26 1977


Uimhir 26 de 1977


AN tACHT UM AN ACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956 (BUANÚ), 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT D'FHADÚ NA TRÉIMHSE A BHEIDH AN tACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956, I bhFEIDHM, AGUS DO LEASÚ AN ACHTA SIN. [29 Samhain, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, a bhuanú.

1. —(1) Leanfaidh an tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1982, agus rachaidh sé in éag ansin.

(2) Aisghairtear leis seo an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1974.

Leasú ar alt 3 den Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956.

2. —Cuirtear leis seo an méid seo a leanas in ionad alt 3 (4) den Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956:

“(4) Gach duine a dhéanfaidh, d'fhonn ceadúnas a fháil dó féin nó d'aon duine eile, aon ráiteas nó uiríoll is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.”.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1977, a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956

1956, Uimh. 1 .

An tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1974

1974, Uimh. 5 .