Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Dáilcheantair)

7 1974


Uimhir 7 de 1974


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁIL CHUN LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN A SHOCRÚ AGUS CHUN DÁILCHEANTAIR A ATHMHEAS AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN. [7 Bealtaine, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2. —Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, céad daichead is ocht an líon comhaltaí a bheidh i nDáil Éireann.

Dáilcheantair.

3. —(1) Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar gurb é an limistéar sin é mar a bhí sé an lú lá d'Eanáir, 1973, ach má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantar ina bhfuil aon bhaile fearainn nó aon bhóthar nó sráid nó aon chuid den chéanna, nó aon chuid de bharda, cinnfidh an tAire an t-amhras.

(3) Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo déanfar tagairt do shean-tuathcheantar a fhorléiriú mar thagairt don cheantar sin mar a bhí sé díreach roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1925.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

4. —Toghfar do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

An Ceann Comhairle a bheidh ag dul as oifig a atoghadh.

1963, Uimh. 19 .

1969, Uimh. 3 .

5. —Chun críocha alt 14 (1) (b) den Acht Toghcháin, 1963 , dearbhaítear leis seo gurb ionann dáilcheantar Thiobraid Árann Theas a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus dáilcheantar Thiobraid Árann Theas a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin (Leasú), 1969 .

Socruithe sealadacha maidir le clár na dtoghthóirí.

6. —(1) I gcás ceantar vótaíochta nó cuid de cheantar vótaíochta a bheith i ndáilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus nach ionann a achar agus achar aon dáilcheantair a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú go dtaifeadfar ainm an dáilcheantair sin maidir leis an gceantar vótaíochta, nó leis an gcuid den cheantar vótaíochta, i ngach dréachtchlár, liosta éilitheoirí, clár toghthóirí agus liosta ceartuithe a ullmhófar faoi Chuid II den Acht Toghcháin, 1963 , agus a fhoilseoidh údarás clárúcháin roimh an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith.

(2) Murab ionann achar dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus achar aon dáilcheantair a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, déanfaidh an t-údarás clárúcháin nó na húdaráis chlárúcháin lena mbaineann liosta nó liostaí de phostvótálaithe a ullmhú ina leith a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith.

Socruithe sealadacha maidir le ceantair vótaíochta áirithe.

7. —(1) Más rud é, maidir le ceantar vótaíochta a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, nach mbeidh a iomlán laistigh de cheann de na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ansin, maidir leis an gcuid den cheantar vótaíochta a bheidh i ndáilcheantar a shonrófar amhlaidh, déanfaidh an t-oifigeach iomchuí, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gceann comhairimh don dáilcheantar lena mbaineann—

(a) í féin nó codanna di a chur isteach le haon cheantar nó ceantair vótaíochta a bheidh tadhlach léi, nó

(b) ceantar vótaíochta a dhéanamh di agus áit vótaíochta a cheapadh di.

(2) Maidir le socrú a dhéanfar de bhun mhír (a) nó mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo—

(a) beidh sé faoi réir a dhaingnithe ag an Aire agus féadfaidh an tAire an socrú, modhnaithe nó gan mhodhnú, a dhaingniú,

(b) ní bheidh éifeacht aige maidir le haon chorrthoghchán a tharlóidh roimh an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, agus

(c) beidh éifeacht aige go dtí (agus ní bheidh ach do dtí) go dtiocfaidh an chéad scéim faoi alt 22 den Acht Toghcháin, 1963 , maidir leis an gcontae nó leis an gcontae-bhuirg ina mbeidh an ceantar vótaíochta i ngníomh tar éis an tAcht seo a rith.

(3) San alt seo ciallaíonn “an t-oifigeach iomchuí”—

(a) maidir le ceantar vótaíochta i gcontae-bhuirg, an bainisteoir chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge (lena n-áirítear duine arna cheapadh go cuí mar ionadaí don bhainisteoir sin nó chun gníomhú in áit an bhainisteora sin le linn é a bheith as láthair nó faoi éagumas nó le linn a oifig a bheith folamh),

(b) maidir le haon cheantar vótaíochta eile, rúnaí chomhairle an chontae ina mbeidh an ceantar vótaíochta (lena n-áirítear duine arna cheapadh go cuí mar ionadaí don rúnaí sin nó chun gníomhú in áit an rúnaí sin le linn é a bheith as láthair nó faoi éagumas nó le linn a oifig a bheith folamh).

Aisghairm.

1969, Uimh. 3 .

8. —(1) Aisghairtear leis seo an tAcht Toghcháin (Leasú), 1969 .

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh díreach ar an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

9. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1973, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1974, a ghairm díobh le chéile.