An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL F Ainmniú) Ar Aghaidh (SCEIDEAL H Rannpháirtíocht a Fhoirceannadh)

19 1977

AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1977

SCEIDEAL G

Athchóiriú

1. Is mar a leanas do na rialacha athchóiriúcháin le linn na chéad bhonntréimhse:

(a) (i) Déanfaidh rannpháirtí a shealbháin de chearta tarraingthe speisialta a úsáid agus a athchóiriú ar mhodh nach mbeidh, cúig bliana tar éis na chéad leithroinnte agus i ndeireadh gach ráithe féilire ina dhiaidh sin, meánmhéid a shealbhán laethúil iomlán de chearta tarraingthe speisialta thar an tréimhse chúig bliana is déanaí níos lú ná tríocha faoin gcéad de mheánmhéid a ghlanleithroinnt charnach laethúil de chearta larraingthe speisialta thar an tréimhse chéanna.

(ii) Dhá bhliain tar éis na chéad leithroinnte agus i ndeireadh gach míosa féilire ina dhiaidh sin, déanfaidh an Ciste ríomh maidir le gach rannpháirtí lena fháil amach an gá, agus cá mhéid is gá, don rannpháirtí cearta tarraingthe speisialta a fháil idir dáta an ríomha agus deireadh aon tréimhse chúig bliana d'fhonn an ceanglas in (a) (i) thuas a chomhlíonadh. Glacfaidh an Ciste rialacháin maidir leis na forais ar a ndéanfar an ríomh sin agus maidir le tráth rannpháirtithe a ainmniú faoi Airteagal XIX, Alt 5 (a) (ii), le cabhrú leo an ceanglas in (a) (i) thuas a chomhlíonadh.

(iii) Tabharfaidh an Ciste fógra speisialta do rannpháirtí nuair a thaispeánfaidh ríomh faoi (a) (ii) thuas nach dóigh don rannpháirtí a bheith i gcumas an ceanglas in (a) (i) thuas a chomhlíonadh mura scoirfidh sé de chearta tarraingthe speisialta a úsáid ar feadh na coda eile den tréimhse dá ndearnadh an ríomh faoi (a) (ii) thuas.

(iv) Rannpháirtí ar gá dó cearta tarraingthe speisialta a fháil chun an oibleagáid sin a chomhalladh beidh sé faoi oibleagáid agus i dteideal iad a fháil, ar airgeadra lena mbeidh glacadh ag an gCiste, in idirbheart leis an gCiste a sheolfar tríd an gCuntas Acmhainní Ginearálta. Mura féidir dóthain ceart tarraingthe speisialta chun an oibleagáid sin a chomhalladh a fháil ar an gcuma sin, beidh an rannpháirtí faoi oibleagáid agus i dteideal iad a fháil le hairgeadra is inúsáidte go héasca ó rannpháirtí a shonróidh an Ciste.

(b) Tabharfaidh na rannpháirtithe aird chuí freisin ar a inmhianaithe é dlús a chur le himeacht ama le coibhneas cobhsaí a chothú idir a sealbháin ceart tarraingthe speisialta agus a gcúlchistí eile.

2. Má mhainníonn rannpháirtí na rialacha athchóiriúcháin a chomhlíonadh, cinnfidh an Ciste an dtugann na himthosca gur cheart fionraí faoi Airteagal XXIII, Alt 2 (b).