27 1976


Uimhir 27 de 1976


AN tACHT UM CHAOMHNÚ ÁRAS AN TEAGHLAIGH, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ÁRAS AN TEAGHLAIGH A CHAOMHNÚ AGUS LE hAGHAIDH NITHE GAOLMHARA. [12 Iúil, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1957, Uimh. 6 .

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “iompar” gníomh agus mainneachtain nó neamhghníomh eile;

folaíonn “tíolacas” morgáiste, léas, aontú, aistriú, séanadh, scaoileadh agus aon diúscairt eile maoine ar dhóigh seachas le huacht nó le donatio mortis causa agus folaíonn sé freisin comhaontú infhorfheidhmithe (coinníollach nó neamhchoinníollach) chun aon tíolacas den sórt sin a dhéanamh, agus forléireofar “tíolacadh” dá réir sin;

ciallaíonn “an chúirt” an chúirt ag a bhfuil dlínse faoi alt 10;

ciallaíonn “leanbh cleithiúnach den teaghlach”, maidir le céile nó céilí, aon leanbh—

(a) leis an dá chéile, nó a d'uchtaigh an dá chéile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, nó a bhfuil an dá chéile in loco parentis maidir leis, nó

(b) le ceachtar céile, nó a d'uchtaigh ceachtar céile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, nó a bhfuil ceachtar céile in loco parentis maidir leis, i gcás ina bhfuil déileáilte ag an gcéile eile, agus a fhios aige nach é tuismitheoir an linbh é, leis an leanbh mar dhuine den teaghlach,

agus atá faoi bhun sé bliana déag d'aois, nó, má tá an aois sin slán aige—

(i) atá ag fáil oideachas nó teagasc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais agus atá faoi bhun bliain is fiche d'aois, nó

(ii) a bhfuil an oiread sin de mhíchumas meabhrach nó coirp air nach féidir leis le réasún é féin a chothabháil go hiomlán;

tá le “áras teaghlaigh” an bhrí a thugtar dó le halt 2;

tá le “airnéisí tí” an bhrí a thugtar dó le halt 9 (7);

ciallaíonn “leas” aon eastát, ceart, teideal nó leas eile, dlíthiúil nó cothromasach;

folaíonn “morgáiste” morgáiste cothromais, muirear ar thalamh cláraithe agus morgáiste airnéise, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

folaíonn “cíos” cíos coinbhinsiúnach, cíosmhuirear de réir brí alt 2 (1) de Reacht na dTréimhsí, 1957 , agus blianacht infhoirceanta is iníoctha i leith iasacht chun áras teaghlaigh a cheannach.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.

(3) (a) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(b) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe.

Aras an teaghlaigh.

2. —(1) San Acht seo ciallaíonn “áras teaghlaigh”, go príomhúil, teaghais ina bhfuil gnáthchónaí ar lánúin phósta. Folaíonn an abairt, ina theannta sin, teaghais ina bhfuil gnáthchónaí ar chéile a bhfuil cosaint ina leith ina saincheist nó, má tá an céile sin imithe ón gcéile eile, a raibh gnáthchónaí ann ar an gcéile sin sular imigh sé nó sí amhlaidh.

(2) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “teaghais”—

(a) aon fhoirgneamh, nó

(b) aon struchtúr, feithicil nó soitheach (inghluaiste nó doghluaiste),

nó cuid den chéanna, a áitítear mar theaghais ar leithligh agus folaíonn sé aon ghairdín nó geadán talún i dtadhall, agus á áitiú de ghnáth, leis an teaghais nó atá riachtanach ar dhóigh eile mar thaitneamhacht nó áis don teaghais.

Coimhthiú leasa in áras an teaghlaigh.

1882. c. 39.

3. —(1) Má airbheartaíonn céile, gan toiliú a fháil roimh ré i scríbhinn ón gcéile eile, aon leas in áras an teaghlaigh a thíolacadh chuig duine ar bith seachas an céile eile, ansin, faoi réir fho-ailt (2) agus (3) agus alt 4, beidh an tíolacas airbheartaithe ar neamhní.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) le tíolacas i gcás a dhéanta ag céile de bhun comhaontú infhorfheidmithe a rinneadh roimh phósadh na gcéilí.

(3) Ní bheidh aon tíolacas ar neamhní de bhíthin fho-alt (1) amháin—

(a) más tíolacas chuig ceannaitheoir ar luach-chomaoin iomlán é,

(b) más tíolacas é, ó dhuine seachas an céile a bheidh ag déanamh an tíolacais airbheartaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1), chuig ceannaitheoir ar luach-chomaoin, nó

(c) má bhraitheann a bhailíocht ar bhailíocht tíolacais a gcomhlíontar ina leith aon choinníoll dá luaitear i bhfo-alt (2) nó i mír (a) nó (b).

(4) Má éiríonn aon cheist in imeachtaí ar bith i dtaobh tíolacas a bheith bailí de bhíthin fho-alt (2) nó (3), is ar an duine a líomhnóidh go bhfuil sé bailí a bheidh dualgas na bailíochta sin a chruthú.

(5) I bhfo-alt (3), ciallaíonn “luach-chomaoin iomlán” luach atá comhionann, nó i bhfogas do bheith comhionann, le luach an ruda ar a dtugtar é.

(6) San alt seo, ciallaíonn “ceannaitheoir” deontaí, léasaí, sannaí, morgáistí, muirearóir nó duine eile a gheobhaidh eastát nó leas i maoin de mheon macánta.

(7) Chun críocha an ailt seo, léifear alt 3 den Conveyancing Act, 1882, amhail is dá mbeadh na focail “as such” ligthe ar lár aon áit a bhfuil siad i mír (ii) d'fho-alt (1) den alt sin.

Toiliú ó chéile.

4. —(1) Mura ndéanfaidh an céile ónar gá toiliú a fháil faoi alt 3 (1), nó má dhiúltaíonn sé, toiliú a thabhairt, féadfaidh an chúirt, faoi réir forálacha an ailt seo, an toiliú a ligean thar ceal.

(2) Ní ligfidh an chúirt toiliú céile thar ceal mura rud é go measann an chúirt é a bheith míréasúnach ag an gcéile gan toiliú a thabhairt, ag féachaint do na himthosca go léir, lena n-áirítear—

(a) riachtanais agus acmhainní, faoi seach, na gcéilí agus leanaí cleithiúnacha (más ann dóibh) an teaghlaigh, agus

(b) i gcás ina dtairgfear cóiríocht ionadúil don chéile ónar gá toiliú a fháil, oiriúnacht na cóiríochta sin ag féachaint do chéimeanna faoi seach an urrúis ar thionacht i gcás áras an teaghlaigh agus na cóiríochta ionadúla,

(3) Má bhíonn an céile ónar gá toiliú a fháil faoi alt 3 (1) tar éis an céile eile a thréigean agus go leanann sé nó sí den tréigean, ligfidh an chúirt an toiliú thar ceal. Chun na críche sin, folaíonn tréigean iompar ar thaobh an chéile chéadluaite a thugann ar an gcéile eile, ar chúis maith, imeacht agus cónaí ar leithligh agus ar deighilt uaidh.

(4) Más rud é go bhfuil an céile ónar gá toiliú a fháil faoi alt 3 (1) éagumasach ar thoiliú a thabhairt mar gheall ar easláine meabhrach nó míchumas eile aigne nó nach mbeidh sé faighte tar éis fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, féadfaidh an chúirt an toiliú a thabhairt thar ceann an chéile sin, más réasúnach leis an gcúirt é sin a dhéanamh.

Iompar a tharraingeodh cailleadh áras an teaghlaigh.

5. —(1) Má fheictear don chúirt, ar iarratas ó chéile, go bhfuil an céile eile ag gabháil d'iompar de shaghas a d'fhéadfadh a thabhairt go gcaillfí aon leas in áras an teaghlaigh, nó a d'fhéadfadh é a fhágáil neamhoiriúnach chun a áitithe mar áras teaghlaigh, le hintinn an céile iarrthach nó leanbh cleithiúnach den teaghlach a chur ó chónaí a bheith aige in áras an teaghlaigh, féadfaidh an chúirt cibé ordú a dhéanamh is cuí léi, agus é dírithe chuig an gcéile eile nó chuig duine ar bith eile, d'fhonn áras an teaghlaigh a chaomhnú ar mhaithe leis an gcéile iarrthach nó leis an leanbh sin.

(2) Má fheictear don chúirt, ar iarratas ó chéile, gur chuir an céile eile an céile iarrthach nó leanbh cleithiúnach den teaghlach ó chónaí a bheith aige in áras an teaghlaigh trí bhíthin iompar a thug cailleadh aon leasa in áras an teaghlaigh nó a d'fhág neamhoiriúnach é chun a áitithe mar áras teaghlaigh, féadfaidh an chúirt a ordú don chéile eile nó d'aon duine eile cibé suim a íoc leis an gcéile iarrthach a mheasfaidh an chúirt is cuí mar chúiteamh don chéile iarrthach agus d'aon leanbh den sórt sin ina gcaillteanas nó cibé ordú eile a dhéanamh agus é dírithe chuig an gcéile eile nó chuig aon duine eile a fheicfear don chúirt a bheith cóir cothromasach.

Ioc eisíocaíochtaí ar áras an teaghlaigh.

6. —(1) Aon íocaíocht nó tairiscint a thabharfaidh nó aon ní eile a dhéanfaidh céile amháin do shásamh nó mar chabhair do shásamh aon dliteanas a bheidh ar an gcéile eile i dtaobh cíosa, rátaí, íocaíochtaí morgáiste nó eisíocaíochtaí eile a bhaineann le háras an teaghlaigh, beidh sé chomh bailí is dá mba é an céile eile a thug nó a rinne é, agus déileálfaidh an duine dá dtabharfar an íocaíocht sin nó dá ndéanfar an ní sin déileálfaidh sé leis ionann is dá mba é an céile eile a thug nó a rinne é.

(2) Ní bheidh éifeacht ag aon ní i bhfo-alt (1) ar aon éileamh ón gcéile céadluaite ar an gcéile eile i dtaobh leas in áras an teaghlaigh de bhua na híocaíochta sin a bheith tugtha nó an ní sin a bheith déanta ag an gcéile céadluaite.

Atráthú imeachtaí ag morgáistí nó ag léasóir chun seilbh a fháil ar áras an teaghlaigh nó chun é a dhíol.

7. —(1) Má thugann morgáistí nó léasóir ar áras an teaghlaigh caingean i gcoinne céile ina n-éileoidh sé seilbh an árais, nó a dhíol, de bhua an mhorgáiste nó an léasa i ndáil le suimeanna a dhlitear faoi a bheith gan íoc ag an gcéile sin, agus go bhfeicfear don chúirt—

(a) go bhfuil an céile eile in ann na riaráistí airgid (seachas riaráistí príomhshuime nó úis nó cíosa nach cuid de na híocaíochtaí tréimhsiúla a dhlitear faoin morgáiste nó faoin léas) atá dlite faoin morgáiste nó faoin léas a íoc laistigh de thréimhse réasúnach leis an morgáistí nó leis an léasóir, mar aon le híocaíochtaí tréimhsiúla a thiocfaidh chun bheith dlite faoin morgáiste nó faoin léas, agus gur mian leis an gcéile eile na riaráistí sin agus na híocaíochtaí tréimhsiúla sin a íoc; agus

(b) sna himthosca uile, ag féachaint do théarmaí an mhorgáiste nó an léasa, do leasanna an mhorgáistí nó an léasóra agus do leasanna faoi seach na gcéilí, go mbeadh sé cóir cothromasach é sin a dhéanamh,

féadfaidh an chúirt na himeachtaí a atráthú go ceann cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí is cóir agus is cothromasach leis an gcúirt.

(2) Nuair a bheidh an chúirt á bhreithniú an ndéanfaí atráthú ar na himeachtaí faoin alt seo agus, má dhéantar, cad é an tréimhse agus cad iad na téarmaí ba cheart a cheapadh don atráthú, tabharfaidh an chúirt dá haire go háirithe an bhfuil sé curtha i iúl do chéile an mhorgáisteora nó an léasaí (ag an morgáistí nó an léasóir nó thar a cheann nó ar dhóigh eile) nár íocadh na suimeanna atá i gceist nó aon suim díobh.

Modhnú ar théarmaí morgáiste nó léasa maidir le híoc suime caipitiúla.

8. —(1) Más rud é, ar iarratas ó chéile, tar éis imeachtaí a atráthú faoi alt 7, go bhfeicfear don chúirt go ndearnadh—

(a) na riaráistí airgid uile (seachas riaráistí príomhshuime nó úis nó cíosa nach cuid de na híocaíochtaí tréimhsiúla a dhlitear faoin morgáiste nó faoin léas) a dhlitear faoin morgáiste nó faoin léas, agus

(b) na híocaíochtaí tréimhsiúla uile a dhlitear go nuige sin faoin morgáiste nó faoin léas,

a íoc agus go leanfar d'íoc na n-íocaíochtaí tréimhsiúla a thiocfaidh chun bheith dlite ina dhiaidh sin, féadfaidh an chúirt dearbhú dá réir sin a dhéanamh le hordú.

(2) Má dhéanann an chúirt ordú faoi fho-alt (1), ansin, aon téarma i morgáiste nó i léas ar tharla dá bhíthin go raibh, nó go mbeadh, an neamhíoc as ar éirigh na himeachtaí faoi alt 7 ina chúis, tráth ar bith roimh éisteacht tosaigh na n-imeachtaí sin nó ina dhiaidh sin, leis an tsuim chaipitiúil a airleacadh faoin morgáiste nó faoin léas sin (nó cuid den tsuim sin nó ús uirthi) nó suim ar bith seachas na híocaíochtaí tréimhsiúla, de réir mar a bheidh, a theacht chun bheith dlite, beidh sé gan bhrí chun críocha na n-imeachtaí sin nó aon imeachtaí ina dhiaidh sin i leith na suime a thiocfaidh amhlaidh chun bheith dlite.

Srian le hairnéisí tí a dhiúscairt.

1957, Uimh. 5 .

1964, Uimh. 7 .

1976, Uimh. 11 .

9. —(1) Má fheictear don chúirt, ar iarratas ó chéile, go bhfuil cúiseanna réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil d'intinn ag an gcéile eile an oiread sin nó an cion sin a dhíol, a léasú, a chur i ngeall, a mhuirearú nó a dhiúscairt ar dhóigh eile, nó a aistriú, de na hairnéisí tí in áras teaghlaigh a d'fhágfadh gur dócha go mbeadh sé deacair ag an gcéile iarrthach nó ag leanbh cleithiúnach den teaghlach cónaí in áras an teaghlaigh gan cruatan míchuí, féadfaidh an chúirt, le hordú, a thoirmeasc ar an gcéile eile, ar cibé téarmaí is cuí léi, an diúscairt sin nó an t-aistriú sin a dhéanamh.

(2) Má bhíonn imeachtaí maidir le pósadh tionscanta ag ceachtar céile, ní dhéanfaidh ceachtar céile aon airnéis tí dá bhfuil in áras an teaghlaigh a dhíol, a léasú, a chur i ngeall, a mhuirearú ná a dhiúscairt ar dhóigh eile, ná a aistriú, go dtí go mbeidh cinneadh críochnaitheach tugtha sna himeachtaí, mura rud é—

(a) gur thoiligh an céile eile leis an díol, an léasú, an cur i ngeall, an muirearú nó an diúscairt eile sin nó leis an aistriú sin, nó

(b) go ndéanfaidh an chúirt ar tionscnaíodh na himeachtaí os a comhair, ar iarratas chuici ón gcéile ar mian leis an diúscairt nó an t-aistriú sin a dhéanamh, cead chuige sin a thabhairt don chéile sin, agus féadfar an cead sin a thabhairt ar cibé coinníollacha is cuí leis an gcúirt.

(3) I bhfo-alt (2) folaíonn “imeachtaí maidir le pósadh” imeachtaí faoi alt 12 den Acht um Stádas Ban Pósta, 1957 , faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , nó faoi alt 21 nó 22 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 .

(4) Beidh céile a sháróidh forálacha fho-alt (2), gan dochar d'aon dliteanas eile, sibhialta nó coiriúil, ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó iad araon a chur air.

(5) Má fheictear don chúirt, ar iarratas chuici ó cheachtar céile, go ndearna an céile eile—

(a) sárú ar ordú faoi fho-alt (1) nó ar fhorálacha fho-alt (2), nó

(b) an oiread sin nó an cion sin a dhíol, a léasú, a chur i ngeall, a mhuirearú nó a dhiúscairt ar dhóigh eile nó a aistriú de na hairnéisí tí in áras an teaghlaigh a d'fhág gur deacair nó gur dócha go mbeidh sé deacair ag an gcéile iarrthach nó ag leanbh cleithiúnach den teaghlach cónaí in áras an teaghlaigh gan cruatan míchuí,

féadfaidh an chúirt a ordú don chéile eile sin airnéisí tí, nó suim airgid ina n-ionad, a sholáthar don chéile iarrthach d'fhonn an céile iarrthach nó an leanbh cleithiúnach den teaghlach a chur chomh cóngarach agus is féidir do bheith sa staid a bhí ann roimh an sárú, an dtiúscairt nó an aistriú sin.

(6) Más rud é, sula ndéanfaidh céile aon airnéis tí a dhíol le tríú duine nó a léasú, a chur i ngeall, a mhuirearú nó a dhiúscairt ar dhóigh eile chuige, go gcuirfidh an céile eile in iúl don tríú duine i scríbhinn go bhfuil d'intinn aige imeachtaí a thionscnamh i leith na diúscartha nó na diúscartha beartaithe sin, féadfaidh an chúirt in imeachtaí faoin alt seo cibé ordú is cuí leis an gcúirt sna himthosca a dhéanamh, agus é dírithe chuig an gcéile céadluaite nó chuig an tríú duine, i dtaobh na hairnéise sin.

(7) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “airnéisí tí” troscán, leapachas, línéadach, soithí poircealláin, cré-earraí, gloiní, leabhair agus airnéisí eile gnáthúsáide tís nó ornáide tís agus ina dteannta sin lóin tomhaltais, earraí gairdín agus ainmhithe tí, ach ní fholaíonn sé aon airnéisí a úsáideann ceachtar céile chun críocha gnó nó gairme ná airgead ná urrús ar airgead.

Dlínse.

10. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt an dlínse a thugtar do chúirt leis an Acht seo a fheidhmiú.

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), beidh ag an gCúirt Chuarda i gcomhréim leis an Ard-Chúirt dlínse uile na hArd-Chúirte chun imeachtaí a éisteacht agus a chinneadh faoin Acht seo.

(3) Más duine mímheabhrach ceachtar céile agus go bhfuil cúramaí ar eastát an chéile, féadfaidh an chúirt a cheap an cúramaí, faoi réir fho-alt (4), an dlínse a thugtar leis an Acht seo a fheidhmiú.

(4) Más mó ná £100 luach inrátaithe na talún lena mbaineann na himeachtaí nó más mó ná £5,000 luach na maoine pearsanta lena mbaineann na himeachtaí agus gur sa Chúirt Chuarda a thabharfar na himeachtaí, déanfaidh an Chúirt sin, má theastaíonn sin ó chosantóir, na himeachtaí a aistriú chuig an Ard-Chúirt, ach is bailí d'aon ordú nó ní a rinneadh i gcúrsa na n-imeachtaí sin roimh an aistriú sin mura ndéantar urscaoileadh nó athrú air le hordú ón Ard-Chúirt.

(5) Beidh ag an gCúirt Dúiche, faoi réir fho-alt (3), dlínse chun déileáil le ceist a éireoidh faoi alt 9 i gcás nach mó ná £1,000 luach na n-airnéisí tí a bheartaítear a dhiúscairt nó a aistriú nó a ndearnadh iarbhír iad a dhiúscairt nó a aistriú, cibé acu é.

(6) Déanfar imeachtaí faoin Acht seo, nó a dtagraítear dóibh san Acht seo, ar páirtí iontu gach duine den bheirt chéile (cibé acu trí uamadh nó eile é), a sheoladh ar mhodh achomair agus a éisteacht ar dhóigh seachas go poiblí.

(7) Déanfar imeachtaí san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Chuarda faoin Acht seo, nó a dtagraítear dóibh san Acht seo, ar páirtí iontu gach duine den bheirt chéile (cibé acu trí uamadh nó eile é), a éisteacht i ndlísheomraí.

Uamadh páirtithe.

11. —In aon imeachtaí faoin Acht seo, nó a dtagraítear dóibh san Acht seo, féadfar gach duine den bheirt chéile chomh maith le haon tríú duine a bhfuil, nó a bhféadfadh sé go mbeadh, leas aige sna himeachtaí a uamadh—

(a) trí fhógra tríú páirtí a sheirbheáil air ó pháirtí atá páirteach cheana féin sna himeachtaí, nó

(b) le hordú ón gcúirt.

Clárú fógra faoi phósadh a bheith ann.

1707, c. 2.

1964, Uimh. 16 .

12. —(1) Féadfaidh céile fógra a chlárú i gClárlann na nGníomhas, de bhun an Registration of Deeds Act, 1707 (i gcás maoine neamhchláraithe) nó faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 (i gcás talún claraithe), á rá go bhfuil sé pósta le haon duine, is duine ag a bhfuil leas sa mhaoin nó sa talamh sin.

(2) Más rud é nach ndearnadh fógra faoi phósadh a chlárú faoi fho-alt (1), ní bhainfear de thátal as sin nach raibh pósadh ann.

(3) Ní bheidh aon dleacht stampa ná táille Chlárlann na nGníomhas ná táille chláraithe talún le híoc i leith aon fhógra den sórt sin.

Srian le halt 59 (2) den Acht um Chlárú Teidil, 1964 .

13. —Ní bheidh feidhm ar fhorálacha an Achta seo ag alt 59 (2) den Acht um Chlárú Teidil, 1964 (a thagraíonn d'fhorálacha aon achtacháin lena sriantar déileálacha i dtalamh a nótáil ar an gclár).

Cruthú nascthionóntachta in áras an teaghlaigh: díolúine ó dhleacht stampa agus ó tháillí.

14. —Ní bheidh aon dleacht stampa ná táille Chlárlann na nGníomhas ná táille chúirte iníoctha ar aon idirbheart a chruthóidh nasc-thionóntacht idir céilí i leith áras teaghlaigh má bhí an t-áras ar úinéireacht díreach roimh an idirbheart sin ag ceachtar céile nó ag an mbeirt chéile ar dhóigh seachas mar nasc-thionóntaí.

Cionta.

15. —Duine ar bith a mbeidh leas aige in aon áitreabh agus a n-éileofar air i scríbhinn ó aon duine eile nó thar ceann aon duine eile a bheartóidh an leas sin a fháil aon eolas a thabhairt a bheidh riachtanach chun a dheimhniú an bhfuil gá le toiliú faoi alt 3 (1) chun an leas sin a thíolacadh, má thugann sé go feasach eolas atá bréagach nó míthreorach in aon sonra ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fineáil nach mó ná £200 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó iad araon a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana a chur air,

gan dochar d'aon dliteanas eile, sibhialta nó coiriúil.

Gearrtheideal.

16. —Féadfar an tAcht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 , a ghairm den Acht seo.