An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ORDUITHE COTHABHÁLA, 1974) Ar Aghaidh (CUID II Orduithe Cothabhála a Aithint agus a Fheidhmiú go Cómhalartach)

16 1974

AN tACHT UM ORDUITHE COTHABHÁLA, 1974

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Orduithe Cothabhála, 1974 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú.

Léiriú.

3. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “údarás iomchuí” an duine, i ndlínse chómhalartúcháin, ag a bhfuil feidhm ar comhréir le feidhm Mháistir na hArd-Chúirte faoi alt 19 (3);

tá le “ordú feidhmiúcháin” an bhrí a shanntar dó in alt 6;

ciallaíonn “creidiúnaí cothabhála”, maidir le hordú cothabhála, an duine atá i dteideal na n-íocaíochtaí dá bhforálann an t-ordú;

ciallaíonn “féichiúnaí cothabhála”, maidir le hordú cothabhála, an duine a dhlíonn íocaíochtaí a dhéanamh faoin ordú;

ciallaíonn “ordú cothabhála”—

(a) ordú (lena n-áirítear ordú atharthachta nó ordú dá dhroim sin) a fhorálann suimeanna airgid a íoc go tréimhsiúil i leith cothabháil aon duine, is é sin, duine a bhfuil an duine a bhfuil sé dlite de suimeanna a íoc faoin ordú faoi dhliteanas, de réir dlí na dlínse ina ndearnadh an t-ordú, é a chothabháil, nó

(b) ordú atharthachta nó ordú dá dhroim sin, is é sin, ordú a fhorálann duine a mbeidh breithnithe, cinnte nó dearbhaithe gurb é athair linbh áirithe é d'íoc caiteachais i ndáil le breith an linbh nó, i gcás an leanbh d'fháil bháis, d'íoc na gcaiteachas adhlactha,

agus, i gcás ordú cothabhála a athraíodh, ciallaíonn sé an t-ordú sin arna athrú;

ciallaíonn “imeachtaí cothabhála” imeachtaí i ndáil le hordú cothabhála a dhéanamh, a athrú nó a chúlghairm;

ciallaíonn “fógra faoi thionscnamh na n-imeachtaí”, maidir le himeachtaí cothabhála—

(a) más sa Stát a tionscnaíodh na himeachtaí, cóip den toghairm nó den doiciméad tionscnaimh eile a seirbheáladh sa Stát nó fógra gur eisíodh an toghairm nó an doiciméad tionscnaimh eile,

(b) más i dTuaisceart Éireann nó i Sasana agus sa Bhreatain Bheag a tionscnaíodh na himeachtaí, cóip den toghairm nó den doiciméad tionscnaimh eile a seirbheáladh i ndlínse chómhalartúcháin, fógra go ndearnadh ordú cothabhála sealadach nó fógra gur iarradh ordú cothabhála ar chúirt,

(c) más in Albain a tionscnaíodh na himeachtaí, cóip den eascaire, den toghairm nó den doiciméad tionscnaimh eile, mar aon le cóip den bharántas i gcóir seirbheála agus cóip den lua;

ciallaíonn “dlínse chómhalartúcháin” Tuaisceart Éireann, Sasana agus an Bhreatain Bheag, nó Albain;

folaíonn “cúlghairm”, maidir le hordú cothabhála, an t-ordú sin a urscaoileadh nó suim sheachtainiúil is iníoctha faoi a fhoirceannadh agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(2) D'fhonn amhras a sheachaint, folaíonn ordú cothabhála—

(a) ordú den sórt sin a ghabhann le cinneadh i dtaobh stádas daoine nádúrtha,

(b) ordú den sórt sin a fuair údarás áitiúil nó a fuarthas ina fhabhar i ndáil le cothabháil nó sochair eile a sholáthar maidir le duine a ndlíonn an féichiúnaí cothabhála, de réir dlí na dlínse ina ndearnadh an t-ordú, é a chothabháil, agus

(c) foráil i gcomhaontú scríofa idir céilí faoina n-íocfaidh céile amháin díobh suim thréimhsiúil i leith cothabháil an chéile eile nó aon linbh dá gcuid nó i leith aon linbh a bhfuil ceachtar díobh in loco parentis dó, is é sin, comhaontú a cuireadh in ordú cúirte nó a ceadaíodh le hordú cúirte nó a ndearnadh riail chúirte de.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó do roinn eile, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don roinn den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Réim an Achta.

4. —Beidh éifeacht ag an Acht seo maidir le horduithe cothabhála cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh iad ach ní bheidh éifeacht acu maidir le riaráiste a d'fhaibhrigh roimh thosach feidhme an Achta seo.

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.