An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Cáin a Íoc agus a Ghnóthú) Ar Aghaidh (CUID IX Díolúintí)

8 1976

AN tACHT UM CHÁIN FHÁLTAS CAIPITIÚIL, 1976

CUID VIII

Achomhairc

Achomhairc i ndáil le luach maoine réadaí.

1910, c. 8.

51. —Más ábhar éagóra le duine ar bith cinneadh ó na Coimisinéirí maidir le margadhluach aon mhaoine réadaí, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnte ar an modh a fhorordaítear le halt 33 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus beidh feidhm dá réir sin, modhnaithe mar is gá, leis na forálacha maidir le hachomhairc faoin alt sin den Acht sin.

Achomhairc i gcásanna eile.

52. —(1) San alt seo—

tá le “Coimisinéirí Achomhairc” an bhrí a shanntar dó le halt 156 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “achomharcóir” duine a dhéanann achomharc chun na gCoimisinéirí Achomhairc faoi fho-alt (2) den alt seo.

(2) Faoi réir na bhforálacha eile den Acht seo, duine a nglaofaidh na Coimisinéirí air measúnacht cánach a íoc i leith aon mhaoine agus arb ábhar éagóra leis an mheasúnacht féadfaidh sé, de réir forálacha an ailt seo, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne na measúnachta agus éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a gcinneadh mura gceanglaítear an t-achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó mura gceanglaítear cás a shonrú i ndáil leis le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.

(3) Ní bheidh ábhar achomhairc ann faoin alt seo i ndáil le margadhluach maoine réadaí.

(4) Duine a bheartaíonn achomharc a dhéanamh faoin alt seo i gcoinne measúnachta déanfaidh sé, laistigh de 30 lá tar éis dáta na measúnachta, fógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí go bhfuil sé chun achomharc a dhéanamh i gcoinne na measúnachta.

(5) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh feidhm, maidir le hachomharc faoin alt seo, modhnaithe mar is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) tráthanna agus ionaid a cheapadh le hachomhairc a éisteacht;

(ii) fógra a thabhairt do gach duine a thug fógra achomhairc i dtaobh an trátha agus an ionaid a bheidh ceaptha lena achomharc a éisteacht;

(iii) achomharc a chinneadh trí chomhaontú idir an t-achomharcóir agus oifigeach a bheidh ceaptha ag na Coimisinéirí chuige sin;

(iv) achomharc a chinneadh tríd an achomharcóir do thabhairt fógra go mbeartaíonn sé gan dul ar aghaidh leis an achomharc;

(v) achomharc a éisteacht agus a chinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc, lena n-áirítear achomharc a éisteacht agus a chinneadh ag Coimisinéir Achomhairc amháin;

(vi) achomharc a chinneadh trí dhuine a thug fógra achomhairc d'fhaillí nó do dhiúltú freastal os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc an tráth agus san ionad a bheidh ceaptha;

(vii) fadú na tréimhse le fógra achomhairc a thabhairt agus na Coimisinéirí Achomhairc d'athghlacadh le hachomhairc agus na forálacha a mbeidh feidhm leo i gcás caingean ar mhodh imeachtaí cúirte a bheith tionscanta;

(viii) achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus cás a shonrú le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí;

(ix) cáin a íoc de réir chinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc d'ainneoin go gceanglaítear achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó gur ceanglaíodh cás a shonrú le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí nó go bhfuil cás den sórt sin ar feitheamh;

(x) na nósanna imeachta le haghaidh achomhairc,

ionann is dá mba achomharc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim an t-achomharc.

(b) Beidh ag na Coimisinéirí, faoi réir iad do thabhairt fógra i scríbhinn chuige sin don achomharcóir laistigh de dheich lá tar éis do na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a chinneadh, an ceart céanna leis an achomharcóir go n-athéistfidh breitheamh den Chúirt Chuarda an t-achomharc.

(c) An breitheamh den Chúirt Chuarda a athéistfidh achomharc faoin alt seo is breitheamh den Chúirt Chuarda é ar ina chuaird a chónaíonn an t-achomharcóir nó duine de na hachomharcóirí nó (i gcás comhlachta chorpraithe) a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige:

Ar choinníoll—

(i) in aon chás nach bhfuil cónaí sa Stát ar aon achomharcóir nó (i gcás comhlachta chorpraithe) nach bhfuil áit ghnó sa Stát aige; nó

(ii) in aon chás ina bhfuil amhras nó díospóid ann maidir leis an gcuaird,

gur breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath a athéistfidh an t-achomharc.

(6)  (a) I gcás fógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil leis an alt seo a bheith le seirbheáil ar chomhlacht corpraithe, seirbheálfar an fógra sin ar rúnaí nó ar oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe.

(b) Aon fhógra nó doicméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear leis an alt seo a sheirbheáil ag na Coimisinéirí nó ag achomharcóir féadfar é a sheirbheáil leis an bpost agus i gcás fógra nó doiciméad eile a dhíreofar chun na gCoimisinéirí cuirfear é go dtí na Rúnaithe, na Coimisinéirí Ioncaim, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.

(c) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil ag na Coimisinéirí ar achomharcóir faoin alt seo féadfar é a chur go dtí aturnae, go dtí cuntasóir nó go dtí gníomhaire eile de chuid an achomharcóra agus measfar fógra a seirbheáladh amhlaidh a bheith seirbheáilte ar an achomharcóir mura gcruthóidh an t-achomharcóir chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc, nó na Cúirte Cuarda, de réir mar a bheidh, go ndearna sé, sular seirbheáladh an fógra nó an doiciméad eile, údarás an aturnae, an chuntasóra nó an ghníomhaire eile sin gníomhú thar a cheann a tharraingt siar.

(7) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon fhógra a thug na Coimisinéirí nó oifigeach do na Coimisinéirí faoin alt seo a thabhairt in aon imeachtaí trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip den fhógra é agus ní bheidh sé riachtanach cruthúnas a thabhairt ar phost oifigiúil an duine a n-airbheartófar gurb é a thug an fógra ná, má bhíonn sé sínithe, ar an síniú, ná go raibh ag an duine a shínigh agus a thug é údarás sin a dhéanamh.

(8)  (a) Féadfaidh na Coimisinéirí fógra i scríbhinn, a mbeidh tagairt sainráite ann don fho-alt seo, a sheirbheáil ar aon duine a mbeidh cúis acu a chreidiúint go bhfuil sé cuntasach i gcáin a íoc ag insint faoi aon chinneadh a bheidh déanta acu agus a mbeidh baint aige leis an gcáin sin.

(b) Féadfaidh aon duine a n-inseofar dó faoi chinneadh de réir mhír (a) achomharc i gcoinne an chinnte a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc.

(c) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc chucu faoin bhfo-alt seo ionann is dá mba achomharc chucu é i gcoinne measúnachta i leith cánach, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den alt seo, modhnaithe mar is gá, a bhaineann le hachomharc nó le hathéisteacht achomhairc nó le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.