An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Tuairisceáin agus Measúnachtaí) Ar Aghaidh (CUID VIII Achomhairc)

8 1976

AN tACHT UM CHÁIN FHÁLTAS CAIPITIÚIL, 1976

CUID VII

Cáin a Íoc agus a Ghnóthú

Cáin agus ús ar cháin a íoc.

41. —(1) Beidh cáin dlite agus iníoctha ar an dáta luachála.

(2) Beidh ús simplí de réir aon go leith faoin gcéad in aghaidh na míosa nó aon choda de mhí, gan cáin ioncam a asbhaint, iníoctha ar an gcáin ón dáta luachála go dtí an dáta a íocfar an cháin agus beidh sé inmhuirearaithe agus inghnóthaithe sa tslí chéanna is a bheadh dá mba chuid den cháin é.

(3) D'ainneoin forálacha fho-alt (2), ní bheidh ús iníoctha ar cháin a íocfar laistigh de thrí mhí ón dáta luachála, agus i gcás cáin agus ús, más ann, uirthi a bheith íoctha laistigh de thríocha lá ó dháta na cánach sin a mheasúnú, ní rithfidh ús ar an gcáin sin ar feadh na tréimhse tríocha lá ó dháta na measúnachta ná ar feadh aon choda den tréimhse sin.

(4) Cuirfear íocaíocht ar chuntas cánach chun feidhme—

(a) má bhíonn ús dlite ar an gcáin ar dháta an íoca, chun an t-ús a bheidh dlite amhlaidh a íoc, a mhéid is féidir sin; agus

(b) má bhíonn aon iarmhéid den íocaíocht sin fágtha, chun cóimhéid na hiarmhéide sin de cháin a íoc.

(5) Faoi réir forálacha fho-ailt (2), (3) agus (4), féadfar íocaíochtaí ar cuntas a íoc tráth ar bith, agus nuair a íocfar íocaíocht ar cuntas ní bheidh ús inmhuirearaithe i leith aon tréimhse i ndiaidh dáta na híocaíochta sin ar an méid sin den íocaíocht ar cuntas a bheidh le feidhmiú chun an cháin a íoc.

(6) Maidir le bronntanas a ndéanann oidhreacht de mar gheall ar é a ghlacadh faoi dhiúscairt i gcás inar dáta laistigh de dhá bhliain roimh dháta an diúscróra d'fháil bháis dáta na diúscartha, beidh éifeacht le forálacha an ailt seo ionann is dá mba thagairtí do dháta báis an diúscróra na tagairtí don dáta luachála i bhfo-ailt (1), (2) agus (3).

(7) I gcás bronntanas nó oidhreacht a glacadh roimh dháta an Achta seo a rith, beidh éifeacht le forálacha an ailt seo ionann is dá mba thagairtí do dháta an Achta seo a rith, nó don dáta luachála, cibé acu is déanaí, na tagairtí don dáta luachála i bhfo-ailt (1), (2) agus (3).

(8) I gcás ina mbeidh luach leasa theoranta le fionnadh de réir riail 8 den Chéad Sceideal ionann is dá mba shraith de leasanna iomlána é, beidh éifeacht leis an alt seo, i ndáil le gach ceann de na leasanna iomlána sin, ionann is dá mba thagairtí do dháta an leasa iomláin sin a ghlacadh na tagairtí don dáta luachála i bhfo-ailt (1), (2) agus (3).

(9) Is le hArd-Chuntasóir na gCoimisinéirí a íocfar na suimeanna go léir a bheidh dlite faoi fhorálacha an Achta seo.

Cáin bhronntanais a íocadh i leith oidhreachta a fhritháireamh.

42. —I gcás ina mbeidh suim íoctha i leith cáin bhronntanais (nó ús ar an gcáin sin) ar bhronntanas a dtarlóidh, mar gheall ar an diúscróir d'fháil bháis laistigh de dhá bhliain tar éis dáta na diúscartha faoinar glacadh an bronntanas, go ndéanfaidh oidhreacht de arb iníoctha cáin oidhreachta ina leith, déilealfar leis an tsuim a bheidh íoctha amhlaidh mar íocaíocht ar cuntas na cánach oidhreachta.

Cáin a íoc ina tráthchodanna.

43. —(1) Faoi réir ús a íoc de réir alt 41 agus ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, féadfar, más rogha leis an duine a sheachadfaidh an tuairisceán nó an tuairisceán breise é, an cháin a bheidh dlite agus iníoctha i leith bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach a íoc ina cúig thráthchuid chomhionanna bhliantúla, a mbeidh an chéad cheann acu dlite ar dhá mhí dhéag a bheith caite ón dáta ar ar tháinig an cháin chun bheith dlite agus iníoctha agus cuirfear an t-ús ar an gcáin a bheidh gan íoc le gach tráthchuid agus íocfar é an tráth céanna a íocfar an tráthchuid sin.

(2) Féadfar tráthchuid nach mbeidh dlite a íoc aon tráth sula mbeidh sí dlite.

(3) In aon chás a ndíolfar nó a bhfaighfear go héigeantach agus a mhéid a dhíolfar nó a gheofar go héigeantach, an mhaoin arb í an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach í, déanfar, mura leas teoranta leas an deontaí nó an chomharba, na tráthchodanna go léir a bheidh gan íoc a íoc ar an díol nó ar an bhfáil éigeantach a bheith críochnaithe, agus mura n-íocfar amhlaidh iad, is cáin i riaráiste iad.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás más é atá, agus a mhéid gurb é atá, i mbronntanas inchánach nó in oidhreacht inchánach maoin phearsanta ina nglacann an deontaí nó an comharba, nó an t-aistrí dá dtagraítear in alt 23 (1), de réir mar a bheidh, leas iomlán.

(5) In aon chás inar leas teoranta a scoirfidh ar éag don deontai nó don chomharba an leas a ghlacfaidh deontaí nó comharba, agus go n-éagfaidh sé sula mbeidh na tráthchodanna uile den cháin i leith an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach dlite más ina tráthchodanna a bhí an cháin sin á híoc, scoirfidh aon tráthchuid den cháin sin de bheith iníoctha nach raibh dlite roimh éag don deontaí sin nó don chomharba sin, agus déileálfar, chun críocha alt 46, le híoc na tráthchoda sin is déanaí a luaitear, má íocadh í, mar ró-íoc cánach.

Iarchur, maitheamh agus imshocrú cánach.

44. —(1) I gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí nach féidir, gan cruatan iomarcach, cáin is intobhaigh i leith aon bhronntanais nó oidhreachta a chruinniú láithreach, féadfaidh siad a cheadú a híoc a iarchur go ceann cibé tréimhse, go feadh cibé méid agus ar cibé téarmaí (lena n-áirítear ús a tharscaoileadh) is cuí leo.

(2) Má tharlaíonn, ar éag don tréimhse iomchuí díreach i ndiaidh an dáta a tháinig aon cháin chun bheith dlite agus iníoctha, go mbeidh an cháin nó aon chuid di gan íoc, féadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo, íoc aon úis a d'fhaibhrigh, tar éis an éaga sin, ar an gcáin neamhíoctha a mhaitheamh; agus san fho-alt seo, ciallaíonn “tréimhse iomchuí” an tréimhse a mbeadh, ar dheireadh a bheith léi, an t-ús ar shuim ab iníoctha i leith cánach ar cóimhéid, de réir an ráta ab inmhuirearaithe ó am go ham i rith na tréimhse sin i leith úis ar cháin, le méid na cánach sin.

(3) Má bhíonn aon cháin nó aon chuid di gan íoc ar fiche bliain a bheith caite ón dáta a tháinig sí chun bheith dlite agus iníoctha, féadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo, íoc na cánach sin nó aon choda di agus íoc an úis go léir, nó aon úis, ar an gcéanna a mhaitheamh.

(4) I gcás inar dóigh leis na Coimisinéirí na cúinsí a bhaineann le bronntanas nó oidhreacht nó lena luach nó le cáin a mheasúnú ar an gcéanna nó le cáin ar an gcéanna a ghnóthú a bheith chomh haimhréiteach sin gur ceart dóibh é a dhéanamh, féadfaidh siad an cháin is iníoctha ar an mbronntanas nó ar an oidhreacht a imshocrú ar cibé téarmaí is oiriúnach leo, agus féadfaidh siad urscaoileadh a thabhairt don duine nó do na daoine a bheidh cuntasach sa cháin ar an gcáin a íoc de réir na himshocraíochta sin.

Cáin oidhreachta a íoc trí urrúis a aistriú.

1954, Uimh. 22 .

45. —Bainfidh forálacha alt 22 den Acht Airgeadais, 1954 (a bhaineann le dleachtanna báis a íoc trí urrúis a aistriú chuig an Aire Airgeadais) agus na rialachán a rinneadh faoin gcéanna, modhnaithe mar is gá, le cáin oidhreachta a íoc trí urrúis a aistriú chuig an Aire Airgeadais, mar a bhaineann siad le dleachtanna báis a íoc trí urrúis a aistriú chuig an Aire Airgeadais.

Ró-íoc cánach.

46. —I gcás ina ndéanfar iarratas chuig na Coimisinéirí ar fhaoiseamh faoin alt seo agus go gcruthófar chun a sástachta gur íocadh suim de bhreis ar an dliteanas i leith cánach nó i leith úis ar cháin, tabharfaidh siad faoiseamh tríd an mbreis a aisíoc nó ar mhodh réasúnach cóir eile; agus iompróidh aon aisíoc den sórt sin ús simplí (nach mó ná méid na breise sin), gan cáin ioncaim a asbhaint, ón dáta rinneadh an t-íoc, de réir an ráta chéanna a d'iompródh an cháin ús ó am go ham dá mbeadh sí dlite agus an t-íoc sin a bheith gan déanamh.

Cáin ina muirear.

47. —(1) Cáin a bheidh dlite agus iníoctha i leith bronntanais inchánach nó i leith oidhreachta inchánach beidh sí agus fanfaidh sí, faoi réir forálacha an ailt seo, ina muirear ar an maoin (seachas airgead nó ionstraimí soshannta) arb í an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach í ar an dáta luachála agus beidh tosaíocht ag an gcáin ar na muirir agus ar na leasanna uile a bheidh bunaithe ag an deontaí nó ag an gcomharba nó ag aon duine a bheidh ag éileamh le ceart an deontaí nó an chomharba nó thar a cheann:

Ar choinníoll, má bhíonn aon mhaoin shocraithe a bheidh ar áireamh in aon bhronntanas inchánach nó in aon oidhreacht inchánach faoi réir aon chumhacht díola, malartaithe, nó idir-roinnte, is infheidhmithe le toiliú an deontaí nó an chomharba, nó ag an deontaí nó ag an gcomharba le toiliú duine eile, nach mbeidh an deontaí nó an comharba eisiata ag an muirear cánach ar a bhronntanas inchánach nó a oidhreacht inchánach ó thoiliú le feidhmiú na cumhachta sin, nó ó aon chumhacht a fheidhmiú le toiliú cuí, de réir mar a bheidh; agus i gcás ina bhfeidhmeofar aon chumhacht den sórt sin, go muirearófar an cháin ar an maoin a fuarthas, in ionad í a mhuirearú ar an maoin a bhí roimhe sin ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht, agus ar an airgead go léir ó aon chumhacht den sórt sin a fheidhmiú, agus ar gach infheistíocht a bheidh déanta ar an airgead sin.

(2) Maoin a bheidh ar áireamh i maoin inchánach nó in oidhreacht inchánach ní leanfaidh sí, amhail in aghaidh ceannaitheoir nó morgáistí bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid, ná in aghaidh duine a fuair teideal ó cheannaitheoir nó ó mhorgáistí den sórt sin nó faoi, faoi mhuirear ná faoi dhliteanas cánach tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ó dháta an bhronntanais nó ó dháta na hoidhreachta.

(3) Ní bheidh cáin ina muirear ar mhaoin faoi fho-alt (1) in aghaidh ceannaitheora nó morgáistí bona fide na maoine sin ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid gan fógra, ná in aghaidh duine a fuair teideal ó cheannaitheoir nó ó mhorgaistí den sórt sin nó faoi.

Admhálacha agus deimhnithe.

48. —(1) Nuair a íocfar aon mhéid i leith cánach, tabharfaidh na Coimisinéirí admháil ar an íocaíocht.

(2) Déanfaidh na Coimisinéirí, ar dhuine a d'íoc an cháin i leith aon mhaoin a bhí ar áireamh in aon bhronntanas inchánach nó in aon oidhreacht inchánach á iarraidh orthu, deimhniú, i cibé foirm is oiriúnach leo, a thabhairt don duine ar an méid cánach a d'íoc sé i leith na maoine sin.

(3) Déanfaidh na Coimisinéirí, ar dhuine is duine cuntasach i leith aon choda den mhaoin ar bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach í á iarraidh orthu, más deimhin leo gur íocadh nó go n-íocfar an cháin a muirearaíodh ar an maoin i leith an bhronntanais inchánach nó a hoidhreachta inchánach, nó nach bhfuil aon cháin muirearaithe amhlaidh, deimhniú sa chéill sin, i cibé foirm is oiriúnach leo, a thabhairt don duine, a urscaoilfidh an mhaoin ó dhliteanas cánach (más ann) i leith an bhronntanais nó na hoidhreachta, go feadh an mhéid a shonrófar sa deimhniú.

(4) Ní urscaoilfidh deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (3) an mhaoin ó cháin i gcás calaoise nó i gcás loiceadh fíorais ábhartha a nochtadh agus, in aon chás, ní dhéanfaidh sé difear don cháin is iníoctha i leith aon mhaoine eile:

Ar choinníoll go saorfaidh deimhniú a airbheartaíonn gur urscaoileadh é ar an gcáin uile is iníoctha i leith aon mhaoine a bheidh ar áireamh sa deimhniú i leith bronntanais nó oidhreachta ó dhliteanas na cánach sin ceannaitheoir nó morgáistí bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid gan fógra ar an gcalaois nó ar an loiceadh sin agus duine a fuair teideal ó cheannaitheoir nó ó mhorgáistí den sórt sin nó faoi.

Cáin agus pionóis a gnóthú.

1890, c. 21.

49. —(1) Aon suim a bheidh dlite agus iníoctha i leith cánach nó i leith úis uirthi agus aon phionós a tabhaíodh i ndáil le cáin nó in ndáil le hús ar cháin measfar gur fiach iad atá dlite ón duine cuntasach nó, má tá sé marbh, atá dlite óna ionadaí pearsanta don Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste agus beidh siad iníoctha leis na Coimisinéirí agus féadfar (gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile) agairt ina leith agus iad a ghnóthú trí chaingean, nó trí imeacht iomchuí eile, ar agra an Ard-Aighne nó an Aire Airgeadais nó na gCoimisinéirí in aon chúirt dlínse inniúla, d'ainneoin aon ní dá mhalairt san Inland Revenue Regulation Act, 1890.

(2) Aon duine a bheidh tar éis aon suim airgid a ghlacadh mar cháin, ús, nó pionós, nó le haghaidh cánach, úis nó pionóis, faoin Acht seo agus nach gcuirfidh an t-airgead d'íoc na cánach, an úis nó an phionóis go cuí, agus a choinneoidh siar, nó a choimeádfaidh, go míchuí, an céanna, beidh sé cuntasach sa cháin, san ús nó sa phionós a íoc go feadh an mhéid a ghlac sé amhlaidh agus beidh an céanna ina fhiach air ag an Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste agus beidh an céanna inghnóthaithe mar a ghnóthófaí fiach faoi fho-alt (1).

(3) Má dhlíonn aon duine cuntasach faoi alt 36 tuairisceán nó tuairisceán breise a sheachadadh do na Coimisinéirí agus go mainneoidh sé sin a dhéanamh, féadfaidh an tArd-Aighne nó an tAire Airgeadais nó na Coimisinéirí agairt trí chaingean nó trí imeacht iomchuí eile sa Chúirt Chuarda ar ordú á ordú don duine a mhainnigh amhlaidh an tuairisceán nó an tuairisceán breise sin a sheachadadh nó cúis dá mhalairt a shuíomh; agus féadfaidh an Chúirt Chuarda le hordú a ordú don duine cuntasach sin an tuairisceán nó an tuairisceán breise sin a sheachadadh laistigh de cibé am a shonrófar san ordú.

(4) Aon uair a bheidh maoin faoi réir muirir de bhua alt 47, féadfaidh an tArd-Aighne, an tAire Airgeadais nó na Coimisinéirí a agairt trí chaingean nó trí imeacht iomchuí eile in aon chúirt dlínse inniúla go ndéanfaí ordú, agus féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh, á ordú d'úinéir na maoine an cháin a bheidh de mhuirear ar an maoin a íoc.

Fianaise in imeachtaí chun cáin a ghnóthú.

1926, Uimh. 35 .

50. —Beidh feidhm ag forálacha alt 39 den Acht Airgid, 1926 , in aon imeachtaí sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche leis an gcáin a ghnóthú nó i ndáil le gnóthú na cánach.