30 1973


Uimhir 30 de 1973


AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ BREISE NACH MÓ NÁ MÉID IOMLÁN SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA. [19 Nollaig, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960.

1960, Uimh. 35 .

1971, Uimh. 35 .

1. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (cc) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1971 ):

“(ccc) Iocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlan ná £3,100,070, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,”,

agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo:

AN TÁBLA

(2) Déanfar na híocaíochtaí seo a leanas, amhail mar agus nuair is iomchuí iad a íoc thar ceann an Rialtais, a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis:

(a) íocaíochtaí faoi fho-ailt (a) go (d) d'Alt 2 d'Airteagal II den Chomhaontú,

(b) íocaíochtaí faoi Alt 1 d'Airteagal III den Chomhaontú,

(c) íocaíochtaí faoi mhír (a) d'Alt 2 d'Airteagal IV den Chomhaontú,

(cc)  íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná méid is comhionann in airgead reatha na hÉireann le 4 mhilliún dollar de chuid na Stát Aonthaithe den mheáchan agus den ghlaine a bhí i bhfeidhm an 1 ú lá d'Eanáir, 1960, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóiri an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,

(ccc)  íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán na £3,100,070, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,

(d) íocaíochtaí faoi fhomhir (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1973, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 agus 1971, agus den Acht seo le chéile.