An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Iontaobhais Aonad) Ar Aghaidh (CUID VIII Ilghnéitheach agus Forlíontach)

20 1975

AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL, 1975

CUID VII

Frithsheachaint

Daoine bainteacha.

33. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina bhfaighidh duine sócmhainn agus ar duine a bhfuil baint aige leis a dhéanfaidh an diúscairt.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht alt 9, déileálfar mar pháirtithe in idirbheart a rinneadh ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí leis an duine a fuair an tsócmhainn agus an duine a rinne an diúscairt.

(3) Más rud é ar an diúscairt a dhéanamh go bhfaibhreoidh caillteanas chuig an duine a rinne an diúscairt, ní bheidh an caillteanas sin inasbhainte ach amháin as gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuige as diúscairt éigin eile a dhéanamh ar shócmhainn chuig an duine a fuair an tsócmhainn a luaitear i bhfo-alt (1), ar diúscairt í a rinneadh tráth ar dhaoine iad a raibh baint acu le chéile:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le diúscairt mar bhronntanas socraíochta i gcás an bronntanas agus an t-ioncam as a bheith inchurtha chun feidhme go hiomlán nó go príomha chun críocha oideachais, cultúir nó caitheamh aimsire, agus nach bhfuil le tairbhiú as an bhfeidhmiú chun na gcríocha sin ach comhaltaí de chomhlachas daoine ar chun tairbhe dóibh a tugadh an bronntanas agus nach daoine iad go léir nó a bhformhór a bhfuil baint acu le chéile.

(4) I gcás inarb éard í an tsócmhainn a luaitear i bhfo-alt (1) rogha a bheith páirteach i ndíol nó in idirbheart eile a thug an duine a rinne an diúscairt, ní caillteanas inlamhála caillteanas a d'fhaibhrigh chuig an duine a fuair an tsócmhainn murar fhaibhrigh sé ar an rogha a dhiúscairt ar neamhthuilleamaí chuig duine nach raibh baint aige leis.

(5) I gcás an tsócmhainn a luaitear i bhfo-alt (1) a bheith faoi réir aon cheart nó srian is infheidhmithe ag an duine a rinne an diúscairt, nó ag duine a raibh baint aige leis, ansin (agus á mheas de réir fho-alt (2), méid na comaoine i leith na fála a bheith ar cóimhéid le margadhluach na sócmhainne) is é a bheidh sa mhargadhluach sin—

(a) a margadhluach dá mbeadh sí gan bheith faoi réir an chirt nó an tsriain, arna laghdú—

(b) méid margadhluach an chirt nó an tsriain nó an méid a chuirfeadh a mhúchadh le luach na sócmhainne dá húinéir, cibé acu is 1ú:

Ar choinníoll más amhlaidh don cheart nó don srian—

(i) gur de chineál é go ndéanfadh nó go bhféadfadh go ndéanfadh a fheidhmiú luach na sócmhainne a dhíothú go héifeachtach nó dochar substaintiúil a dhéanamh don luach sin gan aon fhrithchúiteamh dá bharr sin don duine a rinne an diúscairt nó do dhuine a raibh baint aige leis,

(ii) gur rogha nó ceart eile é an tsócmhainn a fháil, nó

(iii) i gcás maoine neamhchorpraí, gur ceart é an tsócmhainn a mhúchadh i lámha an duine a thug an chomaoin trí fhorghéilleadh nó cumasc nó eile,

go gcinnfear margadhluach sin na sócmhainne, agus go ríomhfar méid an ghnóchain a d'fhaibhrigh as an diúscairt, amhail is da mba nach raibh an ceart ná an srian ann.

(6) Ní bhainfidh fo-alt (5) le ceart forghéilleadh a dhéanamh ná le haon cheart eile is infheidhmithe ar chúnant i léas talún nó maoine eile a shárú, ná ní bhainfidh sé le haon cheart nó srian faoi mhorgáiste nó faoi mhuirear eile.

(7) Déanfar aon cheist faoi dhuine a bheith bainteach le duine eile a chinneadh de réir na bhforálacha seo a leanas (glacfar leis go gciallaíonn aon fhoráil faoi dhuine a bheith bainteach le duine eile go bhfuil siad bainteach le chéile)—

(a) tá baint ag duine le pearsa aonair más é fearchéile nó más í banchéile na pearsan aonair an duine sin, nó más gaol don phearsa aonair é, nó más é fearchéile nó más í bachéile duine is gaol don phearsa aonair nó d'fhearchéile nó do bhanchéile na pearsan aonair an duine sin;

(b) tá baint ag duine, ina cháil mar iontaobhaí socraíochta, le haon phearsa aonair ar socraitheoir é i ndáil leis an tsocraíocht, le haon duine a bhfuil baint aige le pearsa aonair den sórt sin agus le comhlacht corpraithe a meastar baint a bheith aige leis an tsocraíocht sin, agus measfar baint a bheith ag comhlacht corpraithe le socraíocht aon bhliain áirithe más cuideachta rialaithe í (nó nach cuideachta rialaithe ar an aon-chúis nach bhfuil cónaí air sa Stát) aon tráth i rith na bliana agus go n-áirítear an tráth sin ar na scairshealbhóirí iontaobhaithe na socraíochta nó tairbhí fúithi;

(c) ach amháin i gcás sócmhainní comhpháirtíochta a fháil nó a dhiúscairt de bhun comhshocraíochtaí tráchtála bona fide, tá baint ag duine le haon duine a bhfuil sé i gcomhphairtíocht leis, agus le fearchéile nó le banchéile nó le gaol aon phearsa aonair a bhfuil sé i gcomhpháirtíocht leis;

(d) tá baint ag cuideachta le cuideachta eile—

(i) más é an duine céanna a rialaíonn an dá chuideachta, nó má rialaíonn duine amháin ceann acu agus gur daoine a bhfuil baint acu leis, nó gurb é féin agus daoine a bhfuil baint acu leis, a rialaíonn an ceann eile, nó

(ii) más grúpa dhá dhuine nó níos mó a rialaíonn gach cuideachta díobh, agus gurb iad na daoine céanna nó d'eile, go bhféadfaí a mheas gurb iad na daoine céanna, atá sna grúpaí sin trína mheas (i gcás amháin nó níos mó) go bhfuil duine amháin nó níos mó a bhfuil baint aige le comhalta de cheachtar grúpa curtha in ionad an chomhalta sin;

(e) tá baint ag cuideachta le duine eile más é an duine sin a rialaíonn í nó más é an duine sin agus daoine a bhfuil baint acu leis a rialaíonn í le chéile;

(f) i gcás aon dá dhuine nó níos mó a bheith ag gníomhú le chéile chun rialú a fháil nó a fheidhmiú ar chuideachta nó chun sealbhán a fháil inti, déileálfar leo i ndáil leis an gcuideachta sin mar dhaoine a bhfuil baint acu le chéile agus le haon duine a ghníomhaíonn ar ordú ó aon duine acu chun rialú a fháil nó a fheidhmiú ar an gcuideachta nó chun sealbhán a fháil inti.

(8) I bhfo-alt (7) ciallaíonn “gaol” deartháir, deirfiúr, uncail, aintín, neacht, nia, sinsear, dírshliochtach, nó duine arna uchtáil faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, nó faoin dlí in aon áit lasmuigh den Stát.

Sócmhainní a dhiúscraítear i sraith idirbhearta.

34. —Má thugtar do dhuine, nó má fhaigheann sé ó dhuine amháin nó níos mó lena bhfuil baint aige, trí dhá idirbheart nó níos mó, sócmhainní ar 1ú a margadhluach comhiomlán, arna mbreithniú ar leithligh i ndáil leis na hidirbhearta leithleacha eile, ná margadhluach comhiomlán na sócmhainní sin arna mbreithniú le chéile, ansin chun críocha an Achta seo glacfar leis gurb é margadhluach na sócmhainní, nuair is iomchuí, an margadhluach is mó agus déanfar an luach sin a chionroinnt go rátúil i leith na ndiúscairtí ar leithligh.

Cuideachta rialaithe a aistreoidh sócmhainní faoina luach.

35. —(1) Má aistríonn cuideachta is cuideachta rialaithe, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, sócmhainn chuig aon duine ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí agus ar chomaoin ar lú a méid nó a luach ná margadhluach na sócmhainne, cionroinnfear cóimhéid na difríochta idir scaireanna eisithe na cuideachta, agus déileálfar de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo le sealbhóirí na scaireanna sin.

(2) Chun gnóchan inmhuirearaithe a ríomh a fhaibhreoidh as aon cheann de na scaireanna sin a dhiúscairt ag an duine ar leis iad ar dháta an aistrithe, déanfar cóimhéid na méide a cionroinneadh ar an scair sin a eisiamh ón gcaiteachas is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 (1) (a) de Sceideal 1 as comaoin na diúscartha.

(3) Más cuideachta rialaithe an duine ar leis aon cheann de na scaireanna sin ar dháta an aistrithe, déanfar cóimhéid na méide a cionroinneadh ar na scaireanna a bhí ar úinéireacht amhlaidh faoi fho-alt (1) chun na cuideachta rialaithe sin a chionroinnt idir scaireanna eisithe na cuideachta rialaithe sin, agus déileálfar de réir fho-alt (2) le sealbhóirí na scaireanna sin, agus mar sin de trí aon líon cuideachtaí rialaithe.

(4) (a) Ciallaíonn cuideachta rialaithe cuideachta a chónaíonn sa Stát—

(i) nach mó ná 50 an líon daoine a shealbhaíonn scaireanna inti;

(ii) nár eisigh aon scaireanna dá cuid de thoradh cuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh scaireanna; agus

(iii) ar líon daoine nach mó ná 5 dhuine a rialaíonn í.

(b) Measfar cuideachta a bheith faoi rialú aon daoine i gcás tromlach na cumhachta vótála nó na scaireanna a bheith i lámha na ndaoine sin nó i lámha ainmnithigh de chuid na ndaoine sin.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gur aon duine amháin aon duine agus aon daoine a bhfuil baint aige leo.

(5) Bainfidh an t-alt seo le cuideachta atá faoi réim alt 36 mar a bhaineann sé le cuideachta rialaithe.

Cuideachta neamh-chónaitheach.

36. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig cuideachta—

(a) nach gcónaíonn sa Stát, agus

(b) ar chuideachta rialaithe í dá gcónódh sí sa Stát.

(2) Faoi réir an ailt seo, gach duine a mbeidh, nuair a fhaibhreoidh an gnóchan inmhuirearaithe chuig an gcuideachta—

(a) cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát,

(b) sainchónaí air sa Stát más pearsa aonair é, agus

(c) scaireanna aige sa chuideachta,

déileálfar leis chun críocha an Achta seo amhail is dá mba gur fhaibhrigh cuid den ghnóchan inmhuirearaithe chuige.

(3) Beidh an chuid sin den ghnóchan inmhuirearaithe ar cóimhéid leis an gcionúireacht de shócmhainní na cuideachta a mbeadh an duine sin ina teideal ar an gcuideachta a leachtú tráth an ghnóchain inmhuirearaithe faibhriú chuig an gcuideachta.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le haon mhéid i leith an ghnóchain inmhuirearaithe a dháiltear, mar dhíbhinn nó mar dháileadh caipitil nó ar an gcuideachta a dhíscaoileadh, ar dhaoine ag a bhfuil scaireanna sa chuideachta, nó ar chreidiúnaithe na cuideachta, laistigh de dhá bhliain ó thráth an ghnóchain inmhuirearaithe faibhriú chuig an gcuideachta,

(b) maidir le gnóchan inmhuirearaithe a fhaibhríonn ar shócmhainní a dhiúscairt, is maoin inláimhsithe, sochorraithe nó do-chorraithe, nó léas ar an maoin sin, i gcás inar úsáideadh an mhaoin sin chun críocha, agus nár úsáideadh í ach chun críocha, thrádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta go hiomlán lasmuigh den Stát,

(c) maidir le gnóchan inmhuirearaithe a fhaibhríonn ar airgead reatha nó ar fhiach lena mbaineann alt 46 (6) (cuntais bhainc eachtracha) a dhiúscairt, i gcás inar airgead nó inar ionannas airgid atá á úsáid chun críocha thrádáil atá á seoladh ag an gcuideachta go hiomlán lasmuigh den Stát an t-airgead reatha nó an fiach, nó

(d) maidir le gnóchan inmhuirearaithe ar inmhuirearaithe cáin ar an gcuideachta ina leith de bhua fho-alt (2) nó (7) d'alt 4 (cáin a mhuirearú ar neamhchónaitheoirí).

(5) Ní choiscfidh fo-alt (4) (a) measúnacht a dhéanamh de bhun an ailt seo, ach, má dhéantar an t-alt seo a eisiamh de bhua fho-alt 4 (a), déanfar na coigeartuithe sin go léir, ar mhodh cáin a aisíoc nó a urscaoileadh nó ar mhodh eile a thabharfaidh éifeacht d'fhorálacha fho-alt (4) (a).

(6) Beidh an méid cánach gnóchan caipitiúil a bheidh íoctha ag duine de bhun fho-alt (2) (a mhéid nach mbeidh sé aisíoctha ag an gcuideachta) inlamhála mar asbhaint le linn ríomh a dhéanamh, faoin Acht seo, ar gnóchan a d'fhaibhrigh ar é do dhiúscairt na scaireanna ar faoina dtreoir a íocadh an cháin.

(7) A mhéid a laghdódh nó a múchfadh sé gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig duine de bhua an ailt seo bliain mheasúnachta, beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le caillteanas a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta ar shócmhainn a dhiúscairt an bhliain mheasúnachta sin mar a bheadh feidhm aige dá mba ghnóchan agus nár chaillteanas a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta as an diúscairt, ach is i ndáil leis an duine sin amháin a bheidh feidhm aige amhlaidh; agus faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le caillteanas a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta.

(8) Más cuideachta nach bhfuil cónaí uirthi sa Stát an duine is úinéir ar aon scaireanna sa chuideachta an tráth a d'fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe chuig an gcuideachta ach ar chuideachta rialaithe í dá mbeadh cónaí uirthi sa Stát, déanfar cóimhéid na méide a cionroinneadh faoi fho-alt (3) as an ngnóchan inmhuirearaithe ar na scaireanna a bheidh ar úinéireacht amhlaidh a chionroinnt idir scaireanna eisithe na cuideachta chéadluaite, agus déileálfar le sealbhóirí na scaireanna sin de réir fho-alt (2), agus mar sin de trí aon líon cuideachtaí.

(9) Más í an chuideachta ar fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe chuici, nó, i gcás faoi fho-alt (8), más aon chuideachta eile den sórt sin, a íocfaidh aon cháin is iníoctha ag aon duine de bhua fho-alt (2), ní áireofar chun críocha cánach ioncaim, ná chun críocha an Achta seo, gur íocaíocht leis an duine ar aige a bhí an cháin iníoctha i gcéaduair an méid a íocadh amhlaidh.

Iontaobhas neamh-chónaitheach.

37. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig iontaobhaithe socraíochta mura bhfuil cónaí ná gnáth-chónaí sa Stát ar na hiontaobhaithe, agus go bhfuil sainchónaí agus cónaí nó gnáthchónaí sa Stát ar an socraitheoir nó ar dhuine de na socraitheoirí, nó go raibh sainchónaí agus cónaí nó gnáthchónaí sa Stát air nuair a rinne sé an tsocraíocht.

(2) Déilealfar chun críocha an Achta seo le haon tairbhí faoin tsocraíocht a bhfuil sainchónaí agus cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát aon bhliain mheasúnachta amhail is dá mba ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an tairbhí an bhliain mheasúnachta sin cuid chionroinnte den mhéid, más aon mhéid é, a mbeadh cáin ghnóchan caipitiúil inmhuirearaithe ar na hiontaobhaithe ina leith faoi alt 5 (1), dá mbeadh sainchónaí agus cónaí nó gnáthchónaí orthu sa Stát an bhliain mheasúnachta sin; agus chun críocha an ailt seo déanfar aon mhéid den sórt sin a chionroinnt ar cibé dóigh a bheidh cóir réasúnach idir daoine a bhfuil leasanna acu sa mhaoin shocraithe, cibé acu is leas saoil nó leas frithdhílse an leas sin, agus sin ar shlí go ndéanfar an gnóchan inmhuirearaithe a chionroinnt, chomh gar agus is féidir, de réir luachanna na leasanna sin faoi seach, agus i gcás leasa inchloíte neamhshuim a dhéanamh den leas sin a bheith inchloíte.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) más rud é, in aon bhliain de na cúig bliana dar chríoch an bhliain inar fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe, go bhfuair duine íocaíocht nó íocaíochtaí as ioncam ón maoin shocraithe a tugadh i bhfeidhmiú rogha, déileálfar leis an duine sin, i ndáil leis an ngnóchan inmhuirea-aithe sin, mar dhuine ag a bhfuil leas sa mhaoin shocraithe ar comhluach le blianacht arb ionann a méid bliantúil agus an cúigiú cuid d'iomlán na n-íocaíochtaí a fuair sé amhlaidh sna cúig bliana sin, agus

(b) má fhaigheann duine aon tráth tar éis don ghnóchan inmhuirearaithe faibhriú íocaíocht chaipitiúil as an maoin shocraithe i bhfeidhmiú rogha, arb íocaíocht í in ionannas leis an ngnóchan inmhuirearaithe go hiomlán nó go páirteach, ansin, ach amháin a mhéid a bheidh aon chuid den ghnóchan curtha faoin alt seo i leith duine éigin eile a bhfuil sainchónaí agus cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát, déileálfar leis an duine sin, i gcás sainchónaí agus cónaí nó gnáthchónaí a bheith air sa Stát, amhail is dá mba gur fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe, nó de réir mar a bheidh an chuid den ghnóchan inmhuirearaithe atá in ionannas leis an íocaíocht chaipitiúil, chuige an tráth a fuair sé an íocaíocht chaipitiúil.

(4) I gcás socraíocht a rinneadh roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974—

(a) ní bhainfidh fo-alt (2) le tairbhí nach bhfuil leas aige ach san ioncam as an maoin shocraithe, agus nach bhfuil ar a chumas, trí aon chumhacht cheapacháin nó cumhacht chúlghairthe nó eile a fheidhmiú, aon chuid den chaipiteal arb ionannas dó an mhaoin shocraithe a fhail dó féin, le toiliú nó gan toiliú aon duine eile, agus

(b) féadfar íoc cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar ghnóchan a cionroinneadh ar thairbhí i leith leasa frithdhílse in aon chuid den chaipiteal arb ionannas dó an mhaoin shocraithe a chur ar atráth go dtí go mbeidh teideal iomlán ag an duine sin chun na coda sin den mhaoin shocraithe, nó go dtí go ndiúscróidh sé a leas go léir nó ar aon chuid dá leas, mura féidir leis, ar aon mhodh a thuairiscítear i mír (a), aon chuid de a fháil níos luaithe ná sin dó féin

agus, chun críocha an fho-ailt seo, measfar, i gcás maoin a chuirfear le socraíocht tar éis an tsocraíocht a dhéanamh, gur maoin í faoi shocraíocht ar leithligh a rinneadh an tráth a cuireadh an mhaoin leis an tsocraíocht amhlaidh.

(5) In aon chás inarb iad iontaobhaithe socraíochta a íocfaidh, de réir forálacha an ailt seo, méid aon chánach gnóchan caipitiúil is iníoctha ag tairbhí faoin tsocraíocht, ní mheasfar, chun críocha cánach ioncaim nó cánach gnóchan caipitiúil, gur íocaíocht leis an tairbhí sin an méid sin.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le caillteanas a d'fhaibhrigh chuig iontaobhaithe na socraíochta.