An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Achomhairc) Ar Aghaidh (CUID X Ilghnéitheach)

8 1976

AN tACHT UM CHÁIN FHÁLTAS CAIPITIÚIL, 1976

CUID IX

Díolúintí

Bronntanais bheaga a bheith díolmhaithe.

53. —(1) Beidh an chéad £250 de luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir a bheidh glactha ag deontaí ó aon diúscróir áirithe amháin in aon tréimhse iomchuí díolmhaithe ó cháin agus ní chuirfear i gcuntas é le linn cáin a bheith á ríomh.

(2) I gcás bronntanas a ndéanann oidhreacht de de dhroim é a ghlacadh faoi dhiúscairt nuair is dáta laistigh de dhá bhliain roimh éag don diúscróir dáta na diúscartha, tabharfar an faoiseamh céanna ina leith faoi fho-alt (1) agus a thabharfaí dá mba bhronntanas é.

(3) Ní chuirfear i gcuntas, le linn cáin a bheith á ríomh, an chéad £250 de luach inchomhiomlánaithe iomlán na mbronntanas inchomhiomlánaithe go léir (de réir bhrí mhír 1 de Chuid I den Dara Sceideal) a bheidh glactha ag an deontaí ó aon diúscróir áirithe amháin in aon tréimhse iomchuí.

(4) San alt seo, ciallaíonn “tréimhse iomchuí” an tréimhse dar thosach an 28ú lá d'Feabhra, 1969, agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1969, agus dá éis sin an tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 31ú lá de Nollaig gach bliain.

Forálacha a bhaineann le carthanais, etc.

54. —(1) Aon sochar a bheidh duine tar éis a ghlacadh chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla measfar, chun críocha ailt 5 (1) agus 11 (1), é a bheith glactha go sochrach ag duine is duine seachas deontaí nó comharba dá dtagraítear i dTábla I, II nó III de Chuid II den Dara Sceideal.

(2) Beidh bronntanas nó oidhreacht a bheidh glactha chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla díolmhaithe, a mhéid is deimhin leis na Coimisinéirí go bhfuil sé curtha, nó go gcuirfear é, chun feidhme chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, ó cháin agus ní chuirfear an céanna i gcuntas le linn cáin a bheith á ríomh.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear in alt 56 (4), beidh bronntanas nó oidhreacht a ghlacann duine ar theacht dó chun teideal a bheith aige chun aon sochair ar mhaoin (lena n-áirítear airgead a sholáthraigh an tOireachtas nó údarás áitiúil) a chur chun feidhme chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla is maoin a sealbhaíodh chun na gcríocha sin díolmhaithe ó cháin agus ní chuirfear i gcuntas é nó í le linn cáin a bheith á ríomh.

Airceadail dirithe a bheith áíolmhaithe.

55. —(1) Baineann an t-alt seo leis na hairceadail seo a leanas, is é sin le rá, aon phictiúir, priontaí, leabhair, lámhscríbhinní, saothair ealaíne, seodra, bailiúcháin eolaíochta nó nithe eile nach sealbhaítear chun críocha trádála—

(a) ar dealraitheach do na Coimisinéirí, ar éileamh a dhéanamh chucu, gur díol spéise iad ó thaobh náisiúntachta, eolaíochta, staire nó ealaíne;

(b) atá ar buanchoimeád sa Stát taobh amuigh de cibé aslaithreachtaí sealadacha lasmuigh den Stát a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí; agus

(c) a bhfuil saoráidí réasúnacha ar fáil ina leith lena bhféadfaidh daoine den phobal nó comhlachtaí aitheanta nó comhlachais daoine breathnú orthu.

(2) (a) Aon airceadal lena mbaineann an t-alt seo agus a bhí, ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, agus ar an dáta luachála, ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht a ghlac duine beidh sé díolmhaithe ó cháin i ndáil leis an mbronntanas nó leis an oidhreacht sin, agus ní chuirfear a luach i gcuntas le linn cáin a bheith á ríomh ar aon bhronntanas nó oidhreacht a ghlac an duine sin ón diúscróir céanna mura scoirfidh an díolúine d'fheidhm a bheith aici faoi fhorálacha fho-alt (3) nó (4).

(b) Beidh feidhm ag forálacha alt 19 (6), chun críocha an fho-ailt seo, mar atá feidhm acu i ndáil le maoin talmhaíochta.

(3) Má dhéantar airceadal a bheidh díolmhaithe ó cháin de bhua fho-alt (2) a dhíol laistigh de shé bliana tar éis an dáta luachála agus sular chuid an t-airceadal sin den mhaoin a bheidh i mbronntanas nó in oidhreacht dá éis sin, scoirfidh an díolúine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) de bhaint leis an airceadal sin:

Ar choinníoll, más díol trí chonradh príobháideach le Dánlann Náisiúnta na hÉireann, leis an Músaem Náisiúnta Eolaíochta agus Ealaíne nó le haon fhoras náisiúnta eile dá samhail sin, le haon ollscoil sa Stát, le húdarás áitiúil nó le Cairde Bailiúchán na hÉireann díol an airceadail sin, go leanfaidh an díolúine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'fheidm a bheith aici.

(4) Scoirfidh an díolúine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'fheidhm a bheith aici maidir le hairceadal, má tharlaíonn aon tráth tar éis an dáta luachála, agus sular cuid arís den mhaoin a bheidh ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht an t-airceadal sin, go mbeidh sárú déanta ag an deontaí nó ag an gcomharba ar aon choinníoll a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) nó (c).

Iocaíochtaí a bhaineann le scor, etc.

56. —(1) Faoi réir forálacha fho-alt (2), ní bronntanas ná oidhreacht aon íocaíocht a bheidh íoctha le fostaí nó le hathfhostaí ag a fhostóir nó ag aon duine eile nó as cistí a sholáthraigh a fhostóir nó aon duine eile, bona fide ar mhodh sochair scoir, íocaíocht iomarcaíochta nó pinsin.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil le híocaíocht dá dtagraítear san fho-alt sin, agus measfar gur bronntanas nó oidhreacht aon íocaíocht den sórt sin i gcás—

(a)  (i) ar gaol don fhostóir nó don diúscróir eile an fostaí; nó

(ii) ar cuideachta phríobháideach de réir brí alt 16 (2) an fostóir, agus ar cuideachta phríobháideach í a meastar é a bheith faoina rialú de réir brí an ailt sin ag an bhfostaí;

(b) nach faoi scéim (a bhaineann le haoisliúntas, scor nó iomarcaíocht) a cheadaigh na Coimisinéirí faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim a rinneadh an íocaíocht; agus

(c) a gcinnfidh na Coimisinéirí gur íocaíocht iomarcach í in imthosca an cháis.

(3) Seirbheálfaidh na Coimisinéirí ar dhuine cuntasach fógra i scríbhinn faoin gcinneadh acu dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus féadfaidh an duine cuntasach lena mbainfidh achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnte sin agus beidh feidhm ag alt 52, modhnaithe mar is gá, i ndáil leis an achomharc sin mar atá feidhm aige i ndáil le hachomharc in aghaidh measúnachta cánach.

(4) Aon sochar a bheidh glactha ag duine seachas an duine ar i leith a sheirbhíse a tháinig an sochar, faoi fhorálacha aon chiste aoisliúntas, nó faoi aon scéim aoisliúntas, a bunaíodh go heisiatach nó go formhór do dhaoine ar fostú le gairm, le ceird, le gnóthas nó le fostaíocht, agus dá gcleithiúnaithe, measfar (cibé acu a bhí nó nach raibh ceart ab infheidhmithe le dlí chun an tsochair ag aon duine) gur bronntanas nó gur oidhreacht é, de réir mar a bheidh, a dhíorthaigh faoi dhiúscairt arbh é an duine, ar i leith a sheirbhíse a tháinig an sochar, agus nárbh aon duine eile, a rinne í.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “scéim aoisliúntas” aon chomhshocraíocht i ndáil le fostaíocht chun sochar a sholáthar ar fhostaí, nó i ndáil le fostaí, scor nó éag;

folaíonn “fostaíocht” fostaíocht mar stiúrthóir ar chomhlacht corpraithe agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Urrúis áirithe a bheith díolmhaithe.

1972, Uimh. 17 .

57. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “urrús” aon urrús, stoc, scair, bintiúr, stoc bintiúir, deimhniú muirir nó aon sórt eile urrúis arna eisiúint roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, agus atá, de bhua aon achtacháin nó de bhua aon chumhachta a thugann aon achtachán, díolmhaithe ó chánachas agus é ar úinéireacht tairbhiúil ag duine nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí air sa Stát;

ciallaíonn “scéim iontaobhais aonad” scéim iontaobhais aonad atá cláraithe sa chlár a bunaíodh leis an Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 , a gcuireann an gníomhas a bhfuil iontaobhais na scéime sainráite ann de shrian leis an maoin atá faoi réir na n-iontaobhas gur urrúis iad.

(2) Beidh aon urrús, nó aonaid (de réir brí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972 ) de chuid scéime iontaobhais aonad, a bheidh ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht díolmhaithe ó cháin (agus ní chuirfear i gcuntas an céanna le linn cáin ar aon bhronntanas nó oidhreacht a ghlac an deontaí nó an comharba ón diúscróir céanna a bheith á ríomh) más rud é agus amháin más rud é—

(a) go raibh an t-urrús nó na haonaid ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht—

(i) ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta; agus

(ii) ar an dáta luachála; agus

(b) nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí sa Stát ar an deontaí nó ar an gcomharba ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, agus beidh feidhm ag forálacha alt 19 (6), chun críocha an fho-ailt seo, mar atá feidhm acu i ndáil le maoin talmhaíochta:

Ar choinníoll, má dhéantar, laistigh de bhliain amháin tar éis an dáta luachála, urrús nó aonaid nó aon chuid den chéanna a bheidh ar áireamh—

(a) i mbronntanas; nó

(b) i mbronntanas a ndéanann oidhreacht de mar gur dháta laistigh de dhá bhliain roimh éag don diúscróir dáta na diúscartha,

a dhíol nó a mhalartú, nó a chomhshó (seachas in urrús nó in aonaid eile, faoi seach, nach ndíolfar ná nach malartófar i rith na tréimhse bliana sin), go measfar gur ghlac an deontaí nó an comharba ón diúscróir bronntanas nó oidhreacht, de réir mar a bheidh, arb éard é nó í suim ar cóimhéid leis an méid arbh é, ar an dáta luachála, margadhluach an urrúis nó na n-aonad nó na coda den chéanna a díoladh, a malartaíodh nó a comhshódh é.

(3) Chun críocha ailt 6 (1) (c) agus 12 (1) (b), measfar an tsuim dá dtagraítear sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) a bheith sa Stát ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, de réir mar a bheidh, más sa Stát agus nach in aon áit eile ar an dáta sin don urrús nó do na haonaid (nó don chuid den chéanna) a díoladh, a malartaíodh nó a comhshódh amhlaidh.

Fáltais áirithe a bheith díolmhaithe.

1857, c. 60.

58. —(1) Ní bronntanais ná oidreachtaí iad seo a leanas—

(a) aon suim a fuair duine bona fide ar mhodh cúitimh nó damáistí mar gheall ar aon éagóir nó díobháil a d'fhulaing sé ina phearsa, ina mhaoin, ina chlú nó ina shlí bheatha;

(b) aon suim a fuair duine bona fide ar mhodh cúitimh nó damáistí mar gheall ar aon éagóir nó díobháil ba thrúig bháis d'aon duine eile;

(c) aon suim a fuair duine bona fide ar mhodh buachan gealltóireachta (lena n-áirítear linn-ghealltóireacht) nó buachan ó chrannchur, scuabgheall nó cluiche lena ngabhann duaiseanna;

(d) aon sochar—

(i) as airgead a íoc leis an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht a sholáthraigh cairde le féimheach nó is ionannas do mhaoin a sholáthraigh siad; nó

(ii) as creidiúnaithe féimhigh do loghadh nó do laghdú fiacha,

lena chumasú don fhéimheach tairiscint ar iomshocraíocht i ndiaidh féimheachta a chomalladh de réir forálacha alt 149 den Irish Bankrupt and Insolvent, Act, 1857; agus

(e) aon sochar—

(i) as airgead a íoc leis an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht a sholáthraigh cairde le féichiúnaí imshocraíochta nó is ionannas do mhaoin a sholáthraigh siad; nó

(ii) as creidiúnaithe féichiúnaí do loghadh nó do laghdú fiacha,

lena chumasú don fhéichiúnaí déanamh de réir téarmaí togra a rinne sé faoi alt 345 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, agus a mbeidh glactha leis ag a chreidiúnaithe agus a bheidh ceadaithe agus daingnithe ag an Ard-Chúirt.

(2) D'ainneoin aon ní san Acht seo, aon airgead nó luach airgid—

(a) a gheobhaidh—

(i) céile an diúscróra nó leanbh leis an diúscróir; nó

(ii) duine a bhfuil an diúscróir in loco parentis i ndáil leis,

le haghaidh cothaithe, cothabhála nó oideachais; nó

(b) a gheobhaidh duine is gaol cleithiúnach i ndáil leis an diúscróir faoi alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le haghaidh cothaithe nó cothabhála,

le linn beo an diúscróra, ní bronntanas ná oidhreacht é, i gcás inarb amhlaidh don chothú, don chothabháil nó don oideachas sin a sholáthar, nó don chothú nó don chothabháil sin—

(i) gur chuid é de ghnáth-chaiteachas duine arb ionann dálaí dó agus don diúscróir; agus

(ii) gur soláthar réasúnach é ag féachaint do dhálaí air geadais an diúscróra.

Díolúine más deontaí nó comharba a rinne an diúscairt.

59. —(1) Ní bheidh cáin inmhuirearaithe ar bhronntanas ná ar oidhreacht a ghlacfaidh an deontaí nó an comharba faoi dhiúscairt a rinne sé féin.

(2) Má tharlaíonn, ar dháta an bhronntanais, go mbeidh dhá chuideachta i gcomhlachas le chéile mar a thuairiscítear i bhfo-alt (3), measfar gur bronntanas lena mbaineann fo-alt (1) bronntanas a ghlacfaidh ceann acu faoi dhiúscairt a rinne an ceann eile.

(3) Chun críocha fho-alt (2), measfar dhá chuideachta a bheith i gcomhlachas le chéile—

(a) dá mbeadh teideal tairbhiúil ag cuideachta amháin chun cuid nár lú ná 90 faoin gcéad d'aon sócmhainní de chuid na cuideachta eile a bheadh ar fáil le dáileadh ar úinéirí a scaireanna agus a teideal den chineál dá dtagraítear in alt 34 (1) ar fhoirceannadh; nó

(b) dá mbeadh teideal tairbhiúil ag tríú cuideachta chun cuid nár lú ná 90 faoin gcéad d'aon sócmhainní de chuid gach ceann acu a bheadh ar fáil mar a luaitear i mír (a).

(4) San alt seo, ciallaíonn “cuideachta” comhlacht corpraithe (cibé áit a bhfuil sé corpraithe) seachas cuideachta phríobháideach de réir brí alt 16 (2).