22 1974


Uimhir 22 de 1974


AN tACHT UM IONCHÚISEAMH I gCIONTA, 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN OIFIG STIÚRTHÓRA IONCHÚISEAMH POIBLÍ A BHUNÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH FEIDHMEANNA NA hOIFIGE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS LE RIARADH AN DLÍ. [23 Iúil, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Minithe.

1924, Uimh. 10 .

1967, Uimh. 12 .

1956, Uimh. 45 .

1. —San Acht seo—

tá le “an Stiúrthóir Gníomhach” an bhrí a shanntar dó le halt 9 den Acht seo;

folaíonn “ábhair choiriúla” imeachtaí coiriúla agus iarratais ar aon ordú certiorari, mandamus, toirmisc nó ar aon ordú nó urghaire eile ar thaobh an Stáit maidir le himeachtaí coiriúla nó le haon imeachtaí eile a bhaineann le himeachtaí coiriúla nó aon ábhar a leanann astu sin agus folaíonn sé cásanna sonraithe, deimhnithe ón Ard-Aighne faoi alt 29 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , tarchur faoi alt 34 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , agus iarratais agus imeachtaí eile a leanann as imeachtaí coiriúla;

tá le “an Státseirbhís” an bhrí a shanntar dó le hAcht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 ;

tá le “an Stiúrthóir” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhme tagairtí d'fheidhmiú cumhachta agus do chomhlíonadh dualgais;

ciallaíonn “oifigeach gairmiúil” oifigeach is abhcóide nó aturnae.

Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

2. —(1) Bunaítear leis seo oifig Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a ghairfear de shealbhóir na hoifige agus an Stiúrthóir a ghairtear de dá éis seo san Acht seo.

(2) An Rialtas a cheapfaidh an Stiúrthóir.

(3) (a) Ní cheapfar duine ina Stiúrthóir murab abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach é ar dháta a cheaptha agus mura mbeidh cleachta aige ar feadh deich mbliana ar a laghad mar abhcóide nó mar aturnae.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gur cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae seirbhís ar feadh aon tréimhse i bpost sa Státseirbhís ar cháilíocht ba riachtanach do dhuine a bheith aige chun a cheaptha chuige cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, cibé acu é, ar feadh na tréimhse sin, agus measfar gurbh abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach, cibé acu é, duine le linn dó a bheith i bpost den sórt sin.

(4) Státseirbhíseach i Státseirbhís an Stáit a bheidh sa Stiúrthóir.

(5) Beidh an Stiúrthóir neamhspleách ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó.

(6) Rachaidh an tArd-Aighne agus an Stiúrthóir i gcomhairle le chéile ó am go ham maidir le hábhair a bhaineann le feidhmeanna an Stiúrthóra.

(7) (a) (i) Beidh coiste ann ar a mbeidh—

(I) an Príomh-Bhreitheamh,

(II) Cathaoirleach Ardchomhairle Bharra na hÉireann,

(III) Uachtarán an Dlí-Chumainn Chorpraithe,

(IV) Rúnaí an Rialtais, agus

(V) an Cúntóir Dlíthiúil Sinsearach in Oifig an Ard-Aighne.

(ii) I gcás aon duine de na daoine réamhráite sin do chur in iúl aon uair nach mian leis nó nach féidir leis gníomhú ar feadh aon tréimhse mar chomhalta den choiste, féadfaidh an Taoiseach, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Ard-Aighne, duine eile a cheapadh ina chomhalta den choiste ina ionad ar feadh na tréimhse sin.

(b) Déanfaidh an coiste a bhunaítear leis an bhfo-alt seo iarrthóirí a roghnú, aon uair a iarrfaidh an Taoiseach orthu é, le ceapadh chun oifig an Stiúrthóra agus inseoidh siad don Taoiseach na hiarrthóirí a roghnaíodh agus a n-oiriúnacht don cheapachán sin.

(c) Ní cheapfaidh an Rialtais duine ina Stiúrthóir murar roghnaíodh an duine sin nó mura raibh sé ar áireamh na ndaoine a roghnaíodh ag an gcoiste réamhráite de bhun iarratas faoi mhír (b) den fho-alt seo i ndáil leis an gceapachán sin, ach—

(i) mura féidir leis an gcoiste iarrthóir oiriúnach a roghnú de bhun iarratas áirithe faoin mír sin, nó

(ii) má chinneann an Rialtas gan aon duine de na hiarrthóirí a roghnaigh an coiste de bhun iarratas áirithe faoin mír sin a cheapadh ina Stiúrthóir,

ansin—

(I) ceapfaidh an Rialtas ina Stiúrthóir duine a roghnaíodh nó bhí ar áireamh na ndaoine a roghnaíodh ag an gcoiste de bhun iarratas roimhe sin (má b'ann) faoin mír sin i ndáil leis an gceapachán sin, nó

(II) déanfaidh an Taoiseach iarratas eile chun an choiste faoin mír sin agus ceapfaidh an Rialtas ina Stiúrthóir duine a roghnaíodh nó a bhí ar áireamh na ndaoine a roghnaíodh ag an gcoiste de bhun an iarratais sin nó de bhun iarratas eile faoin mír sin i ndáil leis an gceapachán sin.

(d) Féadfaidh an Taoiseach, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Ard-Aighne, rialacháin a dhéanamh chun críocha an fho-ailt seo.

(8)  (a) Sealbhóidh an Stiúrthóir oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Taoiseach tar éis comhairle a ghlacadh le hAire na Seirbhíse Poiblí.

(b) (i) Déanfaidh an Taoiseach, tar éis comhairle a ghlacadh le hAire na Seirbhíse Poiblí, scéim chun sochair aoisliúntas a dheonú don Stiúrthóir.

(ii) Socróidh an scéim tráth scoir agus coinníollacha scoir an Stiúrthóra.

(iii) Féadfaidh an Taoiseach, tar éis comhairle a ghlacadh le hAire na Seirbhíse Poiblí, scéim a dhéanamh do leasú scéime faoin bhfo-alt seo.

(iv) Cuirfear scéim faoin bhfo-alt seo i gcrích de réir a téarmaí.

(v) Gach scéim faoin bhfo-alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(9) (a) Féadfaidh an Rialtas an Stiúrthóir a chur as oifig tar éis dóibh tuarascáil ó choiste faoi mhír (b) den fho-alt seo a bhreithniú.

(b) Aon uair a iarrfaidh an Rialtas é, déanfaidh coiste arna cheapadh acu agus ar a mbeidh an Príomh-Bhreitheamh, Breitheamh den Ard-Chúirt arna ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh, agus an tArd-Aighne—

(i) scrúdú ar staid sláinte, coirp nó meabhrach, an Stiúrthóra, nó

(ii) fiosrú faoi iompar (ag feidhmiú a oifige dó nó eile) an Stiúrthóra, go ginearálta nó ar ócáid áirithe,

agus, i gceachtar cás, tabharfar aird ar leith ar cibé ábhair a bheidh luaite san iarratas agus féadfaidh an coiste an scrúdú nó an fiosrú a dhéanamh i cibé slí is cuí leis, trí fhinnéithe a cheistiú nó eile, agus féadfaidh sé, go háirithe, aon imeachtaí a sheoladh i gcúirt iata agus chun na críche sin beidh aige na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí sin go léir a bhíonn dílsithe do Bhreitheamh den Ard-Chúirt ar ócáid caingne agus, nuair a bheidh an scrúdú nó an fiosrú críochnaithe, tuairisceoidh an coiste a thoradh don Rialtas.

(10) Beidh ar fostú in oifig an Stiúrthóra cibé líon oifigeach agus seirbhíseach a chinnfidh an Taoiseach, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, ó am go ham agus sealbhóidh na hoifigigh agus na seirbhísigh sin go léir oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a fhorordóidh Aire na Seirbhíse Poiblí.

(11) Beidh an chumhacht chun duine a cheapadh ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Stiúrthóir dílsithe don Taoiseach.

Feidhmeanna an Stiúrthóra.

1962, Uimh. 11 .

1963, Uimh. 1

1973, Uimh. 28 .

3. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, comhlíonfaidh an Stiúrthóir na feidhmeanna go léir is féidir leis an Ard-Aighne a chomhlíonadh, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, maidir le hábhair choiriúla agus maidir le hachainíocha toghcháin agus achainíocha reifrinn agus forléireofar dá réir sin tagairtí don Ard-Aighne in aon reacht nó ionstraim reachtúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin.

(2) Na feidhmeanna is féidir leis an Ard-Aighne a chomhlíonadh, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, in aon ábhair choiriúla nó maidir le haon ábhair choiriúla, nó maidir le hachainíocha toghcháin nó achainíocha reifrinn, ar páirtí iontu an tArd-Aighne agus a bheidh gan chríochnú an tráth sin comhlíonfaidh an Stiúrthóir iad ar an tosach feidhme sin agus déanfar tagairtí don Ard-Aighne sna himeachtaí sin a fhorléiriú mar thagairtí don Stiúrthóir agus measfar gurb é an Stiúrthóir a rinne, nó gur thar a cheann a rinneadh, aon ghníomh nó ní nó beart a rinne an tArd-Aighne nó a rinneadh thar a cheann sna himeachtaí sin nó maidir leis na himeachtaí sin.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fheidhmeanna an Ard-Aighne maidir le haon cheist i dtaobh bailíocht aon dlí ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta.

(4) D'ainneoin aon ní san alt seo, féadfaidh an tArd-Aighne, i dteannta an Stiúrthóra, na feidhmeanna a thugtar don Ard-Aighne le halt 29 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , agus le halt 34 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , a fheidhmiú.

(5) D'ainneoin aon ní san alt seo, i gcás duine a ionchúiseamh i gcion faoi alt 3 den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962 , faoin Acht um Rúin Oifigiúla, 1963 , nó faoin Acht um Chinedhíothú, 1973 , ní thionscnófar, gan toiliú an Ard-Aighne, aon imeachtaí eile san ábhar ach amháin cibé athchur nó athchuir i gcoimeád nó ar bannaí a mheasfaidh an chúirt a bheith riachtanach.

Feidhmeanna an Ard-Aighne agus an Stiúrthóra a chomhlíonadh.

4. —(1) (a) Féadfaidh oifigeach dlí a ordú d'aon oifigigh ghairmiúla dá chuid aon fheidhm áirithe de chuid an oifigigh dhlí a chomhlíonadh thar a cheann agus de réir a theagaisc maidir le cás nó cásanna áirithe nó i ngach cás ina mbeidh an fheidhm sin le comhlíonadh.

(b) Déanfar an tagairt i mír (a) den fho-alt seo d'oifigigh ghairmiúla a fhorléiriú, i gcás ordú ón Stiúrthóir Gníomhach, mar thagairt d'oifigigh ghairmiúla an Stiúrthóra.

(2) Féadfaidh oifigeach dlí, gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi ordú a thug sé faoin alt seo, an t-ordú sin a chúlghairm.

(3) Féadfar a shuíomh in aon imeachtaí, gan a thuilleadh cruthúnais, gur chomhlíon oifigeach dlí feidhm oifigigh dhlí (cibé acu is é féin a chomhlíon í nó a comhlíonadh de bhua fho-alt (1) den alt seo í) trí ráiteas á rá sin—

(a) a dhéanfar i scríbhinn agus a shíneoidh an t-oifigeach dlí, nó

(b) a dhéanfar chun na cúirte lena mbainfidh de bhriathra béil ag duine a bheidh ag láithriú thar ceann, nó ag ionchúiseamh in ainm, an oifigigh dhlí.

(4) San alt seo ciallaíonn “oifigeach dlí” an tArd-Aighne, an Stiúrthóir nó an Stiúrthóir Gníomhach.

Imeachtaí ag an Ard-Aighne.

5. —(1) Aon uair is dóigh leis an Rialtas go bhfuil sé oiriúnach ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta sin a dhéanamh, féadfaidh siad a dhearbhú ó am go ham, le hordú, maidir le hábhair choiriúla de cibé cineál nó cineálacha a shonrófar san ordú, gurb é an tArd-Aighne amháin a chomhlíonfaidh na feidhmeanna a thugtar don Stiúrthóir leis an Acht seo, agus i gcás aon ábhair choiriúla a bheith arna sonrú amhlaidh de thuras na huaire, is é an tArd-Aighne agus ní hé an Stiúrthóir a chomhlíonfaidh na feidhmeanna a thugtar maidir leo don Stiúrthóir leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

Toirmeasc ar chumarsáidí áirithe maidir le himeachtaí coiriúla.

6. —(1) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo ní dleathach cumarsáid a dhéanamh leis an Ard-Aighne ná le hoifigeach don Ard-Aighne, leis an Stiúrthóir ná le hoifigeach don Stiúrthóir, leis an Stiúrthóir Gníomhach, le comhalta den Gharda Síochána ná le haturnae a ghníomhaíonn thar ceann an Ard-Aighne ina cháil oifigiúil nó thar ceann an Stiúrthóra ina cháil oifigiúil, d'fhonn a thabhairt go ndéanfaí cinneadh go dtarraingeofaí siar nó nach dtionscnófaí imeachtaí coiriúla nó aon chúiseamh áirithe in imeachtaí coiriúla.

(b) Má thagann duine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo ar an tuairim gur sárú ar an mír sin cumarsáid áirithe, is é dualgas an duine gan a thuilleadh airde a thabhairt ar an gcumarsáid.

(2) (a) Ní bhaineann an t-alt seo—

(i) le cumarsáidí ó dhuine is cosantóir nó is gearánach in imeachtaí coiriúla nó a chreideann gur dóigh dó a bheith ina chosantóir in imeachtaí coiriúla, ná

(ii) le cumarsáidí ó dhuine a mbeidh baint aige leis an ábhar go pearsanta nó mar chomhairleoir dlí nó liachta do dhuine a mbeidh baint aige leis an ábhar nó mar oibrí sóisialach nó mar dhuine de theaghlach duine a mbeidh baint aige leis an ábhar.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “duine de theaghlach” banchéile, fearchéile, athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar, duine is ábhar d'ordú uchtála, nó a bhfuil ordú uchtála déanta ina fhabhar, faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964.

Airithiú abhcóidí thar ceann an Stáit.

7. —(1) Cinnteoidh an tArd-Aighne go ndéanfar na habhcóidí a áiritheoidh sé ina cháil oifigiúil chun gníomhú nó comhairle a thabhairt thar a cheann nó thar ceann aon duine eile a roghnú, as líon na n-abhcóidí sin a mbeidh curtha in iúl acu go bhfuil siad toilteanach gníomhú nó comhairle a thabhairt amhlaidh, i slí go ndéanfar, i dtuairim an Ard-Aighne, na háirithíochtaí sin a dháileadh go cóir cothrom orthu, bliain in aghaidh bliana, ag féachaint dá n-oiriúnacht maidir le haon áirithíocht áirithe, do leas an phobail agus do dháileadh áirithíochtaí faoi fho-alt (2) den alt seo.

(2) Cinnteoidh an Stiúrthóir go ndéanfar na habhcóidí a áiritheoidh sé ina cháil oifigiúil chun gníomhú nó comhairle a thabhairt thar a cheann nó thar ceann aon duine eile a roghnú, as líon na n-abhcóidí sin a mbeidh curtha in iúl acu go bhfuil siad toilteanach gníomhú nó comhairle a thabhairt amhlaidh, i slí go ndéanfar, i dtuairim an Stiúrthóra, na háirithíochtaí sin a dháileadh go cóir cothrom orthu, bliain in aghaidh bliana, ag féachaint dá n-oiriúnacht maidir le haon áirithíocht áirithe, do leas an phobail agus do dháileadh áirithíochtaí faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) (a) Aon uair a iarrfaidh an tArd-Aighne agus an Stiúrthóir é nó a iarrfaidh Ardchomhairle Bharra na hÉireann é, rachaidh an tArd-Aighne, an Stiúrthóir agus ionadaithe na hArdchomhairle sin i gcomhairle le chéile i dtaobh riaradh agus feidhmiú an ailt seo.

(b) Aon uair a iarrfaidh an tArd-Aighne nó an Ardchomhairle sin é, rachaidh an tArd-Aighne agus ionadaithe na hArdchomhairle sin i gcomhairle le chéile i dtaobh riaradh agus feidhmiú fho-alt (1) den alt seo.

(c) Aon uair a iarrfaidh an Stiúrthóir nó an Ardchomhairle sin é, rachaidh an Stiúrthóir agus an Ardchomhairle i gcomhairle le chéile i dtaobh riaradh agus feidhmiú fho-alt (2) den alt seo.

(4) Féadfaidh an Taoiseach, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Ard-Aighne agus leis an Stiúrthóir, foráil a dhéanamh le rialacháin—

(a) go n-imscrúdófar líomhaintí ó abhcóidí nár comhlíonadh forálacha an ailt seo, agus

(b) maidir le cibé ábhair fhoghabhálacha, fhorlíontacha agus iarmhartacha a mheasfaidh an Taoiseach a bheith riachtanach nó oiriúnach chun críocha na rialachán.

Cruthúnas ar dhoiciméid áirithe.

8. —(1) Glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartaíonn a bheith eisithe ag an Ard-Aighne agus a bheith sínithe aige agus measfar gurb é an doiciméad sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt.

(2) Glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartaíonn a bheith eisithe ag an Stiúrthóir nó ag an Stiúrthóir Gníomhach agus a bheith sínithe aige agus measfar gurb é an doiciméad sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt.

(3) Glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartaíonn a bheith eisithe ag oifigeach gairmiúil de chuid an Ard-Aighne nó an Stiúrthóra a airbheartóidh a bheith ag gníomhú faoi ordú faoi alt 4 den Acht seo agus a bheith sínithe ag an oifigeach sin agus measfar gurb é an doiciméad sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt.

Cumhacht an Taoisigh ceapacháin shealadacha áirithe agus ceapacháin eile a dhéanamh.

9. —(1) (a) I gcás oifig an Stiúrthóra a bheith folamh, féadfaidh an Taoiseach duine a cheapadh ina Stiúrthóir go dtí go ndéanfar ceapachán faoi alt 2 den Acht seo.

(b) Duine a cheapfar faoin bhfo-alt seo sealbhóidh sé oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Taoiseach tar éis comhairle a ghlacadh le hAire na Seirbhíse Poiblí.

(2) (a) I gcás an Stiúrthóir a bheith éagumasach de dheasca breoiteachta, féadfaidh an Taoiseach duine a cheapadh dá ngairfear an Stiúrthóir Gníomhach Ionchúiseamh Poiblí agus dá ngairtear an Stiúrthóir Gníomhach san Acht seo agus comhlíonfaidh an Stiúrthóir Gníomhach na feidhmeanna go léir a thugtar don Stiúrthóir leis an Acht seo.

(b) Ní cheapfar aon Stiúrthóir Gníomhach le bheith i seilbh oifige ar feadh téarma is faide na 12 mhí.

(c) Sealbhóidh an Stiúrthóir Gníomhach oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Taoiseach tar éis comhairle a ghlacadh le hAire na Seirbhíse Poibli.

(3) Déanfar fógra faoi cheapachán nó faoi fhoirceannadh ceapacháin faoin alt seo a fhoilsú san Iris Oifigiúil.

(4) (a) Ní cheapfar duine faoin alt seo ina Stiúrthóir nó ina Stiúrthóir Gníomhach murab abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach é ar dháta a cheaptha agus mura mbeidh cleachta aige ar feadh seacht mbliana ar a laghad mar abhcóide nó mar aturnae.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gur cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae seirbhís ar feadh aon tréimhse i bpost sa Státseirbhís ar cháilíocht ba riachtanach do dhuine a bheith aige chun a cheaptha chuige cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, cibé acu é, ar feadh na tréimhse sin, agus measfar gurbh abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach, cibé acu é, duine le linn dó a bheith i bpost den sórt sin.

(5) (a) Féadfaidh an Taoiseach ceapachán faoin alt seo a fhoirceannadh tráth ar bith.

(b) Foirceannfaidh an Taoiseach ceapachán faoi fho-alt (2) den alt seo ar a bheith deimhin dó go bhfuil deireadh le héagumas an Stiúrthóra.

(6) (a) Na feidhmeanna is féidir leis an Stiúrthóir a chomhlíonadh, díreach roimh dhuine a cheapadh ina Stiúrthóir Gníomhach, in aon ábhair choiriúla nó maidir le haon ábhair choiriúla, nó maidir le hachainíocha toghcháin nó achainíocha reifrinn, ar páirtí iontu an Stiúrthóir agus a bheidh gan chríochnú an tráth sin comhlíonfaidh an Stiúrthóir Gníomhach iad ar an gceapadh sin a bheith déanta agus déanfar tagairtí don Stiúrthóir sna himeachtaí sin a fhorléiriú mar thagairtí don Stiúrthóir Gníomhach agus measfar gurb é an Stiúrthóir Gníomhach a rinne, nó gur thar a cheann a rinneadh, aon ghníomh nó ní nó beart a rinne an Stiúrthóir nó a rinneadh thar a cheann sna himeachtaí sin nó maidir leis na himeachtaí sin.

(b) Na feidhmeanna is féidir leis an Stiúrthóir Gníomhach a chomhlíonadh, díreach sula scoirfidh sé d'oifig a shealbhú, in aon ábhair choiriúla nó maidir le haon ábhair choiriúla, nó maidir le hachainíocha toghcháin nó achainíocha reifrinn, ar páirtí iontu an Stiúrthóir Gníomhach agus a bheidh gan chríochnú an tráth sin comhlíonfaidh an Stiúrthóir iad ar an scor sin agus déanfar tagairtí don Stiúrthóir Gníomhach sna himeachtaí sin a fhorléiriú mar thagairtí don Stiúrthóir agus measfar gurb é an Stiúrthóir a rinne, nó gur thar a cheann a rinneadh, aon ghníomh nó ní nó beart a rinne an Stiúrthóir Gníomhach nó a rinneadh thar a cheann sna himeachtaí sin nó maidir leis na himeachtaí sin.

Rialacháin.

10. —Féadfaidh an Taoiseach, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Ard-Aighne agus leis an Stiúrthóir, rialacháin a dhéanamh le go bhféadfaidh an tAcht seo lán-éifeacht a bheith aige.

Alt 22 den Acht um Cheartas Coiriúil. 1951, a aisghairm. 1951, Uimh. 2 .

11. —Aisghairtear leis seo alt 22 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 .

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

12. —Gach ordú (seachas ordú faoi alt 14 den Acht seo) agus rialachán faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais.

13. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

14. —Féadfar an tAcht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Taoiseach go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla.