An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Aicmí Speisialta Cuideachtaí) Ar Aghaidh (CUID V Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID IV

Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú

Míniú ar “tréimhse chuntasaíochta iomchuí”.

53. —Sa Chuid seo ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta sa tréimhse cúig bliana déag ón dáta is déanaí den dá dháta seo a leanas, is é sin le rá—

(a) an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1956, nó

(b) an chéad lá den bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta arbh í chéad-bhliain éilimh na cuideachta í chun críocha faoisimh faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Brabúis ó Earraí Áirithe a Onnmhairiú), nó, mura raibh aon chéad bhliain éilimh den sórt sin ann, an 6ú lá d'Aibreán, 1975.

Míniú ar “earraí”.

54. —(1) Sa Chuid seo ciallaíonn “earraí” earraí arna monarú sa Stát ag an duine a onnmhairíonn iad nó cuid díobh agus arb é, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, an chuideachta é a éilíonn faoiseamh faoin gCuid seo:

Ar choinníoll, i gcás dhá chuideachta a bheith ann a monaraíonn ceann díobh earraí agus a n-onnmhairíonn an ceann eile iad i gcúrsa a trádála, agus i gcás a sealbhaíonn ceann de na cuideachtaí níos mó ná 90 faoin gcéad de na gnáth-scaireanna sa chuideachta eile nó i gcás a sealbhaíonn daoine a bhfuil leas rialaithe acu i gcuideachta amháin, go díreach nó go neamhdhíreach, níos mó ná 90 faoin gcéad de na gnáth-scaireanna sa chuideachta eile, go measfar, maidir leis na hearraí a mhonaraigh ceann de na cuideachtaí, gurb í an chuideachta eile a mhonaraigh iad ar iad a onnmhairiú i gcúrsa a trádála ag an gcuideachta eile sin.

(2) Folóidh an míniú ar “earraí” atá i bhfo-alt (1)—

(a) iasc a táirgeadh sa Stát ar fheirm éisc; agus

(b) muisiriúin shaothraithe a saothraíodh sa Stát,

agus, i gcás a gclóitear leabhair nó cártaí tréaslaíochta sa Stát ar dhóigh seachas ag an bhfoilsitheoir agus go ndéanann an foilsitheoir sin iad go léir nó cuid díobh a onnmhairiú (nach cás lena mbaineann an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1)), measfar, chun críocha fho-alt (1), na leabhair nó na cártaí tréaslaíochta sin, de réir mar a bheidh, a bheith monaraithe sa Stát ag a bhfoilsitheoir.

(3) (a) Folóidh an míniú ar “earraí” atá i bhfo-alt (1) earraí a monaraíodh sa Stát agus nach dtagann faoi réim an mhínithe sin agus a onnmhairíonn an duine arb é, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, an chuideachta é a éilíonn faoiseamh faoin gCuid seo i gcás ar mórdhíol na hearraí a onnmhairíodh amhlaidh a dhíol ag an duine sin.

(b) Ciallaíonn “mórdhíol” i mír (a) díol earraí d'aon chineál le duine a sheolann gnó ag díol earraí den chineál sin nó a úsáideann earraí den chineál sin le haghaidh trádáil nó gnóthas a sheolann sé.

Tógáil agus deisiú long.

55. —(1) I gcás cuideachta a sheolann trádáil ag tógáil nó ag deisiú long, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críocha faoisimh faoin gCuid seo—

(a) measfar gur monarú earraí sa Stát deisiú a dhéanfar sa Stát ar long agus, a mhéid a rinneadh aon deisiú den sórt sin sa Stát ar long atá ar úinéiréacht go hiomlán ag daoine nach sa Stát atá gnáthchónaí orthu, measfar gur earraí a monaraíodh sa Stát agus a d'onnmhairigh an duine a mhonaraigh iad an long agus measfar gur mhéid is infhaighte ó earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as deisiú a rinneadh sa Stát ar long:

(b) i gcás a ndéanfaidh an chuideachta, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse sin, sin a roghnú, beidh feidhm ag an gCuid seo i gcás na tréimhse sin—

(i) ionann is dá mba gur onnmhairigh an chuideachta na longa go léir a thóg an chuideachta sa Stát,

(ii) ionann is dá mba earraí arna n-onnmhairiú ag an gcuideachta na longa go léir ar a ndearna an chuideachta deisiú sa Stát, go feadh méid an deisithe sin, agus

(iii) ionann is dá mba mhéideanna ab infhaighte ó dhíol earraí a d'onnmhairigh an chuideachta as an Stát méideanna ab infhaighte ag an gcuideachta mar íocaíocht as longa a thógáil sa Stát nó as longa a dheisiú sa Stát.

(2) I bhfo-alt (1) (a) (b) folaíonn aon tagairt do dheisiú nó do thógáil tagairt do dheisiú nó do thógáil a rinneadh tráth ar bith.

Onnmhairiú earraí áirithe.

56. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an Bord” Comharchumann an Bhord Bainne Teoranta:

ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún Muc agus Bagúin;

ciallaíonn “táirge bainne” im, im meidhg, uachtar, cáis, bainne comhdhlúite, bainne triomaithe nó púdaraithe, bainne bearrtha triomaithe nó púdaraithe, meadhg triomaithe nó púdaraithe, bruscar seacláide, cáiséin, im-ola, lachtós agus aon táirge eile atá déanta go hiomlán nó go formhór as bainne nó as aon seachtháirge bainne agus a bheidh formheasta chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh:

ciallaíonn “táirge muiceola” bagún agus slisní bagúin lena n-áirítear liamhás, conablaigh mhuiceola agus taobhanna muiceola agus slisní díobh, sail mhuice neamhleáite agus táirgí muiceola stánaithe.

(2) I gcás—

(a) cuideachta do tháirgeadh táirge muiceola agus é a dhíol leis an gCoimisiún, agus

(b) an Coimisiún d'onnmhairiú an táirge sin an Stát,

beidh feidhm ag an gCuid seo ionann is dá mba gur onnmhairigh an chuideachta an táirge sin as an Stát, agus measfar, chun críocha na Coda seo, gur méid ab infhaighte ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh aon mhéid ab infhaighte ag an gcuideachta ón táirge sin a dhíol leis an gCoimisiún.

(3) I gcás—

(a) cuideachta do mhonarú táirge bainne agus é a dhíol leis an mBord, agus

(b) an Coimisiún d'onnmhairiú an táirge sin as an Stát,

beidh feidhm ag an gCuid seo ionann is dá mba gur onnmhairigh an chuideachta an táirge sin as an Stát, agus measfar, chun críocha na Coda seo, gur méid ab infhaighte ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh aon mhéid ab infhaighte ag an gcuideachta ón táirge sin a dhíol leis an mBord.

Tréimhse chaighdeánach.

57. —Chun críocha na Coda seo, is í an tréimhse chaighdeánach i ndáil le trádáil cuideachta an tréimhse bliana dar chríoch an 30ú de Mheán Fómhair, 1956, nó, má roghnaíonn an chuideachta é, an tréimhse bliana dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1955, agus beidh an tréimhse chaighdeánach sin infheidhmithe in ndáil leis an trádáil cibé acu a bhí nó nach raibh, i gcaitheamh na tréimhse caighdeánaí sin go léir nó aon choda di, an trádáil á seoladh ag duine seachas an chuideachta a sheol í sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí nó a bhí nó nach raibh codanna ar leithligh den trádáil á seoladh ag daoine éagsúla, ach ní bheidh an tréimhse chaighdeánach sin infheidhmithe i gcás nach raibh an trádáil ann roimh dheireadh na tréimhse caighdeánaí sin.

Foras faoisimh ó cháin chorparáide.

58. —(1) I gcás a n-éileoidh agus a gcruthóidh cuideachta maidir le tréimhse chuntasaíochta iomchuí—

(a) go ndearnadh, le linn na tréimhse caighdeánaí i ndáil leis an trádáil, earraí a onnmhairiú, i gcúrsa na trádála, as an Stát,

(b) go ndearnadh, le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, earraí a onnmhairiú, i gcúrsa na trádála, as an Stát, agus

(c) go raibh breis ag an méid iomlán ab infhaighte ó na hearraí sin is déanaí a luaitear a dhíol ar an méid iomlán (dá ngairtear an méid caighdeánach san alt seo) ab infhaighte ó na hearraí a dhíol a onnmhairíodh le linn na tréimhse caighdeánaí,

déanfar an cháin chorparáide is iníochta ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, a mhéid a bheidh sí inchurtha i leith an ioncaim is inchurtha síos don bhreis sin a laghdú go nialas; agus is é méid na cánach corparáide is inchurtha i leith an ioncaim is inchurtha síos don bhreis sin méid a mbeidh idir é agus an cháin chorparáide iomchuí, mar a shainítear i bhfo-alt (10), an chomhréir chéanna a bheidh idir an t-ioncam is inchurtha síos don bhreis sin agus iomlán an ioncaim ar ar muirearaíodh cáin chorparáide.

(2) Chun críocha fho-alt (1) glacfar gurb é “an t-ioncam is inchurtha síos don bhreis sin” cibé suim a mbeidh idir í agus méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, is inchurtha síos do dhíol earraí (cibé acu a onnmhairiodh nó nár onnmhairíodh iad), an chomhréir chéanna a bheidh idir méid na breise sin agus an méid iomlán ab infhaighte ag an gcuideachta ón díol sin sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

(3) I gcás a n-éileoidh agus a gcruthóidh cuideachta maidir le tréimhse chuntasaíochta iomchuí—

(a) nach ndearnadh, le linn na tréimhse caighdeánaí i ndáil leis an trádáil, aon earraí a onnmhairiú i gcúrsa na trádála as an Stát nó nach infheidhmithe an tréimhse chaighdéanach, agus

(b) go ndearnadh, le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, earraí a onnmhairiú, i gcúrsa na trádála, as an Stát,

déanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, a mhéid a bheidh sí inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí a onnmhairíodh amhlaidh, a laghdú go nialas; agus is é méid na cánach corparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh cibé méid a mbeidh idir é agus an cháin chorparáide iomchuí an chomhréir chéanna a bheidh idir an t-ioncam ó díol na n-earraí a onnmhairíodh amhlaidh agus iomlán an ioncaim ar ar muirearaíodh cáin chorparáide.

(4) Chun críocha fho-alt (3) glacfar gurb é “an t-ioncam ó dhíol na n-earraí a onnmhairíodh amhlaidh” cibé suim a mbeidh idir í agus méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, is inchurtha síos do dhíol earraí (cibé acu a onnmhairíodh nó nár onnmhairíodh iad), an chomhréir chéanna a bheidh idir an méid ab infhaighte sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó dhíol earraí a onnmhairíodh agus iomlán an ioncaim ab infhaighte ag an gcuideachta ó dhíol earraí (cibé acu a onnmhairíodh nó nár onnmhairíodh iad) sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

(5) I gcás ina bhfuil feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo, agus gur earraí, nó go raibh ar áireamh earraí, a bhforálann alt 54 (3) ina leith go n-áireofar iad sa mhíniú ar “earraí” an t-onnmhairiú as an Stát sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, beidh éifeacht leis an gCuid seo faoi réir na bhfocal breise seo a leanas a chur isteach i bhfo-ailt (2) agus (4), is é sin, “agus marsantais (cibé acu a onnmhairíodh nó nár onnmhairíodh é) seachas na hearraí sin” a chur isteach i ndiaidh “earraí (cibé acu a onnmhairíodh nó nar onnmhairíodh iad)” gach áit a bhfuil na focail deiridh sin.

(6) I ndáil le cuideachta a fuair faoiseamh ó cháin chorparáide faoi fho-alt (1) nó (3) den alt seo, ó cháin ioncaim faoi alt 404 (1) nó (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (bonn an fhaoisimh ó cháin ar bhrabúis ó onnmhairí), nó ó cháin bhrabús corparáide faoi alt 13 (1) nó (3) den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 (bonn an fhaoisimh ó cháin bhrabús corparáide), beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta sa tréimhse cúig bliana dar tosach dáta éagtha na tréimhse a chuimsigh tréimhsí cuntasaíochta iomchuí na cuideachta de réir brí alt 53 ionann is dá mba rud é—

(a) gur thagairt di “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” gach áit a bhfuil na focail sin sa Chuid seo, agus

(b) go gcuirfí in ionad “a laghdú go nialas” i bhfo-ailt (1) agus (3) den alt seo—

(i) i gcás ar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í sa chéad bhliain de na blianta sin, “a laghdú 80 faoin gcéad”,

(ii) i gcás ar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í sa dara bliain de na blianta sin, “a laghdú 65 faoin gcéad”,

(iii) i gcás ar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í sa tríú bliain de na blianta sin, “a laghdú 50 faoin gcéad”,

(iv) i gcás ar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í sa cheathrú bliain de na blianta sin, “a laghdú 35 faoin gcéad”, agus

(v) i gcás ar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í sa chúigiú bliain de na blianta sin, “a laghdú 15 faoin gcéad”:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le tréimhse chuntasaíochta ná le cuid de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1990.

(7) (a)  I  gcás ar tréimhse is giorra ná dhá mhí dhéag tréimhse chuntasaíochta iomchuí, glacfar, chun an bhreis dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fhionnadh, gurb é an méid caighdeánach an chuid sin den chéanna a mbeidh idir í agus iomlán an mhéid sin an chomhréir chéanna a bheidh idir an tréimhse chuntasaíochta iomchuí agus dhá mhí dhéag.

(b)  I  gcás ar cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta tréimhse chuntasaíochta iomchuí, glacfar gurb é an méid iomlán ab infhaighte ó dhíol earraí (cibé acu a onnmhairíodh nó nár onnmhairíodh iad), an méid iomlán ab infhaighte ó dhíol earraí a onnmhairíodh as an Stát agus an méid d'ioncam na cuideachta is inchurtha i leith díol earraí (cibé acu a onnmhairíodh nó nár onnmhairíodh iad) an chuid sin de gach méid díobh sin a mbeidh idir í agus iomlán gach méid díobh sin an chomhréir chéanna a bheidh idir fad na tréimhse cuntasaíochta iomchuí agus fad tréimhse chuntasaíochta na cuideachta.

(8) I gcás aon athrú tarlú, an lá nó tar éis an lae a thosaigh an tréimhse chaighdeánach, trína n-aistreoidh cuid de thrádáil chuig aon duine, déanfar, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí inar tharla, nó ar roimpi a tharla, an t-athrú, an méid caighdeánach a chionroinnt chun críocha fho-alt (1), agus déanfar gach cionroinnt den sórt sin mar a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is cóir, ag féachaint do na himthosca go léir.

(9) Ní dhéanfar laghdú faoin alt seo maidir le cáin chorparáide is iníoctha ar ioncam ó aon oibríochtaí mianadóireachta.

(10) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “cáin chorparáide iomchuí” an cháin chorparáide a bheadh, ar leith ón alt seo agus ailt 184 (faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide) agus 186 (faoiseamh eatramhach maidir le híocaíochtaí agus costais bhainistí áirithe), inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta iomchuí gan an cháin chorparáide a muirearaíodh ar ghnóchain inmhuirearaithe na cuideachta don tréimhse sin a áireamh.

Seirbhísí monaraíochta áirithe.

59. —(1) I gcás a seolann cuideachta trádáil arb éard í nó ar cuid di seirbhísí a dhéanamh do dhuine eile trí earraí nó ábhair leis an duine sin a chur faoi aon phróiseas monaraíochta agus go ndéantar na seirbhísí sin go léir nó cuid díobh do dhuine nach gcónaíonn sa Stát i ndáil le hearraí nó le hábhair a allmhairíodh isteach sa Stát agus, tar éis na seirbhísí sin a bheith déanta, go ndéanfar na hearraí nó na hábhair, nó na táirgí nó na hairceadail a rinneadh astu, a onnmhairiú as an Stát le linn dóibh a bheith fós ar úinéireacht ag an duine sin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, má roghnaíonn an chuideachta é, chun faoiseamh a fháil faoin gCuid seo—

(a) measfar gur monarú earraí na seirbhísí sin a dhéanamh sa Stát agus measfar gur méid is infhaighte i leith earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht ina leith, agus

(b) measfar, i ndáil le haon seirbhísí den sórt sin a rinneadh do dhuine nach gcónaíonn sa Stát, gur onnmhairigh an chuideachta earraí as an Stát agus measfar gur méid is infhaighte aici ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh aon íocaíocht is infhaighte aici as na seirbhísí.

(2) Aon roghnú a dhéanfar faoi fho-alt (1) den alt seo déanfar é trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don chigire agus beidh éifeacht leis maidir le gach tréimhse chuntasaíochta iomchuí a mbeidh faoiseamh faoin gCuid seo á éileamh ina leith ag an gcuideachta a dhéanfaidh an roghnú sin agus beidh éifeacht leis freisin ionann is dá mba roghnú é faoi alt 29 den Acht Airgeadais, 1966 (brabúis ó onnmhairí: faoiseamh ó cháin bhrabús corparáide), nó faoi alt 406 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (seirbhísí monaraíochta áirithe), nó faoin dá alt sin:

Ar choinníoll, i gcás a ndearna cuideachta, sula ndearna sí roghnú faoin alt seo, dáileadh do thréimhse chuntasaíochta agus gur mó an creidmheas cánach atá faighteoir an dáilte sin i dteideal a fháil ná an creidmheas cánach a bheadh an faighteoir sin i dteideal a fháil dá mba roimh dháta an dáilte a dhéanfaí an roghnú, go ndéanfar aon fhaoiseamh ó cháin chorparáide ab inlamhála don chuideachta ar dhóigh eile a laghdú méid na breise.

(3) I gcás arb éard é ioncam nó cuid d'ioncam aon duine d'aon bhliain mheasúnachta dáileadh a raibh éifeacht ina leith leis an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2), féadfaidh an duine a éileamh go ndéanfar an cháin ioncaim is inmhuirearaíthe ar a ioncam don bhliain sin a laghdú go dtí an méid ab inmhuirearaithe amhlaidh dá mba rud é gur roimh dháta an dáilte a dhéanfaí an roghnú faoi fho-alt (1).

(4) I gcás arb éard é ioncam, nó cuid d'ioncam, infheistíochta frainceáilte cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta dáileadh a raibh éifeacht ina leith leis an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2), féadfaidh an chuideachta a éileamh go n-íocfaí léi suim ar cóimhéid leis an méid ar mhó an creidmheas cánach a raibh teideal aici chuige i leith an dáilte ar an dáta a rinneadh an dáileadh thar an gcreidmheas cánach a mbeadh teideal aici chuige i leith an dáilte dá mba gur roimh dháta an dáilte a dhéanfaí an roghnú faoi fho-alt 1:

Ar choinníoll, chun críocha alt 15 (4) (costais bhainistí: cuideachtaí infheistíochta), alt 25 (caillteanais etc. a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte) agus alt 26 (caillteanas a tugadh ar aghaidh nó caillteanas foirceannaidh a fhritháireamh: gnólachtaí airgeadais) go ndéileálfar le haon dáileadh den sórt sin a dúradh mar ionannas d'ioncam ar cóimhéid le méid comhiomlán an dáilte sin agus an chreidmheasa cánach a mbeadh teideal ag an gcuideachta chucu dá mba roimh dháta an dáilte a dhéanfaí an roghnú faoi fho-alt (1).

(5) Beidh éifeacht le roghnú faoi alt 29 den Acht Airgeadais, 1966 , nó faoi alt 406 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá mba roghnú faoi fho-alt (1) é.

(6) Féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar chuideachta a éileoidh faoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1) cibé eolas nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin agus beidh éifeacht le halt 58 (1) (3) ionann is dá mbeadh ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn sé cruthúnas a thabhairt orthu an t-eolas nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo.

Faoiseamh do sheirbhísí innealtóireachta i ndáil le hoibreacha lasmuigh den Stát.

60. —(1) San alt seo ciallaíonn “seirbhísí innealtóireachta” seirbhísí deartha agus pleanála ar sa Stát a sheoltar an obair á ndéanamh i ndáil le hoibreacha innealtóireachta ceimice, sibhialta, leictreachais nó meicnice a dhéantar lasmuigh den Stát.

(2) I gcás cuideachta a bheith ag seoladh trádála arb éard í nó ar cuid di seirbhísí innealtóireachta a dhéanamh do dhuine eile agus go ndéantar na seirbhísí sin go léir nó cuid díobh do dhuine nach gcónaíonn sa Stát, beidh feidhm chun críocha faoisimh faoin gCuid seo ag na forálacha seo a leanas, má roghnaíonn an chuideachta sin—

(a) measfar gur monarú earraí na seirbhísí sin a dhéanamh agus measfar gur méid is infhaighte ó earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as na seirbhísí sin a dhéanamh, agus

(b) i gcás ar do dhuine nach gcónaíonn sa Stát a rinneadh na seirbhísí sin, measfar gur onnmhairigh an chuideachta earraí as an Stát agus measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh aon íocaíocht is infhaighte ag an gcuideachta as na seirbhísí.

(3) Is trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don chigire a dhéanfar aon roghnú faoi fho-alt (2) agus beidh éifeacht leis an roghnú sin maidir le gach tréimhse chuntasaíochta iomchuí a mbeidh éileamh ar fhaoiseamh ina leith faoin gCuid seo déanta ag an gcuideachta a rinne an roghnú agus beidh éifeacht leis freisin ionann is dá mba roghnú é faoi alt 34 den Acht Airgeadais, 1968 (faoiseamh ar sheirbhísí innealtóireachta i leith oibreacha lasmuigh den Stát).

(4) Beidh éifeacht le roghnú faoi alt 34 den Acht Airgeadais, 1968 , ionann is dá mba roghnú é faoi fho-alt (2).

(5) Féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar chuideachta a éileoidh faoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (2) cibé eolas nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin, agus beidh éifeacht le halt 58 (1) (3) ionann is dá mbeadh ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn sé cruthúnas a thabhairt orthu an t-eolas nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo.

Coigeartú ar mhéideanna áirithe.

61. —(1) I gcás a n-éileoidh cuideachta faoiseamh de bhua na Coda seo agus gur dealraitheach don chigire, i gcás earraí de chineál áirithe, go ndéanann sé difear don chóngas idir an méid ab infhaighte ó earraí a onnmhairíodh a dhíol in aon tréimhse agus an méid ab infhaighte ó earraí nár onnmhairíodh a dhíol sa tréimhse sin gur íoc an chuideachta aon dleacht i leith na n-earraí nó i leith na n-ábhar a úsáideadh á monarú, feidhmeoidh an cigire fo-alt (2) nó (3), cibé acu is iomchuí leis, chun an méid a ríomh ab infhaighte ó na hearraí sin a dhíol sa tréimhse sin, agus ríomhfar dá réir sin aon fhaoiseamh don chuideachta faoi threoir earraí a dhíol sa tréimhse sin.

(2) (a) Measfar méid ab infhaighte ó earraí a onnmhairíodh as an Stát a dhíol a bheith méadaithe de mhéid aon aistarraingthe, lacáiste nó aisíoca dleachta, ba dhleacht ab iníoctha sa Stát, a fuair an chuideachta i leith na n-earraí sin agus a bheith laghdaithe de mhéid aon dleachta a d'íoc an chuideachta in aon chríoch lasmuigh den Stát i leith allmhairiú na n-earraí sin isteach sa chríoch sin.

(b) Measfar méid ab infhaighte ó earraí nár onnmhairíodh a dhíol a bheith méadaithe de mhéid aon lacáiste nó aisíoca dleachta, ba dhleacht ab iníoctha sa Stát, a fuair an chuideachta i leith na n-earraí sin.

(3) (a) Measfar méid ab infhaighte ó earraí a onnmhairíodh as an Stát a dhíol a bheith laghdaithe de mhéid aon dleachta a d'íoc an chuideachta in aon chríoch lasmuigh den Stát i leith allmhairiú na n-earraí sin isteach sa chríoch sin.

(b) Measfar méid ab infhaighte ó earraí nár onnmhairíodh a dhíol a bheith laghdaithe de mhéid aon dleachta, ba dhleacht ab iníochta sa Stát, a d'íoc an chuideachta i leith na n-earraí sin.

(4) Féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta cibé eolas nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus beidh éifeacht le halt 58 (1) (3) ionann is dá mbeadh ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn sé cruthúnas a thabhairt orthu an t-eolas nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo.

(5) I gcás arb é a bheidh i dtréimhse chuntasaíochta cuideachta cuid de thréimhse chuntais na cuideachta, is é a bheidh, chun críocha an ailt seo, i méid aon dleachta agus i méid aon aistarraingthe, lacáiste nó aisíoca dleachta, cibé suim a mbeidh idir í agus na méideanna sin don tréimhse chuntais an chomhréir chéanna a bheidh idir fad na tréimhse cuntasaíochta agus fad na tréimhse cuntais.

Idirbhearta idir daoine comhlachaithe agus cuideachta a thiocfaidh i gcomharbas ar thrádáil cuideachta eile.

62. —(1) I gcás a gceannóidh cuideachta a éilíonn faoiseamh faoin gCuid seo (dá ngairtear an ceannaitheoir anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) ó dhuine eile (dá ngairtear an díoltóir anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus—

(a) go mbeidh rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó, i gcás ar cuideachta nó comhpháirtíocht an díoltóir, go mbeidh rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó go mbeidh rialú ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir freisin, agus

(b) gur lú an praghas san idirbheart ná an praghas a bhféadfadh súil a bheith leis dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí na páirtithe san idirbheart.

ansin, déanfar an t-ioncam de chuid an cheannaitheora is inchurtha i leith díolachán a ríomh chun críocha na Coda seo ionann is dá mba é a bhí sa phraghas san idirbheart an praghas a bheadh ann dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart.

(2) San alt seo tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158.

(3) I gcás a dtiocfaidh cuideachta (dá ngairtear an chuideachta chomharbais anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil a bhí, an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, á seoladh ag cuideachta eile (dá ngairtear an chuideachta bhunaidh anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus go ndearna an chuideachta bhunaidh éileamh, nó go bhféadfadh sí éileamh a dhéanamh, ar fhaoiseamh faoin gCuid seo nó faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ansin, a mhéid a bhainfidh an faoiseamh sin leis an trádáil áirithe nó leis an gcuid den trádáil sin, ní thabharfar faoiseamh don chuideachta chomharbais ach amháin i leith a mbeidh fágtha de na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí a bhféadfadh an chuideachta bhunaidh an faoiseamh sin a éileamh ina leith dá mba rud é gur lean sí uirthi ag seoladh na trádála sin nó na coda sin den trádáil sin.

(4) Féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta cibé eolas nó sonraí a thabhairt dó is gá chun críocha an ailt seo, agus beidh éifeacht le halt 58 (1) (3) ionann is dá mbeadh ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn sé cruthúnas a thabhairt orthu an t-eolas nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo.

(5) I gcás an n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoin gCuid seo seachas de bhua forálacha alt 54 (3), ní bheidh éifeacht leis na forálacha sin roimhe seo den alt seo ach amháin maidir le hidirbhearta agus comharbais a tharla nó a tharlóidh tar éis an 19ú lá d'Aibreán, 1961.

Doiciméid agus taifid a thabhairt ar aird.

63. —(1) Ar oifigeach údaraithe á iarraidh sin air in aon áitreabh le cuideachta a éilíonn faoiseamh faoin gCuid seo, tabharfaidh aon duine a bheidh ar fostú ag an gcuideachta san áitreabh ar aird don oifigeach údaraithe na sonraisc, na cuntais, na leabhair agus na doiciméid agus na taifid eile go léir a bhainfidh le ceannach agus díol earraí ag an gcuideachta agus a bheidh faoina chumhacht, ina sheilbh nó ar fáil ag an duine sin, agus, ar iad a thabhairt ar aird, ceadóidh sé don oifigeach údaraithe iad a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

(2) Mura ndéanfaidh duine a ndéanfar iarratas air faoi fho-alt (1) ceanglais an fho-ailt sin a chomhlíonadh, dlífear pionós £100 a chur air.

(3) Féadfar, gan dochar d'aon mhodh eile gnóthaithe, imeachtaí a thionscnamh i leith na bpionós go léir faoin alt seo agus iad a ghnóthú go hachomair mar a dhéanfaí in imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú.

(4) I gcás a n-iarrfaidh oifigeach údaraithe, de bhun an ailt seo, aon doiciméid nó taifid a thabhairt ar aird, déanfaidh sé, nuair a iarrfar sin air, a údarás chun críocha an ailt seo a thaispeáint don duine lena mbaineann.

(5) San alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu chun críocha an ailt seo.

Dáiltí.

64. —(1) Baineann an t-alt seo le dáileadh (dá ngairtear dáileadh iomchuí anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a rinne, nó a mheastar a rinne, cuideachta do thréimhse chuntasaíochta go hiomlán nó go páirteach—

(a) as ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a ndearnadh an cháin chorparáide ina leith a laghdú faoin gCuid seo, nó

(b) as dáileadh nó dáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin agus a ndearnadh an creidmheas cánach ina leith a chinneadh de réir an ailt seo.

(2) I gcás a ndearna cuideachta, nó a meastar go ndearna sí, chun críocha an ailt seo, dáileadh iomchuí do thréimhse chuntasaíochta, is é a bheidh sa chreidmheas cánach a mbeidh faighteoir an dáilte iomchuí ina theideal ina leith méid a dhéanfar amach trí

chodán arna chinneadh de réir na foirmle

A+B

___

C

a fheidhmiú ar

mhéid an dáilte iomchuí

i gcás—

arb é A méid a dhéanfar amach tríd an gcodán

    D     

_______

100-D

a a fheidhmiú ar mhéid ioncaim indáilte

na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, gan dáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse sin a áireamh, i gcás arb é D an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an dáileadh iomchuí arna laghdú i gcomhréir leis an laghdú faoi alt 58 ar dhliteanas na cuideachta i leith cánach corparáide ar a hioncam don tréimhse chuntasaíochta, faoi réir mhír (c) den choinníoll a ghabhann le halt 182 (3) (faoiseamh eatramhach do chaillteanais chánach ioncaim, etc.) agus mhír (iii) den choinníoll a ghabhann le halt 184 (3) (faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide),

arb é B comhiomlán na gcreidmheasaí cánach maidir leis an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (b), agus

arb é C méid ioncaim indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) i gcás ar mó méid iomlán na ndáiltí a rinne cuideachta do thréimhse chuntasaíochta ná ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, measfar, chun críocha an ailt seo, gur dáileadh don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe sin an bhreis;

(b) i gcás ar mó méid iomlán na ndáiltí a rinne nó a mheastar faoi mhír (a) a rinne cuideachta don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe sin ná ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, measfar gur dáileadh don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe sin an bhreis, agus mar sin de.

(c) i gcás ar mó méid iomlán na ndáiltí a rinneadh nó a mheastar faoin bhfo-alt seo a rinneadh don chéad tréimhse chuntasaíochta ar tháinig an chuideachta faoi réim cánach corparáide ina leith ná ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin—

(i) measfar gur dáileadh an bhreis do thréimhse chuntais na cuideachta a chríochnaigh ar an dáta cuntasaíochta deiridh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó, mura raibh aon tréimhse chuntais den sórt sin ann, measfar gur dáileadh í don bhliain dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus

(ii) is é an creidmheas cánach i leith na breise a mheasfar amhlaidh méid is ionann agus méid na cánach ioncaim a bheadh an chuideachta i dteideal, faoi alt 410 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bhaint as díbhinn arb é a bheadh inti tar éis an cháin sin a asbhaint cóimhéid na breise agus chun na críche sin toimhdeofar gur íocadh an díbhinn an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus gur dhíbhinn í in aghaidh na tréimhse cuntais sin nó na bliana sin dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1976, de réir mar a bheidh.

(4) Chun críocha an ailt seo is é ioncam indáilte cuideachta do thréimhse chuntasaíochta comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) ioncam na cuideachta ar ar muirearaíodh cáin chorparáide don tréimhse chuntasaíochta mar a shainítear in alt 28 (8) lúide méid na cánach corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta is inchurtha i leith an ioncaim sin, agus

(b) méid is ionann agus na dáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta agus a bhí ar áireamh ina hioncam infheistíochta frainceáilte don tréimhse chuntasaíochta seachas ioncam infheistíochta frainceáilte ar tugadh faoiseamh ina leith faoi alt 15 (4), 25 nó 26, agus is faoiseamh nár tarraingíodh siar ina dhiaidh sin faoi fhorálacha na n-alt sin.

(5) I gcás nach tréimhse chuntasaíochta tréimhse chuntais a ndearna cuideachta dáileadh di nó ina leith agus gur cuid de thréimhse chuntasaíochta cuid den tréimhse chuntais, is ionann an chomhréir den dáileadh a ndéileálfar leis chun críocha an ailt seo mar chomhréir don tréimhse chuntasaíochta nó ina leith agus an chomhréir idir an chuid sin den tréimhse chuntais agus iomlán na tréimhse sin.

(6) I gcás cuideachta do dhéanamh dáileadh nach bhfuil sé sainráite gur do thréimhse shonraithe ná ina leith é, déileálfar leis an dáileadh chun críocha an ailt seo mar dháileadh a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta ina ndearnadh é.

(7) I gcás díbhinn ar baineadh cáin ioncaim aisti faoi alt 456 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith ar áireamh ioncaim cuideachta do thréimhse chuntasaíochta, ansin, chun críocha an ailt seo, measfar gurb ionann an méid cánach a asbhaineadh amhlaidh agus creidmheas cánach i leith dáilte ar cóimhéid leis an díbhinn arna laghdú méid na cánach a asbhaineadh amhlaidh.

(8) I ndáil le dáileadh iomchuí (seachas dáileadh forlíontach faoi alt 65), beidh feidhm ag alt 5 (barántais díbhinne) agus ag alt 83 (5) (Sceideal F) ionas go dtaispeánfaídh na ráitis dá ndéantar socrú leis na hailt sin, i dteannta na sonraí a bheidh le tabhairt ar leith ón alt seo, méid an chreidmheasa cánach a mbeadh feidhm aige maidir leis an dáileadh dá mba nár dháileadh iomchuí é.

(9) Féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar chuideachta cibé eolas nó sonraí a thabhairt dó is gá chun críocha an ailt seo agus mura ndéanfaidh an chuideachta de réir cheanglais an fhógra dlífear pionós £100 a chur uirthi.

Díbhinní agus dáiltí eile de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán.

65. —(1) I gcás cuideachta do dhéanamh dáileadh maidir le haon cheart nó oibleagáid lena mbaineann alt 178 (díbhinní de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán) agus go ndéantar an creidmheas cánach maidir leis an dáileadh sin a ríomh de réir alt 64, ansin, déanfaidh an chuideachta dáileadh forlíontach ar cóimhéid leis an mbreis a bheidh ag méid an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm i ndáil leis an dáileadh dá mba nár achtaíodh alt 64 ar mhéid an chreidmheasa cánach a bhaineann, de réir an ailt sin 64, leis an dáileadh, agus measfar, maidir leis an duine a ndearnadh an dáileadh agus an dáileadh forlíontach chuige, dáileadh amháin, arbh éard é comhiomlán an dáilte agus an dáilte fhorlíontaigh, a bheith faighte aige.

(2) D'ainneoin forálacha alt 88 ní bheidh faighteoir dáilte fhorlíontaigh faoi fho-alt (1) i dteideal creidmheas cánach a fháil ina leith.

(3) I ndáil le haon dáileadh forlíontach de réir brí fho-alt (1), bainfidh alt 5 leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, méid leithleach an dáilte fhorlíontaigh sin.

Eifeacht laghdú creidmheasa cánach.

66. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do mhéid ioncaim chun críocha Sceideal F arb ionannas dó dáileadh.

(2) San alt seo is é a bheidh sa méid a dtabharfar faoiseamh ina leith do bhliain mheasúnachta i ndáil le pearsa aonair méid arna chinneadh de réir na foirmle

A -

B × 100

______

C

i gcás—

arb é A an comhiomlán ioncaim a bhfuil an phearsa aonair inmhuirearaithe ina leith faoi Sceideal F don bhliain mheasúnachta sin i ndáil le dáiltí lena mbaineann alt 64,

arb é B comhiomlán na gcreidmheasaí cánach atá ar áireamh sa mhéid dá dtagraítear ag A, agus

arb é C an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta.

(3) (a) Pearsa aonair a mbeidh ar áireamh a ioncaim do bhliain mheasúnachta dáileadh nó dáiltí (dá ngairtear an dáileadh sin nó na dáiltí sin san fho-alt seo) lena mbaineann alt 64 measúnófar agus muirearófar cáin air ionann is—

(i) dá mba é an méid ar tugadh faoiseamh ina leith an chuid ab airde dá ioncam, agus

(ii) dá mba í an bhreis (dá ngairtear an bhreis sin san alt seo) den méid ioncaim arb ionannas dó an dáileadh sin (nó comhiomlán na ndáiltí sin de réir mar a bheidh) ar an méid ar tugadh faoiseamh ina leith an chéad chuid eile ab airde dá ioncam.

(b) D'ainneoin forálacha alt 64, is é méid iomlán na gcreidmheasaí cánach a bhféadfaidh pearsa aonair, de bhua alt 88, a éileamh go ndéanfaí íad a fhritháireamh in aghaidh na cánach a muirearaíodh ar a ioncam nó a íoc leis—

(i) i ndáil leis an oiread sin den méid ar tugadh faoiseamh ina leith ar ar muirearaíodh cáin de réir ráta nó rátaí ab airde ná an ráta laghdaithe cóimhéid na cánach a muirearaíodh amhlaidh,

(ii) i ndáil leis an gcuid sin den bhreis sin ar ar muirearaíodh cáin de réir ráta nó rátaí ab airde ná an ráta laghdaithe suim ar cóimhéid le cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an dáileadh ar an gcuid sin den bhreis sin,

(iii) i ndáil leis an oiread sin dá ioncam darb ionannas an dáileadh sin (nó comhiomlán na ndáiltí sin de réir mar a bheidh) ar ar muirearaíodh cáin de réir an ráta laghdaithe cáin de réir an ráta laghdaithe ar an méid a muirearaíodh amhlaidh mar aon le cáin ar an méid céanna de réir ráta

faoin gcéad ar cóimhéid le

D × E

_____

F

i gcás—

arb é D an difríocht idir an ráta caighdeánach faoin gcéad agus an ráta laghdaithe faoin gcéad don bhliain mheasúnachta agus chun na críche sin ciallaíonn “an ráta laghdaithe faoin gcéad” do bhliain mheasúnachta 26 i gcás ar 26 faoin gcéad an ráta laghdaithe don bhliain sin agus mar an gcéanna maidir leis an ráta laghdaithe faoin gcéad do bhliain mheasúnachta ar ráta seachas 26 faoin gcéad an ráta laghdaithe di,

arb é E an ráta feidhme faoin gcéad don bhliain

mheasúnachta, agus chun na críche sin ciallaíonn “an ráta feidhme faoin gcéad” do bhliain mheasúnachta méid arna chinneadh de réir na foirmle

B ×

A

___

100

i gcás an bhrí chéanna a bheith le A agus le B atá leo i bhfo-alt (2), agus

arb é F an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta, agus

(iv) i ndáil leis an oiread sin dá ioncam darb ionannas an dáileadh sin (nó comhiomlán na ndáiltí sin de réir mar a bheidh) nach bhfuil ar áireamh ina ioncam inchánach cuid chomhréireach den chreidmheas cánach a bhaineann faoi alt 64 leis an dáileadh sin (nó, de réir mar a bheidh, cuid chomhréireach de chomhiomlán na gcreidmheasaí cánach a bhaineann faoi alt 64 leis na dáiltí sin).

Dáiltí chun pearsana aonair neamhchónaitheacha.

67. —I gcás a n-áireofar d'aon bhliain mheasúnachta ar ioncam pearsa aonair nach gcónaíonn sa Stát an bhliain sin méid i leith dáileadh lena mbaineann alt 64, measfar an dáileadh a bheith in ionannas ioncam is ionann agus méid arna chinneadh de réir na foirmle

A ×

100

____

B

i gcás—

arb é A méid an chreidmheasa cánach a mbeadh an phearsa aonair ina theideal i leith an dáilte dá mbeadh cónaí air sa Stát an bhliain mheasúnachta, agus

arb é B an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta sin.

Achomhairc.

68. —Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar aon cheist faoin gCuid seo mar a d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnacht cánach corparáide agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na foráiacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.