An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Córas Ginearálta Cánachais) Ar Aghaidh (CUID III Aicmí Speisialta Cuideachtaí)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID II

Cáin Chorparáide

Scéim ghinearálta cánach corparáide.

6. —(1) Faoi réir aon eisceachtaí dá bhforáiltear leis an Acht seo, beidh cuideachta inchurtha faoi cháin chorparáide ar a brabúis uile cibé áit a n-eascraíonn siad.

(2) Beidh cuideachta inchurtha faoi cháin chorparáide ar bhrabúis a d'fhaibhrigh chun sochair di faoi aon iontaobhas, nó a d'eascair as aon chomhpháirtíocht, in aon chás ina mbeadh sí inchurtha faoi cháin amhlaidh dá mba go díreach a d'fhaibhrigh na brabúis chuici; agus beidh cuideachta inchurtha faoi cháin chorparáide ar bhrabúis a d'eascair as foirceannadh na cuideachta, ach ní bheidh sí inchurtha ar dhóigh ar bith eile faoi cháin chorparáide ar bhrabúis a d'fhaibhrigh chuici i gcáil mhuiníneach nó ionadaitheach ach amháin maidir lena leas tairbhiúil féin (más ann) sna brabúis sin.

(3) Muirearófar cáin chorparáide in aghaidh aon bhliana airgeadais ar bhrabúis a d'eascair an bhliain sin; ach déanfar measúnachtaí cánach corparáide ar chuideachta faoi threoir tréimhsí cuntasaíochta, agus déanfar an méid is inmhuirearaithe (tar éis gach asbhaint is cuí a dhéanamh) de na brabúis a d'eascair i dtréimhse chuntasaíochta a chionroinnt, i gcás inar gá sin, idir na blianta airgeadais ar codanna díobh an tréimhse chuntasaíochta.

(4) (a) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an bhfo-alt seo, déanfar cáin chorparáide a measúnaíodh in aghaidh tréimhse cuntasaíochta a íoc ina dhá tráthchuid chomhionanna mar a leanas—

(i) an chéad tráthchuid laistigh de naoi mí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta nó, más déanaí é, laistigh de dhá mhí ó thráth na measúnachta a dhéanamh; agus

(ii) an dara tráthchuid laistigh de chúig mhí dhéag ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta nó, más déanaí é, laistigh de dhá mhí ó thráth na measúnachta a dhéanamh.

(b)  I gcás a mbeidh cuideachta, maidir le bunadh ioncaim, laistigh de réim cánach ioncaim faoi Sceideal D don bhliain mheasúnachta 1975-76 agus, maidir leis an mbunadh ioncaim sin, í do theacht faoi réim cánach corparáide an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó roimhe, ansin (fad a leanfaidh an chuideachta de bheith laistigh de réim cánach corparáide maidir leis an mbunadh ioncaim sin) déanfar an dara tráthchuid den cháin chorparáide a measúnaíodh do thréimhse chuntasaíochta a íoc mar a leanas—

(i) maidir leis an gcéad tréimhse chuntasaíochta dá mbeidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide—

(I) i gcás ar tréimhse dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta sin, an 1ú lá d'Eanáir, 1977, nó roimhe, agus

(II) i gcás ar tréimhse is giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta sin, laistigh den eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta mar an t-eatramh a bheadh ón 1ú lá d'Eanáir, 1977, go dtí deireadh na chéad tréimhse cuntasaíochta dá mba thréimhse dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta sin dar tosach an dáta a tháinig an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide; agus

(ii) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin, laistigh den eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin mar an t-eatramh a bhí idir deireadh na chéad tréimhse cuntasaíochta a bhí an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide agus an dáta a bheadh nó sula mbeadh an dara tráthchuid den cháin chorparáide don chéad tréimhse chuntasaíochta sin le híoc dá mba go ndearnadh an mheasú nacht don tréimhse chuntasaíochta sin an lá díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin:

Ar choinníoll nach mbeidh in aon chás an dara tráthchuid de cháin chorparáide a measúnaíodh do thréimhse chuntasaíochta iníoctha sula mbeidh naoi mí caite ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta dar measúnaíodh í nó sula mbeidh dhá mhí caite ó thráth na measúnachta a dhéanamh.

(5) Beidh cáin chorparáide faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach beart a mheasfar is gá agus is fóirsteanach a dhéanamh chun an cháin a chruinniú, a bhailiú, a ghlacadh agus cuntas a thabhairt inti mar atá údaraithe dóibh a dhéanamh i ndáil le haon dleachtanna eile faoina gcúram agus faoina mbainistí.

(6) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí “mar aon le cáin chorparáide” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúite eile”.

(7) Leasaítear leis seo alt 39 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, trí “corporation tax,” a chur isteach roimh “stamp duties”.

Cain ar chuideachta faoi leachtú.

7. —Ní bheidh measúnacht ar bhrabúis cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a tharlóidh tar éis tosach a chur le foirceannadh na cuideachta neamhbhailí i ngeall ar í a dhéanamh roimh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta.

Cuideachtaí nach gcónaíonn sa Stát.

8. —(1) Ní bheidh cuideachta nach gcónaíonn sa Stát laistigh de réim cánach corparáide mura seolann sí trádáil sa Stát trí bhrainse nó gníomhaireacht, ach má sheolann, beidh sí, faoi réir aon eisceachtaí dá bhforáiltear leis an Acht seo, inchurtha faoi cháin chorparáide ar a brabúis inmhuirearaithe go léir cibé áit ar eascair siad.

(2) Chun críocha cánach corparáide is iad brabúis inmhuirearaithe cuideachta nach gcónaíonn sa Stát ach a sheolann trádáil ann trí bhrainse nó gníomhaireacht—

(a) aon ioncam trádála a d'eascair go díreach nó go neamhdhíreach tríd an mbrainse nó tríd an ngníomhaireacht nó as an gcéanna, agus aon ioncam ó mhaoin nó ó chearta a úsáideann nó a theachtann an brainse nó an ghníomhaireacht nó a úsáidtear nó a theachtar thar ceann an chéanna (ach sin ar shlí nach bhfolóidh an mhír seo dáiltí a fuarthas ó chuideachtaí a chónaíonn sa Stát); agus

(b) cibé gnóchain inmhuirearaithe a bheadh, mura mbeadh an tAcht seo, inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát:

Ar choinníoll nach bhfolóidh na brabúis inmhuirearaithe sin gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta ar shócmhainní a dhiúscairt nach raibh, an tráth a d'fhaibhrigh na gnóchain inmhuirearaithe ná roimhe sin, á n-úsáid sa trádáil nó chun críocha na trádála agus nár úsáideadh, nár teachtadh ná nach bhfuarthas chun críocha an bhrainse nó na gníomhaireachta.

(3) Faoi réir alt 45 (cuideachtaí árachais saoil thar lear), más rud é sa bhliain 1976-77 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, go bhfaighidh cuideachta nach gcónaíonn sa Stát aon íocaíocht ar a mbeidh cáin ioncaim le híoc aici trí asbhaint, agus gur cuid an íocaíocht d'ioncam na cuideachta is inchurtha faoi cháin chorparáide nó gur íocaíocht í a bheidh le cur i gcuntas le linn an t-ioncam sin a bheith á ríomh, déanfar an cháin ioncaim ar an gcéanna a fhritháireamh in aghaidh aon cháin chorparáide is inmheasúnaithe ar an ioncam sin trí mheasúnacht arna déanamh don tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh an íocaíocht le cur i gcuntas le haghaidh cánach corparáide; agus dá réir sin maidir leis an íocaíocht sin ní bheidh an chuideachta i dteideal aisíoc cánach ioncaim a fháil go dtí go ndéanfar an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta sin a chinneadh go críochnaitheach agus go dtí gur léir go bhfuil aisíoc dlite.

(4) Gan dochar d'fheidhmiú ginearálta an chleachtais chánach ioncaim ar cháin chorparáide, beidh feidhm, faoi réir aon oiriúnuithe is gá maidir le cáin chorparáide is inmhuirearaithe ar chuideachtaí nach gcónaíonn sa Stát, ag forálacha Chaibidil II de Chuid IX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Forálacha Speisialta maidir le Neamhchónaitheoirí agus Cónaitheoirí Sealadacha), agus ag alt 209 i gCaibidil III den Chuid sin (dliteanas iontaobhaithe, etc.) a bhaineann le measúnú agus muirearú cánach ioncaim ar dhaoine nach gcónaíonn sa Stát, a mhéid is infheidhmithe iad ar cháin is inmhuirearaithe ar chuideachta.

Bonn measúnachta agus tréimhsí measúnachta.

9. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, measúnófar agus muirearófar cáin chorparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar mhéid iomlán na mbrabús a d'eascair sa tréimhse (cibé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas sa Stát iad nó a cuireadh nó nár cuireadh chun an Stáit iad) gan aon asbhaint eile ach mar a bheidh údaraithe leis an Acht seo.

(2) Tosóidh tréimhse chuntasaíochta cuideachta chun críocha cánach corparáide cibé am—

(a)  a dtarlóidh don chuideachta, agus gan í an tráth sin laistigh de réim cánach corparáide, go dtiocfaidh sí laistigh den réim sin trí aon fhoráil den Acht seo teacht i bhfeidhm, nó tríd an gcuideachta teacht chun bheith ina cónaí sa Stát nó bunadh ioncaim a fháil, nó ar shlí eile; nó

(b)  a bheidh deireadh le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta gan an chuideachta do scor an tráth sin de bheith laistigh de réim cánach corparáide.

(3) Críochnóidh tréimhse chuntasaíochta cuideachta chun críocha cánach corparáide an chéad uair a tharlóidh aon teagmhas díobh seo a leanas—

(a) deireadh a theacht le dhá mhí dhéag ó thosach na tréimhse cuntasaíochta;

(b) dáta cuntasaíochta de chuid na cuideachta nó, má bhíonn tréimhse ann nach ndéanann an chuideachta cuntais amach ina leith, deireadh na tréimhse sin;

(c) an chuideachta do thosú trádála nó do scor di nó a bheith, maidir leis an trádáil nó (má bhíonn breis agus trádáil amháin i gceist) na trádálacha go léir a sheolann sí, laistigh de réim cánach corparáide;

(d) an chuideachta do thosú ar bheith nó scor de bheith ina cónaí sa Stát;

(e) an chuideachta do scor de bheith laistigh de réim cánach corparáide.

(4) Measfar, chun críocha an ailt seo, cuideachta a chónaíonn sa Stát, mura mbeidh sí ar aon dóigh eile laistigh de réim cánach corparáide, do theacht laistigh de réim cánach corparáide an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó an tráth a thosaíonn sí ag seoladh gnó, cibé tráth acu sin is déanaí.

(5) Má dhéanann cuideachta a bhfuil breis is trádáil amháin á seoladh aici cuntais amach d'aon chuid díobh anuas go dtí dátaí éagsúla, agus nach ndéanann sí cuntais ghinearálta amach ar ghníomhaíochtaí uile na cuideachta, beidh feidhm ag fo-alt (3) (b) faoi threoir dáta cuntasaíochta cibé trádáil díobh a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(6) Más rud é, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, go bhfaibhreoidh gnóchan inmhuirearaithe nó caillteanas inlamhála chuig cuid eachta tráth nach mbeidh, ar dhóigh ar bith eile, laistigh de thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, tosóidh tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta an tráth sin chun críocha cánach corparáide, agus faibhreoidh an gnóchan nó an caillteanas sa tréimhse chuntasaíochta sin.

(7) D'ainneoin aon ní sna fo-ailt sin roimhe seo, i gcás a bhfoirceannfar cuideachta críochnóidh tréimhse chuntasaíochta agus tosóidh ceann nua nuair a thosófar ar an bhfoirceannadh, agus dá éis sin ní chríochnóidh tréimhse chuntasaíochta ach amháin nuair a bheidh dhá mhí dhéag caite óna tosach nó nuair a bheidh an foirceannadh críochnaithe.

Measfar chun na críche sin foirceannadh tosú nuair a rithfidh an chuideachta rún go ndéanfar an chuideachta a fhoirceannadh, nó nuair a thíolacfar achainí fhoirceanta mura mbeidh rún den sórt sin rite roimhe sin agus ordú foirceanta déanta ar an achainí, nó nuair a dhéanfar aon bheart eile chun críche dá samhail i gcás foirceannadh ar dhóigh eile seachas faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 .

(8) I gcás ar dealraitheach don chigire go mbaineann éiginnteacht le tosach nó deireadh tréimhse chuntasaíochta cuideachta, féadfaidh sé measúnacht a dhéanamh ar an gcuideachta do cibé tréimhse, nach faide ná dhá mhí dhéag, a mheasfaidh sé a bheith oiriúnach, agus measfar, chun gach críche, gur thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta an tréimhse sin mura cuí leis an gcigire, tar éis tuilleadh fíorais a fháil amach, í a athrú nó mura léireoidh an chuideachta le linn achomhairc in aghaidh na measúnachta i gcás ábhar éigin eile, na fíorthréimhsí cuntasaíochta; agus má léiríonn an chuideachta na fíorthréimhsí cuntasaíochta ar achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnacht a rinneadh de bhua an fho-ailt seo, beidh ag an measúnacht a ndearnadh achomharc ina coinne, i leith na tréimhse lena mbaineann sí, éifeacht mar mheasúnacht nó mar mheasúnachtaí do na fíorthréimhsí cuntasaíochta, agus féadfar cibé measúnachtaí eile a dhéanamh d'aon tréimhsí den sórt sin nó d'aon tréimhse díobh a d'féadfaí a dhéanamh an tráth a rinneadh an mheasúnacht a ndearnadh achomharc ina coinne.

Muirir ar ioncam a lamháil.

10. —(1) Le linn an cháin chorparáide is inmhuirearaithe d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta a bheith á ríomh, déanfar aon mhuirir ar ioncam a d'íoc an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, ach nach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a mhéid gur as brabúis de chuid na cuideachta a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide a íocadh iad, a lamháil mar asbhaintí in aghaidh iomlán na mbrabús don tréimhse arna laghdú d'aon fhaoiseamh eile ó cháin seachas grúp-fhaoiseamh.

(2) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas agus aon eisceachtaí sainráite eile, ciallaíonn “muirir ar ioncam”, chun críocha cánach corparáide, íocaíochtaí d'aon chineál a luaitear i bhfo-alt (3), nach díbhínní ná dáiltí eile de chuid na cuideachta, ach ní mheasfar gur muirear ar ioncam aon íocaíocht is inasbhainte le linn brabúis nó aon chineál brabús a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide.

(3) Faoi réir fho-ailt (4) go (7), is iad na híocaíochtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—

(a) aon ús bliantúil, blianacht nó íocaíocht bhliantúil eile agus aon íocaíochtaí eile den sórt sin a luaitear in alt 93 (cánachas ar chíosanna faoi léasanna fada agus íocaíochtaí áirithe eile) nó in alt 433 (2) (ús bliantúil, etc., is iníoctha go hiomlán as brabúis chánaithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus

(b) aon ús eile is iníoctha sa Stát ar airleacan ó bhanc a sheolann gnó baincéireachta bona fide sa Stát, nó ó dhuine a sheolann bona fide, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, gnó mar chomhalta de stocmhargadh sa Stát nó a sheolann bona fide gnó theach lascaine sa Stát;

agus chun críocha an ailt seo déileálfar le haon ús is iníoctha ag cuideachta mar a luaitear i mír (b) mar ús a íocadh ar é a chur chun dochair do chuntas na cuideachta i leabhair an duine lenarb iníoctha é.

(4) Ní dhéileálfar le haon íocaíocht den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) (a) a thabharfaidh cuideachta do dhuine nach gcónaíonn sa Stát mar mhuirear ar ioncam mura mbeidh cónaí ar an gcuideachta sa Stát agus—

(a) go mbainfidh an chuideachta cáin ioncaim as an íocaíocht de réir alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ús, etc., nach iníoctha as brabúis chánaithe), nó forálacha an ailt sin arna gcur chun feidhme le halt 31 den Acht Airgeadais, 1974 , agus go dtabharfaidh sí cuntas faoi alt 151 (cáin ioncaim ar íocaíochtaí) sa cháin a asbhaineadh amhlaidh; nó

(b) gur íocaíocht í an íocaíocht sin is iníoctha as ioncam is inchurtha faoi cháin faoi Chás III de Sceideal D agus a d'eascair as urrúis agus as sealúchais lasmuigh den Stát.

(5) Ní dhéileálfar mar mhuirear ar ioncam le haon íocaíocht den sórt sin ó chuideachta mar a luaitear i bhfo-alt (3)—

(a) má mhuirearaítear an íocaíocht ar chaipiteal, nó más rud é nach í an chuideachta a dhéanfaidh an íocaíocht faoi dheoidh; nó

(b) mura faoi dhliteanas a tabhaíodh ar leorchomaoin luachmhar a dhéanfar an íocaíocht agus, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, gur chun críocha trádála a sheolann sí sa Stát trí bhrainse nó gníomhaireacht a tabhaíodh an dliteanas go hiomlán agus go heisiatach:

Ar choinníoll go ndéileálfar chun críocha mhír (b) le híocaíocht a thagann faoi réim alt 439 (1) (ii) nó (iia) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (diúscairtí ar feadh gearrthréimhsí), mar íocaíocht a tabhaíodh ar leorchomaoin luachmhar.

(6) Faoi réir fho-alt (7), ní dhéileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon ús bliantúil nó ús eile mar a luaitear i bhfo-alt (3) mar mhuirear ar ioncam a íocadh in aon tréimhse chuntasaíochta ach amháin a mhéid nach mó é ná an ceann is lú díobh seo a leanas—

(a) méid arna ríomh de réir £2,000 sa bhliain, agus

(b) i ndáil le cuideachta a bhfuil baint aici le pearsa aonair nó le cuideachta eile de réir brí alt 157 (daoine bainteacha),

méid arna chinneadh de réir na foirmle

2000

×

A

 

B

×

C

_

12

i gcás—

arb é A méid iomlán an úis is iníoctha ag an gcuideachta i leith na tréimhse cuntasaíochta.

arb é B méid comhiomlán an úis is iníoctha i leith na tréimhse cuntasaíochta ag an gcuideachta agus ag na daoine go léir a bhfuil baint aici leo, agus

arb é C an líon míonna nó codán de mhíonna sa tréimhse chuntasaíochta;

agus chun na críche sin déanfar gach leithroinnt agus gach comhshuimiú is gá:

Ar choinníoll go measfar chun críocha mhír (b) nach bhfuil ar áireamh san ús aon mhéid a bheidh an chuideachta nó aon duine a bhfuil baint aici leis i dteideal a asbhaint le linn ioncam d'aon chineál a bheith á ríomh, ná aon mhéid lena mbaineann forálacha fho-alt (7) nó alt 32, 34 nó 36 den Acht Airgeadais, 1974 (iasachtaí a bhaineann le leas a fháil i gcuideachtaí eile, nó caipiteal a aisghabháil nó a athshuíomh).

(7) Faoi réir fho-alt (8), ní bhainfidh forálacha fho-alt (6) le haon íocaíocht úis ar iasacht do chuideachta chun íoc as airgead a úsáideadh chun críche a luaitear in alt 33 (2) den Acht Airgeadais, 1974 , má bhíonn na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin agus in alt 35 (4) den Acht sin comhlíonta.

(8) Beidh éifeacht le forálacha alt 35 den Acht Airgeadais, 1974 , gan fo-alt (5) den alt sin a áireamh, i ndáil le cáin chorparáide amhail mar atá éifeacht leo i ndáil le cáin ioncaim; agus beidh éifeacht dá réir sin leis na tagairtí d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1974 , don chuideachta infheistíochta agus don iasachtaí, d'ús atá cáilithe le haghaidh faoisimh, agus do thabhairt faoisimh i leith úis ionann is dá mba éard iad nó gur chuid díobh tagairtí d'fho-alt (7) den alt seo, do chuideachta de shórt a luaitear san fho-alt sin (7), d'ús atá le háireamh mar mhuirear ar ioncam, agus do chuid, agus gan ach cuid, d'íocaíocht úis a áireamh mar mhuirear ar ioncam.

Ioncam a riomh: prionsabail chánach ioncaim a fheidhmiú.

11. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo nó le haon achtachán eile a bhaineann le cáin ioncaim nó le cáin chorparáide, déanfar méid aon ioncaim a ríomh chun críocha cánach corparáide de réir prionsabal cánach ioncaim, agus déanfar gach ceist maidir leis na méideanna atá nó nach bhfuil le cur i gcuntas mar ioncam, nó le linn ioncam a bheith á ríomh, nó atá le cur faoi cháin mar ioncam duine, nó maidir leis an tráth a mheasfar a d'eascair aon mhéid den sórt sin, a chinneadh de réir dlí cánach ioncaim agus cleachtas cánach ioncaim ionann is dá mba bhlianta measúnachta tréimhsí cuntasaíochta.

(2) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “dlí cánach ioncaim”, i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta, an dlí ag a bhfuil feidhm i leith na bliana measúnachta ina gcríochnaíonn an tréimhse maidir le cáin ioncaim a mhuirearú ar phearsana aonair, ach amháin—

(a) go bhfolaíonn sé freisin na hachtacháin sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim ag a bhfuil feidhm i leith na bliana 1975-76 agus a bhfuil foráil speisialta iontu do chuideachtaí i ndáil le hábhair dá dtagraítear i bhfo-alt (1), agus

(b) nach bhfolaíonn sé na hachtacháin sin de na hAchtanna Cánach Ioncaim ag a bhfuil feidhm amhlaidh agus a bhfuil foráil speisialta iontu do phearsana aonair i ndáil leis na hábhair sin.

(3) Dá réir sin chun críocha cánach corparáide ríomhfar ioncam, agus déanfar an mheasúnacht, faoi na Sceidil agus na Cásanna céanna a bhfuil feidhm acu chun críocha cánach ioncaim, agus de réir na bhforálacha is infheidhme maidir leis na Sceidil agus na Cásanna sin, ach (faoi réir forálacha an Achta seo) déanfar na méideanna a ríomhfar amhlaidh do na bunaidh éagsúla ioncaim, má bhíonn thar cheann amháin ann, mar aon le haon mhéideanna a bheidh le háireamh i leith gnóchan inmhuirearaithe, a chomhshuimiú chun na brabúis go léir a dhéanamh amach.

(4) Ní mheasfar go gciallaíonn aon ní san alt seo go mbeidh ioncam a d'eascair in aon tréimhse le ríomh faoi threoir aon tréimhse eile (ach amháin sa mhéid gur toradh é ar ioncam de chuid na tréimhse go léir a chionroinnt ar chodanna den tréimhse).

(5) Faoi réir alt 12 agus aon achtachán a chuirtear chun feidhme leis an alt seo a údaraíonn asbhaint den sórt sin go sainráite, ní dhéanfar aon asbhaint le linn ioncam as aon bhunadh a bheith á ríomh—

(a) maidir le díbhinní nó dáiltí eile; ná

(b) maidir le haon ús bliantúil, blianacht nó íocaíocht bhliantúil eile nó aon íocaíochtaí eile dá luaitear in alt 93 nó 433 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ach gan suimeanna a áireamh is inmhuirearaithe, nó ab inmhuirearaithe mura mbeadh aon díolúine, faoi Chás V de Sceideal D.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), beidh, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, an éifeacht chéanna chun críocha cánach corparáide le haon fhoráil atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim (gan forálacha Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas) a áireamh), nó in aon reacht eile, a thugann díolúine ó cháin ioncaim, nó a dhéanann socrú le caillteanas a fhágáil as an áireamh nó a dhéanann socrú le cáin ioncaim a mhuirearú ar dhuine i leith aon mhéid (bíodh sé sainráite gur ioncam é nó nach ea agus gur méid iarbhír é nó nach ea).

(7) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo le go mbeadh feidhm chun críocha cánach corparáide ag aon ní in alt 76 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (urrúis agus sealúchais choigríche).

(8) I gcás a mbeidh, de bhua an ailt seo nó eile, feidhm ag aon achtachán maidir le cáin ioncaim agus le cáin chorparáide, ní difear d'oibrú an achtacháin sin gur cánacha ar leithligh iad ach, a mhéid a bhainfidh le comhréire leis na hAchtanna Cánach Corparáide, beidh feidhm aige i ndáil le cáin ioncaim agus le cáin chorparáide ionann is dá mba aon cháin amháin iad, ionas, go háirithe, maidir le hábhar i gcás a bhaineann le dhá phearsa aonair ar ábhar é is iomchuí dóibh beirt i ndáil le cáin ioncaim, gur ábhar é, ina shamhail de chás a bhaineann le pearsa aonair agus le cuideachta, is ábhar iomchuí dó i ndáil leis an gcáin sin agus di i ndáil le cáin chorparáide; agus chun na críche sin déanfar tagairtí in aon achtachán den sórt sin d'fhaoiseamh ó cháin ioncaim nó do mhuirear cánach ioncaim, nó d'fhoráil shonraithe atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim, a fhorléiriú, d'uireasa nó faoi réir aon oiriúnú sainráite, mar thagairt nó mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon fhaoiseamh comhréire ó cháin chorparáide nó d'aon mhuirear comhréire cánach corparáide, nó d'aon fhoráil chomhréire atá sna hAchtanna Cánach Corparáide.

Ilrialacha speisialta chun ioncam a ríomh.

12. —(1) Chun críocha cánach corparáide, beidh éifeacht, faoi réir na bhfo-alt seo a leanas, leis an dlí cánach ioncaim mar a chuirtear chun feidhme é le halt 11.

(2) I gcás cuideachta do thosú nó do scor de bheith ag seoladh trádála, nó de bheith laistigh de réim cánach corparáide maidir le trádáil, déanfar ioncam na cuideachta a ríomh ionann is dá mba thosú ar an trádáil nó, de réir mar a bheidh, scor den trádáil, é sin, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh tosaithe ar an trádáil, nó scortha den trádáil, iarbhír:

Ar choinníoll i gcás a ndéanfar aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a chur chun feidhme maidir le cáin chorparáide leis an Acht seo, nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo chun aon chríche den fhoráil sin más rud é, faoi aon achtachán, nach mbeidh sé le meas go bhfuil buanscortha, chun na críche comhréire cánach ioncaim, de thrádáil áirithe.

(3) Le linn ioncam ó thrádáil a bheith á ríomh ní choiscfidh alt 11 (5) (b) ús bliantúil a asbhaint.

(4) Le linn ioncam cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta as cearta a ligean chun mianraí a oibriú sa Stát, féadfar aon suimeanna a asbhaint a chaith an chuideachta go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas mar chaiteachas bainistí nó maoirseachta ar na mianraí sin sa tréimhse sin:

Ar choinníoll go mbeidh feidhm ag aon achtacháin a shrianann an faoiseamh ó cháin ioncaim a d'fhéadfaí a thabhairt faoi alt 553 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (liúntas i leith caiteachas d'úinéir cearta mianraí), chun na hasbhaintí a dhéanfar faoin bhfo-alt seo a shrianadh mar an gcéanna.

(5) I gcás cuideachta a bheith inchurtha faoi cháin chorparáide maidir le trádáil faoi Chás III de Sceideal D, déanfar an t-ioncam as an trádáil a ríomh de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D.

(6) Measfar méid aon ioncaim ó urrúis agus sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát a bheith arna laghdú (in aon chás nach féidir asbhaint a dhéanamh faoi aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a chuirtear chun feidhme leis an Acht seo, agus nach bhfuil toirmiscthe le haon fhoráil den sórt sin) d'aon suim a íocadh maidir le cáin ioncaim san áit ar eascair an t-ioncam sin.

(7) Chun críocha cánach corparáide beidh feidhm ag míreanna (e) agus (f) de Chás III de Sceideal D in alt 53 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le cuideachtaí nach gcónaíonn sa Stát, a mhéid is inmhuirearaithe na cuideachtaí sin i leith cánach ar chineálacha ioncaim a thagann, i gcás cuideachtaí a chónaíonn sa Stát, faoi réim na míreanna sin (ach sin gan dochar d'aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a dhíolmhaíonn go speisialta neamhchónaitheoirí ó cháin ioncaim ar ioncam d'aon chineál áirithe).

(8) Ní bheidh feidhm ag forálacha alt 64 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le linn ioncam ó thrádáil a bheith á ríomh.

Gnóchain inmhuirearaithe a ríomh.

13. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, is é méid a bheidh le háireamh maidir le gnóchain chaipitiúla i mbrabúis iomlána cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta an méid seo a leanas arna laghdú 48 faoin gcéad de. is é sin, méid iomlán na ngnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta tar éis (a) aon chaillteanais inlamhála a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a asbhaint, agus (b) aon chaillteanais inlamhála a d'fhaibhrigh roimhe sin chuig an gcuideachta le linn di bheith laistigh de réim cánach corparáide a asbhaint a mhéid nár lamháladh na caillteanais sin mar asbhaint ó ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh in aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, déanfar na gnóchain inmhuirearaithe agus na caillteanais inlamhála a ríomh chun críocha cánach corparáide de réir na bprionsabal a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil, agus déanfar na ceisteanna go léir i dtaobh na méideanna a bheidh nó nach mbeidh le cur i gcuntas mar ghnóchain inmhuirearaithe nó mar chaillteanais inlamhála, nó le linn gnóchain nó caillteanais a bheith á ríomh, nó le muirearú i leith cánach mar ghnóchan duine, nó i dtaobh an ama a measfar a d'fhaibhrigh aon mhéid den sórt sin a chinneadh de réir na bhforálacha a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil ionann is dá mba bhlianta measúnachta tréimhsí cuntasaíochta.

(3) Faoi réir fho-alt (5), i gcás a bhfuil sna hachtacháin a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil aon tagairt do cháin ioncaim nó do na hAchtanna Cánach Ioncaim forléireofar an tagairt, i ndáil le cuideachta, mar thagairt do cháin chorparáide nó do na hAchtanna Cánach Corparáide; ach

(a) ní dhéanfaidh an fo-alt seo difear do na tagairtí do cháin ioncaim i mír 4 (2) de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (caiteachas a eisiamh faoi threoir cánach ioncaim barúlaí),

(b) ní mheasfar go gcuireann aon ní san alt seo alt 6 den Acht sin (gnóchain chaipitiúla a d'fhaibhrigh chuig pearsa aonair: malairt muirir), chun feidhme maidir le cáin chorparáide, agus

(c) a mhéid a oibríonn na forálacha sin faoi threoir ábhair d'aon chineál sonraithe, cuirfear ábhair den chineál sin a bhaineann go heisiatach le cuideachtaí, ach ní chuirfear ábhair den chineál sin a bhaineann go heisiatach le pearsana aonair, i gcuntas le haghaidh cánach corparáide.

(4) Ní dhéanfar difear d'oibriú an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , arna leathnú leis an alt seo gur cánacha ar leithligh iad cáin ghnóchan caipitiúil agus cáin chorparáide ach, a mhéid a bhainfidh le comhréire leis an Acht seo, beidh feidhm aige i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil agus cáin chorparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe ionann is dá mba aon cháin amháin iad, ionas, go háirithe, maidir le hábhar i gcás a bhaineann le dhá phearsa aonair, ar ábhar é is iomchuí dóibh beirt maidir le cáin ghnóchan caipitiúil gur ábhar é, ina shamhail de chás, a bhaineann le pearsa aonair agus le cuideachta, is ábhar iomchuí dó i ndáil leis an gcáin sin agus di i ndáil le cáin chorparáide.

(5) I gcás sócmhainní cuideachta a bheith dílsithe do leachtaitheoir, beidh feidhm ag an alt seo agus ag na hachtacháin a chuirtear chun feidhme leis an alt seo ionann is dá mba don chuideachta a bhí na sócmhainní dílsithe agus gur ghníomhartha de chuid na cuideachta gníomhartha an leachtaitheora i ndáil leis na sócmhainní (agus neamhshuim dá réir sin a dhéanamh d'fháil aige ón gcuideachta nó de dhiúscairt uaidh chun na cuideachta).

Asbhaint agus breisiú le linn brabúis i ndáil le liúntais chaipitiúla agus muirir ghaolmhara a bheith á ríomh.

14. —(1) Le linn brabúis cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta chun críocha cánach corparáide, déanfar, de réir an ailt seo, an asbhaint agus an breisiú go léir is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais (lena n-áirítear liúntais infheistíochta) agus le muirir i leith caiteachais chaipitiúil, mar a chuirtear na forálacha sin chun feidhme leis an Acht seo.

(2) (a) Tabharfar do liúntais a bheidh le tabhairt agus do mhuirir a bheidh le déanamh d'aon tréimhse chuntasaíochta le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin éifeacht trí mhéid aon liúntais a áireamh mar chaiteachas trádála de chuid na trádála sa tréimhse sin agus tríd an méid a bheidh le cur faoi aon mhuirear den sórt sin a áireamh mar fháltas trádála de chuid na trádála sa tréimhse sin.

(b)   (i) Féadfaidh cuideachta a mbeidh liúntas faoi Chuid XV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Liúntais Tosaigh i leith Caiteachais Chaipitiúil Airithe ar Innealra agus Gléasra agus ar Fhoirgnimh agus Déanmhais Thionscail), nó faoi alt 294 (1) (a) den Acht sin (liúntais i leith caiteachais ar dhreidireacht) mar a chuirtear chun feidhme é i leith cánach corparáide leis an Acht seo, le tabhairt di le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin d'aon tréimhse chuntasaíochta an liúntas a shéanadh trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na tréimhse sin.

(ii) Beidh ag gabháil le haon fhógra den sórt sin deimhniú, a bheidh sínithe ag an duine a thug an fógra, ina mbeidh sonraí a thaispeánfaidh go mbeidh an liúntas le tabhairt dá mbeifí gan fógra den sórt sin a thabhairt agus an méid a bheidh le tabhairt amhlaidh.

(iii) I gcás fógra a bheith tugtha faoi fhomhír (i) d'aon tréimhse chuntasaíochta, féadfaidh an cigire measúnacht cánach corparáide a dhéanamh ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin ar an méid, nó ar an méid breise, is dóigh leis ba chóir a mhuirearú.

(3) I gcás liúntas a bheith le tabhairt do chuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta agus go mbeidh sé le tabhairt trí urscaoileadh nó aisíoc cánach nó le linn a hioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D, agus go mbeidh sé inchomhairimh go príomha in aghaidh ioncam de chineál sonraithe, tabharfar éifeacht dó, a mhéid is féidir, trí mhéid an liúntais a bhaint as aon ioncam don tréimhse is ioncam den chineál sonraithe.

(4) Aon mhuirir chothromaíochta d'aon tréimhse chuntasaíochta nach mbeidh le muirearú le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin, tabharfar, d'ainneoin aon socrú dóibh a bheidh le déanamh faoi Chás IV nó V de Sceideal D, de réir mar a bheidh, éifeacht dóibh tríd an méid a bheidh le cur faoin muirear a áireamh mar ioncam den chineál céanna leis an ioncam a bhfuil na liúntais chomhréire inchomhairimh, nó inchomhairimh go príomha, ina n-aghaidh.

(5) I gcás nach féidir, mar gheall ar easpa nó easnamh ioncaim den chineál iomchuí, lánéifeacht a thabhairt faoi fho-alt (3) in aon tréimhse chuntasaíochta do liúntas a bheidh le tabhairt i leith na tréimhse cuntasaíochta sin ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach nó le linn ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D, de réir mar a bheidh, ansin (fad a bheidh an chuideachta laistigh de réim cánach), tabharfar an méid nár lamháladh ar aghaidh go dtí an chéad tréimhse chuntasaíochta eile, ach amháin a mhéid a bheidh éifeacht tugtha dó faoi fho-alt (6); agus, chun críocha an ailt seo, lena n-áirítear aon fheidhmiú breise ar an bhfo-alt seo, déanfar an méid a tugadh ar aghaidh amhlaidh a áireamh mar mhéid liúntais chomhréire don tréimhse sin.

(6) I gcás nach féidir, mar gheall ar easpa nó easnamh ioncaim de chineál sonraithe, lánéifeacht a thabhairt faoi fho-alt (3) in aon tréimhse chuntasaíochta do liúntas (seachas liúntas a bheidh tugtha ar aghaidh ó thréimhse chuntasaíochta níos luaithe) a bheidh le tabhairt don tréimhse chuntasaíochta sin ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach, nó le linn ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D, de réir mar a bheidh, agus is liúntas a bheidh inchomhairimh go príomha in aghaidh ioncam den chineál sonraithe sin, féadfaidh an chuideachta a éileamh go dtabharfar éifeacht don liúntas in aghaidh na mbrabús (cibé cineál iad) don tréimhse chuntasaíochta sin agus, má bhí an chuideachta laistigh de réim cánach an tráth sin, do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a chríochnaigh laistigh den am a shonraítear i bhfo-alt (7); agus, faoi réir an fho-ailt sin agus aon fhaoisimh i leith liúntas roimhe sin nó i leith caillteanas, áireofar an tráth sin na brabúis d'aon tréimhse chuntasaíochta díobh sin mar bhrabúis ar lú iad de mhéid na suime nár lamháladh faoi fho-alt (3), nó de cibé cion den méid sin nach féidir éifeacht a thabhairt dó faoin bhfo-alt seo in aghaidh na mbrabús do thréimhse chuntasaíochta dá éis sin.

(7) Is é an t-am dá dtagraítear i bhfo-alt (6) am díreach roimh an tréimhse chuntasaíochta a chéadluaitear i bhfo-alt (6) atá comhfhad leis an tréimhse chuntasaíochta a mbeidh an liúntas le tabhairt ina leith; ach ní rachaidh méid nó méid comhiomlán an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoin bhfo-alt sin ar na brabúis do thréimhse chuntasaíochta is tréimhse ar roimh an am sin do chuid di, agus méid aon laghdaithe a bheidh le déanamh orthu faoi aon fhoráil chomhréire den Acht seo a bhaineann le caillteanais, thar chuid de na brabúis sin is comhréir leis an gcuid den tréimhse laistigh den am sin.

(8) Is trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire tráth nach déanaí ná dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta nach féidir lánéifeacht faoi fho-alt (3) a thabhairt do liúntas a dhéanfar éileamh faoi fho-alt (6).

Costais bhainistí cuideachtaí infheistíochta (lena n-áirítear bainc thaisce) a asbhaint.

15. —(1) Le linn iomlán na mbrabús d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta infheistíochta a chónaíonn sa Stát a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, asbhainfear aon suimeanna a eisíocadh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, mar chostais bhainistí (lena n-áirítear coimisiúin) don tréimhse sin, ach gan aon chostais den sórt sin a áireamh is inasbhainte le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha Chás de Sceideal D:

Ar choinníoll go mbainfear as an méid a bheidh le háireamh mar chostais bhainistí méid aon ioncaim a dhíorthaigh as bunaidh nár cuireadh faoi cháin, seachas ioncam infheistíochta frainceáilte.

(2) I gcás a dtarlóidh in aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta infheistíochta gur mó na costais bhainistí is inasbhainte faoi fho-alt (1), mar aon le haon mhuirir ar ioncam a íocadh sa tréimhse chuntasaíochta go hiomlán agus go heisiatach chun críocha gnó na cuideachta, ná méid na mbrabús asarb inasbhainte iad, tabharfar an méid breise ar aghaidh go dtí an tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin; agus, chun críocha an ailt seo (ar leith ó fho-alt (4)) lena n-áirítear aon fheidhmiú breise ar an bhfo-alt seo, áireofar an méid a thabharfar ar aghaidh amhlaidh ionann is dá mba gur eisíocadh é mar chostais bhainistí don tréimhse chuntasaíochta sin.

(3) Chun críocha fho-ailt (1) agus (2) cuirfear le costais bhainistí cuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta méid aon liúntais a bheidh le tabhairt don chuideachta don tréimhse sin de bhua alt 37 den Acht Airgeadais, 1968 (faoiseamh d'íocaíochtaí i leith iomarcaíochta), nó alt 16 den Acht Airgeadais, 1972 (scéimeanna pinsean gairme ceadaithe áirithe: díolúine agus faoiseamh).

(4) I gcás a gcruthóidh cuideachta infheistíochta go bhfuair sí ioncam infheistíochta frainceáilte in aon tréimhse chuntasaíochta, beidh sí i dteideal a éileamh go n-íocfar léi méid an chreidmheasa cánach san ioncam sin is comhionann le méid aon bhreise don tréimhse chuntasaíochta arna ríomh faoi fho-alt (2) ach gan aon mhéid a tugadh ar aghaidh ó thréimhse chuntasaíochta roimhe sin a áireamh:

Ar choinníoll nach dtabharfar ar aghaidh faoi fho-alt (2) aon bhreis a dtabharfar faoiseamh ina leith faoin bhfo-alt seo.

(5) Déanfar fógra i dtaobh aon éileamh faoi fho-alt (4), mar aon le sonraí air, a thabhairt i scríbhinn don chigire laistigh de dhá bhliain tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta a ndearnadh an t-éileamh ina leith, agus i gcás a gcuirfidh an cigire in aghaidh an éilimh sin éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc an céanna mar a dhéanfaidís i gcás achomhairc chucu in aghaidh measúnachta faoi Sceideal D, agus beidh feidhm dá réir sin, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.

(6) Chun críocha de chuid an ailt seo agus d'fhorálacha eile de chuid an Achta seo a bhaineann le costais bhainistí ciallaíonn “cuideachta infheistíochta” aon chuideachta arb é a gnó go hiomlán nó go formhór infheistíochtaí a dhéanamh, agus ar as an gcéanna do phríomh-chuid a hioncaim, ach folaíonn sé aon bhanc taisce nó aon bhanc eile le haghaidh taisce.

Faoiseamh i leith caillteanais trádála seachas caillteanais fhoirceannaidh.

16. —(1) I gcás a mbainfidh caillteanas i dtrádáil in aon tréimhse chuntasaíochta do chuideachta a sheolann an trádáil, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an caillteanas a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh aon ioncam trádála ón trádáil i dtréimhsí cuntasaíochta dá éis sin; agus (fad a bheidh an chuideachta ag seoladh na trádála) déanfar a hioncam trádála ón trádáil in aon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin a áireamh mar ioncam trádála arna laghdú méid an chaillteanais, nó cibé cion den méid sin nach féidir, de bharr an éilimh sin nó éileamh (má rinneadh) faoi fho-alt (2), faoiseamh a thabhairt ina leith in aghaidh ioncam nó brabúis de chuid tréimhse cuntasaíochta roimhe sin.

(2) I gcás a mbainfidh caillteanais i dtrádáil in aon tréimhse chuntasaíochta do chuideachta a sheolann an trádáil, ansin (faoi réir fho-alt (4)), féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an caillteanas a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabúis (cibé cineál iad) de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin agus, má bhí an chuideachta ag seoladh na trádála an tráth sin, agus go n-éileofar amhlaidh san éileamh, de chuid tréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a chríochnaigh laistigh den am a shonraítear i bhfo-alt (3); agus, faoi réir an fho-ailt sin agus aon fhaoisimh i leith caillteanais roimhe sin, áireofar ansin na brabúis de chuid aon tréimhse díobh sin a bheith arna laghdú méid an chaillteanais, nó cibé cion den méid sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin bhfo-alt seo in aghaidh brabúis de chuid tréimhse cuntasaíochta níos déanaí.

(3) Is é an t-am dá dtagraítear i bhfo-alt (2) am díreach roimh an tréimhse chuntasaíochta a chéadluaitear i bhfo-alt (2) atá comhfhad leis an tréimhse chuntasaíochta inar tabhaíodh an caillteanas; ach ní rachaidh méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoin bhfo-alt sin ar na brabúis do thréimhse chuntasaíochta is tréimhse ar roimh an am sin do chuid di thar an gcuid de na brabúis sin is comhréir leis an gcuid den tréimhse laistigh den am sin.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (2) le trádálacha lena mbaineann Cás III de Sceideal D.

(5) Déanfar méid caillteanais a tabhaíodh i dtrádáil i dtréimhse chuntasaíochta a ríomh chun críocha an ailt seo mar a ríomhfaí ioncam trádála ón trádáil sa tréimhse sin.

(6) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “ioncam trádála”, i ndáil le haon trádáil, an t-ioncam atá nó a bheadh le háireamh i leith na trádála i mbrabúis iomlána na cuideachta; ach más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, go dtabhaíonn cuideachta caillteanas i dtrádáil a mbeidh sí inchurtha faoi cháin chorparáide ina leith faoi Chás I nó faoi Chás III de Sceideal D, agus más rud é in aon tréimhse chuntasaíochta níos déanaí a dtabharfar an caillteanas nó aon chuid den chaillteanas ar aghaidh chuici faoi fho-alt (1) nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith, nó nach féidir faoiseamh a thabhairt go hiomlán ina leith, toisc nach leor méid an ioncaim thrádála ón trádáil, déanfar aon ús nó díbhinní ar infheistíochtaí a bheadh, mura mbeadh iad a bheith curtha faoi cháin faoi fhorálacha eile, le cur i gcuntas mar fháltais thrádála le linn an t-ioncam trádála sin a bheith á ríomh, a áireamh chun críocha fho-alt (1) ionann is dá mba ioncam trádála ón trádáil iad.

(7) Más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, i gcás muirir ar ioncam a d'íoc cuideachta—

(a) gur mó iad ná méid na mbrabús ar inasbhainte iad ina n-aghaidh, agus

(b) go mbeidh ar áireamh orthu íocaíochtaí a íocadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha trádála a bhí á seoladh ag an gcuideachta,

ansin, go feadh méid na breise sin nó na n-íocaíochtaí sin, cibé acu is lú, beidh na muirir ar ioncam a íocadh amhlaidh inasbhainte, le linn caillteanas a bheith á ríomh chun críocha fho-alt (1), ionann is dá mba chaiteachais trádála de chuid na trádála iad.

(8) San alt seo na tagairtí do chuideachta ag seoladh trádála is tagairtí iad don chuideachta ag seoladh na trádála ionas gur laistigh de réim cánach corparáide di ina leith.

(9) I gcás—

(a) éileamh a dhéanamh faoi fho-alt (2), agus

(b) go mbaineann an t-éileamh le caillteanas (arna ríomh trí chionroinnt más gá) a tabhaíodh i dtrádáil sa dá mhí dhéag díreach roimh an dáta a scoir an chuideachta de bheith ag seoladh na trádála sin, agus

(c) gur éileamh é an t-éileamh chun aon chuid den chaillteanas a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús de chuid tréimhse chuntasaíochta roimh an tréimhse chuntasaíochta inar tabhaíodh an caillteanas,

ansin, ní bheidh feidhm ag an bhfritháireamh sin chun an méid a mbeidh an chuideachta inchurtha faoi cháin chorparáide ina leith don tréimhse chuntasaíochta sin roimhe sin a laghdú go dtí méid níos lú ná méid arb ionann an cháin chorparáide is inchurtha ina leith don tréimhse chuntasaíochta sin roimhe sin agus breis na gcreidmheasaí cánach a bhí ar áireamh na n-íocaíochtaí frainceáilte a d'íoc an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin roimhe sin ar na creidmheasaí cánach a bhí ar áireamh san ioncam infheistíochta frainceáilte a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin roimhe sin.

(10) Déanfar éileamh faoi fho-alt (2) laistigh de dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta inar tabhaíodh an caillteanas.

Srian le faoiseamh i leith caillteanas i bhfeirmeoireacht nó i ngarraíodóireacht mhargaidh.

17. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “na trí bliana roimhe sin”, i ndáil le caillteanas a tabhaíodh i dtréimhse chuntasaíochta, na trí bliana deiridh roimh thosach na tréimhse cuntasaíochta;

ciallaíonn “an réamh-thréimhse chaillteanais” na trí bliana roimhe sin, nó, má tabhaíodh caillteanais i dtréimhsí cuntasaíochta comhleanúnacha is faide ar fad ná trí bliana (agus dar críoch deireadh na dtrí bliana roimhe sin), an tréimhse is faide sin;

tá le “feirmeoireacht” an bhrí chéanna atá leis i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975 ) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1974 (cánachas ar bhrabúis feirmeoireachta);

tá le “garraíodóireacht mhargaidh” an bhrí chéanna atá leis in alt 54 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (garraíodóireacht mhargaidh).

(2) (a) Aon chaillteanas a tabhaíodh i dtrádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh ní bheidh sé inchomhairimh le haghaidh faoisimh faoi alt 16 (2) mura suífear, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta a n-éilítear a tabhaíodh an caillteanas, go raibh an trádáil á seoladh ar bhonn tráchtála agus le hionchas brabúis a dhéanamh sa trádáil.

(b) Gan dochar do mhír (a), ní bheidh aon chaillteanas a tabhaíodh in aon tréimhse chuntasaíochta i dtrádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh inchomhhairimh le haghaidh faoisimh faoi alt 16 (2) má tabhaíodh caillteanas, arna ríomh ar neamhshuim le liúntais chaipitiúla, ag seoladh na trádála sin sa tréimhse chuntasaíochta sin, agus i ngach ceann de na tréimhsí cuntasaíochta ar chuid de na trí bliana roimhe sin í go léir nó cuid di; agus chun críche na míre seo ciallaíonn “caillteanas arna ríomh ar neamhshuim le liúntais chaipitiúla” caillteanas arna fhionnadh de réir rialacha Chás I de Sceideal D, sa dóigh, áfach, d'ainneoin alt 14, nach gcuirfear aon liúntas ná muirear i gcuntas a chuirfí i gcuntas ar dhóigh eile faoin alt sin.

(c) Chun críocha an ailt seo, i gcás trádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh a bheith á seoladh tráth ar bith ar mhodh gur réasúnach a bheith ag súil le brabús uaithi, is fianaise dhochloíte é sin gur d'fhonn brabúis a dhéanamh a bhí sí á seoladh an tráth sin.

(d) Ní chuirfidh an fo-alt seo srian le faoiseamh i leith aon chaillteanais má shuíonn an chuideachta is éilitheoir gur de chineál a gníomhaíochtaí feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh go léir an bhliain díreach i ndiaidh na dtrí bliana roimhe sin, agus gur ar mhodh a seoladh iad, gur réasúnach súil a bheith le brabúis a dhéanamh san am le teacht dá mba fheirmeoir inniúil nó garraíodóir margaidh inniúil a thabharfadh fúthu, ach dá dtabharfadh an feirmeoir nó an garraíodóir margaidh sin faoi na gníomhaíochtaí sin i dtús na réamh-thréimhse caillteanais, nár réasúnach súil a bheith le brabús a bheith ar na gníomhaíochtaí sin aige go dtí tar éis deireadh na bliana díreach i ndiaidh na réamh-thréimhse caillteanais.

(e) Ní chuirfidh an fo-alt seo srian le faoiseamh nuair is é atá sa trádáil atá á seoladh cuid de gnóthas trádála is mó ná í agus ar trádáil chumhalda dó í.

(3) Ní chuirfidh fo-alt (2) srian le faoiseamh i leith aon chaillteanais más sna trí bliana roimhe sin a bunaíodh agus a tosaíodh an trádáil, agus, chun críocha an fho-ailt seo, áireofar gur scoireadh de thrádáil. agus gur bunaíodh trádáil nua, in aon teagmhas a bhfuil sé le háireamh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim gurb ionann é agus buanscor de thrádáil nó trádáil a bhunú:

Ar choinníoll nach n-áireofar go bhfuil scortha de thrádáil mura rud é nach mbeidh sé le meas, faoi alt 20 (2), go bhfuil scortha di chun críocha liúntas caipitiúil agus, muirear.

(4) Má tá nó má bhíonn trádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh le háireamh mar thrádáil nár seoladh ach ar feadh cuid de thréimhse chuntasaíochta toisc gur sa tréimhse chuntasaíochta sin a bunaíodh agus a tosaíodh í, nó a scoireadh di, nó a bunaíodh agus a tosaíodh í agus a scoireadh di, beidh éifeacht le fo-alt (2) i ndáil leis an trádáil sin maidir leis an gcuid sin den tréimhse chuntasaíochta sin.

(5) I gcás na daoine a bhí ag seoladh trádála feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh athrú aon tráth, beidh feidhm ag an alt seo, d'ainneoin fho-alt (3), maidir le haon duine a bhí ag seoladh na trádála sin díreach roimh an athrú agus díreach dá éis amhail is dá mba í an trádáil chéanna í roimh an athrú agus dá éis gan aon scor, agus amhail is dá mba é an duine céanna duine áirithe agus duine eile a bhfuil baint aige leis.

San fho-alt seo déanfar aon cheist faoi bhaint a bheith ag daoine le chéile a chinneadh de réir forálacha alt 157 agus dá réir sin féadfar faoiseamh ó cháin chorparáide a shrianadh faoin alt seo faoi threoir caillteanais ar i mblianta measúnachta a tabhaíodh cuid díobh, agus ar i dtréimhsí cuntasaíochta cuideachta a tabhaíodh cuid díobh arna ríomh ar neamhshuim le liúntais chaipitiúla.

Faoiseamh i leith caillteanais fhoirceannaidh i dtrádáil.

18. —(1) I gcás cuideachta a scoir de thrádáil a sheoladh do thabhú caillteanas sa trádáil in aon tréimhse chuntasaíochta ar chuid den dá mhí dhéag roimhe sin í go léir nó cion di, féadfaidh an chuideachta a éileamh an caillteanas a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh ioncam trádála ón trádáil i tdréimhsí cuntasaíochta ar chuid iad go hiomlán nó go páirteach de na trí bliana roimh an dá mhí dhéag sin (nó laistigh d'aon tréimhse níos giorra ná sin a raibh an chuideachta ag seoladh na trádála ar a feadh); agus, faoi réir na bhfo-alt seo a leanas agus aon fhaoiseamh i leith caillteanas roimhe sin, déanfar ioncam trádála aon cheann de na tréimhsí sin a áireamh mar ioncam arna laghdú méid an chaillteanais, nó cibé cion den méid sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin bhfo-alt seo in aghaidh ioncam ó thréimhse chuntasaíochta níos déanaí:

Ar choinníoll nach dtabharfar faoiseamh faoin bhfo-alt seo maidir le haon chaillteanas a mhéid a cuireadh an caillteanas sin i gcuntas, nó is feidir ar shlí eile é a chur i gcuntas, chun aon mhuirear cánach a laghdú nó faoiseamh a thabhairt ina leith.

(2) I gcás a mbeidh caillteanas tabhaithe i dtréimhse chuntasaíochta ar lasmuigh den dá mhí dhéag a luaitear i bhfo-alt (1) do chuid di, ní thabharfar faoiseamh faoin bhfo-alt sin ach amháin i leith na coda sin den chaillteanas atá i gcomhréir leis an gcuid den tréimhse laistigh den dá mhí dhéag sin; ach ní rachaidh méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoin bhfo-alt sin in ioncam trádála tréimhse cuntasaíochta ar lasmuigh de na trí bliana a luaitear ansin do chuid di thar an gcuid den ioncam sin atá i gcomhréir leis an gcuid den tréimhse laistigh de na trí bliana sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 16 (5) go (8) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha alt 16 (1); agus ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo maidir le caillteanas a tabhaíodh i dtrádáil le go gcuirfeadh sé isteach ar aon fhaoiseamh faoi alt 10 i leith íocaíochtaí arna dtabhairt go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála sin.

(4) Nuair is mó na creidmheasaí cánach atá ar áireamh i méid iomlán na n-íocaíochtaí frainceáilte a d'íoc cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta ná na creidmheasaí cánach atá ar áireamh i méid iomlán an ioncaim infheistíochta fhrainceáilte a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin, ansin, ní bheidh feidhm ag an bhfritháireamh caillteanais dá bhforáiltear le fo-alt (1) chun an méid a bhfuil an chuideachta inchurtha faoi cháin chorparáide ina leith a laghdú go dtí méid is lú ná méid arb é a bheadh sa cháin chorparáide is inmhuirearaithe uirthi don tréimhse sin suim ar cóimhéid leis an mbreis:

Ar choinníoll i gcás ar lasmuigh de na trí bliana a luaitear i bhfo-alt (1) do chuid den tréimhse chuntasaíochta gurb é a bheidh i mbreis na gcreidmheasaí cánach a bheidh le cur i gcuntas chun críocha an fho-ailt seo an chuid den bhreis d'iomlán na tréimhse cuntasaíochta is comhréir leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta laistigh de na trí bliana a luaitear i bhfo-alt (1).

Caillteanais in idirbhearta a mbeadh an t-ioncam astu inmhuirearaithe faoi Chás IV nó V de Sceideal D.

19. —(1) I gcás a dtarlóidh in aon tréimhse chuntasaíochta go dtabhóidh cuideachta caillteanas in idirbheart a mbeidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith faoi Chás IV de Sceideal D, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfaí an caillteanas a fhritháireamh in aghaidh méid aon ioncaim as idirbhearta a mbeidh cáin chorparáide measúnaithe ar an gcuideachta ina leith faoin gCás sin don tréimhse chuntasaíochta chéanna nó d'aon tréimhse chuntasaíochta dá héis; agus déanfar ioncam na cuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta as na hidirbhearta sin a áireamh mar ioncam arna laghdú méid an chaillteanais, nó cibé cion den méid sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin alt seo in aghaidh ioncam de chuid tréimhse cuntasaíochta roimhe sin:

Ar choinníoll i gcás a dtabhóidh cuideachta caillteanas in idirbheart a bheadh, dá mbeadh brabús eascraithe as, inmhuirearaithe i leith cánach de bhua alt 55 (1) nó (2) den Acht Airgeadais, 1974 (idirbhearta i ndeimhnithe taiscthe), ansin, má bhíonn cáin inmhuirearaithe ar an gcuideachta i leith an úis is iníochta ar mhéid an airgid ar diúscraíodh an ceart ina leith, go n-áireofar méid an úis sin sna méideanna a bhféadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfaí méid a caillteanais a fhritháireamh ina leith faoin bhfo-alt seo.

(2) I gcás cuideachta a bheith, in aon tréimhse chuntasaíochta, laistigh de réim cánach corparáide faoi Chás V de Sceideal D agus gur mó comhiomlán na n-easnamh, arna ríomh de réir alt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (cánachas ar chíosanna faoi ghearrléasanna), ná comhiomlán na mbarrachas arna ríomh amhlaidh, féadfar, a mhéid is féidir, ar éileamh a dhéanamh chuige sin, an bhreis a bhaint as, nó a fhritháireamh in aghaidh, méid aon ioncaim a mbeidh cáin chorparáide measúnaithe ar an gcuideachta ina leith faoin gCás sin V do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a chríochnaigh laistigh den am a shonraítear i bhfo-alt (3); agus, faoi réir an fho-ailt sin agus aon fhaoisimh i leith breis easnamh roimhe sin, déanfar an t-ioncam sin de chuid aon tréimhse díobh sin a áireamh mar ioncam arna laghdú, a mhéid is féidir, méid na breise, agus déanfar aon chuid den bhreis nach dtabharfar faoiseamh ina leith amhlaidh a fhritháireamh in aghaidh an ioncaim a bhfuil cáin chorparáide measúnaithe ar an gcuideachta ina leith faoi Chás V de Sceideal D d'aon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin:

Ar choinníoll go dtabharfar, a mhéid is féidir, aon fhaoiseamh faoin bhfo-alt seo trí aon chuid den bhreis sin a thabhairt ar aghaidh ón gcéad mheasúnacht eile dá éis sin agus, a mhéid nach féidir é a thabhairt ar aghaidh amhlaidh, ansin, ón gcéad mheasúnacht eile agus mar sin de.

(3) Is é an t-am dá dtagraítear i bhfo-alt (2) an t-am díreach roimh an tréimhse chuntasaíochta a chéadluaitear i bhfo-alt (2) ar comhfhad leis an tréimhse chuntasaíochta inar tharla an bhreis easnamh; ach ní bheidh méid an laghdaithe a fhéadfar a thabhairt faoin bhfo-alt sin san ioncam do thréimhse chuntasaíochta ar roimh an am sin do chuid di níos mó ná cuid den ioncam sin is comhréir leis an gcuid den tréimhse ar laistigh den am sin di.

(4) Déanfar éileamh faoi fho-alt (2) laistigh de dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta inar tabhaíodh an bhreis easnamh.

Athchóiriú ar chuideachta gan athrú ar úinéireacht.

20. —(1) I gcás a dtarlóidh, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, ar chuideachta (“an réamhtheachtaí”) do scor de thrádáil a sheoladh, go dtosóidh cuideachta eile (“an comharba”) á seoladh, agus—

(a) ar an teagmhas sin tarlú nó aon tráth laistigh de dhá bhliain tar éis dó tarlú, gur leis na daoine céanna an trádáil nó leas inti nach lú ná trí cheathrú cuid di ar leo an trádáil nó leas den sórt sin tráth éigin laistigh de bhliain roimh an teagmhas sin tarlú; agus

(b) nach mbeidh, sa tréimhse a ghlactar le haghaidh na comparáide faoi mhír (a), an trádáil á seoladh ach ag cuideachta atá laistigh de réim cánach ina leith;

ansin beidh éifeacht leis an Acht seo faoi réir fho-ailt (2) go (5).

I míreanna (a) agus (b) beidh feidhm freisin ag tagairtí don trádáil maidir le haon trádáil eile a gcuimsítear gníomhaíochtaí na trádála chéadluaite ina gníomhaíochtaí.

(2) Ní áireofar go mbeidh buanscortha den trádáil ná trádáil nua a bheith bunaithe agus tosaithe chun críche na liúntas agus na muirear dá bhforáiltear le halt 14; ach tabharfar don chomharba nó gearrfar air, de réir an ailt seo, na liúntais agus na muirir go léir a bheadh, dá leanfadh an réamhtheachtaí air ag seoladh na trádála, le tabhairt dó nó le gearradh air, agus déanfar méid aon liúntais nó aon mhuirir den sórt sin a ríomh ionann is dá mbeadh an comharba ag seoladh na trádála ó thosaigh an réamhtheachtaí á seoladh agus ionann is dá mba é an comharba a rinne nó gur leis a rinneadh gach ní a rinne an réamhtheachtaí nó a rinneadh leis (ach sin sa dóigh nach ndéileálfar le haon díol ní aistriú sócmhainní a úsáidtear chun críocha na trádála agus a rinne an réamhtheachtaí, ar an trádáil a aistriú, leis an gcomharba mar dhíol nó aistriú is bun le haon liúntas nó muirear den sórt sin).

(3) Ní bheidh an réamhtheachtaí i dteideal faoisimh faoi alt 18, ach amháin mar a fhoráiltear le fo-alt (5) den alt seo; agus, faoi réir aon éileamh a dhéanfaidh an réamhtheachtaí faoi alt 16 (2), beidh an comharba i dteideal faoisimh faoi alt 16 (1), ionann is dá mba i leith caillteanais é a bhain don chomharba ag seoladh na trádála, i leith aon mhéid a mbeadh an réamhtheachtaí i dteideal faoiseamh a éileamh ina leith dá leanfadh sé air ag seoladh na trádála.

(4) Aon urrúis de réir brí alt 367 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ceannach agus díol urrús), ar chuid de stoc trádála na cuideachta iad an tráth a scoir an réamhtheachtaí de bheith ag seoladh na trádála, déileálfar leo chun críocha an ailt sin mar urrúis a dhíol an réamhtheachtaí an tráth sin ar an margadh oscailte agus a cheannaigh an comharba an tráth sin ar an margadh oscailte.

(5) Ar an gcomharba scor de bheith ag seoladh na trádála—

(a) má scoireann an comharba amhlaidh laistigh de cheithre bliana ó theacht i gcomharbas ar an trádáil, féadfar aon fhaoiseamh a d'fhéadfaí a thabhairt don chomharba faoi alt 18 ar scor dó de bheith ag seoladh na trádála, a mhéid nach féidir an faoiseamh sin a thabhairt don chomharba, a thabhairt don réamhtheachtaí ionann is dá mba é an réamhtheachtaí a thabhaigh an caillteanas (lena n-áirítear aon mhéid a áiríodh mar chaillteanas faoi alt 18 (3)); agus

(b) má scoireann an comharba de bheith ag seoladh na trádála laistigh de bhliain ó theacht i gcomharbas uirthi, féadfar faoiseamh a thabhairt don réamhtheachtaí faoi alt 18 i leith aon chaillteanas a thabhaigh sé (nó aon mhéid arna áireamh mar chaillteanas den sórt sin faoi alt 18 (3));

ach chun críocha alt 18, mar atá feidhm aige de bhua an fho-ailt seo maidir le faoiseamh a thabhairt don réamhtheachtaí, áireofar go mbeidh scortha ag an réamhtheachtaí de bheith ag seoladh na trádála nuair a bheidh scortha ag an gcomharba dá seoladh.

(6) I gcás an comharba scor de bheith ag seoladh na trádála laistigh den tréimhse a ghlactar le haghaidh na comparáide faoi fho-alt (1) (a) agus, ar sin a dhéanamh aige, go dtosóidh tríú cuideachta ag seoladh na trádála, ansin, ní thabharfar faoiseamh don réamhtheachtaí de bhua fho-alt (5) faoi threoir an teagmhais sin, ach faoi réir go mbeidh feidhm ag fo-ailt (2) go (5) maidir leis an teagmhas sin (mar aon leis an réamhtheachtaí agus an comharba nua) agus freisin leis an teagmhas roimhe sin (mar aon leis an réamhtheachtaí agus an comharba bunaidh), ach sin sa dóigh—

(a) i ndáil leis an teagmhas is luaithe go bhfolóidh “comharba” an comharba i gceachtar teagmhas; agus

(b) i ndáil leis an teagmhas is déanaí go bhfolóidh “réamhtheachtaí” an réamhtheachtaí i gceachtar teagmhas;

agus má shásaítear coinníollacha an fho-ailt seo arís ina dhiaidh sin, beidh feidhm aige arís amhlaidh.

(7) I gcás a dtarlóidh, ar chuideachta scor de bheith ag seoladh trádála, go dtosóidh cuideachta eile ag seoladh gníomhaíochtaí na trádála mar chuid dá trádáil, ansin measfar chun críocha an ailt seo gur trádáil ar leithligh an chuid sin den trádáil a bheidh á seoladh ag an gcomharba, má bhíonn d'éifeacht leis an meas sin go mbeidh éifeacht le fo-alt (1) nó (6) ar an teagmhas sin i ndáil leis an trádáil ar leithligh sin; agus i gcás a dtarlóidh, ar chuideachta scor de bheith ag seoladh cuid de thrádáil, go dtosóidh cuideachta eile ag seoladh gníomhaíochtaí na coda sin mar thrádáil nó mar chuid de thrádáil dá cuid, measfar chur críocha an ailt seo gur sheol an réamhtheachtaí mar thrádáil ar leithligh an chuid sin dá thrádáil má bhíonn d'éifeacht leis an meas sin go mbeidh éifeacht le fo-alt (1) nó (6) ar an teagmhas sin i ndáil leis an trádáil ar leithligh sin.

(8) I gcás a mbeidh sé le meas faoi fho-alt (7) gur trádáil ar leithligh aon ghníomhaíochtaí de chuid trádála cuideachta ar an gcuideachta scor de na gníomhaíochtaí sin nó do thosú á seoladh, déanfar aon chionroinnt is gá ar fháltais nó ar chaiteachais.

(9) I gcás a mbeidh, de bhua fho-alt (8), aon suim le cionroinnt agus gur dealraitheach, tráth na cionroinnte, gur rud ábhartha é maidir le dliteanas cánach dhá chuideachta nó níos mó (cibé tréimhse ar ina haghaidh é) déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc aon cheist i dtaobh an dóigh a mbeidh an tsuim le cionroinnt a chinneadh, chun críocha cánach na gcuideachtaí sin go léir, agus cinnfidh na Coimisinéirí sin an cheist ionann is dá mba achomharc in aghaidh measúnachta í, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, modhnaithe mar is gá, a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí:

Ar choinníoll go mbeidh na cuideachtaí sin go léir i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil ó na Coimisinéirí Achomhairc nó uiríolla a dhéanamh chucu i scríbhinn.

(10) Tabharfar, nuair a dhéanfar éileamh, aon fhaoiseamh a bheidh le fáil faoin alt seo mar urscaoileadh nó aisíoc cánach.

(11) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar, maidir le trádáil a sheolann dhá dhuine nó níos mó, gur leo í i gcomhréir leis na scaireanna de bhrabúis na trádála a mbeidh teideal acu chucu;

(b) measfar, maidir le trádáil nó leas i dtrádáil de chuid aon duine mar iontaobhaí (seachas chun críocha carthanúla nó críocha poiblí), gur trádáil nó leas an céanna leis na daoine atá de thuras na huaire i dteideal an ioncaim faoin iontaobhas;

(c) maidir le trádáil nó leas i dtrádáil de chuid cuideachta, déileáfar in aon cheann de na slite a cheadaítear le fo-alt (12) leis an gcéanna i gcás arb é an toradh ar é sin a dhéanamh go mbeidh éifeacht i ndáil le teagmhas le fo-alt (1) nó le fo-alt (6).

(12) Féadfar, chun críocha an ailt seo, a mheas maidir le trádáil nó leas i dtrádáil is le cuideachta a sheolann an céanna—

(a) gur leis na daoine ar leo an gnáth-scairchaipiteal sa chuideachta an céanna agus gur leo é i gcomhréir le méid a sealbhán den chaipiteal sin, nó

(b) i gcás aon chuideachta is fochuideachta, gur le cuideachta is máthairchuideachta di an céanna, nó gur leis na daoine é ar leo gnáth-scairchaipiteal na máthairchuideachta sin, agus gur leo é i gcomhréir le méid a sealbhán den chaipiteal sin,

agus féadfar, maidir le haon ghnáth-scairchaipiteal de chuid cuideachta, má bhíonn cumhacht ag aon duine nó comhlacht daoine a áirithiú trí bhíthin scaireanna nó cumhacht vótála a shealbhú in aon chuideachta nó i ndáil léi nó de bhua aon chumhachta a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméad eile a rialálann aon chuideachta gur mar is toil leis an duine sin nó leis an gcomhlacht daoine sin a sheolfar gnóthaí na cuideachta ar léi an scairchaipiteal, a mheas gur leis an duine nó leis an gcomhlacht daoine ag a bhfuil an chumhacht sin é.

(13) Chun críocha fho-alt (12)—

(a) forléireofar tagairtí d'úinéireacht mar thagairtí d'úinéireacht thairbhiúil;

(b) measfar gur fochuideachta de chuid cuideachta eile cuideachta má bhíonn agus fad a bheidh cion nach lú ná 75 faoin gcéad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht ag an gcuideachta eile sin, go díreach nó trí chuideachta nó cuideachtaí eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chuideachta nó cuideachtaí eile;

(c) cinnfear de réir alt 156 (5) go (10) (fochuideachtaí) méid gnáth-scairchaipitil cuideachta amháin atá ar úinéireacht ag dara cuideachta trí chuideachta nó cuideachtaí eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chuideachta nó cuideachtaí eile; agus

(d) i gcás ar fochuideachta de chuid cuideachta eile aon chuideachta, measfar gurb í an chuideachta eile sin a máthairchuideachta mura fochuideachtaí de chuid tríú cuideachta iad araon.

(14) Nuair a bheifear á chinneadh, chun críocha an ailt seo, an leis nó cá mhéad is leis, na daoine céanna trádáil tráthanna éagsúla, measfar gur duine aonair daoine faoi seach is gaolta dá chéile agus na daoine a bheidh ó am go ham i dteideal an ioncaim faoi aon iontaobhas, agus chun na críche sin ciallaíonn “gaol” fearchéile, banchéile, sinsear, dírshliochtach, deartháir nó deirfiúr.

Feidhmiú agus oiriúnú na nAchtanna Cánach Ioncaim i leith liúntas caipitiúil.

21. —(1) Ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, beidh ag—

(a) Codanna XIII go XVIII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(b) alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 ,

(c) alt 4 den Acht Airgeadais, 1968 ,

(d) alt 4 den Acht Airgeadais, 1969 ,

(e) alt 14 den Acht Airgeadais, 1970 ,

(f) ailt 22, 23, 24 agus 26 den Acht Airgeadais, 1971 ,

(g) ailt 9 agus 25 den Acht Airgeadais, 1973 ,

(h) ailt 1 go 7 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974 ,

(i) ailt 22 agus 25 den Acht Airgeadais, 1974 , agus

(j) aon fhorálacha eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh faoi réim nó de réir na gCodanna agus na n-alt sin,

an fheidhm chéanna chun críocha cánach corparáide agus chun críocha cánach ioncaim agus déanfar na Codanna agus na hailt sin a leasú chuige sin de réir an Chéad Sceidil.

(2) Ní bheidh feidhm chun críocha cánach corparáide ag ailt 241 (3) (4) (9), 246 (3), 249, 251 (5), 254 (6), 262, 295, 296, 297 ná 305 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná ag ailt 22 (4) ná 23 den Acht Airgeadais, 1971 , ná ag alt 22 (5) (6) (7) den Acht Airgeadais. 1974.

(3) Chun críocha cánach corparáide déanfar an ceart chun liúntais nó an dliteanas i leith muirir do thréimhse chuntasaíochta agus ráta nó méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a chinneadh faoi na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) tríd an dlí a bheidh i bhfeidhm don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta a fheidhmiú.

(4) I gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát a bheith laistigh de réim cánach corparáide maidir le bunadh amháin ioncaim agus faoi réim cánach ioncaim maidir le bunadh eile, ansin, le linn na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith á bhfeidhmiú, tabharfar éifeacht do liúntais a bhaineann le haon bhunadh ioncaim in aghaidh ioncam is inmhuirearaithe i leith na cánach céanna is inmhuirearaithe ar ioncam ón mbunadh sin.

Faoiseamh ó chánachas dúbailte.

22. —(1) Faoi réir aon leasuithe sainráite a dhéantar leis an Acht seo, beidh ag Cuid XXII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte), mar aon le haon achtachán eile a bhaineann le faoiseamh ó chánachas dúbailte nó a thagraíonn dó, agus (ach amháin a mhéid a fhorálfar a mhalairt le comhshocraíochtaí arna ndéanamh tar éis an tAcht seo a rith) ag aon chomhshocraíochtaí arna ndéanamh faoi alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (comhaontuithe i leith faoisimh ó chánachas dúbailte), i ndáil le cáin bhrabús corparáide, éifeacht i ndáil le cáin chorparáide agus ioncam ar ar inmhuirearaithe an cháin sin mar atá sainráite iontu éifeacht a bheith leo i ndáil le cáin bhrabús corparáide agus brabúis ar ar inmhuirearaithe an cháin sin, agus ní mar atá éifeacht leo i ndáil le cáin ioncaim:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh an t-alt seo difear d'oibriú alt 361 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus mír 13 de Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht sin (éileamh ar chreidmheas do cháin choigríche), mar a chuireann an tAcht seo chun feidhme iad maidir le cáin chorparáide.

(2) Déanfar cibé cionroinnt is gá maidir le cáin chorparáide i gcás feidhm a bheith ag comhshocraíochtaí a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (arna chur chun feidhme maidir le cáin chorparáide le fo-alt (1)) maidir leis an gcuid gan chaitheamh de thréimhse chuntasaíochta a bheidh ag rith ar dháta a bheidh sonraithe sna comhshocraíochtaí, agus déanfar aon chionroinnt den sórt sin i gcomhréir le líon na míonna nó na gcodán de mhíonna sa chuid den tréimhse chuntasaíochta iomchuí roimh an dáta sin agus sa chuid a bheidh fágtha den tréimhse sin, faoi seach.

Faoiseamh ó chánachas dúbailte: forlíontach.

23. —(1) Na forálacha a chuirtear chun feidhme le halt 22 maidir le cáin chorparáide i leith ioncaim beidh feidhm acu freisin maidir le cáin chorparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe, agus chun na críche sin—

(a) déanfar tagairtí sna forálacha sin d'ioncam a fhorléiriú mar thagairtí do ghnóchain inmhuirearaithe; agus

(b) déanfar tagairtí sna forálacha sin do chánacha ar aon-ghné, nó ar comhréir, le cáin chorparáide a fhorléiriú mar thagairtí do chánacha ar ghnóchain inmhuirearaithe;

agus beidh éifeacht dá réir sin le halt 361 (7) (8) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) Chun críocha mhír 4 de Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a dhéanann, arna chur chun feidhme maidir le cáin chorparáide le halt 22, teorannú ar an gcreidmheas i leith cánach coigríche is inlamhála in aghaidh cánach corparáide maidir le haon ioncam ionas nach mbainfidh sé ach leis an gcáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim sin agus, de bhua fho-alt (1), a bhfuil feidhm aici mar an gcéanna i ndáil le gnóchain inmhuirearaithe), déanfar an cháin chorparáide is inchurtha i leith aon ioncaim nó gnóchain (“an t-ioncam nó an gnóchan iomchuí”) a chinneadh de réir fho-ailt (3) agus (4).

(3) Faoi réir fho-alt (4), áireofar méid na cánach corparáide is inchurtha i leith an ioncaim nó an ghnóchain iomchuí a bheith ar cóimhéid leis an gcionúireacht de mhéid an ioncaim nó an ghnóchain sin a bheidh ar comhréir leis an ráta cánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta (sula dtabharfar aon chreidmheas le haghaidh faoi seamh ó chánachas dúbailte) ar a hioncam nó ar a gnóchain inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta a d'eascair an t-ioncam nó a d'fhaibhrigh an gnóchan (“an tréimhse chuntasaíochta iomchuí”).

(4) I gcás a mbeidh, sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, aon asbhaint le déanamh i leith muirir ar ioncam, caiteachas bainistí nó méideanna eile is féidir a bhaint as breis agus cineál amháin brabús nó a fhritháireamh ina n-aghaidh nó a áireamh mar asbhaint a laghdaíonn iad—

(a) féadfaidh an chuideachta, chun críocha an ailt seo, an asbhaint a leithroinnt i cibé méideanna agus i leith cibé brabúis dá cuid don tréimhse sin is oiriúnach léi; agus

(b) áireofar, chun críocha fho-alt (3), méid an ioncaim nó an ghnóchain iomchuí a bheith arna laghdú nó, de réir mar a bheidh, arna mhúchadh, cibé méid (más ann) den asbhaint a leithroinneadh chuige.

Ioncam infheistíochta frainceáilte agus íocaíocht fhrainceáilte.

24. —(1) San Acht seo gairtear “ioncam infheistíochta frainceáilte” de chuid cuideachta d'ioncam cuideachta a chónaíonn sa Stát arb éard é dáileadh a bhfuil an chuideachta i dteideal creidmheasa cánach ina leith (agus arb éard é dá bhrí sin ioncam ar cóimhéid le comhiomlán méid nó luach an dáilte agus méid an chreidmheasa sin).

(2) San Acht seo gairtear “iocaíocht fhrainceáilte” de shuim méid nó luach dáilte a rinne cuideachta a chónaíonn sa Stát agus mhéid an chreidmheasa cánach ina leith, agus tagairtí d'aon tréimhse chuntasaíochta nó tréimhse eile a rinneadh íocaíocht fhrainceáilte is tagairtí iad don tréimhse a rinneadh an dáileadh áirithe.

Caillteanais etc. a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte.

25. —(1) I gcás a bhfaighidh cuideachta, in aon tréimhse chuntasaíochta, ioncam infheistíochta frainceáilte, féadfaidh an chuideachta, ar éileamh a dhéanamh chuige sin, a chur faoi deara go ndéileálfar leis an ioncam infheistíochta frainceáilte nó le cuid de chun gach críche nó aon chríche dá luaitear i bhfo-alt (2) ionann is dá mba é a chóimhéid é de bhrabúis is inchurtha faoi cháin chorparáide agus faoi réir fho-ailt (4) agus (5) beidh an chuideachta i dteideal go n-íocfaí léi luach an chreidmheasa cánach atá ar áireamh san ioncam nó sa chuid den ioncaim lena ndéileálfar amhlaidh.

(2) Is iad na críocha a bhféadfar éileamh a dhéanamh ina leith faoi fho-alt (1)—

(a) caillteanais trádála a fhritháireamh in aghaidh brabúis iomlána faoi alt 16 (2);

(b) muirir ar ioncam a asbhaint faoi alt 10;

(c) liúntais chaipitiúla áirithe a fhritháireamh in aghaidh brabúis iomlána faoi alt 14 (6).

(3) I gcás a ndéanfaidh cuideachta éileamh faoin alt seo d'aon tréimhse chuntasaíochta, ansin an laghdú a bheidh le déanamh i mbrabúis na tréimhse cuntasaíochta sin déanfar é, a mhéid is féidir, sna brabúis is inchurtha faoi cháin chorparáide agus ní sa mhéid a ndéileálfar leo mar bhrabúis is inmhuirearaithe amhlaidh faoin alt seo.

(4) I gcás ar le halt 16 (2) nó 14 (6) a bhaineann éileamh faoin alt seo agus gur roimh an am a luaitear san fho-alt sin do chuid, agus gur laistigh den am sin do chuid eile, de thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, ansin—

(a) ní chuirfear an srian a fhorchuirtear le halt 16 (3) nó le halt 14 (6) ar mhéid an fhaoisimh i bhfeidhm ach amháin maidir le haon fhaoiseamh a bheidh le tabhairt ar leith ón alt seo, agus cuirfear an srian sin i bhfeidhm ar neamhshuim le haon mhéid a ndéileálfar leis mar bhrabúis de chuid na tréimhse cuntasaíochta faoin alt seo; ach

(b) ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo ach amháin i leith cuid den méid a ndéileálfar leis amhlaidh ar comhréir leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta laistigh den am sin.

(5) I gcás íocaíocht creidmheasa cánach a bheith faighte ag cuideachta ar éileamh a dhéanamh faoin alt seo nó faoi alt 15 (4) agus go bhféadfaí, ar leith ó éileamh den sórt sin, aon mhéid a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús do thréimhse chuntasaíochta iardain nó a bhaint as na brabúis sin, ansin, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfaí an méid sin a fhritháireamh nó a asbhaint amhlaidh ach, sa chás sin, a mhéid a úsáideadh an méid sin chun íocaíocht creidmheasa cánach a fháil, beidh an creidhmeas cánach sin inghnóthaithe ón gcuideachta trí cháin ioncaim a mheasúnú uirthi faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta iardain ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin agus méid an chreidmheasa cánach sin agus déanfar an mheasúnacht sin tráth nach déanaí ná dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta iardain:

Ar choinníoll nach dtabharfar faoiseamh faoin bhfo-alt seo in aghaidh brabús tréimhse chuntasaíochta dá bhféadfaí an faoiseamh sin a thabhairt in aghaidh brabús tréimhse chuntasaíochta níos luaithe.

(6) Is mar seo a leanas do na teorainneacha ama d'éilimh faoin alt seo—

(a) más í an chríoch agus a mhéid gurb í an chríoch ar chuici an t-éileamh caillteanais trádála a fhritháireamh in aghaidh brabúis iomlána faoi alt 16 (2), dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta a tabhaíodh an caillteanas trádála;

(b) más í an chríoch agus a mhéid gurb í an chríoch ar chuici an t-éileamh muirir ar ioncam a asbhaint faoi alt 10 nó liúntais chaipitiúla a fhritháireamh in aghaidh brabúis iomlána faoi alt 14 (6), dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta a íocadh na muirir nó a bhí na liúntais chaipitiúla le tabhairt;

(c) más éileamh faoi fho-alt (5) an t-éileamh, dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ar ina leith a rinneadh an t-éileamh.

(7) Ní mheasfar gur ioncam de chuid cuideachta chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach aon mhéid a muirearófar cáin ioncaim ina leith ar an gcuideachta de bhua an ailt seo trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D.

Caillteanas a tugadh ar aghaidh nó caillteanas foirceannaidh a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte i gcás gnólachtaí airgeadais.

26. —(1) I gcás a bhfaighidh cuideachta, in aon tréimhse chuntasaíochta, ioncam infheistíochta frainceáilte, féadfaidh an chuideachta, in ionad nó i dteannta éileamh a dhéanamh faoi alt 25, a chur faoi deara, ar éileamh a dhéanamh chuige sin, go gcuirfear an t-ioncam infheistíochta frainceáilte i gcuntas le haghaidh faoiseamh faoi alt 16 (1) nó 18, go feadh méid an ioncaim sin a fuarthas sa tréimhse chuntasaíochta agus a bheadh, dá mbeadh sé inchurtha faoi cháin chorparáide, curtha i gcuntas amhlaidh de bhua alt 16 (6); agus (faoi réir gan thar an méid sin a bheith san ioncam infheistíochta frainceáilte) beidh éifeacht leis na fo-ailt seo a leanas i gcás an chuideachta do dhéanamh éileamh faoin alt seo d'aon tréimhse chuntasaíochta.

(2) Déileálfar, chun críocha an éilimh, mar ioncam trádála de chuid na tréimhse cuntasaíochta leis an méid lena mbainfidh an t-éileamh.

(3) An laghdú a bheidh le déanamh ar ioncam trádála de chuid tréimhse cuntasaíochta déanfar é a mhéid is féidir ar ioncam trádála is inchurtha faoi cháin chorparáide agus ní ar an méid a ndéileálfar leis mar ioncam trádála is inmhuirearaithe amhlaidh faoin alt seo:

Ar choinníoll i gcás ar éileamh faoi alt 18 an t-éileamh—

(a) go ndéanfar an caillteanas i dtrádáil a fhritháireamh go príomha in aghaidh ioncam is inchurtha faoi cháin chorparáide (gan ioncam a áireamh a ndéileáiltear leis amhlaidh mar ioncam is inmhuirearaithe leis an alt seo) do na tréimhsí cuntasaíochta dá dtagraítear in alt 18 (1) agus nach mbeidh feidhm ag an bhfritháireamh caillteanais in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte dá bhforáiltear leis an alt seo ach amháin maidir leis an iarmhéid den chaillteanas sin nár fritháiríodh faoi fhorálacha alt 18 (1); sa dóigh gur i dtréimhse chuntasaíochta déanach agus nach i gceann is luaithe ná sin laistigh de na trí bliana a luaitear in alt 18 (1) a dhéanfar an t-iarmhéid caillteanais sin dá dtagraítear thuas a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte; agus

(b) i gcás ar mó comhiomlán na gcreidmheasaí cánach a bheidh cuimsithe i méid iomlán an ioncaim infheistíochta fhrainceáilte do thréimhse chuntasaíochta ná comhiomlán na gcreidmheasaí cánach a bheidh cuimsithe sna híocaíochtaí frainceáilte a rinneadh sa tréimhse chuntasaíochta sin, ansin, nach mó an creidmheas cánach a íocfar leis an gcuideachta ná suim ar cóimhéid leis an mbreis; agus chun na críche sin nuair is lasmuigh de na trí bliana a luaitear in alt 18 (1) do chuid den tréimhse chuntasaíochta sin gurb í an bhreis sin an chuid den bhreis don tréimhse chuntasaíochta go huile a bheidh ar comhréir leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta laistigh de na trí bliana sin.

(4) I gcás íocaíocht creidmheasa cánach a bheith faighte, de bhua an ailt seo, ag cuideachta ar éileamh faoi alt 16 (1) agus go bhféadfaí ar leith ó éileamh den sórt sin caillteanas a fhritháireamh in aghaidh brabúis tréimhse cuntasaíochta iardain nó a bhaint as na brabúis sin, ansin, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an caillteanas a fhritháireamh nó a asbhaint amhlaidh ach, sa chás sin, a mhéid a úsáideadh an caillteanas chun íocaíocht creidmheasa cánach a fháil, gnóthófar an creidmheas cánach sin ón gcuideachta trí cháin ioncaim a mheasúnú uirthi faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta iardain ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin agus méid an chreidmheasa cánach sin agus déanfar an mheasúnacht sin tráth nach déanaí ná dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta iardain.

(5) Más le halt 18 a bhaineann an t-éileamh agus gur lasmuigh de na trí bliana a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin do chuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, ansin—

(a) ní chuirfear an srian a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt sin le méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh ar ioncam trádála na tréimhse sin i bhfeidhm ach amháin maidir le haon fhaoiseamh a bheidh le tabhairt ar leith ón alt seo, agus cuirfear i bhfeidhm é ar neamhshuim le haon mhéid a ndéileálfar leis mar ioncam trádála de chuid na tréimhse de bhua an ailt seo, ach

(b) ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo ach amháin in aghaidh cuid den méid a ndéileálfar leis amhlaidh ar comhréir leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta laistigh de na trí bliana a bheidh i gceist.

(6) Ní mheasfar gur ioncam de chuid cuideachta chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach aon mhéid a ndéanfar, de bhua an ailt seo, cáin ioncaim a mhuirearú ar an gcuideachta ina leith trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D.

Athrú ar úinéireacht cuideachta: caillteanas trádála a dhícheadú.

27. —(1) Más rud é—

(a) go mbeidh, laistigh d'aon tréimhse trí bliana, athrú ar úinéireacht cuideachta agus (níos luaithe nó níos déanaí sa tréimhse sin, nó an tráth céanna) mórathrú ar chineál nó ar stiúradh trádála a sheolann an chuideachta, nó

(b) go mbeidh, aon tráth tar éis do scála na ngníomhaíochtaí i dtrádáil a sheolann cuideachta a bheith éirithe beag nó neamhbhríoch, agus roimh aon mhórbhorradh a theacht ar an trádáil, athrú ar úinéireacht na cuideachta,

ní thabharfar aon fhaoiseamh—

(i) faoi alt 16 trí chaillteanas a thabhaigh an chuideachta i dtréimhse chuntasaíochta dar tosach tráth roimh an athrú úinéireachta a fhritháireamh in aghaidh aon ioncam nó brabúis eile de chuid tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth tar éis an athrú úinéireachta; ná

(ii) faoi alt 182 (faoiseamh i leith caillteanais neamhfhaoisimh etc. arna dtabhairt ar aghaidh ón mbliain 1975-76) nó faoi alt 184 (faoiseamh i leith caillteanais chánach brabús corparáide) in aghaidh cáin chorparáide is iníoctha d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth tar éis an athrú úinéireachta.

(2) Le linn an t-alt seo a bheith á chur chun feidhme maidir leis an tréimhse chuntasaíochta ina dtarlóidh an t-athrú úinéireachta, déileálfar leis an gcuid dar críoch an t-athrú úinéireachta, agus leis an gcuid dá éis sin, mar dhá thréimhse chuntasaíochta ar leithligh, agus déanfar brabúis nó caillteanais na tréimhse cuntasaíochta a chionroinnt ar an dá chuid.

Is ar bhonn ama a dhéanfar an chionroinnt de réir fad na gcodanna sin faoi seach, ach amháin, más dealraitheach go n-oibreodh an modh sin go míréasúnach nó go héagórach, go n-úsáidfear cibé modh eile is dealraitheach a bheith cóir réasúnach.

(3) I bhfo-alt (1) folaíonn “mórathrú ar chineál nó ar stiúradh trádála”—

(a) mórathrú ar chineál na maoine a ndéileáiltear inti, nó ar na seirbhísí nó na saoráidí a sholáthraítear, sa trádáil, nó

(b) mórathrú ar chustaiméirí, ar easraisí nó ar mhargaí na trádála,

agus beidh feidhm ag an alt seo fiú más athrú é a lean próis chéimseach a thosaigh lasmuigh den tréimhse trí bliana a luaitear i bhfo-alt (1) (a).

(4) I ndáil le haon fhaoiseamh is inchomhairimh faoi alt 20, beidh feidhm ag fo-alt (1) ionann is dá mba chuideachta is comharba a thabhaigh aon chaillteanas a thabhaigh cuideachta is réamhtheachtaí agus ionann is dá bhfolódh na tagairtí do thrádáil tagairtí don trádáil arna seoladh ag cuideachta is réamhtheachtaí.

(5) I gcás a ndearnadh faoiseamh i leith caillteanas cuideachta a shrianadh faoin alt seo, ansin, d'ainneoin alt 304 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (forálacha maidir le léiriú chun críocha Chuid XVI den Acht sin), le linn forálacha Chuid XVI den Acht sin (liúntais Bhliantúla i leith Caiteachais Chaipitiúil Airithe) a bheith á gcur chun feidhme i ndáil le muirir chothromaíochta ar an gcuideachta faoi threoir aon teagmhas tar éis an athraithe ar úinéireacht na cuideachta, déanfar neamhshuim d'aon liúntas nó asbhaint a bheidh le tabhairt nó le déanamh le linn cáin a ghearradh ar thrádáil na cuideachta d'aon tréimhse inmhuirearaithe roimh an athrú úinéireachta murar leor brabúis nó gnóchain na tréimhse inmhuirearaithe sin nó aon tréimhse inmhuirearaithe dá héis roimh an athrú úinéireachta chun éifeacht a thabhairt don liúntas nó don asbhaint.

Le linn an fo-alt seo a bheith á chur chun feidhme toimhdeofar go gcuirtear aon bhrabúis nó gnóchain chun feidhme le linn éifeacht a bheith á thabhairt d'aon liúntas nó asbhaint den sórt sin mar rogha ar iad a fhritháireamh in aghaidh aon chaillteanas nach inchurtha i leith liúntais nó asbhainte den sórt sin.

(6) I gcás oibriú an ailt seo a bheith ag brath ar imthosca nó ar theagmhais tráth tar éis an athraithe úinéireachta (ach nach mó ná trí bliana dá éis) ní bheidh measúnacht chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo as am má dhéantar í laistigh de dheich mbliana ón tráth sin, nó ón gceann is déanaí de na tráthanna sin.

(7) D'ainneoin alt 39 den Acht Airgeadais, 1973 , a aisghairm leis an Acht seo, beidh éifeacht le forálacha an Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (Caillteanais Trádála a Dhícheadú agus Liúntais Chaipitiúla a Shrianadh), ach amháin míreanna 8 agus 10 de Chuid I de, amhail is dá n-achtófaí san Acht seo iad, chun an t-alt seo a fhorlíonadh ach tagairtí don alt seo a chur in ionad tagairtí d'alt 39 den Acht sin.

(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo más roimh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, a tharla an t-athrú úinéireachta ná ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) má críochnaíodh an mórathrú ar chineál agus ar stiúradh na trádála roimh an dáta sin; ach beidh éifeacht ar shlite eile leis an alt seo faoi threoir imthosca agus teagmhais roimh an dáta sin, agus faoi threoir imthosca agus teagmhais dá éis sin chomh maith.