Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Laethanta is laethanta saoire poiblí)

25 1973


Uimhir 25 de 1973


AN tACHT UM LAETHANTA SAOIRE (FOSTAITHE), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ FEABHSAITHE LE hAGHAIDH SAOIRE D'FHOSTAITHE AGUS DO LEASÚ NA nACHTANNA LAETHEANTA SAOIRE PUIBLÍ, 1871 GO 1924. [21 Samhain, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1942, Uimh. 7 .

1. —(1) San Acht seo—

tá le “saoire bhliantúil” an bhrí a shonraítear in alt 3 (1);

ciallaíonn “fostú” fostú faoi chonradh seirbhíse (cibé acu is conradh sainráite nó intuigthe nó conradh ó bhéal nó i scríbhinn é) nó faoi chonradh printíseachta, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “bliain saoire” bliain a thosóidh aon lú lá d'Aibreán;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “gnáth-ráta seachtainiúil”, maidir le luach saothair—

(a) i gcás íocaíochta ar de réir am-ráta go hiomlán nó de réir tuarastail nó ráta shocair a íoctar í, agus in aon chás íocaíochta eile nach n-athraíonn i ndáil leis an obair a dhéantar—an tsuim (lena n-áirítear aon liúntas nó bónas rialta nach n-athraíonn i ndáil leis an obair a dhéantar, ach gan íocaíocht bhreis-ama a áireamh) is iníoctha in aghaidh gnáth-uaire a chloig oibre seachtainiúla sa tseachtain oibre díreach roimh an tsaoire bhliantúil nó roimh scor den fhostaíocht,

(b) in aon chás eile—suim is comhionann leis an meántuilleamh seachtainiúil (gan pá breis-ama a áireamh) do ghnáthuaire a chloig oibre arna ríomh faoi threoir an tuillimh i leith an ama a oibríodh sna trí sheachtain déag dar chríoch an lá roimh an tsaoire bhliantúil nó roimh scor den fhostaíocht nó, murar oibríodh aon am sna seachtainí sin, sna trí sheachtain déag dar chríoch an lá ar oibríodh go deireanach ar feadh am ar bith roimh an tsaoire bhliantúil nó roimh scor den fhostaíocht:

forléireofar “lá saoire poiblí” de réir an Sceidil;

forléireofar “rialacháin” de réir alt 14 (1);

ciallaíonn “fliuch-am” uaire a chloig breac-dhíomhaointis arb iníoctha sochar forlíontach ina leith faoi alt 28 den Acht Árachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 .

(2) Má fhanann fostaí i ngnóthas tar éis an gnóthas aistriú—

(a) measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith fostaithe ag an bhfostóir nua ó cibé uair acu seo is déanaí, is é sin, an uair a thosaigh a fhostaíocht sa ghnóthas nó an uair a thosaigh—

(i) an bhliain saoire roimhe sin i gcás gur sa chéad leath den dara bliain saoire nó aon bhliain saoire dá héis a tharla an t-aistriú, nó

(ii) an bhliain saoire a tharla an t-aistriú in aon chás eile,

(b) agus saoire bhliantúil a bheith lamháilte dó roimh an aistriú, measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an fostóir nua a lamháil í.

(3) Chun críocha an Achta seo measfar duine i seirbhís údaráis áitiúil a bheith fostaithe ag an údarás áitiúil.

Feidhmiú.

1936, Uimh. 2 .

2. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear le rialacháin, ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le—

(a) eachtar-oibrí,

(b) oibrí talmhaíochta,

(c) maraí,

(d) fostaí teach solais nó long solais,

(e) iascaire,

(f) daoine atá fostaithe ag an Stát nó faoin Stát seachas duine atá fostaithe amhlaidh ar obair thionscail de réir brí an Achta um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 , nó ar fhodhualgais i gcáil neamhbhunaithe sa státseirbhís,

(g) fostaí is gaol don fhostóir atá á chothabháil ag an bhfostóir agus a chónaíonn i dteach an fhostóra nó ar a fheirm.

(2) Féadfaidh forálacha cumhalda agus forlíontacha (lena n-áirítear forálacha ag modhnú an Achta seo) a bheith i rialacháin chun críocha fho-alt (1).

(3) Féadfaidh rialacháin fostaithe sonraithe a eisiamh ó fheidhm alt 3 nó alt 4.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “eachtar-oibrí” fostaí dá dtugtar amach earraí nó ábhair chun iad a chomhdhéanamh, a ghlanadh, a ní, a athrú, a ornáidiú nó a dheisiú nó a oiriúnú lena ndíol ina theach féin nó in áitreabh eile nach bhfuil faoi rialú ná bainistí an duine a thug amach na hábhair nó na hearraí;

ciallaíonn “oibrí talmhaíochta” oibrí talmhaíochta lena mbaineann na hAchtanna um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950 go 1969;

ciallaíonn “maraí” máistir nó comhalta den fhoireann ar aon árthach farraige (nach báirse ná bád dríodair), cibé acu ar úinéireacht phoiblí nó phríobháideach di, a bhíonn ag iompar lasta nó paisinéirí;

ciallaíonn “gaol” banchéile, fearchéile, athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, garmhac, gariníon, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar nó deirfiúr leasghaolmhar.

Teideal chun saoire bliantúla.

1946, Uimh. 26 .

3. —(1) Beidh fostaí i dteideal saoire le pá (dá ngairtear saoire bhliantúil san Acht seo) i leith bliana saoire ina mbeidh mí cháilitheach amháin ar a laghad de sheirbhís tugtha aige.

(2) Beidh saoire bhliantúil comhionann le trí sheachtain oibre i gcás dhá mhí dhéag cháilitheacha seirbhíse agus, faoi réir an chéad fho-ailt eile, le níos lú ná sin go comhréireach i gcás aon mhí dhéag den sórt sin nó níos lú.

(3) Beidh saoire bhliantúil comhionann freisin le trí sheachtain oibre i gcás an fostaí d'oibriú don fhostóir 1,400 uair a chloig (nó 1,300 uair a chloig i gcás é bheith faoi bhun 18 mbliana d'aois) i gcaitheamh na bliana saoire mura bliain saoire í ina n-athraíonn sé a fhostaíocht.

(4) Aon lá ar lá saoire bliantúla é ar leith ón bhfo-alt seo, áireofar, más lá breoiteachta é a dtabharfar deimhniú ó liachleachtóir cláraithe ina leith, nach lá saoire bliantúla é.

(5) (a) I gcás ocht mí cháilitheacha nó níos mó de sheirbhís a bheith tugtha, ní foláir, faoi réir aon chomhaontú fostaíochta cláraithe, aon ordú rialaithe fostaíochta nó aon chomhaontú le ceardchumann an fhostaí, tréimhse gan bhriseadh comhionann le dhá sheachtain oibre a bheith ar áireamh i saoire bhliantúil.

(b) Nuair a bheifear á fhionnadh, chun críocha an fho-ailt seo, an ionann tréimhse agus dhá sheachtain oibre, ní áireofar gur lá saoire poiblí nó lá breoiteachta aon lá áirithe.

(c) San fho-alt seo tá le “comhaontú fostaíochta cláraithe” an bhrí chéanna atá leis i gCuid III den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , agus tá le “ordú rialaithe fostaíochta” an bhrí chéanna atá leis i gCuid IV den Acht sin.

(6) Nuair is chuid de luach saothair cothú, iostas nó cothú agus iostas, féadfaidh an fostaí a roghnú, faoi réir pá dúbailte a thabhairt dó, gan saoire bhliantúil a thógáil.

(7) (a) San alt seo ciallaíonn “mí cháilitheach seirbhíse” aon mhí (Eanáir go Nollaig) inar oibrigh an fostaí cuid nár lú ná 120 uair a chloig (nó 110 n-uaire a chloig i gcás é a bheith faoi bhun 18 mbliana d'aois) don fhostóir.

(b) Chun críocha fho-alt (3) agus na míre sin roimhe seo—

(i) áireofar lá de shaoire bhliantúil mar lá ar ar oibrigh an fostaí na huaire a chloig a d'oibreodh sé dá mba nach raibh sé ar saoire, agus

(ii) áireofar fliuch-am mar uaire a chloig a oibríodh suas go dtí uasteorainn, i gcás fho-alt (3), 480 uair a chloig sa bhliain saoire nó, i gcás na míre sin roimhe seo, 40 uair a chloig sa mhí.

Teideal i leith laethanta saoire poiblí.

4. —(1) (a) Beidh fostaí i dteideal go bhfaighidh sé i leith lá saoire poiblí—

(i) lá saor le pá an lá sin, nó

(ii) lá saor le pá laistigh de mhí, nó

(iii) lá breise de shaoire bhliantúil, nó

(iv) pá lae breise,

de réir mar a chinnfidh an fostóir.

(b) D'ainneoin lá saoire poiblí do thitim ar lá a n-oibreodh fostaí de ghnáth, dá mba nár lá saoire é, cuid is lú ná lá iomlán, is tagairtí do phá lae iomláin na tagairtí atá san fho-alt seo i leith an lae sin do phá.

(2) (a) I gcás fostaíocht ó lá agus fostaíocht pháirtaimsire, ní foláir don fhostaí, chun bheith i dteideal saoire faoin alt seo, cuid nár lú ná 120 uair a chloig (nó 110 n-uaire a chloig i gcás é a bheith faoi bhun 18 mbliana d'aois) a bheith oibrithe aige don fhostóir sna cúig sheachtain dar chríoch an lá roimh an lá saoire poiblí.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo—

(i) áireofar am saor a lamháladh faoin Acht seo mar am a oibríodh,

(ii) áireofar fliuch-am mar uaire a chloig a oibríodh faoi réir uasteorainn caoga uair a chloig.

Cúiteamh ar scor d'fhostaíocht.

1952, Uimh. 11 .

5. —(1) I gcás—

(a) fostaí do scor de bheith fostaithe, agus

(b) saoire bhliantúil a bheith dlite dó i leith na bliana saoire reatha nó, i gcás an fhostaíocht do scor an chéad leath den bhliain sin, i leith na bliana sin, na bliana saoire roimhe sin nó ina leith araon,

íocfaidh an fostóir cúiteamh leis i leith na saoire bliantúla comhionann leis an gceathrú cuid den ghnáth-ráta seachtainiúil luach saothair in aghaidh gach mí cháilitheach seirbhíse.

(2) I gcás ina scoirfidh fostaíocht ó lá go lá agus an fostaí a bheith, agus gan saoire bhliantúil dlite dó, tar éis oibriú don fhostóir ar feadh cuid nár lú ná 120 uair a chloig (nó 110 n-uaire a chloig i gcás é a bheith faoi bhun 18 mbliana d'aois) sna 30 lá dar chríoch an lá sular scoir an fhostaíocht, íocfaidh an fostóir pá lae agus ceathrú breise leis mar chúiteamh.

(3) I gcás ina scoirfidh an fhostaíocht sna cúig sheachtain dar críoch an lá roimh lá saoire poiblí agus an fostaí a bheith tar éis cuid nár lú ná 120 uair a chloig (nó 110 n-uaire a chloig i gcás é a bheith faoi bhun 18 mbliana d'aois) a bheith oibrithe aige don fhostóir sa chuid den tréimhse sin roimh an scor, íocfaidh an fostóir pá lae breise leis mar chúiteamh i leith an lae saoire phoiblí.

(4) Is le hionadaithe an fhostaí a íocfar an cúiteamh faoin alt seo más é a bhás cúis an scoir.

(5) I gcás cúiteamh a bheith iníoctha faoi fho-alt (3), áireofar, chun críocha forálacha an Achta Leasa Shóisialaigh, 1952, a bhaineann le sochar dífhostaíochta, nach raibh an fostaí i bhfostaíocht an fhostóra an lá saoire poiblí.

Tráthanna agus íocaíocht do shaoire bhliantúil.

6. —(1) Cinnfidh an fostóir na tráthanna a thabharfar saoire bhliantúil tar éis dó riachtanais na hoibre a chur san áireamh agus faoi réir an méid seo a leanas—

(a) go gcuirfidh sé san áireamh na deiseanna sosa agus scíthe atá ann don fhostaí,

(b) comhairle a bheith glactha aige (roimh mhí dar críoch an tráth sin) leis an bhfostaí nó lena cheardchumann, agus

(c) saoire a thabhairt an bhliain saoire ar ina leith a thabharfar í nó sna sé mhí ina dhiaidh sin.

(2) Beidh fostóir a mhainneoidh fo-alt (1) (b) a chomhlíonadh ciontach i gcion.

(3) An pá do shaoire bhliantúil—

(a) is roimh ré a thabharfar é,

(b) is de réir an ghnáth-ráta sheachtainiúil luach saothair a íocfar é, agus

(c) i gcás inar cuid den luach saothair iostas, lóistín nó iostas agus lóistín, áireofar ann, faoi réir rialachán, cúiteamh i leith aon iostas nó lóistín nach bhfuarthas.

Fostóir do mhainniú saoire bhliantáil a thabhairt.

7. —Mura mbeidh an tsaoire bhliantúil tugtha ag fostóir, i gcás fostaí atá fós ar fostú aige tar éis chríochnú na tréimhse inar chóir an tsaoire bhliantúil a thabhairt—

(a) beidh an fostóir ciontach i gcion,

(b) tabharfaidh an fostóir (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh imeachtaí tionscanta i leith an chiona sin) don fhostaí, i dteannta aon phá a bheidh dlite, suim is comhionann leis an bpá a bheadh íoctha leis don tsaoire dá mba gur tugadh í sa chaoi go mbeadh deireadh léi ar chríochnú na tréimhse inar chóir í a thabhairt.

Fostóir do mhainniú suim atá dlite a íoc.

8. —(1) Má mhainníonn fostóir, i gcás suim a bheith dlite de d'fhostaí faoin Acht seo, an tsuim sin a íoc—

(a) beidh an fostóir ciontach i gcion,

(b) féadfaidh an fostaí (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh imeachtaí tionscanta i leith an chiona) an tsuim a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Féadfaidh an chúirt a chiontóidh fostóir i gcion faoin Acht seo a ordú dó, má bhaineann an cion le fostaí a bhfuil suim dlite de dó faoin Acht seo, an tsuim a íoc leis an bhfostaí.

(3) Féadfaidh ceardchumann fostaí imeachtaí de bhun fho-alt (1) (b) a thionscnamh agus a chothú thar ceann an fhostaí.

Cionta.

9. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche nó, i gcás an dara cion nó cion dá éis sin faoin alt céanna, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(2) Féadfaidh an tAire cion faoin alt seo a ionchúiseamh.

(3) Féadfar ionchúiseamh faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an chiona.

(4) I gcás ina gcruthófar, maidir le cion faoin Acht seo ag comhlacht corpraithe, go ndearnadh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh é trí aon fhaillí de chuid, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, measfar eisean freisin a bheith ciontach sa chion.

(5) In ionchúiseamh faoin Acht seo is cosaint é a chruthú gur tharla, nó go raibh coinne go dtarlódh, dóiteán, tuile, stoirm, foréigean, cliseadh gléasra nó innealra nó aon éigeandáil eile.

Taifid.

10. —(1) Coimeádfaidh fostóir, agus coinneoidh sé go ceann trí bliana ar a laghad, cibé taifid is gá chun a thaispeáint an bhfuil sé ag comhlíonadh an Achta seo.

(2) Beidh fostóir a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Cigirí.

11. —(1) San alt seo ciallaíonn “cigire” duine arna cheapadh ag an Aire chun bheith ina chigire chun críocha an Achta seo.

(2) Féadfaidh cigire—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit a mbeidh cúis réasúnach aige lena cheapadh go bhfuil aon fhostaí ar fostú ann,

(b) aon scrúdú nó fiosrú a dhéanamh ann is gá chun a fháil amach an bhfuiltear ag comhlíonadh an Achta seo,

(c) a cheangal ar fhostóir nó ar a ionadaí aon taifid a thabhairt ar aird a cheanglaíonn an tAcht seo ar an bhfostóir a choimeád agus na taifid a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh d'iontrálacha iontu,

(d) duine ar bith a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint gur fostóir nó fostaí é nó gurbh fhostóir nó fostaí é a cheistiú maidir le haon ábhair faoin Acht seo agus a cheangal air freagra a thabhairt ar cibé ceisteanna (seachas ceisteanna a d'inchoireodh é) a chuirfidh an cigre i dtaobh na n-ábhar sin agus dearbhú ar fhírinne na bhfreagraí a shíniú.

(3) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar do chigire le fo-alt (2) (a) infheidhmithe maidir le teach cónaí príobháideach mura ndeimhneoidh an tAire (nó oifigeach don Aire arna cheapadh chuige sin ag an Aire) go bhfuil cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go ndearna an fostóir cion faoin alt seo maidir le fostaí atá ar fostú sa teach agus mura ndéanfaidh an cigire, agus é á iarraidh é a ligean isteach sa teach, an deimhniú a thabhairt ar aird.

(4) Aon duine—

(a) a choiscfidh nó a bhacfaidh cigire agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar leis an alt seo,

(b) a dhiúltóidh aon taifead a thabhairt ar aird a iarrfaidh cigire air go dleathach a thabhairt ar aird,

(c) a thabharfaidh ar aird aon taifead a bheidh bréagach in aon sonra ábhartha agus a fhios aige é a bheith bréagach, nó a chuirfidh faoi deara é a thabhairt ar aird, nó a cheadóidh go feasach é a thabhairt ar aird, do chigire,

(d) a chuirfidh cosc, nó a fhéachfaidh le cosc a chur, le haon duine ó láithriú os comhair nó óna cheistiú ag cigire, nó

(e) a mhainneoidh go toiliúil nó a dhiúltóidh déanamh de réir aon cheanglais dleathaigh ó chigire faoi fho-alt (2) (d),

beidh an duine sin ciontach i gcion.

(5) Tabharfar deimhniú a cheaptha do chigire agus nuair a bheidh sé á iarraidh go ligfí isteach é in aon áitreabh nó áit, tabharfaidh sé an deimhniú ar aird, má iarrtar air é, don áititheoir agus d'aon duine a bheidh á cheistiú aige.

Obair le linn saoire bliantúla—ní féidir luach saothair a ghnóthú.

12. —Ní inghnóthaithe luach saothair i leith obair a dhéanann fostaí le linn saoire bliantúla.

Modhnú.

13. —(1) Féadfar aon fhorálacha de chuid an Achta seo a mhodhnú le rialacháin d'fhonn go gcomhlíonfar aon oibleagáidí idirnáisiúnta atá ar an Stát nó atá socair ag an Stát a ghabháil air féin.

(2) Más dóigh leis an Aire nach indéanta aon fhoráil áirithe de chuid an Achta seo a chomhlíonadh maidir le haon aicme áirithe fostaithe nó gnóthas, féadfar, le rialacháin, an fhoráil a mhodhnú i leith na haicme sin.

Rialacháin.

14. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo, agus is tagairtí do rialacháin faoin bhfo-alt seo na tagairtí i bhforálacha eile de chuid an Achta seo do rialacháin.

(2) Sula ndéanfaidh an tAire rialacháin chun críocha alt 13 (2), rachaidh sé i gcomhairle le cibé eagraíochtaí fostoirí agus le cibé eagraíochtaí fostaithe ar cuí leis comhairle a ghlacadh leo.

(3) (a) Má bheartaítear rialacháin a dhéanamh chun críocha alt 2, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin nó go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta.

(b) Leagfar rialacháin eile faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh siad ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin fúthu.

Caiteachais.

15. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Foirceannadh an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1961 , agus foráil idirlinne.

1961, Uimh. 33 .

16. —(1) Ní blianta fostaíochta faoin Acht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1961 , blianta dar tosach dáta thosach feidhme an Achta seo nó dáta da éis sin, agus ní bheidh feidhm ag an Acht sin maidir le laethanta saoire poiblí faoin Acht seo.

(2) I gcás ina mbeadh feidhm ag fo-alt (4) d'alt 9, ag fo-alt (3) d'alt 10 nó ag fo-alt (5) nó (6) d'alt 13 den Acht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1961 , i gcás oibrí i bhfostaíocht ar dháta thosach feidhme an Achta seo dá mba gur scoir an fhostaíocht díreach roimh an tosach feidhme sin, beidh feidhm ag an bhfo-alt sin, mura gcomhaontóidh an t-oibrí agus an fostóir ar a mhalairt, amhail is dá mba gur tharla an scor.

Leasú ar na hAchtanna Laetheanta Saoire Puiblí, 1871 go 1924.

1871, c. 17.

1875, c. 13.

17. —Beidh éifeacht ag na hAchtanna Laetheanta Saoire Puiblí, 1871 go 1924, faoi réir tagairt do na laethanta is laethanta saoire poiblí de bhua mhíreanna 1 agus 2 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur—

(a) in ionad na tagartha atá in alt 1 den Bank Holidays Act, 1871, do na laethanta a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus

(b) in ionad na tagartha in alt 1 den Holidays Extension Act, 1875, do na laethanta a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

18. —(1) Féadfar an tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Laethanta Saoire Poiblí, 1871 go 1973, a ghairm de na hAchtanna Laetheanta Saoire Puiblí, 1871 go 1924, agus d'alt 17 den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1974.