|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT NA nGIÚIRÉITHE, 1976) | Ar Aghaidh (CUID II Cáilíocht agus Dliteanas chun Fónamh mar Ghiúróir) |
ACHT NA nGIÚIRÉITHE, 1976
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar Acht na nGiúiréithe, 1976 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “contae” contae riaracháin; | |
[EN] | ciallaíonn “toghairm ghiúiré” toghairm faoi alt 12; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt. | |
[EN] | (2) Forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo. | |
[EN] | (3) (a) Aon tagairt san Acht seo d'alt nó do Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] | (b) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] |
Caiteachais. |
3. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Aisghairm. |
4. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin. |