An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Cánachas ar Ghnóchain Chaipitiúla) Ar Aghaidh (CUID IV Díolúintí agus Faoisimh)

20 1975

AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL, 1975

CUID III

Oidhreachtaí agus Maoin Shocraithe

Bás.

14. —(1) Chun críocha an Achta seo, na sócmhainní a raibh duine éagtha inniúil ar iad a dhiúscairt—

(a) measfar na hionadaithe pearsanta nó an duine eile ar a gcineachann siad dá bhfáil ar éag don éagach ionann is dá mba fáil na sócmhainní ag na hionadaithe pearsanta nó ag an duine eile sin a bhfáil ag an éagach; ach

(b) ní mheasfar iad a bheith diúscartha aige ar éag dó (cibé acu b'ábhar do dhiúscairt thiomnach iad nó nárbh ea).

(2) Caillteanais inlamhála a tharla do phearsa aonair an bhliain mheasúnachta a d'éag sé, féadfar, a mhéid nach féidir iad a bhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh an bhliain sin, iad a bhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an éagach sna trí bliana measúnachta roimh an mbliain mheasúnachta a d'éag sé, agus gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh i mbliain níos déanaí a áireamh roimh ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh i mbliain níos luaithe agus déanfar cibé leasuithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá le héifeacht a thabhairt don fho-alt seo.

(3) I ndáil le maoin is cuid d'eastát éagaigh, measfar, chun críocha an Achta seo, gur comhlacht aonraic leanúnach daoine (ar leith ó na daoine arb iad na hionadaithe pearsanta iad ó am go ham) na hionadaithe pearsanta agus measfar cónaí, gnáthchónaí agus sainchónaí an éagaigh ar dháta a bháis a bheith ar an gcomhlacht sin.

(4) I gcás duine d'fháil aon sócmhainne mar leagáidí, ní fhaibhreoidh aon ghnóchan inmhuirearaithe chuig na hionadaithe pearsanta ach déileálfar leis an leagáidí amhail dá mba fáil na sócmhainne aigesean fáil na sócmhainne ag na hionadaithe pearsanta.

(5) San alt seo, na tagairtí do shócmhainní a raibh duine éagtha inniúil ar iad a dhiúscairt is tagairtí iad do shócmhainní de chuid an éagaigh a d'fhéadfadh sé, dá mba lánaoiseach inniúil é, a dhiúscairt lena uacht, á chur i gcás gur sa Stát a bhí na sócmhainní go léir agus gur sa Stát a bhí sainchónaí air, agus folaíonn siad tagairtí dá scair intéarfa in aon sócmhainní a raibh, díreach roimh éag dó, teideal tairbhiúil aige chuici mar nasc-thionónta.

(6) Más rud é, tráth nach faide ná dhá bhliain, nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn, tar éis báis, go ndéanfar aon diúscairt de na diúscairtí ar an maoin a raibh an t-éagach inniúil ar í a dhiúscairt, cibé acu le huacht, nó faoin dlí a bhaineann le díthiomnachtaí, nó eile, a rinneadh sin, a athrú le gníomhas comhshocraíochta teaghlaigh nó le hionstraim dá shamhail, beidh feidhm ag an alt seo ionann is dá mba é an t-éagach a rinne na hathruithe a rinneadh leis an ngníomhas nó leis an ionstraim eile, agus ní diúscairt chun críocha an Achta seo aon diúscairt a rinneadh leis an ngníomhas nó leis an ionstraim eile.

Maoin shocraithe.

15. —(1) I ndáil le maoin shocraithe, measfar, chun críocha an Achta seo, gur comhlacht aonraic leanúnach daoine (ar leith ó na daoine arb iad na hiontaobhaithe iad ó am go ham) iontaobhaithe na socraíochta, agus measfar cónaí agus gnáthchónaí sa Stát a bheith ar an gcomhlacht sin mura lasmuigh den Stát a sheoltar de ghnáth riarachán ginearálta na n-iontaobhas agus nach sa Stát atá cónaí nó ghnáthchónaí ar na hiontaobhaithe nó ar thromlach na n-iontaobhaithe de thuras na huaire:

Ar choinníoll maidir le duine a sheolann gnó arb éard é nó ar cuid de iontaobhais a bhainistí agus a ghníomhaíonn mar iontaobhaithe ar iontaobhas i gcúrsa an ghnó sin go measfar, i ndáil leis an iontaobhas sin, nach sa Stát a chónaíonn sé más é atá sa mhaoin shocraithe go léir maoin, nó maoin a dhíorthaigh ó mhaoin, a soláthair duine nach raibh an tráth sin (nó, i gcás iontaobhas a d'éirigh faoi dhiúscairt thiomnach nó ar dhíthiomnacht nó ar pháirt-díthiomnacht, ar éag dó) sainchónaí, cónaí ná gnáthchónaí air sa Stát agus más rud é i gcás den sórt sin nach bhfuil, nó go measfar i ndáil leis an iontaobhas sin nach bhfuil, na hiontaobhaithe nó tromlach díobh ina gcónaí sa Stát, go measfar gur lasmuigh den Stát a sheoltar de ghnáth riarachán ginearálta an iontaobhais.

(2) I gcás bronntanais i socraíocht, inchúlghairthe nó neamhinchúlghairthe, is diúscairt é ar an maoin uile a ndéanann maoin shocraithe de tríd sin d'ainneoin leas éigin a bheith ag an deontóir mar thairbhí faoin tsocraíocht agus d'ainneoin gur iontaobhaí é nó gur iontaobhaí aonair é ar an tsocraíocht.

(3) Ar ócáid duine teacht chun teideal iomlán a bheith aige chun aon mhaoine socraithe amhail in aghaidh an iontaobhaí, measfar na sócmhainní go léir is cuid den mhaoin shocraithe a dtagann sé chun teideal a bheith aige chuici amhlaidh a bheith diúscartha ag an iontaobhaí, agus a bheith faigthe ar ais aige láithreach ina cháil mar iontaobhaí faoi réim alt 8 (3), ar chomaoin ar cóimhéid lena margadhluach.

(4) I gcás ina measfar, de bhua fho-alt (3), na sócmhainní is cuid d'aon mhaoin shocraithe a bheith diúscartha agus faighte ar ais ag an iontaobhaí ar an ócáid a dtagann duine chun teideal iomlán a bheith aige chucu amhail in aghaidh an iontaobhaí, ansin, más í ócáid í sin foirceannadh leasa saoil (de réir brí an ailt seo) trí bhás an duine a bhí i dteideal an leasa sin—

(a) ní fhaibhreoidh aon ghnóchan inmhuirearaithe ón diúscairt: agus

(b) measfar gur ar an oiread de chomhaoin a d'áirithigh nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas chuig an iontaobhaí a diúscraíodh agus a fuarthas ar ais na sócmhainní faoin bhfo-alt sin, agus, ach amháin i gcás inar tharla tráth ar bith roimhe sin gur measadh, de bhua fho-alt (5), na sócmhainní sin, nuair ba chuid den mhaoin shocraithe sin iad, a bheith diúscartha agus faighte ar ais ar chomaoin ar cóimhéid le méid iomlán mhargadhluach na sócmhainne nó le cuid chomhréireach de, más rud é gur ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a fuair an t-iontaobhaí an mhaoin i dtosach, measfar gur ar an dáta sin roimhe sin a diúscraíodh agus a fuarthas ar ais na sócmhainní sin.

(5) Ar leas saoil seilbhe sa mhaoin shocraithe go léir nó in aon chuid di a fhoirceannadh tráth ar bith an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, measfar, chun críocha an Achta seo, gach sócmhainn is cuid den mhaoin shocraithe agus nár scoir an tráth sin de bheith ina maoin shocraithe, nó cuid chomhréireach den tsócmhainn sin, a bheith an tráth sin diúscartha agus faighte ar ais láithreach ag an iontaobhaí ar chomaoin ar cóimhéid le méid iomlán mhargadhluach na sócmhainne nó le cuid chomhréireach den chéanna.

(6) Chun críocha fho-alt (5)—

(a) measfar, maidir le leas saoil is ceart chun coda d'ioncam ó mhaoin shocraithe, gur leas saoil é i gcuid chomhréireach den mhaoin shocraithe, agus

(b) má tá leas saoil i gcuid den mhaoin shocraithe agus, i gcás inar leas saoil in ioncam an leas sin, nach bhfuil aon cheart cúláraigh chun fuíoll na maoine socraithe ná chun an ioncaim aisti, measfar, chun críocha an fho-ailt seo, gur maoin shocraithe faoi shocraíocht ar leithligh an chuid den mhaoin shocraithe ina bhfuil an leas saoil fad a bheidh an leas saoil ann.

(7) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (5), i gcás blianacht nach leas saoil de réir brí an ailt seo foirceannadh ar bhás an bhlianachtóra, mar atá feidhm acu ar leas saoil foirceannadh ar bhás an duine ag a raibh an teideal chuige.

(8) Ar ócáid duine teacht chun teideal iomlán a bheith aige chun aon mhaoine socraithe amhail in aghaidh an iontaobhaí, ansin, aon chaillteanas inlamhála a d'fhaibhrigh chuig an iontaobhaí i leith maoine, arb í an mhaoin í, nó arb ionannas di an mhaoin, ar tháinig an duine sin ina teideal amhlaidh (lena n-áirítear aon chaillteanas inlamhála a tugadh anall go dtí an bhliain mheasúnachta inar tharla an ócáid sin), ar caillteanas é nach féidir a bhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an iontaobhaí an bhliain sin, ach roimh an ócáid sin, déileálfar leis ionann is dá mba chaillteanas inlamhála é a d'fhaibhrigh an tráth sin chuig an duine a tháinig i dteideal amhlaidh, in ionad chuig an iontaobhaí.

(9) Má bhíonn aon suim chánach gnóchan caipitiúil a muirearaíodh ar iontaobhaithe socraíochta, nó ar aon iontaobhaí ar leith díobh, i leith gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an iontaobhaí gan íoc laistigh de shé mhí ón dáta ar tháinig sé chun bheith iníoctha ag na hiontaobhaithe nó ag an iontaobhaí, agus go ndéanfaidh na hiontaobhaithe roimh dheireadh na tréimhse sé mhí sin nó dá héis an tsócmhainn ar fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe ina leith, nó aon chuid d'fháltas díola na sócmhainne sin, a aistriú chuig duine a bhfuil teideal iomlán aige chuici amhail in aghaidh na n-iontaobhaithe, féadfar, tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón tráth a tháinig an tsuim chánach sin chun bheith iníoctha, suim chánach gnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú (in ainm na n-iontaobhaithe) ar an duine sin nach mó ná an tsuim chánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar mhéid is ionann agus méid an ghnóchain inmhuirearaithe agus, i gcás gan ach cuid den tsócmhainn nó den fháltas a bheith aistrithe, nach mó ná cuid chomhréireach den mhéid sin.

(10) Tagairtí san Acht seo d'aon sócmhainn atá ar teachtadh ag duine mar iontaobhaí do dhuine eile ag a bhfuil teideal iomlán amhail in aghaidh an iontaobhaí is tagairtí iad do chás ina bhfuil an ceart eisiatach ag an duine eile sin a ordú conas déileáil leis an tsócmhainn sin, nó a mbeadh an ceart sin aige dá mba nár naíon nó duine eile faoi mhíchumas é, ach sin amháin faoi réir aon mhuirear, lian nó ceart a shásamh a bheidh fós ag na hiontaobhaithe feidhm a bhaint as an tsócmhainn chun dleacht, cánacha, costais nó eisíocaíochtaí eile a íoc.

(11) Chun críocha an ailt seo, i gcás cuid den mhaoin i socraíocht a bheith dílsithe d'aon iontaobhaí amháin nó d'fhoireann amháin iontaobhaithe agus cuid di d'iontaobhaí eile nó d'fhoireann eile iontaobhaithe (agus go háirithe i gcás talamh socraithe de réir brí an Settled Land Act, 1882, a bheith dílsithe don tionónta lena shaol agus infheistíochtaí in ionannas airgid chaipitiúil a bheith dílsithe d'iontaobhaithe na socraíochta), measfar gur aon chomhlacht iontaobhaithe amháin iad le chéile agus, a mhéid a ghníomhaíonn siad ar leithligh, iad a bheith ag gníomhú thar ceann an aon-chomhlachta sin.

(12) (a) San alt seo, i ndáil le socraíocht—

(i) folaíonn “leas saoil” ceart faoin tsocraíocht chun an ioncaim as maoin shocraithe, nó chun maoin shocraithe a úsáid nó a áitiú, ar feadh saol duine (nó ar feadh saolta daoine) seachas an duine i dteideal an chirt,

(ii) ní fholaíonn “leas saoil” aon cheart atá teagmhasach ar an iontaobhaí nó ar dhuine éigin eile d'fheidhmiú rogha, agus

(iii) ní fholaíonn “leas saol” blianacht, d'ainneoin an bhlianacht a bheith iníoctha as maoin shocraithe nó as ioncam maoine socraithe nó muirearaithe ar an gcéanna ach amháin i gcás cuid den mhaoin shocraithe nó í go léir a bheith leithreasaithe ag na hiontaobhaithe mar chiste as arb iníoctha an bhlianacht agus gan aon cheart cúláraigh a bheith ann chun maoine socraithe nach bhfuil leithreasaithe amhlaidh, ná chun an ioncaim as maoin shocraithe nach bhfuil leithreasaithe amhlaidh.

(b) Gan dochar d'fho-alt (6) (b), i gcás é a bheith le meas faoi mhír (a) (iii) gur leas saoil i ndáil le socraíocht blianacht, déanfar, chun críocha fho-alt (5), an mhaoin shocraithe nó aon chuid den mhaoin shocraithe a bheidh leithreasaithe ag na hiontaobhaithe mar chiste as arb iníoctha an bhlianacht a áireamh, an fhad is iníoctha an bhlian acht agus ar ócáid bháis an bhlianachtóra, mar mhaoin shocraithe faoi shocraíocht ar leithligh.