Ar Aghaidh (AN CHéAD SCEIDEAL)

29 1973


Uimhir 29 de 1973


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DON CHOINBHINSIÚN UM CHIONTA AGUS GNÍOMHARTHA ÁIRITHE EILE A DHÉANTAR AR BORD AERARTHACH A RINNEADH I dTÓICEO AN 14ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, 1963, AGUS DON CHOINBHINSIÚN CHUN COSC A CHUR LE hURGHABHÁIL NEAMHDHLEATHACH AERÁRTHACH A RINNEADH SA HÁIG AN 16ú LÁ DE NOLLAIG, 1970, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN.

[19 Nollaig, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1965, Uimh. 17 .

I.R. Uimh. 88 de 1963.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht um Eiseachadadh, 1965 ;

folaíonn “aerárthach” aon aerárthach seachas aerárthach stáit;

ciallaíonn “údarás iomchuí”, maidir le haerárthach, an t-údarás i gceannas an aerfoirt áirithe a dtuirlingíonn an t-aerárthach nó a mbeartaíonn sí tuirlingt ann;

ciallaíonn “ceannasaí”, maidir le haerárthach, an comhalta den fhoireann atá ainmnithe mar cheannasaí ag an oibritheoir nó, mura bhfuil aon duine ainmnithe amhlaidh, an píolóta i gceannas an aerárthaigh;

ciallaíonn “stát chonradh na Háige” stát ina bhfuil Coinbhinsiún na Háige i bhfeidhm de thuras na huaire;

ciallaíonn “Coinbhinsiún na Háige” an Coinbhinsiún chun Cosc a chur le hUrghabháil Neamhdhleathach Aerárthach a rinneadh sa Háig an 16ú lá de Nollaig, 1970, agus a bhfuil a théacs leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “aerárthach faoi urlámhas Éireannach” aerárthach—

(a) atá cláraithe sa Stát de thuras na huaire, nó

(b) nach bhfuil cláraithe sa Stát de thuras na huaire ach a chomhlíonann de thuras na huaire na ceanglais don chlárú sin a shonraítear in Airteagal 7 den Ordú Aerloingseoireachta (Náisiúntacht agus Clárú Aerárthaí), 1963, nó

(c)          (i) atá cláraithe i stát eile,

(ii) atá cairtfhostaithe de thuras na huaire trí fhorléasadh, ligean nó fruiliú, agus

(iii) a d'fhéadfaí, murach mír (2) den Airteagal sin 7, a chlárú sa Stát faoi mhír (3) den Airteagal sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;

ciallaíonn “oibritheoir”, maidir le haerárthach, an duine ag a bhfuil bainistí an aerárthaigh de thuras na huaire;

ciallaíonn “píolóta i gceannas”, maidir le haerárthach, an duine atá de thuras na huaire go dleathach i bhfeighil phíolótaíocht an aerárthaigh agus nach bhfuil faoi stiúradh aon phíolóta eile san aerárthach;

ciallaíonn “aerárthach stáit” aerárthach de chuid aon stáit a úsáidtear i seirbhísí míleata, custam nó póilíneachta an stáit sin;

ciallaíonn “stát chonradh Tóiceo” stát ina bhfuil Coinbhinsiún Tóiceo i bhfeidhm de thuras na huaire;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Tóiceo” an Coinbhinsiún um Chionta agus Gníomhartha Áirithe eile a dhéantar ar Bord Aerárthach a rinneadh i dTóiceo an 14ú lá de Mheán Fómhair, 1963, agus a bhfuil a théacs leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Measfar na tréimhsí seo a leanas a bheith ar áireamh sa tréimhse a bhíonn aerárthach ar eitilt—

(a) chun críocha an Achta seo, aon tréimhse ón nóiméad a fheidhmítear cumhacht le turgabháil go dtí an nóiméad turgabhála agus aon tréimhse ón nóiméad tadhlta go dtí an nóiméad a chríochnaíonn an rúid tuirlingthe (más ann), agus

(b) chun críocha ailt 3, 5, 7 agus 11 den Acht seo—

(i) aon tréimhsí breise ón nóiméad a dhúntar doirse seachtracha uile an aerárthaigh tar éis bordála le haghaidh eitilte go dtí an nóiméad a osclaítear aon doirse den sórt sin le haghaidh díbhordála tar éis na heitilte sin, agus

(ii) más tuirlingt éigin a dhéanann an t-aerárthach, aon tréimhse dá éis sin go dtí an t-am a ghabhann údaráis inniúla an stáit inar tharla an tuirlingt éigin freagracht orthu féin i leith an aerárthaigh agus i leith na ndaoine agus na maoine ar bord an aerárthaigh (is é sin, i gcás tuirlingt éigin sa Stát, an t-am a sroicheann comhalta den Gharda Síochána an áit tuirlingthe),

agus folóidh aon tagairt san Acht seo d'aerárthach ar eitilt tagairt d'aerárthach i gcaitheamh na tréimhse le linn di a bheith ar uachtar mara nó talún ach gan í a bheith laistigh de theorainneacha críche aon stáit.

(3) Beidh deimhniú faoi shéala an Aire á dheimhniú gur stát chonradh Tóiceo nó nach stát chonradh Tóiceo, de réir mar a bheidh, nó gur stát chonradh na Háige nó nach stát chonradh na Háige, de réir mar a bheidh, nó gur stát conarthach den dá chineál, nó nach stát conarthach de cheachtar cineál, de réir mar a bheidh, aon stát a shonraítear sa deimhniú sin aon tráth áirithe nó le linn tréimhse a bheidh sonraithe sa deimhniú sin, ina fhianaise go dtí go gcruthófar a malairt ar an bhfíoras a bheidh ráite amhlaidh.

(4) I gcás ina ndeir fógra chun an Stáit faoi Airteagal 18 de Choinbhinsiún Tóiceo nó faoi Airteagal 5 de Choinbhinsiún na Háige aon dá stát nó níos mó, ar stát chonradh Tóiceo nó stát chonradh na Háige gach stát díobh, a bheith—

(a) tar éis comheagraíocht oibríochta aeriompair, nó gníomhaireacht oibríochta idirnáisiúnta, a bhunú a oibríonn aerárthaí atá faoi réir a gcláraithe i gcomhar nó go hidirnáisiúnta, agus

(b) tar éis an stát acu a ainmniú i ndáil le gach aerárthach a oibrítear amhlaidh, arb é an stát cláraitheachta é chun críocha Choinbhinsiún Tóiceo nó Choinbhinsiún na Háige, nó an dá cheann acu, féadfaidh an tAire—

(i) a dhearbhú, le hordú, go ndéileálfar leis an aerárthach sin a dúradh (agus a shonrófar san ordú mar aon leis na stáit a bheidh luaite san fhógra) chun críocha an Achta seo agus Choinbhinsiún Tóiceo agus Choinbhinsiún na Háige nó ceachtar de na Coinbhinsiúin sin mar aerárthach atá cláraithe sa stát a ainmníodh amhlaidh (agus a shonrófar san ordú), agus

(ii) aon ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm le hordú.

(5) Is tagairtí don Stát na tagairtí atá san Acht seo do stát cláraitheachta aerárthaigh i gcás aerárthach—

(a) atá cláraithe sa Stát de thuras na huaire, nó

(b) nach bhfuil cláraithe amhlaidh de thuras na huaire ach a chomhlíonann na ceanglais le hagaidh clárú sa Stát a shonraítear san Airteagal sin 7.

Feidhm an dlí choiriúil maidir le haerárthaí.

2. —(1) Aon ghníomh nó neamhghníomh ar chion faoi dhlí an Stáit é dá mba sa Stát a tharla sé, is é an cion sin é má tharlaíonn sé ar bhord aerárthaigh faoi urlámhas Éireannach agus í ar eitilt in áit seachas sa Stát nó os cionn an Stáit.

(2) Féadfar imeachtaí i leith cion faoin Acht seo nó i leith cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a thionscnamh, agus chun gach críche teagmhasaí déileálfar leis an gcion mar chion a rinneadh, in aon áit sa Stát.

Cumhacht ceannasaí aerárthaigh duine a shrianadh.

3. —(1) Má bhíonn foras réasúnach ag ceannasaí aerárthaigh atá cláraithe i stát chonradh Tóiceo a chreidiúint go bhfuil duine tar éis nó ar tí aon ghníomh a dhéanamh ar bhord an aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit—

(a) ar ghníomh é, dá mba sa stát ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe a rinneadh é, ba chion faoin dlí atá i bhfeidhm sa stát sin, nó

(b) is contúirt nó a d'fhéadfadh bheith ina chontúirt—

(i) do shábháilteacht an aerárthaigh,

(ii) do shábháilteacht daoine nó maoine ar bhord an aerárthaigh, nó

(iii) do dhea-ord nó araíonacht ar bhord an aerárthaigh, féadfaidh an ceannasaí cibé bearta réasúnacha a fheidhmiú maidir leis an duine, lena n-áirítear srian ar a phearsa, ar bearta iad is dóigh leis le réasún is gá—

(i) chun sábháilteacht an aerárthaigh, nó daoine nó maoine ar bhord an aerárthaigh, a chosaint,

(ii) chun dea-ord agus araíonacht a choimeád ar bhord an aerárthaigh, nó

(iii) chun go bhféadfaidh an ceannasaí an duine a chur ó bhord nó a sheachadadh do chomhalta den Gharda Síochána sa Stát nó d'údaráis inniúla lasmuigh den Stát, de réir mar a bheidh, de réir forálacha an Achta seo.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh ceannasaí aerárthaigh—

(a) a ordú nó a údarú d'aon chomhalta eile d'fhoireann an aerárthaigh cúnamh a thabhairt, nó

(b) a iarraidh ar aon duine eile ar bhord an aerárthaigh, nó a údarú dó, cúnamh a thabhairt.

(3) Féadfaidh aon chomhalta d'fhoireann aerárthaigh agus í ar eitilt, nó aon duine eile ar bord, gan ceannasaí an aerárthaigh á ordú nó á údarú sin dó ná á iarraidh sin air, aon bhearta réasúnacha a dhéanamh, maidir le haon duine ar bhord an aerárthaigh, a mbeidh foras réasúnach aige a chreidiúint gur gá iad a dhéanamh láithreach chun sábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine inti a chosaint.

(4) Aon srian a chuirfear ar dhuine ar bord aerárthaigh faoin alt seo ní leanfar de tar éis an tráth a scoirfidh an t-aerárthach i gcéadóir de bheith ar eitilt agus a thabharfar an duine ar láimh do chomhalta den Gharda Síochána sa Stát nó d'údaráis inniúla lasmuigh den Stát, de réir mar a bheidh, mura rud é—

(a) gur i gcríoch stáit nach stát chonradh Tóiceo agus a dhiúltóidh cead a thabhairt an duine sin a chur ó bhord, don áit a scoirfidh an t-aerárthach i gcéadóir de bheith ar eitilt,

(b) gur cuireadh na bearta srianta i bhfeidhm le go bhféadfaí an duine a sheachadadh d'údaráis inniúla i stát cláraitheachta an aerárthaigh (is comhalta den Gharda Síochána i gcás an Stáit),

(c) gur tuirlingt éigin tuirlingt an earárthaigh agus nach féidir leis an gceannasaí an duine a sheachadadh d'údaráis inniúla (is comhalta den Gharda Síochána i gcás tuirlingt éigin sa Stát), nó

(d) go n-aontóidh an duine atá faoi shrian leanúint dá thuras faoi shrian ar bhord an aerárthaigh sin.

Dualgas ceannasaí aerárthaigh fógra a thabhairt don údarás iomchuí go bhfuil duine faoi shrian.

4. —(1) Tabharfaidh ceannasaí aerárthaigh, más féidir é sula gcríochnóidh sí a heitilt, agus, ar aon nós, a luaithe is féidir é tar éis di a heitilt a chríochnú, sa Stát agus duine ar bhord an aerárthaigh atá curtha faoi shrian de bhun alt 3 den Acht seo, fógra don údarás iomchuí—

(a) go bhfuil an duine sin faoi shrian,

(b) ag insint na gcúiseanna leis an srianadh sin.

(2) Tabharfaidh ceannasaí aerárthaigh faoi urlámhas Éireannach, más féidir é sula gcríochnóidh sí a heitilt, agus, ar aon nós, a luaithe is féidir é tar éis di a heitilt a chríochnú, i gcríoch aon stáit eile agus duine ar bhord an aerárthaigh atá curtha faoi shrian de bhun alt 3 den Acht seo, fógra don údarás iomchuí—

(a) go bhfuil an duine sin faoi shrian, agus

(b) ag insint na gcúiseanna atá leis an srianadh sin.

Cumhacht ceannasaí aerárthaigh daoine a chur ó bhord an aerárthaigh.

5. —(1) Má bhíonn foras réasúnach ag ceannasaí aerárthaigh, seachas aerárthach faoi urlámhas Éireannach, atá cláraithe i stát chonradh Tóiceo, chun a chreidhúint go bhfuil duine tar éis nó ar tí aon ghníomh a dhéanamh ar bhord an aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit, cibé acu is cion an gníomh sin nó nach ea, ar gníomh é is contúirt nó a d'fhéadfadh bheith ina chontúirt—

(i) do shábháilteacht an aerárthaigh,

(ii) do shábháilteacht daoine nó maoine ar bhord an aerárthaigh, nó

(iii) do dhea-ord agus araíonacht ar bhord an aerárthaigh,

féadfaidh an ceannasaí, d'fhonn sábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine inti a chosaint, nó d'fhonn dea-ord agus araíonacht a choimeád ar bhord an aerárthaigh, an duine a chur ó bhord i gcríoch an Stáit.

(2) Má bhíonn foras réasúnach ag ceannasaí, aerárthaigh faoi urlámhas Éireannach a chreidiúint go bhfuil duine tar éis nó ar tí aon ghníomh a dhéanamh ar bhord an aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit, cibé acu is cion an gníomh sin nó nach ea, ar gníomh é is contúirt nó a d'fhéadfadh bheith ina chontúirt—

(i) do shábháilteacht an aerárthaigh,

(ii) do shábháilteacht daoine nó maoine ar bhord an aerárthaigh, nó

(iii) do dhea-ord agus araíonacht ar bhord an aerárthaigh,

féadfaidh an ceannasaí, d'fhonn sábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine inti a chosaint, nó d'fhonn dea-ord agus araíonacht a choimeád ar bhord an aerárthaigh, an duine a chur ó bhord i gcríoch aon stáit.

Dualgas ceannasaí aerárthaigh fógra a thabhairt don údarás iomchuí gur cuireadh duine ó bhord.

6. —Tabharfaidh ceannasaí aerárthaigh, a luaithe is féidir é tar éis dó duine a chur ó bhord de bhun alt 5 den Acht seo, fógra don údarás iomchuí—

(a) go bhfuil an duine sin curtha ó bhord aige, agus

(b) ag insint na gcúiseanna faoin duine sin a chur ó bhord amhlaidh.

Cumhacht ceannasaí aerárthaigh duine a sheachadadh don Gharda Síochána nó d'údaráis inniúla.

7. —(1) Má bhíonn foras réasúnach ag ceannasaí aerárthaigh atá cláraithe i stát chonradh Tóiceo a chreidiúint gníomh a bheith déanta ag duine ar bhord an aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit arb é a thuairim gur cion tromchúiseach é faoi dhlí coiriúil stát cláraitheachta an aerárthaigh, féadfaidh an ceannasaí, más sa Stát a chríochnóidh eitilt an aerárthaigh, an duine a sheachadadh do chomhlta den Gharda Síochána a luaithe is féidir tar éis don eitilt sin críochnú.

(2) Má bhíonn foras réasúnach ag ceannasaí aerárthaigh faoi urlámhas Éireannach a chreidiúint gníomh a bheith déanta ag duine ar bhord an aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit arb é a thuairim gur cion tromchúiseach é faoi dhlí coiriúil an Stáit, féadfaidh an ceannasaí, más lasmuigh den Stát i gcríoch stát chonradh Tóiceo a chríochnóidh eitilt an aerárthaigh, an duine a sheachadadh d'údaráis inniúla an stáit sin a luaithe is féidir tar éis don eitilt sin críochnú.

Dualgas ceannasaí aerárthaigh fógra a thabhairt don údarás iomchuí go go bhfuil sé chun duine a sheachadadh.

8. —(1) Tabharfaidh ceannasaí aerárthaigh, más féidir é sula gcríochnóidh sí a heitilt, agus, ar aon nós, a luaithe is féidir é tar eis di a heitilt a chríochnú, sa Stát agus duine ar bord atá sé chun a sheachadadh do chomhalta den Gharda Síochána de bhun alt 7 (1) den Acht seo, fógra don údarás iomchuí—

(a) go bhfuil sé chun an duine a sheachadadh mar a dúradh, agus

(b) ag insint na gcúiseanna leis an seachadadh sin.

(2) Tabharfaidh ceannasaí aerárthaigh faoi urlámhas Éireannach, más féidir é sula gcríochnóidh sí a heitilt, agus, ar aon nós, a luaithe is féidir é tar éis di a heitilt a chríochnú, i gcríoch stát chonradh Tóiceo agus duine ar bord atá sé chun a sheachadadh d'údaráis inniúla an stáit sin de bhun alt 7 (2) den Acht seo, fógra don údarás iomchuí—

(a) go bhfuil sé chun an duine a sheachadadh mar a dúradh, agus

(b) ag insint na gcúiseanna leis an seachadadh sin.

Dualgas ceannasaí aerárthaigh faisnéis a thabhairt.

9. —Tabharfaidh ceannasaí aerárthaigh don duine dá seachadfar aon duine de bhun alt 7 den Acht seo an fhianaise agus an fhaisnéis go léir i dtaobh an ghnímh lena mbaineann seachadadh an duine de bhun an ailt sin a bheidh go dleathach ina sheilbh de réir dlí stát cláraitheachta an aerárthaigh.

Slánaíocht do cheannasaí aerárthaigh, etc.

10. —Ní bheidh ceannasaí aerárthaigh, comhalta d'fhoireann aerárthaigh, paisinéir in aerárthach, úinéir nó oibritheoir aerárthaigh ná aon duine a ndearnadh eitilt thar a cheann—

(a) faoi réir a chionaithe sa Stát in aon ionchúiseamh coiriúil. ná

(b) faoi dhliteanas damáistí sa Stát in aon chaingean shibialta.

a thionscnófar i leith aon bheart a rinneadh in aghaidh aon duine de bhun foráil de chuid an Achta seo.

Aerárthach a urghabháil go neamndhíeathach.

11. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás duine ar bord aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit—

(a) a dhéanfaidh go neamhdhleathach, le forneart nó le bagairt fornirt, nó le himeaglú de chineál ar bith eile, an t-aerárthach sin a urghabháil nó urlámhas a fheidhmiú uirthi nó a chuirfidh isteach ar urlámhas an aerárthaigh sin ar dhóigh ar bith eile, nó

(b) a thabharfaidh faoi ghníomh den sórt sin a dhéanamh nó a chabhróidh nó a neartóidh le duine a bheidh ag déanamh aon ghnímh den sórt sin nó ag tabhairt faoina dhéanamh, nó a chomhairleoidh nó a thabharfaidh chun críche go ndéanfar aon ghníomh den sórt sin,

beidh sé ciontach i gcion,

(2) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, duine a dhéanfaidh, ar bord aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit, gníomh lena mbaineann an fo-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “gníomh lena mbaineann an fo-alt seo” gníomh foréigin arna dhéanamh, i ndáil le gníomh ar cion é faoi fho-alt (1) den alt seo, in aghaidh paisinéirí nó foireann an aerárthaigh áirithe agus ar chion indíotála é dá mba sa Stát a rinneadh é.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ná fo-alt (2) den alt seo—

(a) maidir le gníomh ar bhord aerárthaigh ar i gcríoch stát cláraitheachta an aerárthaigh dá háit turgabhála agus freisin dá háit tuirlingthe iarbhír, ná

(b) maidir le gníomh a dhéanfar ar bhord aerárthaigh ar stát é a stát cláraitheachta atá ainmnithe in ordú a rinneadh de bhun fógra a cuireadh in iúl don Stát faoi Airteagal 5 de Choinbhinsiún na Háige agus a bhfuil feidhm aige de thuras na huaire faoi alt 1 den Acht seo agus ar i gcríoch an stáit chéanna, is stát atá sonraithe san ordú sin, dá háit turgabhála agus freisin dá háit tuirlingthe iarbhír.

(4) D'ainneoin fho-alt (3) den alt seo, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo maidir le gníomh ar aerárthach, lena n-áirítear aerárthach stáit—

(a) más gníomh é ag duine is saoránach d'Éirinn nó ar sa Stát a chónaíonn sé de ghnáth, nó

(b) más gníomh é a rinneadh sa Stát nó os cionn an Stáit, nó

(c) más aerárthach faoi urlámhas Éireannach an t-aerárthach.

(5) Má thuirlingíonn aerárthach ar chríoch an Stáit tar éis eitilte agus go mbeidh cúis ag comhalta den Gharda Síochána a chreidiúint go bhfuil ar bhord an aerárthaigh duine a rinne cion faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) den alt seo le linn na heitilte, féadfaidh an comhalta mar aon le haon chomhaltaí eile den Gharda Síochána dul gan bharántas isteach san aerárthach, agus féadfaidh aon duine mar sin a gheobhaidh sé san aerárthach a ghabháil gan bharántas.

(6) Mura saoránach d'Éirinn duine a ghabhfar faoi fho-alt (5) den alt seo nó mura sa Stát a chónaíonn sé de ghnáth,

(a) ansin, más eachtrannach é a bhféadfaí, faoin dlí a bhaineann le heachtrannaigh, diúltú cead a thabhairt dó teacht isteach sa Stát, measfar, chun críocha an dlí sin, gur eachtrannach é ar diúltaíodh an cead sin a thabhairt dó, agus

(b) féadfar é a choinneáil i gcoimeád ar feadh tréimhse nach faide ná 48 n-uaire a chloig agus ansin, faoi réir alt 12 den Acht seo, é a scaoileadh saor:

Ar choinníoll, áfach, nach scaoilfear é faoin alt seo má chúisítear i gcion faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) den alt seo é sula mbeidh an tréimhse 48 n-uaire a chloig caite.

Feidhm Acht 1965 maidir le daoine a ghabhfar nó a sheachadfar faoin Acht seo.

12. —Aon duine a ghabhfar faoi alt 11 den Acht seo nó a sheachadfar do chomhalta den Gharda Síochána faoi alt 7 (1) den Acht seo measfar, ina theannta sin—

(a) más i stát lena mbaineann Cuid II d'Acht 1965 atá an t-aerárthach iomchuí cláraithe agus (más saoránach d'Éirinn é) mura bhfuil eiseachadadh an duine sin toirmiscthe le halt 14 den Acht sin, é a bheith gafa de bhun barántas a eisíodh faoi alt 27 den Acht sin, agus

(b) más in áit lena mbaineann Cuid III den Acht sin atá an t-aerárthach iomchuí cláraithe, é a bheith gafa de bhun barántas a eisíodh faoi alt 49 den Acht sin,

agus ní bheidh feidhm ag alt 15 d'Acht 1965 maidir le heiseachadadh duine lena mbaineann an t-alt seo.

Srian le caingean a thionscnamh i leith sárú ar dhlíthe áirithe.

13. —Ní fhorléireofar aon fhoráil san Acht seo mar fhoráil a bhronnann údarás nó a chuireann ceangal ar cheannasaí aerárthaigh ná ar aon duine eile inti aon bheart a dhéanamh i leith cion is inphionóis faoi dhlíthe de chineál polaitiúil nó i leith cion atá bunaithe ar idirdhealú cine nó creidimh, mura bhfuil sábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine ar bhord an aerárthaigh i gcontúirt mar gheall ar na cionta sin.

Measfar nár tháinig daoine áirithe isteach sa Stát.

14. —I gcás duine is eachtrannach a bhféadfaí, faoin dlí a bhaineann le heachtrannaigh, diúltú cead a thabhairt dó teacht isteach sa Stát, a bheith sa Stát toisc amháin—

(a) gur cuireadh ó bhord aerárthaigh é de bhun alt 5 den Acht seo, nó

(b) gur seachadadh don Gharda Síochána é de bhun alt 7 den Acht seo, nó

(c) gur gabhadh é faoi alt 11 den Acht seo,

measfar, chun críocha an dlí sin, nár tháinig an duine sin isteach sa Stát.

Mainneachtain fógra agus faisnéis a thabhairt d'údaráis.

15. —Beidh ceannasaí aerárthaigh a sháróidh alt 4, 6, 8, nó 9 den Acht seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Pionós i leith cionta faoi alt 11.

1907, c.17.

16. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 11 den Acht seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht lena shaol, nó príosúnacht ar feadh cibé téarma eile is cuí leis an gcúirt, a chur air.

(2) Ní fhionróidh cúirt pianbhreith a tugadh faoin alt seo.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 1 (2) den Probation of Offenders Act. 1907, maidir le cion faoi alt 11 den Acht seo.

Leasú ar alt 10 den Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963.

1963, Uimh. 15 .

17. —Beidh éifeacht ag alt 10 den Acht Aerloingseoireachta (Euro-control), 1963 (a bhaineann le taifid a choimeád faoi ghluaiseachtaí aerárthaí agus le húsáid na dtaifead sin mar fhianaise), amhail is dá mbeadh tagairt do chion faoin Acht seo ar áireamh sa tagairt atá i bhfo-alt (1) (c) do chion.

Caiteachais.

18. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh aon Aire Stáit ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

19. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1973, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1965, le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsula a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla.