An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1976) Ar Aghaidh (Caibidil II Cáin Ioncaim i Leith Díolaíochtaí Áirithe)

16 1976

AN tACHT AIRGEADAIS, 1976

CUID I

Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Bhrabús Corparáide, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 128 (pionóis) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1967, Uimh. 6 .

I. R. Uimh. 28 de 1960 .

1. —Leasaítear leis seo alt 128 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) i bhfo-alt (4):

“(bb) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu gur fhostóir nó duine a raibh a ainm agus a sheoladh cláraithe sa chlár atá á choinneáil agus á chothabháil faoi Rialachán 8 (4) de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960, an cosantóir ar feadh tréimhse sonraithe ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, gur fhostóir nó, de réir mar a bheidh, duine a raibh a ainm agus a sheoladh cláraithe amhlaidh, an cosantóir,”,

agus

(b) trí “, (b) nó (b)” a chur in ionad “nó mír (b)” i mír (c), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(c) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a fhoráiltear dó i mír (a), (b) nó (b) agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas, agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

Leasú ar alt 142 (gaolta cleithiúnacha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1975, Uimh. 6 .

2. —Beidh éifeacht le halt 142 (1) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1975 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) don bhliain 1975-76, ionann is dá gcuirfí—

(i) “£605” in ionad “£592” sa dá áit ina bhfuil sé, agus

(ii) “£510” in ionad “£497”,

agus

(b) don bhliain 1976-77 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin, ionann is dá gcuirfí—

(i) “£670” in ionad “£592” sa dá áit ina bhfuil sé, agus

(ii) “£575” in ionad “£497”.

Leasú ar alt 174 (cumhacht a cheangal cuntais agus leabhair a thabhairt ar aird) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

3. —Leasaítear leis seo alt 174 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “ina gceanglóidh cigire” a chur in ionad “ina gceanglófar”,

(ii) trí “nach mbeidh an cigire” a chur in ionad “nach mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim”,

(iii) trí “féadfaidh oifigeach údaraithe” a chur in ionad “féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim”,

(iv) trí “nó don oifigeach údaraithe” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh “do chigire”, agus

(v) trí “oifigeach údaraithe” a chur in ionad “aon oifigeach a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim” i mír (b);

(b) I bhfo-alt (2), trí “údaraithe” a chur in ionad “eile”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) San alt seo ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim atá údaraithe acu i scríbhinn na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) I gcás ina gceanglóidh cigire go cuí ar dhuine ráiteas a thabhairt ar na sochair nó na brabúis a tháinig chuige ó aon trádáil nó gairm agus go mainneoidh sé an ráiteas a thabhairt, nó i gcás nach mbeidh an cigire sásta leis an ráiteas a thabharfaidh aon duine den sórt sin, féadfaidh oifigeach údaraithe fógra i scríbhinn nó fógraí i scríbhinn a sheirbheáil ar an duine sin á cheangal air ní ar bith de na nithe seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

(a) cóipeanna de cibé cuntais (lena n-áirítear cláir chomhardaithe) maidir leis an trádáil nó leis na ngairm a shonrófar nó a thuairisceofar san fhógra a sheachadadh do chigire nó don oifigeach údaraithe laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra, lena n-áirítear, má bhíonn na cuntais iniúchta, cóip de dheimhniú an iniúchóra:

(b) na leabhair, na cuntais agus na doiciméid sin go léir a bheidh ina sheilbh nó ar a urláimh agus a shonrófar nó a thuairisceofar san fhógra, is leabhair, cuntais agus doiciméid ina mbeidh eolas i dtaobh idirbhearta na trádála nó na gairme, a chur ar fáil, laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra, lena n-iniúchadh ag cigire nó ag oifigeach údaraithe.

Leasú ar alt 197 (measúnachtaí ar leithligh i leith cánach ioncaim) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

4. —Leasaítear leis seo alt 197 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) I gcás a ndéanfar iarratas faoi fho-alt (1), beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin ní hé amháin maidir leis an mbliain mheasúnachta ar maidir léi a rinneadh é ach beidh éifeacht leis maidir le gach bliain mheasúnachta dá éis sin:

Ar choinníoll, i ndáil le bliain mheasúnachta dá éis sin, go bhféadfaidh an t-iarratasóir, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain mheasúnachta sin, an t-iarratas a tharraingt siar agus air sin ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) maidir leis an mbliain mheasúnachta ar i ndáil léi a tugadh an fógra ná maidir le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.”.

Leasú ar alt 316 (méid measúnachta faoi alt 434 a lamháil mar chaillteanas chun críocha áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

5. —Leasaítear leis seo alt 316 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le haon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt sin 316 arna dhéanamh an 30ú lá de Mhárta, 1976, nó dá éis, trí “nó alt 30 (2), 31 (2) nó 50 (4) den Acht Airgeadais, 1974 ” a chur isteach i ndiaidh “1969” i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon suim a mheasúnófar faoi alt 434 de bhua Chaibidil II de Chuid XII nó alt 221 (2) (b), 288, 363, nó 435 nó alt 25 (1) den Acht Airgeadais, 1969 , nó alt 30 (2), 31 (2) nó 50 (4) den Acht Airgeadais, 1974 .

Leasú ar alt 477 (am le cáin a íoc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 20 (ús ar cháin ioncaim agus ar fhorcháin i gcásanna calaoise nó faillí) den Acht Airgeadais, 1971 .

1971, Uimh. 23 .

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon cháin a bheidh ar áireamh i measúnacht d'aon bhliain beidh sí iníoctha an 1ú lá nó roimh an lú lá d'Iúil an bhliain sin, ach amháin go measfar, i gcás cáin a bheidh ar áireamh i measúnacht d'aon bhliain a dhéanfar an lú lá nó tar éis an lú lá d'Iúil, an cháin sin a bheith dlite agus iníoctha an chéad lá tar éis an lae a dhéanfar an mheasúnacht.

(2) Maidir leis an gcáin seo a leanas a mhuirearófar in aghaidh aon bhliana áirithe, is é sin le rá—

(a) cáin a mhuirearófar faoi Sceideal D ar aon phearsa aonair i leith brabúis nó gnóchain aon trádála nó gairme, agus

(b) faoi réir forálacha alt 126, cáin a mhuirearófar ar aon phearsa aonair i leith aon oifige nó fostaíochta,

in ionad í a bheith iníoctha an lú lá nó roimh an lú lá d'Iúil an bhliain sin nó cibé dáta eile a shonraítear i bhfo-alt (1), beidh sí iníoctha ina dhá tráthchuid chomhionanna, a n-íocfar an chéad tráthchuid díobh an lú lá nó roimh an lú lá d'Iúil an bhliain sin nó cibé lá eile mar a dúradh agus a n-íocfar an dara tráthchuid díobh an lú lá nó roimh an lú lá d'Eanáir dá éis sin, agus beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo i dtaobh gnóthú cánach maidir le gach tráthchuid den cháin mar atá feidhm acu maidir le méid iomlán na cánach:

Ar choinníoll, i gcás nach ndéanfar an mheasúnacht go dtí dáta tar éis an lú lá d'Eanáir dá éis sin a dúradh, nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo agus go mbeidh an cháin dlite agus iníoctha mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1).

(2A) Beidh éifeacht leis an alt seo, maidir le haon mheasúnacht don bhliain 1976-77, ionann is dá ndéanfaí—

(a) tagairtí don lú lá d'Iúil a fhorléiriú mar thagairtí don 1ú lá de Dheireadh Fómhair, agus

(b) tagairtí don lú lá d'Eanáir a fhorléiriú mar thagairtí don 1ú lá d'Aibreán.”.

(2) Beidh éifeacht le halt 20 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , ionann is dá ndéanfaí—

(a) i ndáil le haon mheasúnacht don bhliain 1976-77, “de Dheireadh Fómhair” a chur in ionad “d'Eanáir”, agus

(b) i ndáil le haon mheasúnacht don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, “d'Iúil” a chur in ionad “d'Eanáir”.

Leasú ar alt 497 (an ráta cánach ar dá réir a dhéanfar aisíoc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

7. —Leasaítear leis seo alt 497 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an gcoinníoll breise seo a leanas a chur leis:

“Ar choinníoll freisin, i ndáil le haisíoc cánach a dhéanfar an 30ú lá de Mhárta, 1976, nó dá éis, nach rachaidh an méid cánach a bheidh le haisíoc faoin alt seo le haon duine d'aon bhliain thar shuim ar cóimhéid leis an difríocht idir an méid cánach a d'íoc sé, trí asbhaint nó eile, i leith a ioncaim don bhliain sin agus an méid cánach ab iníoctha aige in aghaidh na bliana sin dá ndéanfaí cáin a mhuirearú ar a ioncam iomlán de réir forálacha an Achta seo.”.

Leasú ar alt 525 (muirearófar cáin ar chomaoin i leith cúnant sriantach áirithe, etc.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —Leasaítear leis seo alt 525 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “ionann is dá mba shuim í a fuair sé tar éis cáin a bhaint de réir an ráta chaighdeánaigh” a chur in ionad “mar a fuair sé é tar éis cáin a bhaint”.

Leasú ar alt 1 (méadú ar rátaí áirithe cánach ioncaim) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1975 .

1975, Uimh. 19 .

9. —Leasaítear leis seo fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 1 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1975 , trí “1976-77” a chur in ionad “197576” gach áit a bhfuil sé.

Faoiseamh pearsanta.

1974, Uimh 27.

10. —(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1976-77 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é a bheidh i méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún sin (2).

AN TABLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1975-76

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1976-77 agus do bhlianta dá éis sin

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

alt 138

(fear pósta)

..

..

..

920

1,010

(duine singil)

..

..

..

575

620

(baintreach fir nó mná)

..

635

685

alt 141 (leanbh)

..

..

..

230

240

(2) Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1974 , faoi réir forálacha an ailt seo.

(3) Beidh éifeacht le Cuid I den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Tuairisceáin ó mhná pósta.

11. —(1) I gcás a gceanglófar ar phearsa aonair le fógra a thabharfar faoi alt 169 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ráiteas i scríbhinn a thabhairt a inseoidh an t-ioncam iomlán a bhfuil sé inchurtha faoi cháin ina leith agus gurb é atá san ioncam sin, nó go bhfolaíonn an t-ioncam sin, ioncam de chuid a bhanchéile, féadfaidh sé, laistigh de lá is fiche ó dháta an fhógra a fháil, scéala a thabhairt don chigire a thug an fógra gurb é atá san ioncam, nó go bhfolaíonn an t-ioncam, a bhfuil sé inchurtha faoi cháin ina leith ioncam de chuid a bhanchéile.

(2) I gcás a bhfaighidh cigire scéala faoi fho-alt (1) nó i gcás arb é a thuairim ioncam a bheith á fháil ag banchéile na pearsan aonair áirithe, féadfaidh sé, trí fhógra a thabharfar don bhanchéile, a cheangal uirthi go n-ullmhóidh sí agus go dtabharfaidh sí dó, laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra agus san fhoirm a cheanglóidh an fógra, ráiteas i scríbhinn a bheidh sínithe aici agus a inseoidh an méid ioncam a d'eascair chuici ó gach uile bhunadh agus is inmhuirearaithe de réir na sceideal faoi seach, arna mheas don tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, cibé acu ise nó a fearchéile an duine is inchurtha faoi cháin i leith an ioncaim sin.

(3) Ní dhéanfaidh seachadach ráitis faoi fho-alt (2) difear d'fhorálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(4) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “an tAcht Airgeadais, 1976 , alt 11” a chur isteach i gcolún 2 de.

(5) Leasaítear leis seo alt 169 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra sin” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “don chigire”, agus

(b) trí “a bheidh sonraithe san fhógra” a chur isteach i mír (b) den fho-alt sin i ndiaidh “na tréimhse”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) Gach duine is inmhuirir faoin Acht seo déanfaidh sé, nuair a cheanglófar air sin a dhéanamh le fógra a thabharfaidh cigire dó, ráiteas i scríbhinn mar a cheanglaítear leis an Acht seo, agus a shíneoidh sé, a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra sin, ina mbeidh—

(b) méid na mbrabús nó na ngnóchan a thagann chuige ó gach uile bhunadh ar leithligh is inmhuirir de réir na sceideal faoi seach, arna meas i leith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus de réir forálacha an Achta seo.

Faoiseamh do chomhlachtaí neamhchorpraithe i leith méadú ar stocluachanna.

12. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”, i ndáil le duine, tréimhse bliana dar críoch an dáta ar anuas go dtí é a dhéantar cuntais an duine amach de ghnáth:

Ar choinníoll, i gcás nach mbeidh cuntais déanta amach nó i gcás ar in aghaidh tréimhse is faide nó is giorra ná bliain a bheidh cuntais déanta amach, gurb í an tréimhse chuntasaíochta cibé tréimhse nach faide ná bliain a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “duine” duine a chónaíonn sa Stát agus nach gcónaíonn in aon áit eile ach ní fholaíonn sé comhlacht corpraithe.

(2) (a) Beidh ag forálacha alt 31 den Acht Airgeadais, 1975 , agus ag an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, ach amháin na forálacha eiscthe, feidhm, modhnaithe mar is gá, i gcás duine mar atá feidhm acu i gcás cuideachta.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “na forálacha eiscthe” na forálacha seo a leanas den Acht Airgeadais, 1975

(i) an míniú ar “tréimhse chuntasaíochta” in alt 31 (1),

(ii) fo-ailt (4) (a) (iii), (5) agus (6) den alt sin 31, agus

(iii) mír 3 den Tríú Sceideal.

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis thrádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1976-77.

(4) Ní bheidh duine i dteideal asbhainte faoin alt seo i leith measúnachta mura mbeidh éileamh déanta aige—

(a) roimh an dáta a thiocfaidh an mheasúnacht chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, nó

(b) roimh éag don tréimhse sé mhí dar tosach dáta an Achta seo a rith,

cibé acu is déanaí.

(5) Bainfidh forálacha fho-ailt (1), (2), (3) agus (4) le trádáil a sheolann comhpháirtíocht mar a bhaineann siad le trádáil a sheolann duine.

Formhuirear ar ioncam áirithe de chuid iontaobhaithe.

1972, Uimh. 19 .

13. —(1) Baineann an t-alt seo le hioncam a eascraíonn d'iontaobhaithe aon bhliain mheasúnachta a mhéid—

(a) is ioncam é atá le carnadh nó is iníoctha de rogha na n-iontaobhaithe nó aon duine eile, cibé acu atá nó nach bhfuil cumhacht ag na hiontaobhaithe é a charnadh;

(b) nach éard é roimh a dháileadh, ioncam de chuid aon duine ach amháin na hiontaobhaithe agus nach n-áirítear é chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar ioncam de chuid socraitheora;

(c) nach ioncam é a eascraíonn faoi iontaobhas ar chun críocha carthanúla amháin a bunaíodh é ná ioncam ó infheistíochtaí, ó thaiscí nó ó mhaoin eile a shealbhaítear chun críocha ciste nó scéime a bunaíodh d'aontoisc chun sochair iomchuí a chur ar fáil de réir brí alt 13 den Acht Airgeadais, 1972 ;

(d) is mó ná an t-ioncam a úsáideadh ag íoc na gcaiteachas sin de chuid na n-iontaobhaithe an bhliain sin is inmhuirirearaithe go cuí ar ioncam nó ab inmhuirearaithe amhlaidh mura mbeadh aon fhorálacha sainráite de chuid an iontaobhais; agus

(e) nach ndáilfear é ar dhuine nó ar dhaoine i rith na bliana measúnachta sin nó i rith ocht mí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta sin in imthosca go mbeidh an t-ioncam a dáileadh le háireamh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar ioncam de chuid an duine nó na ndaoine ar ar dáileadh é.

(2) (a) An t-ioncam lena mbaineann an t-alt seo, déanfar, i dteannta cáin ioncaim a bheith inmhuirearaithe air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta darb inmhuirearaithe amhlaidh é, dleacht bhreise cánach ioncaim (dá ngairtear “formhuirear” anseo feasta) de réir 20 faoin gcéad a mhuirearú air don bhliain sin.

(b) Faoi réir fho-alt (3), beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim i ndáil le formhuirear arna ghearradh faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim a mhuirearaítear ar shlí seachas de bhua an ailt seo.

(3) I gcás a ndáilfear ioncam a ngearrfar formhuirear ina leith. ní thabharfar faoiseamh ná aisíoc i leith an fhormhuirir don duine ar ar dáileadh an t-ioncam.

(4) (a) San alt seo ní fholaíonn “iontaobhaithe” ionadaithe pearsanta de réir brí alt 450 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ach i gcás a ndéanfaidh ionadaithe pearsanta de réir brí an ailt sin, ar riaradh eastáit duine éagtha a bheith críochnaithe nó roimhe sin, aon suim a íoc le hiontaobhaithe in ionannas ioncam arb ioncam é lena mbainfeadh an t-alt seo dá mba iontaobhaithe de réir brí an ailt seo na hionadaithe pearsanta, measfar an tsuim sin a bheith íoctha leis na hiontaobhaithe mar ioncam agus cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh a bheith iompartha aici.

(b) Déanfar an fo-alt seo agus Cuid XXIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a fhorléiriú le chéile.

(5) Féadfaidh fógra a thabharfar d'iontaobhaithe faoi aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 1 nó 2 de Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a cheangal go mbeidh sa tuairisceán ar an ioncam a d'eascair chucu sonraí faoin dóigh ar úsáideadh an t-ioncam, lena n-áirítear sonraí i dtaobh aon rogha a d'fheidhmigh siad agus i dtaobh na ndaoine ar feidhmíodh an rogha sin ina bhfabhar amhlaidh.

Tosaíocht i bhféimheacht agus suimeanna áirithe a leachtú.

1968, Uimh. 33 .

1963, Uimh. 33 .

1970, Uimh. 14 .

I. R. Uimh. 1 de 1971 .

14. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 11 den Acht Airgeadais, 1968 :

“11.—Chun críocha alt 132 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , measfar go bhfolaíonn na suimeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt sin 132 agus i bhfo-alt (2) (a) (iii) den alt sin 285—

(a) méideanna cánach is inghnóthaithe faoi alt 7 agus méideanna cánach is inghnóthaithe faoi alt 8, agus

(b) méideanna cánach a asbhaineadh faoi alt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1970 , agus méideanna cánach is inghnóthaithe faoi Rialachán 12 de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Foirgníochta), 1971,

a bhaineann le tréimhse nó tréimhsí a bhí go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse 12 mhí dá dtagraítear san fho-alt sin (2) nó san fho-alt sin (2) (a) (iii), de réir mar is iomchuí, agus i gcás aon mhéid den sórt sin do thréimhse a bhí go páirteach laistigh agus go páirteach lasmuigh de cibé ceann de na tréimhsí 12 mhí sin is iomchuí, is dleathach méid iomlán na suime nó an mhéid a chionroinnt de réir fadanna faoi seach na dtréimhsí a bhí laistigh den tréimhse 12 mhí agus lasmuigh den tréimhse 12 mhí le teacht ar an méid cánach a bhaineann leis an tréimhse 12 mhí sin.”.