An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL C Parluachanna) Ar Aghaidh (SCEIDEAL E Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a Thoghadh)

19 1977

AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1977

SCEIDEAL D

An Chomhairle

1. (a) Déanfaidh gach comhalta a cheapfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus gach grúpa comhaltaí a gcaithfidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin tofa an líon vótaí a leithroinneadh orthu Comhairleoir amháin a cheapadh chun na Comhairle, ar Rialtóir, Aire i Rialtas comhalta, nó duine comhchéime é, agus féadfaidh siad seachtar Comhlach ar a mhéid a cheapadh. Féadfaidh an Bord Rialtóirí, trí thromlach ochtó a cúig faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála, an líon Comhlach is féidir a cheapadh a athrú. Fónfaidh Comhairleoir nó Comhlach go dtí go ndéanfar ceapachán nua nó go dtí an chéad toghchán rialta eile Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, cibé acu is luaithe a tharlóidh.

(b) Beidh teideal ag Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, nó, nuair a bheidh siad as láthair, ag a Malartaigh, agus ag Comhlaigh freastal ar chruinnithe den Chomhairle, mura gcinnfidh an Chomhairle seisiún srianta a sheoladh. Gach comhalta agus gach grúpa comhaltaí a cheapfaidh Comhairleoir ceapfaidh sé Malartach ag a mbeidh teideal freastal ar chruinniú den Chomhairle nuair nach mbeidh an Comhairleoir i láthair, agus beidh cumhacht iomlán aige gníomhú thar ceann an Chomhairleora.

2. (a) Maoirseoidh an Chomhairle bainistí agus oiriúnú an chórais airgeadaíochta idirnáisiúnta, lena n-áirítear oibriú leanúnach an phróisis coigeartaithe agus forbairtí i leachtaíocht dhomhanda, agus i ndáil leis sin athbhreithneoidh sí forbairtí in aistriú acmhainní réadacha chun tíortha forásacha.

(b) Breithneoidh an Chomhairle tograí de bhun Airteagal XXVIII (a) chun na hAirteagail Chomhaontaithe a leasú.

3. (a) Féadfaidh an Bord Rialtóirí údarás a tharmligean chun na Comhairle chun aon cheann de chumhachtaí an Bhoird Rialtóirí a fheidhmiú ach amháin na cumhachtaí a thugtar go díreach leis an gComhaontú seo don Bhord Rialtóirí.

(b) Beidh teideal ag gach Comhairleoir an líon vótaí a chaitheamh a leithroinneadh faoi Airteagal XII, Alt 5 ar an gcomhalta nó ar an ngrúpa comhaltaí a cheap é. Féadfaidh Comhairleoir a cheap grúpa comhaltaí na vótaí a leithroinneadh ar gach comhalta sa ghrúpa a chaitheamh ar leithligh. I gcás nach féidir le Stiúrthóir Feidhmiúcháin an líon vótaí a chaitheamh a leithroinneadh ar chomhalta, féadfaidh an comhalta comhshocraíochtaí a dhéanamh le Comhairleoir chun an líon vótaí a leithroinneadh ar an gcomhalta a chaitheamh.

(c) Ní dhéanfaidh an Chomhairle aon ghníomh de bhun cumhachtaí a tharmlig an Bord Rialtóirí ar gníomh é ar neamhréir le haon ghníomh ag an mBord Rialtóirí agus ní dhéanfaidh an Bord Feidhmiúcháin aon ghníomh de bhun cumhachtaí a tharmlig an Bord Rialtóirí ar gníomh é ar neamhréir le haon ghníomh ag an mBord Rialtóirí nó ag an gComhairle.

4. Roghnóidh an Chomhairle Comhairleoir mar chathaoirleach, glacfaidh sí rialacháin de réir mar is gá nó is iomchuí chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, agus cinnfidh sí aon ghné dá nós imeachta. Tionólfaidh an Chomhairle cibé cruinnithe dá mbeidh socrú déanta ag an gComhairle nó a ghairfidh an Bord Feidhmiúcháin.

5. (a) Beidh cumhachtaí ag an gComhairle ar comhréir le cumhachtaí an Bhoird Fheidhmiúcháin faoi na forálacha seo a leanas: Airteagal XII, Alt 2 (c), (f), (g), agus (j); Airteagal XVIII, Alt 4 (a) agus Alt 4 (c) (iv); Airteagal XXIII, Alt 1; agus Airteagal XXVII, Alt 1 (a).

(b) Maidir le cinntí ón gComhairle ar nithe a bhaineann go heisiatach le Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta ní bheidh teideal chun vótála ach ag Comhairleoirí a cheap comhalta is rannpháirtí nó grúpa comhaltaí ar rannpháirtí comhalta amháin ar a laghad de. Beidh teideal ag gach Comhairleoir díobh sin an líon vótaí a chaitheamh a leithroinneadh ar an gcomhalta is rannpháirtí a cheap é nó ar na comhaltaí is rannpháirtithe sa ghrúpa comhaltaí a cheap é, agus féadfaidh sé na vótaí a chaitheamh a leithroinneadh ar rannpháirtí lena ndearnadh comhshocraíochtaí de bhun na habairte deiridh de 3 (b) thuas.

(c) Féadfaidh an Chomhairle le rialachán nós imeachta a bhunú trína bhféadfaidh an Bord Feidhmiúcháin vóta de na Comhairleoirí a fháil ar cheist shonrach gan cruinniú den Chomhairle nuair a mheasfaidh an Bord Feidhmiúcháin nach foláir don Chomhairle gníomh a dhéanamh nár chóir a chur siar go dtí an chéad chruinniú eile den Chomhairle agus ar gníomh é nach gá cruinniú speisialta a ghairm ina leith.

(d) Bainfidh Airteagal IX, Alt 8 le Comhairleoirí, lena Malartaigh, agus lena gComhlaigh, agus le haon duine eile a bheidh i dteideal freastal ar chruinniú den Chomhairle.

(e) Chun críocha (b) agus 3 (b) thuas, tabharfaidh comhaontú faoi Airteagal XII, Alt 3 (i) (ii) ó chomhalta, nó ó chomhalta is rannpháirtí, teideal do Chomhairleoir vótáil agus an líon vótaí a chaitheamh a leithroinneadh ar an gcomhalta.

6. Measfar go bhfolaíonn an chéad abairt d'Airteagal XII, Alt 2 (a) tagairt don Chomhairle.