanna) ab iníoctha faoi pholasaí nó polasaithe árachais a bhunaigh an t-éagach ar a shaol féin agus ab iníoctha ar a bhás sa chás— | |
[EN] | (a) inar phréimh ab iníoctha go bliantúil, go leathbhliantúil, go ráithiúil nó go míosúil ar feadh tréimhse a bhraith ar shaol an éagaigh a bhí sa chomaoin don pholasaí, agus | |
[EN] | (b) nár mhó méid iomlán na bpréimheanna a íocadh in aon tréimhse dhá mhí dhéag ná fiche faoin gcéad den airgead ab iníoctha ar bhás, | |
[EN] | ach folaíonn sé freisin airgead ab iníoctha ar bhás an éagaigh faoi pholasaí árachais a eisíodh faoi réir an choinníll nach mbeadh na sochair a d'urraigh an polasaí iníoctha ach amháin sa chás gur de dheasca tionóisce a tharla bás an éagaigh. | |
[EN] | (3) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le bás duine ar a mbeidh sainchónaí sa Stát tráth a bháis agus a éagfaidh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin. | |
[EN] |
Díolúine ó dhleacht ag iontaobhais aonad áirithe. |
60. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “urrúis” urrúis (lena n-áirítear stoc bintiúir, bannaí morgáiste agus stoc morgáiste agus deimhnithe muirir faoi na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1972) arna n-eisiúint, roimh dháta nó tar éis dáta an Achta seo a rith, agus coinníoll leo go mbeidh siad díolmhaithe ó chánachas le linn dóibh a bheith ar úinéireacht tairbhiúil ag daoine nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí orthu sa Stát; | |
[EN] | ciallaíonn “scéim iontaobhais aonad” scéim iontaobhais aonad atá cláraithe sa chlár a bunaíodh leis an Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 , a bhforálann a ghníomhas ag sainiú iontaobhais na scéime, gur urrúis amháin a bheidh sa mhaoin atá faoi réir na n-iontaobhas sin. | |
[EN] | (2) Beidh aonaid (de réir brí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972 ) de scéim iontaobhais aonad díolmhaithe ó dhleachtanna báis i ndáil le bás aon duine a éagfaidh tar éis dáta an Achta seo a rith agus ar dhuine é nach raibh sainchónaí ná gnáthchónaí air sa Stát tráth a bháis agus bainfidh alt 12(2) den Acht Airgeadais, 1951 , alt 34(3) den Acht Airgeadais, 1956 , agus alt 39 den Acht Airgeadais, 1970 , leis na haonaid sin amhail is dá mba urrúis iad. | |
[EN] |
Leasú ar alt 33 den Acht Airgid, 1935 . |
61. —(1) Leasaítear leis seo alt 33 den Acht Airgid, 1935 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6) : |
[EN] | “(6) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘baincéir’ duine a sheolann gnó baincéireachta sa Stát agus folaíonn sé cara-chumann, cumann tionscail agus soláthair, cumann foirgníochta, Banc Taisce an Phoist, banc taisce iontaobhais, an Chuideachta Chairde Thionscail, Teoranta, Corparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta, agus aon duine lena ndéantar airgead a lóisteáil nó a thaisceadh; | |
[EN] | folaíonn ‘pá’ aistriú i leabhair bhaincéara agus aon déileálacha d'aon sórt le haon airgead a lóisteáladh nó a taisceadh in ainm duine a d'éag tar éis am na loisteála nó an taiscthe agus aon duine nó daoine eile; | |
[EN] | ciallaíonn ‘cuntas reatha’ cuntas ar a n-oibrítear de ghnáth trí sheic nó ordú baincéara; | |
[EN] | tá le ‘gnó baincéireachta’ an bhrí chéanna atá leis in alt 2 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ; | |
[EN] | folaíonn tagairtí d'airgead a lóisteáladh nó a taisceadh tagairtí do scaireanna i gcumann foirgníochta, i gcara-chumann nó i gcumann tionscail agus soláthair.” | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le bás aon duine a éagfaidh ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis. |