17 1975


Uimhir 17 de 1975


AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1927 GO 1973. [29 Iúil, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1965, Uimh. 12 .

1973, Uimh. 31 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1965 ;

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1973 .

Leasú ar alt 3 d'Acht 1965.

2. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) d'Acht 1965 (arna leasú le halt 2 d'Acht 1973) trí “dhá chéad is fiche milliún punt” a chur in ionad “céad is fiche milliún punt” agus tá an t-alt sin 3 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

3.—(1) Ní rachaidh an méid airgid a chruinneoidh an Chorparáid nó a thógfaidh sí ar iasacht faoi na hAchtanna nó faoin Acht seo agus a bheidh gan aisíoc aon tráth áirithe thar dhá chéad is fiche milliún punt.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1965.

3. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1965 (arna leasú le halt 3 d'Acht 1973) trí “dhá chéad is fiche milliún punt” a chur in ionad “céad is fiche milliún punt” agus tá an t-alt sin 4, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

4.—Ní rachaidh méid, nó comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh an tAire aon tráth áirithe a íoc de bhun aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí, faoi fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1961, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i dteannta méid (más ann) na príomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire de bhun aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCorparáid, thar dhá chéad is fiche milliún punt agus, dá réir sin, forléireofar fo-alt (2) den alt sin ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

Luach saothair phríomh-oifigeach na Corparáide.

4. —Íocfaidh an Chorparáid lena príomh-oifigeach cibé luach saothair agus cibé liúntais a chinnfidh an Chorparáid le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Foráil maidir le hairgead a íocfaidh an tAire nó a íocfar leis de bhun alt 7 den Acht Cairde Talmhaíochta, 1972 . 1972, Uimh. 3 .

5. —Déanfar aon airgead a íocfaidh an tAire de bhun alt 7 den Acht Cairde Talmhaíochta, 1972 , a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beidh sé iníoctha as an gcéanna agus déanfar aon airgead a gheobhaidh an tAire de bhun an ailt sin a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

Athrú ar mheabhrán comhlachais agus ar airteagail chomhlachais na Corparáide.

6. —Is dleathach don Chorparáid cibé athruithe a dhéanamh ar mheabhrán comhlachais agus ar airteagail chomhlachais na Corparáide is gá lena gcur i gcomhréir leis Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1973, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1975, a ghairm de na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1973, agus den Acht seo le chéile.