An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Luach Maoine le haghaidh Cánach) Ar Aghaidh (CUID VI Tuairisceáin agus Measúnachtaí)

8 1976

AN tACHT UM CHÁIN FHÁLTAS CAIPITIÚIL, 1976

CUID V

Forálacha a bhaineann le Bronntanais agus le hOidhreachtaí

Iontaobhais lánroghnacha.

22. —I gcás ina dtiocfaidh duine chun bheith i dteideal tairbhiúil seilbhe aon sochair—

(a) faoi iontaobhas lánroghnach, seachas iontaobhas lánroghnach dá dtagraítear i mír (b), ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a d'íoc sé, measfar bronntanas a bheith glactha aige;

(b) faoi iontaobhas lánroghnach a bunaíodh—

(i) le huacht aon tráth;

(ii) le diúscairt, i gcás inarb é an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta dá éis sin agus laistigh de dhá bhliain roimh bhás an diúscróra dáta na diúscartha; nó

(iii) le diúscairt inter vivos agus í teoranta le teacht i ngníomh ar bhás a tharla roimh an Acht seo a rith nó a tharlóidh dá éis sin,

ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a d'íoc sé, measfar oidhreacht a bheith glactha aige.

Déileáil le leasanna todhchaí.

23. —(1) I gcás sochar, a mbeidh duine (dá ngairtear an fuíollaí san alt seo) ina theideal faoi dhiúscairt, cineachadh, nó ina ndiúscrófar é, go hiomlán nó go páirteach sular leas seilbhe é ionas gur duine (dá ngairtear an t-aistrí san alt seo) seachas an fuíollaí a raibh sé teorannaithe chuige leis an diúscairt a ghlacfaidh é, go hiomlán nó go páirteach, an tráth a thiocfaidh an sochar i seilbh, ansin beidh cáin iníoctha, i leith bronntanais nó oidhreachta, de réir mar a bheidh, de chuid an fhuíollaí ar gach slí ionann is dá mbeadh an fuíollaí tagtha, an tráth sin, chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige go feadh méid uile an leasa a bhí teorannaithe chuige faoin diúscairt, agus is é an t-aistrí an duine a bheidh cuntasach go príomha in íoc cánach go feadh an mhéid den sochar a ghlac sé.

(2) Ní dhochróidh forálacha fho-alt (1) aon mhuirear cánach i leith aon bhronntanas nó oidhreacht a dhéanann difear don mhaoin chéanna nó d'aon chuid di faoi aon diúscairt eile.

(3) I bhfo-alt (1), folaíonn “sochar” sochar dliteanas dá dtagraítear in alt 28 scor.

Leasanna teoranta a urscaoileadh, etc.

24. —(1) I gcás leas i maoin, a bheidh teorannaithe leis an diúscairt a bhunaigh í le foirceannadh ar theagmhas tarlú, a bheith tar éis críochnú (trí dhiúscairt eile, nó leasanna comhleanúnacha a ghlacadh in aon úinéireacht amháin, nó trí aon mheáin seachas teagmhas eile a raibh an leas a bhí teorannaithe leis an diúscairt chéadluaite le foirceannadh ar é tarlú) sular tharla an teagmhas sin, beidh cáin iníoctha faoin diúscairt chéadluaite ar gach slí ionann is dá dtarlódh an teagmhas, a raibh an leas teorannaithe le foirceannadh faoin diúscairt sin ar é tarlú, díreach roimh dheireadh teacht leis an leas.

(2) Ní dhochróidh forálacha fho-alt (1) aon mhuirear cánach i leith aon bhronntanas nó oidhreacht a dhéanann difear don mhaoin chéanna nó d'aon chuid di faoi aon diúscairt seachas an chéad diúscairt a luaitear i bhfo-alt (1).

(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2)—

(a) má bhí leas i maoin a bhí teorannaithe le foirceannadh ar theagmhas tarlú teorannaithe chun an diúscróra leis an diúscairt a bhunaigh an leas sin; agus

(b) má bhíonn, ar dheireadh teacht leis an leas sin, éifeacht le forálacha fho-alt (1) i ndáil le bronntanas nó oidhreacht a ghlac deontaí nó comharba faoin diúscairt sin agus arb éard é nó í an mhaoin ina raibh an leas sin, ansin—

aon bhronntanas nó oidhreacht eile fós a ghlac an deontaí nó an comharba céanna faoi dhiúscairt eile a rinne an diúscróir céanna (arb í an diúscairt í dar tháinig deireadh a bheith leis an leas sin) ní bronntanas inchánach é ná ní oidhreacht inchánach í a mhéid gurb é nó gurb í iomlán na maoine céanna é nó í nó gur cuid é nó í den mhaoin chéanna.

(4) San alt seo, folaíonn “teagmhas”—

(a) bás; agus

(b) tréimhse shonraithe do dhul in éag.

Leas nach leas seilbhe a shocrú.

25. —(1) I gcás ina nglacfaidh aon deontaí nó comharba bronntanas nó oidhreacht faoi dhiúscairt a rinne sé féin ansin, má bhí sé, ar dháta na diúscartha sin, i dteideal na maoine a bhí ar áireamh sa diúscairt, go feifeach ar theagmhas tarlú, nó faoi réir dliteanais de réir brí alt 18 (9), agus go dtarlóidh an teagmhas sin nó go dtiocfaidh deireadh leis an dliteanas sin le linn ré na diúscartha, muirearófar cáin ar luach inchánach an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach a ghlacfadh sé ar an teagmhas sin tarlú, nó ar an dliteanas sin foirceannadh, dá mba nach ndéanfaí aon diúscairt den sórt sin.

(2) Ní dhochróidh forálacha fho-alt (1) aon mhuirear cánach i leith aon bhronntanas nó oidhreacht a dhéanann difear don mhaoin chéanna nó d'aon chuid di faoin diúscairt sin.

(3) San alt seo, tá le “teagmhas” an bhrí chéanna atá leis in alt 24.

Leasanna a mhéadú.

26. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine ag a mbeidh leas seilbhe teoranta i maoin (dá ngairtear san alt seo an leas céadluaite) leas eile fós (dá ngairtear san alt seo an dara leas a luaitear) a ghlacadh sa mhaoin chéanna, mar bhronntanas inchánach nó mar oidhreacht inchánach, a dtagann dó dá dhroim gurb é úinéir iomlán na maoine é, déanfar luach inchánach an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach, arb é nó arb í an dara leas a luaitear é nó í ar an dáta luachála, a laghdú an méid arb é, ar an dáta sin, luach an leasa chéadluaite é, agus á ghlacadh gurb é an luach sin, arna fhionnadh de réir na Rialacha atá sa Chéad Sceideal, luach leasa theoranta—

(a) is leas teoranta i suim chaipitiúil ar cóimhéid le luach na maoine;

(b) a thosaíonn ar an dáta sin; agus

(c) a mhairfidh ar feadh na coda gan chaitheamh de théarma an leasa chéadluaite.

(2) Chun críocha fho-alt (1) (a), ciallaíonn “luach” an méid arbh é an luach saor-ó-eire, de réir brí alt 18 (1), é, dá nglacfaí an leas teoranta, ar an dáta dá dtagraítear i bhfo-alt (1), mar bhronntanas inchánach nó mar oidhreacht inchánach.

(3) Ní bheidh éifeacht le forálacha an ailt seo i gcás inar faoin diúscairt faoinar bunaíodh an leas céadluaite a glacadh an dara leas a luaitear.

Diúscairtí lena mbaineann cumhachtaí ceapacháin.

27. —(1) I gcás duine teacht chun teideal tairbhiúil seilbhe chun aon sochair a bheith aige de bhua nó de dhroim aon duine, agus cumhacht cheapacháin ghinearálta aige, d'fheidhmiú nó do scaoileadh na cumhachta sin nó do mhainniú an chumhacht sin a fheidhmiú, ansin, chun críocha an Achta seo, is í an diúscairt, agus ní hí an diúscairt faoinar bunaíodh an chumhacht, feidhmiú nó scaoileadh na cumhachta nó an mhainneachtain an chumhacht a fheidhmiú, agus is é an duine a fheidhmeoidh nó a scaoilfidh an chumhacht nó a mhainneoidh an chumhacht a fheidhmiú an diúscróir.

(2) I gcás duine teacht chun teideal tairbhiúil seilbhe chun aon sochair a bheith aige de bhun nó de dhroim aon duine, agus cumhacht cheapacháin ghinearálta aige, d'fheidhmiú nó do scaoileadh na cumhachta sin nó do mhainniú an chumhacht sin a fheidhmiú, ansin. chun críocha an Achta seo, is í an diúscairt an diúscairt faoinar bunaíodh an chumhacht agus is é an duine a bhunaigh an chumhacht an diúscróir.

Deireadh le dliteanais.

28. —(1) Measfar gurb é an sochar ó dheireadh teacht—

(a) le dliteanas de réir brí alt 18 (9); nó

(b) le haon dliteanas is dliteanas de shamhail an dliteanais dá dtagraítear i mír (a) agus a raibh glacadh sochair ba bhronntanas nó oidhreacht faoina réir,

bronntanas nó oidhreacht, cibé acu é, a measfar—

(i) a mhéid a bheidh an dliteanas muirearaithe ar aon mhaoin, nó urraithe le haon mhaoin, tráth deireadh a bheith leis, gurb é iomlán na maoine sin nó gurb í an chuid iomchuí den mhaoin sin, cibé acu é, an céanna; agus

(ii) a mhéid nach mbeidh an dliteanas muirearaithe ar aon mhaoin, nó urraithe le haon mhaoin, tráth deireadh a theacht leis, gurb ionann an céanna agus cibé suim arb í, faoi fhorálacha alt 5 (2) (b), an tsuim í ar chomhionann an t-ioncam bliantúil uaithi agus luach bliantúil an dliteanais.

(2) San alt seo, tá le “cuid iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 5 (5).

(3) Chun críocha ailt 6 (1) (c) agus 12 (1) (b), measfar nach sa Stát ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta don tsuim dá dtagraítear i bhfomhír (ii) d'fho-alt (1).

Diúscairt a mhéadaíonn luach maoine.

29. —(1) San alt seo, ní fholaíonn “maoin” aon mhaoin ar tháinig deontaí nó comharba chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chuici roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1969.

(2) I gcás é a bheith d'éifeacht le haon duine do thógáil leasa thairbhiúil in aon mhaoin (dá ngairtear maoin bhreise anseo ina dhiaidh seo san alt seo) faoi aon diúscairt a rinne diúscróir luach aon mhaoine eile (dá ngairtear maoin bhunaidh anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a mhéadú a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe ag an duine sin chuici, agus a dhíorthaigh ón diúscróir céanna, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) measfar gurb éard é an méadú luacha a tharla amhlaidh bronntanas nó oidhreacht, cibé acu é, a d'éirigh faoin diúscairt sin agus a ghlac an duine sin, mar dheontaí nó mar chomharba, ón diúscróir sin, an tráth a ghlac sé an leas tairbhiúil sa mhaoin bhreise;

(b) déileálfar leis an maoin bhunaidh ionann is gur mhó a luach dá mba mhó margadhluach na maoine sin an tráth dá dtagraítear i mír (a) dá mba chuid de chomhiomlán na maoine bunaidh agus na maoine breise agus nach mar mhír aonair maoine a dhíolfaí í, agus is é an méadú luacha chun críocha an ailt seo an méid ba mhó margadhluach na maoine bunaidh, dá ndíolfaí í an tráth sin mar chuid den chomhiomlán sin, ná méid margadhluach na maoine sin dá ndíolfaí í an tráth sin mar mhír aonair maoine;

(c) d'fhonn margadhluach na maoine breise a chinneadh, measfar gur cuid í de chomhiomlán na maoine bunaidh agus na maoine breise; agus

(d) is é an margadhluach a fhionnfar d'aon mhaoin a luachálfar mar chuid de chomhiomlán maoine an méid sin de mhargadhluach an chomhiomláin sin is féidir le réasún a chur i leith na coda sin.

(3) Chun críche an ailt seo, measfar teideal tairbhiúil seilbhe a bheith ag an deontaí nó ag an gcomharba chun aon mhaoine d'ainneoin go ndearna sé, laistigh de chúig bliana roimh dhiúscairt den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2), an mhaoin sin, nó aon chuid di, a chur uaidh ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid nó í a dhiúscairt chun cuideachta a meastar í a bheith, aon tráth laistigh den tréimhse cúig bliana sin, faoina rialú de réir brí alt 16 (4) (b).

(4) I bhfo-alt (3), ciallaíonn “cuideachta” cuideachta phríobháideach de réir brí alt 16 (2).

Bronntanas faoi réir cumhachta cúlghairme.

30. —I gcás duine teacht, faoi aon diúscairt, chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chun aon sochair agus an chumhacht an sochar a chúlghairm a bheith forcoimeádta, faoi théarmaí na diúscartha, ag an diúscróir dó féin, measfar, chun críocha an Achta seo, an duine sin a bheith gan teideal tairbhiúil seilbhe chun an tsochair a bheith aige mura ndéanfaidh agus go dtí go ndéanfaidh an diúscróir an chumhacht chúlghairme a scaoileadh nó mura scoirfidh agus go dtí go scoirfidh an chumhacht sin ar shlí eile de bheith infheidhmithe.

Usáid maoine in aisce, iasachtaí in aisce, etc.

31. —(1) Measfar bronntanas a bheith glactha ag duine gach tréimhse iomchuí a bheidh úsáid, áitiú nó teachtadh aon mhaoine (is maoin nach bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige chuici) ceadaithe dó ar a feadh nó ar feadh coda di ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid.

(2) I bhfo-ailt (1) agus (4), ciallaíonn “tréimhse iomchuí”, i ndáil le haon úsáid, áitiú nó teachtadh maoine, an tréimhse ón 28ú lá d'Fheabhra, 1974, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1974, agus dá éis sin an tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 31ú lá de Nollaig gach bliain.

(3) Measfar gurb éard é bronntanas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) suim ar cóimhéid leis an difríocht idir méid aon chomaoine in airgead nó i luach airgid, a thug an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i leith na húsáide, an áitithe nó an teachta sin, agus an praghas is fearr ab fhéidir a fháil ar an margadh oscailte ar an úsáid, ar an áitiú nó ar an teachtadh sin.

(4) Measfar gur i ndeireadh na tréimhse iomchuí a glacadh bronntanas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó, más luaithe ná sin é, díreach roimh an tráth a chríochnaigh an úsáid, an t-áitiú nó an teachtadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(5) In aon chás a gceadaítear úsáid, áitiú nó teachtadh maoine do dhuine, agus gan teideal tairbhiúil seilbhe aige chun na maoine sin, faoi dhiúscairt—

(a) a rinneadh le huacht;

(b) i gcás inarb é an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta dá éis sin, agus is dáta laistigh de dhá bhliain roimh bhás an diúscróra, dáta na diúscartha; nó

(c) is diúscairt inter vivos agus an úsáid, an t-áitiú nó an teachtadh a bheith ag an duine sin tar éis deireadh a bheith le leas saoil duine eile,

beidh éifeacht le fo-ailt (1), (3) agus (4) i ndáil leis an maoin sin ionann is dá gcuirfí tagairt d'oidhreacht in ionad na tagartha do bhronntanas cibé áit a bhfuil sí sna fo-ailt sin, agus chun críche an fho-ailt seo ciallaíonn “tréimhse iomchuí” i bhfo-ailt (1) agus (4), i ndáil le húsáid, áitiú nó teachtadh maoine, an tréimhse naoi mí dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, agus dá éis sin an tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 31ú lá de Nollaig aon bhliain.

(6) Chun críocha ailt 6 (1) (c) agus 12 (1) (b), measfar nach sa Stát ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta don tsuim dá dtagraítear i bhfo-alt (3).

Nuair a dhéanann leas seilbhe de leas i bpolasaí árachais.

32. —(1) Chun críocha an Achta seo, measfar gurb é an tráth agus an t-aontráth a dhéanann leas seilbhe de leas i bpolasaí árachais ar shaol duine—

(a) an tráth a aibíonn an polasaí; nó

(b) an tráth, roimh aibiú don pholasaí, a ghéilltear an polasaí don árachóir ar chomaoin in airgead nó i luach airgid:

Ar choinníoll, má dhéanann an t-árachóir, le linn ré an pholasaí, íocaíocht airgid nó luach airgid d'urscaoileadh an pholasaí go hiomlán nó go páirteach, go measfar an leas a bheith tagtha i seilbh go feadh na híocaíochta sin.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le conradh i leith blianachta iarchurtha, agus chun críocha an ailt seo measfar go n-aibíonn conradh den sórt sin ar an dáta a bhíonn an chéad tráthchuid dlite.

Forálacha ag a mbeidh feidhm i gcás a mbíonn éifeacht le halt 98 den Acht Comharbais, 1965 .

1837, c. 26.

33. —(1) Má tharlaíonn, ar thiomnóir d'fháil bháis agus de bhua forálacha alt 98 den Acht Comharbais, 1965 , nó eile, go nglacfaidh diúscairt éifeacht ionann is dá mba bheo tar éis éag don tiomnóir do dhuine a d'éag roimh an tiomnóir, ní mheasfar gur oidhreacht an sochar a ghlac eastát an duine sin.

(2) I gcás inar beo do dhuine tar éis éag do thiomnóir, agus—

(a) an duine sin teacht chun teideal tairbhiúil a bheith aige, faoi dhiúscairt a rinne duine a d'éag roimh an tiomnóir, chun aon sochair i ndáil le haon mhaoin a réadthiomnaigh nó a thiomnaigh an tiomnóir; agus

(b) éifeacht a bheith, i ndáil leis an réadtiomnú nó leis an tiomnú, le halt 33 den Wills Act, 1837, nó le halt 98 den Acht Comharbais, 1965 , nó le haon fhoráil chomhchineáil de dhlí críche eile,

measfar chun críocha cánach oidhreachta gur dhíorthaigh an duine sin an sochar ón tiomnóir, mar dhiúscróir.

Diúscairt ag cuideachta nó chun cuideachta.

34. —(1) Chun críocha an Achta seo—

(a) comaoin a d'íoc, nó diúscairt a rinne, cuideachta measfar gur comaoin, nó diúscairt, í, de réir mar a bheidh, a d'íoc nó a rinne; agus

(b) comaoin, nó bronntanas, nó oidhreacht a ghlac cuideachta measfar gur comaoin í, nó gur bronntanas é, nó gur oidhreacht í, de réir mar a bheidh, a ghlac

úinéirí tairbhiúla na scaireanna sa chuideachta agus úinéirí tairbhiúla na dteideal faoi aon dliteanas a thabhaigh an chuideachta (seachas chun críocha ghnó na cuideachta, go hiomlán, eisiatach) de réir na gcoibhneas céanna a bheadh idir na méideanna ab iníoctha leo dá ndeanfaí an chuideachta a fhoirceannadh go saorálach agus a sócmhainní a réadú ar dháta na híocaíochta, na diúscartha, an bhronntanais nó na hoidhreachta, de réir mar a bheidh, agus méid aon réadaithe a fhionnadh chun na críche sin de réir alt 17 ionann is dá mba é dáta na híocaíochta, na diúscartha, an bhronntanais nó na hoidhreachta dáta an réadaithe sin.

(2) San alt seo, ciallaíonn “cuideachta” cuideachta phríobháideach de réir alt 16 (2).

(3) Chun críocha fho-alt (1) measfar gur gníomhartha, mainneachtain agus fáltais de chuid úinéirí tairbhiúla na scaireanna agus na dteideal, dá dtagraítear i bhfo-alt (1), sa chuideachta, de réir na gcoibhneas a luaitear san fho-alt sin, gníomhartha, mainneachtain agus fáltais uile na cuideachta.

(4) I gcás maidir le húinéir tairbhiúil aon scaireanna i gcuideachta nó aon teidil den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1), gur cuideachta é féin, measfar gurb iad úinéirí tairbhiúla na scaireanna agus na dteideal, dá dtagraítear i bhfo-alt (1), sa chuideachta is déanaí a luaitear, úinéirí tairbhiúla na scaireanna agus na dteideal atá ag an gcuideachta is déanaí a luaitear sa chuideachta chéadluaite, sna coibhneasa inar úinéirí tairbhiúla iad ar na scaireanna agus ar na teidil sa chuideachta is déanaí a luaitear.

(5) A mhéid a bheidh na scaireanna agus na teidil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar teachtadh ar iontaobhas agus gan aon úinéirí tairbhiúla orthu is infhionnta, measfar gurb é an diúscróir, a rinne an diúscairt faoina dteachtar ar iontaobhas amhlaidh na scaireanna agus na teidil, a d'íoc comaoin nó a rinne diúscairt a d'íoc nó a rinne an chuideachta.