23 1974


Uimhir 23 de 1974


AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ALT 2 DEN ACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1958 . [24 Iúil, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958 .

1958, Uimh. 17 .

1971, Uimh. 32 .

1. —(1) Déantar leis seo alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958 , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur i ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Talmhaíochta (Leasú), 1971 ):

“(1) Déanfaidh comhairle contae, an bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1975, agus gach bliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, ranníoc faoin bhfo-alt seo le coiste talmhaíochta an chontae nach lú ná an fáltas ó ráta pingin nua sa phunt an bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin sa limistéar arb é an contae é gan aon cheantar uirbeach ann (más ann) a áireamh agus nach mó ná daichead oiread an fháltais sin.”.

(2) Na gníomhartha agus na nithe go léir a rinne comhairle contae roimh an lú lá d'Eanáir, 1975, maidir le haon ráta a ghearradh don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lá sin beidh siad chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh na gníomhartha nó na nithe sin.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1974, a ghairm de na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1971, agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1975