34 1974


Uimhir 34 de 1974


AN tACHT IOMPAIR (UIMH. 2), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hIOMPAR. [24 Nollaig, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1964, Uimh. 30 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Iompair, 1964 ;

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann.

Deontais neamh-inaisíoctha do Chóras Iompair Éireann.

2. —Féadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta deontais neamh-inaisíoctha nach mó san iomlán ná £11,300,000 a thabhairt don Bhord sa tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1974, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1974, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, agus is deontais de bhreis ar aon deontais is iníoctha leis an mBord faoi aon achtacháin roimhe seo aon deontais den sórt sin.

Leasú ar alt 2 den Acht Iompair, 1964 .

3. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1964 trí “íocaíochtaí a thabharfaidh an tAire don Bhord as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas” a chur in ionad “an deontas is iníoctha leis an mBord faoi alt 6 den Acht seo” i bhfo-alt (1), agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Is é dualgas an Bhoird a ghnóthas a stiúradh ar chuma go dtarlóidh, tar éis íocaíochtaí a thabharfaidh an tAire don Bhord as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a chur i gcuntas, nach mbeidh caiteachas oibríochta an Bhoird, lena n-áirítear na muirir uile is inchurtha go cuí i leith ioncaim, níos mó, agus na blianta a thógáil le chéile, ná ioncam an Bhoird.

Caiteachais.

4. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Iompair agus Cumhachta ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo alt 6 d'Acht 1964.

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht Iompair (Uimh. 2), 1974 , a ghairm den Acht seo.